(45) Chun bheith i gcomhréir agus chun a áirithiú nach ndéantar a gcearta a bhaint de thomhaltóirí, i gcásanna ina socraítear leis an gconradh caighdeáin an-íseal, ní hamháin gur cheart don ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach na ceanglais shuibiachtúla maidir le comhréireacht a chomhlíonadh, ach ba cheart dó na ceanglais oibiachtúla maidir le comhréireacht a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh chomh maith.
Ba cheart an chomhréireacht a mheasúnú inter alia i bhfianaise an chuspóra dá n-úsáidtear an t-ábhar digiteach nó na seirbhísí digiteacha de ghnáth a mheas.
Ba cheart freisin go mbeadh na cáilíochtaí agus na gnéithe feidhmíochta aige ar gnách iad a bheith ann d’ábhar digiteach nó i seirbhísí digiteacha den chineál ceánna ar féidir tomhaltóirí a bheith ag súil le réasún, i bhfianaise chineál an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, agus aon ráitis phoiblí maidir le saintréithe an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití arna ndéanamh ag an trádálaí nó ag an táirgeoir nó ar son an trádálaí nó ar son daoine eile i naisc roimhe sin de shlabhra na n-idirbheart á gcur san áireamh.
- = -
(48) Ba cheart feidhm iomlán a bheith ag Rialachán (AE) 2016/679 nó ag aon dlí eile um chosaint sonraí de chuid an Aontais maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i dtaca le haon chonradh a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.
Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh an Treoir seo gan dochar do na cearta, na hoibleagáidí agus na leigheasanna neamhchonarthacha dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2016/679.
Maidir le fíorais as a dtiocfaidh easpa comhlíonta maidir le ceanglais dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear croíphrionsabail amhail ceanglais maidir le híoslaghdú sonraí, cosaint sonraí trí dhearadh agus cosaint sonraí mar réamhshocrú, féadfar, ag brath ar imthosca an cháis, a mheas freisin gurb ionann iad agus easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití le ceanglais shuibiachtúla nó oibiachtúla chomhréireachta dá bhforáiltear sa Treoir seo.
Is sampla amháin a d’fhéadfadh a bheith ann ná cásanna ina ndéanfaidh trádálaí oibleagáid sa chonradh a ghlacadh go sainráite, nó inar féidir an conradh a léirthuiscint ar an mbealach sin, ar catagóir í a bhaineann freisin le hoibleagáidí an trádálaí faoi Rialachán (AE) 2016/679.
Sa chás sin, is féidir gealltanas conarthach den sórt sin a bheith mar chuid de na ceanglais chomhréireachta shuibiachtúla.
Is é an dara shampla de chásanna a d’fhéadfadh a bheith ann ná cásanna inar féidir le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 a fhágáil ag an am céanna, go mbeadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach mí-oiriúnach don fheidhm ar beartaíodh é nó í ina leith agus, dá bhrí sin, gurb ionann é agus easpa comhréireachta leis an gceanglas oibiachtúil le haghaidh comhréireachta lena gceanglaítear go mbeadh an t-ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach oiriúnach do na feidhmeanna céanna a mbainfí úsáid de ghnáth as ábhar digiteach nó seirbhís lena n-aghaidh.
- = -
(54) Is ábhar mór iad fabhtanna dlíthiúla maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha, atá faoi réir cearta maoine intleachtúla.
Maidir le srianta le húsáid an tomhaltóra i ndáil le hábhar digiteach nó le seirbhís dhigiteach i gcomhréir leis an Treoir seo, d’fhéadfadh na srianta sin a bheith ina sárú ar chearta tríú páirtí.
D’fhéadfadh an sárú sin bac a chur ar an tomhaltóir leas a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach nó cuid dá ghnéithe nó dá gnéithe, mar shampla, nuair nach féidir leis an tomhaltóir rochtain a fháil ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach ar chor ar bith nó i gcás nach féidir rochtain dhleathach a fháil ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach.
An chúis a d’fhéadfadh a bheith leis sin ná go gcuireann an trádálaí iachall ar an tríú páirtí go dlisteanach éirí as na cearta sin a shárú agus deireadh a chur leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach lena mbaineann a thairiscint nó nach féidir leis an tomhaltóir an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a úsáid gan an dlí a shárú.
I gcás ina mbeadh sárú ar chearta tríú páirtí a bhfuil srian arb é is toradh dó srian lena gcuirtear cosc nó teorainn le húsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i gcomhréir leis na ceanglais shuibiachtúla agus oibiachtúla le haghaidh comhréireachta, níor cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal na leigheasanna ar an easpa comhréireachta, ach amháin má fhoráiltear le dlíthe náisiúnta go ndéanfaí an conradh a neamhniú nó a chealú, i dtaca le baránta dlíthiúil in aghaidh díshealbhú a shárú mar shampla.
- = -
(77) I gcás ina mbeidh tionchar diúltach ar bhealach nach beag ag modhnú ar rochtain nó ar úsáid ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha ag an tomhaltóir, ba cheart an ceart a bheith ag an tomhaltóir mar thoradh ar an modhnú sin an ceart deireadh a chur leis an gconradh saor in aisce.
Mar mhalairt air sin, féadfaidh an trádálaí cinneadh a dhéanamh ar chumas an tomhaltóra rochtain a choinneáil ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach gan aon chostas breise gan an modhnú agus i gcomhréir, agus sa chás sin níor cheart don tomhaltóir a bheith i dteideal an conradh a fhoirceannadh.
Mar sin féin, maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ar chumasaigh an trádálaí don tomhaltóir a choinneáil, mura bhfuil an t-ábhar nó an tseirbhís sin i gcomhréir a thuilleadh leis na ceanglais shuibiachtúla agus oibiachtúla chomhréireachta, ba cheart go mbeadh an tomhaltóir in ann brath ar na leigheasanna ar easpa comhréireachta dá bhforáiltear faoin Treoir seo.
I gcás nach gcomhlíonfar na ceanglais maidir leis an modhnú sin, mar a leagtar síos sa Treoir seo, agus go bhfuil easpa comhréireachta ann i ngeall ar an modhnú, maidir leis na cearta atá ag an tomhaltóir an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta, laghdú praghais a fháil nó an conradh a fhoirceannadh, de réir mar a fhoráiltear faoin Treoir seo, ba cheart nach mbeadh éifeacht ar na cearta sin i gcónaí.
Ar an gcaoi chéanna, más rud é, tar éis modhnú a dhéanamh, go dtarlaíonn easpa comhréireachta i ndáil leis an ábhar digiteach nó leis an tseirbhís dhigiteach ach nach é an modhnú a údar, ba cheart don tomhaltóir leanúint de bheith i dteideal dul i muinín leigheasanna dá bhforáiltear faoin Treoir seo le haghaidh easpa comhréireachta i ndáil leis an ábhar digiteach nó leis an tseirbhís dhigiteach seo.
- = -