keyboard_tab Contratti digitali 2019/0770 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- ballstáit 4
- tagairt 3
- bearta 3
- treoir 3
- siad 3
- beidh 2
- cuirfidh 2
- eanáir 2
- maidir 2
- feidhm 2
- agus 2
- ghlacfaidh 2
- déanfaidh 2
- beidh 1
- choimisiún 1
- iúl 1
- chur 1
- forálacha 1
- treorach 1
- soláthar 1
- leis 1
- chumhdaítear 1
- airteagal 1
- seirbhísí 1
- ábhar 1
- digiteach 1
- náisiúnta 1
- digiteacha 1
- tharlaíonn 1
- moite 1
- d’airteagail 1
- nach 1
- mbeidh 1
- amháin 1
- conarthaí 1
- dhéanfar 1
- dáta 1
- réimse 1
- síos 1
- dlí 1
- bhfeidhm 1
- faoin 1
- iúil 1
- chun 1
- chomhlíonadh 1
- ghlacadh 1
- fhoilsiú 1
- coimisiún 1
- eolas 1
- láithreach 1
Airteagal 24
Trasuí
1. Faoin 1 Iúil 2021 déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas láithreach faoin méid sin.
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022.
nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna le tagairt den chineál sin a dhéanamh.
Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
2. Beidh feidhm ag forálacha na Treorach seo maidir le soláthar ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a tharlaíonn ón 1 Eanáir 2022 cé is moite d’Airteagail 19 agus 20 nach mbeidh feidhm acu ach amháin maidir le conarthaí a dhéanfar ón dáta sin i leith.
whereas
(5) Ní bhíonn muinín ag tomhaltóirí i gcónaí agus iad ag ceannach trasna teorannacha agus go háirithe nuair a dhéantar an méid sin ar líne.
Ceann de na cúiseanna is mó le heaspa muiníne na dtomhaltóirí is ea éiginnteacht faoi na cearta conarthacha is tábhachtaí atá acu agus easpa creata chonarthaigh shoiléir a bheith ann le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha.
Bíonn fadhbanna ag roinnt mhaith tomhaltóirí maidir le cáilíocht an ábhar dhigitigh nó na seirbhísí digiteacha nó le rochtain ar an ábhar digiteach nó ar na seirbhísí digiteacha sin.
Mar shampla, faigheann siad ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha atá mícheart nó lochtach, nó ní bhíonn siad ábalta rochtain a fháil ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach i dtrácht.
Mar thoradh air sin, bíonn tomhaltóirí thíos le díobháil airgeadais agus díobháil neamhairgeadais.
(8) Ba cheart do thomhaltóirí leas a bhaint as cearta comhchuibhithe chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar a chuireann leibhéal ard cosanta ar fáil.
Ba cheart go mbeadh cearta éigeantacha soiléire acu nuair a gheobhaidh siad ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha ó aon áit san Aontas.
Na cearta sin a bheith acu, ba cheart go méadódh sé an mhuinín atá acu ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a fháil.
Ba cheart freisin go rannchuideodh sé leis an díobháil a dhéantar do chustaiméirí faoi láthair a laghdú, toisc go mbeadh sraith shoiléir de chearta ann a chuirfidh ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhíonn acu maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha.
(14) Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag na Ballstáit chomh maith, mar shampla, rialáil a dhéanamh ar na hiarmhairtí a bhaineann le mainneachtain ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar nó neamhchomhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití sin i gcás gur de bharr bac nach bhfuil aon smacht ag an trádálaí air agus nuair nach bhféadfaí a bheith ag súil go bhféadfadh an trádálaí an bac nó a iarmhairtí a sheachaint, amhail i gcás force majeure.
(24) Is minic a dhéantar ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar i gcás go soláthraíonn an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí in ionad airgid. Úsáidtear na cineálacha éagsúla samhlacha gnó sin i sciar suntasach den mhargadh.
Ba cheart go n-áiritheofaí leis an Treoir seo go bhfuil tomhaltóirí i dteideal leigheasanna conarthacha, i gcomhthéacs na samhlacha gnó sin, agus é á aithint san am céanna gur ceart bunúsach is ea sonraí pearsanta a chosaint agus, dá bhrí sin, nach féidir sonraí pearsanta a mheas mar thráchtearra.
Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo, dá bhrí sin, maidir le conarthaí ar faoina mbun a sholáthraíonn trádálaí seirbhís dhigiteach don tomhaltóir, nó a gheallann sé nó sí seirbhís dhigiteach a sholáthar dó nó di, agus a sholáthraíonn an tomhaltóir sonraí pearsanta, nó a gheallann sé nó sí sonraí pearsanta a sholáthar.
Féadfar na sonraí pearsanta a sholáthar don trádálaí tráth a gcuirfear an conradh i gcrích nó tráth níos déanaí, amhail nuair a thugann an tomhaltóir a thoiliú don trádálaí úsáid a bhaint as na sonraí pearsanta, a d’fhéadfadh an tomhaltóir a uaslódáil nó a chruthú trí úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís digiteach.
Déantar foráil le dlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint liosta uileghabhálach de na forais dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach.
Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le haon chonradh ar faoina bhun a sholáthraíonn tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí, nó a gheallann sé nó sí sonraí pearsanta a sholáthar dó nó di.
Mar shampla, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo i gcás ina n-osclóidh an tomhaltóir cuntas meán sóisialta agus ina soláthróidh sé nó sí ainm agus seoladh ríomhphoist a úsáidtear chun críocha eile seachas chun an t-ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar, nó seachas chun ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh agus chun na gcríoch sin amháin.
Ba cheart feidhm a bheith aici chomh maith i gcás ina dtabharfaidh an tomhaltóir toiliú d’aon ábhar arb ionann é agus sonraí pearsanta, amhail grianghraif nó postálacha a uaslódálfaidh an tomhaltóir, lena bpróiseáil ag an trádálaí chun críocha margaíochta.
Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor, áfach, a chinneadh an bhfuil na ceanglais maidir le conradh a bhunú, é a bheith ann nó a bhailíochtú faoin dlí náisiúnta á gcomhlíonadh.
(35) Tá an cleachtas tráchtála maidir le tairiscintí ar ábhar digiteach nó ar sheirbhísí digiteacha a chuachadh le hearraí nó le seirbhísí eile a sholáthar faoi réir Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) maidir le cleachtais tráchtála éagóracha den chineál gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach.
Ní chuirtear toirmeasc ar an gcuachadh sin faoi Threoir 2005/29/CE.
Déantar toirmeasc air sin, áfach, i gcás ina meastar é sin a bheith éagórach, tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh de bhun na gcritéar a leagtar síos sa Treoir sin.
Ceadaítear le dlíthe an Aontais maidir le hiomaíocht aghaidh a thabhairt ar chleachtais ‘glac le gach táirge’ agus le cleachtais chuachta, nuair a dhéanann siad difear don phróiseas iomaíoch agus nuair a dhéanann siad díobháil do thomhaltóirí.
(38) Níor cheart na coinníollacha maidir le próiseáil dhleathach sonraí a rialáil leis an Treoir seo toisc go ndéantar an cheist sin a rialáil, go háirithe le Rialachán (AE) 2016/679.
Mar thoradh air sin, níl aon phróiseáil ar shonraí pearsanta i ndáil le conradh a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo dleathach ach amháin má tá sí i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2016/679 a bhaineann leis na forais dhlíthiúla i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil.
Beidh feidhm ag forálacha sonracha Rialachán (AE) 2016/679 lena n-áirítear na cinn maidir leis na coinníollacha chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu a thugtar nó nach dtugtar toiliú faoi shaoirse nuair a bhunaítear próiseáil sonraí pearsanta ar thoiliú, go háirithe de bhun phointe (a) d’Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/679.
Níor cheart go rialófaí leis an Treoir seo bailíocht an toilithe a thugtar.
Tá cearta cuimsitheacha maidir le léirscriosadh sonraí agus iniomparthacht sonraí i Rialachán (AE) 2016/679 freisin.
Ba cheart an Treoir seo gan a bheith dochar do na cearta sin, a mbeidh feidhm acu maidir le haon sonraí pearsanta a sholáthróidh an tomhaltóir don trádálaí nó le haon sonraí a bhaileoidh an trádálaí i ndáil le haon chonradh a thitfidh faoi raon feidhme na Treorach seo, agus tráth a ndéanfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh i gcomhréir leis an Treoir seo.
(41) Tá bealaí éagsúla ann don trádálaí ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar do thomhaltóirí.
Is tráthúil rialacha soiléire agus simplí a leagan síos i ndáil leis na modúlachtaíagus an tréimhse ama maidir leis an oibleagáid soláthair sin a fheidhmiú atá mar an bpríomhoibleagáid chonarthach ar an trádálaí, tríd an ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a chur ar fáil nó rochtain a thabhairt don tomhaltóir air.
Ba cheart go measfaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith curtha ar fáil don tomhaltóir nó a bheith inrochtana ag an tomhaltóir nuair a bheidh réimse an tomhaltóra bainte amach ag an ábhar digiteach nó ag an tseirbhís dhigiteach, nó ag aon mhodhanna oiriúnacha eile lenar féidir rochtain a fháil ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís sin nó lenar féidir é a íoslódáil, agus nuair nach mbeidh gá le haon ghníomhaíocht bhreise ón trádálaí chun é a chur ar chumas an tomhaltóra an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteacha a úsáid i gcomhréir leis an gconradh. Ós rud é nach é an trádálaí atá freagrach go príomha as gníomhartha nó neamhghníomhartha tríú páirtí a oibríonn saoráid fhisiceach nó fhíorúil, ardán leictreonach nó saoráid néalstórála mar shampla, a roghnaíonn an tomhaltóir chun ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a fháil nó a stóráil, ba cheart gur leor é don trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar don tríú páirtí sin.
Ní féidir a mheas, áfach, gurb é an tomhaltóir a roghnaíonn an tsaoráid fhisiceach nó fhíorúil má tá an tsaoráid seo faoi rialú an trádálaí nó má tá sí nasctha go conarthach leis an trádálaí, nó más rud é gur roghnaigh an tomhaltóir an tsaoráid fhisiceach nó fhíorúil sin chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a fháil toisc gurbh é sin an t-aon rogha a chuir an trádálaí ar fáil chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a fháil nó chun rochtain a fháil air.
(50) nuair a bheidh rialacha na Treorach seo á gcur i bhfeidhm, ba cheart do thrádálaithe leas a bhaint as caighdeáin, sonraíochtaí teicniúla oscailte, dea-chleachtais agus cóid iompair, lena n-áirítear i dtaca leis an bhformáid a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín chun an t-ábhar seachas sonraí pearsanta a aisghabháil, ábhar a chuir an tomhaltóir ar fáil nó a chruthaigh an tomhaltóir agus an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach á úsáid, agus lena n-áirítear maidir le slándáil córas faisnéise agus timpeallachtaí digiteacha, cé acu an mbunaítear ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar an leibhéal Eorpach nó ar leibhéal a bhaineann le hearnáil tionscail shonrach.
Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh an Coimisiún a iarraidh go ndéanfar caighdeáin idirnáisiúnta agus Aontais a fhorbairt agus cód iompair a tharraingt suas ag cumainn trádála agus eagraíochtaí ionadaíocha eile a d’fhéadfadh tacú le cur chun feidhme aonfhoirmeach na Treorach seo.
(53) Maidir le srianta le húsáid an tomhaltóra i ndáil le hábhar digiteach nó le seirbhís dhigiteach i gcomhréir leis an Treoir seo, d’fhéadfadh na srianta sin a bheith mar thoradh ar na teorainneacha a bhaineann le cearta maoine intleachtúla arna bhforchur ag sealbhóir na gceart maoine intleachtúla, i gcomhréir leis an dlí maoine intleachtúla.
D’fhéadfadh srianta den sórt sin teacht as comhaontú ceadúnais an úsáideora deiridh faoina ndéantar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar don tomhaltóir.
Féadfaidh a leithéid sin tarlú nuair a chuirtear toirmeasc ar an tomhaltóir le comhaontú ceadúnais an úsáideora deiridh úsáid a bhaint as gnéithe áirithe a bhaineann le feidhmiúlacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití.
D’fhéadfadh sé go bhfágfadh srianadh den sórt sin go mbeadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ag sárú na gceanglas oibiachtúil maidir le comhréireacht arna leagan síos sa Treoir seo, má bhaineann sé le gnéithe a fhaightear de ghnáth in ábhar digiteach nó i seirbhísí digiteacha den chineál céanna ar féidir an tomhaltóir a bheith ag súil leis le réasún.
I gcásanna den sórt sin, ba cheart an tomhaltóir a bheith in ann na leigheasanna dá bhforáiltear sa Treoir seo a thionscnamh i gcoinne an trádálaí a sholáthair an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach mar gheall ar an easpa comhréireachta.
Níor cheart go mbeadh an trádálaí in ann an dliteanas sin a sheachaint ach trí na coinníollacha a chomhlíonadh i ndáil le maolú a dhéanamh ar na ceanglais oibiachtúla le haghaidh comhréireachta mar a leagtar síos sa Treoir seo, is é sin ach amháin má chuireann an trádálaí in iúl don tomhaltóir go sonrach sula dtabharfar an conradh i gcrích go bhfuil tréith ar leith den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach ag imeacht ó na ceanglais oibiachtúla le haghaidh comhréireachta agus go bhfuil glactha go sainráite agus ar leithligh ag an tomhaltóir leis an diall sin.
(54) Is ábhar mór iad fabhtanna dlíthiúla maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha, atá faoi réir cearta maoine intleachtúla.
Maidir le srianta le húsáid an tomhaltóra i ndáil le hábhar digiteach nó le seirbhís dhigiteach i gcomhréir leis an Treoir seo, d’fhéadfadh na srianta sin a bheith ina sárú ar chearta tríú páirtí.
D’fhéadfadh an sárú sin bac a chur ar an tomhaltóir leas a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach nó cuid dá ghnéithe nó dá gnéithe, mar shampla, nuair nach féidir leis an tomhaltóir rochtain a fháil ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach ar chor ar bith nó i gcás nach féidir rochtain dhleathach a fháil ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach.
An chúis a d’fhéadfadh a bheith leis sin ná go gcuireann an trádálaí iachall ar an tríú páirtí go dlisteanach éirí as na cearta sin a shárú agus deireadh a chur leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach lena mbaineann a thairiscint nó nach féidir leis an tomhaltóir an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a úsáid gan an dlí a shárú.
I gcás ina mbeadh sárú ar chearta tríú páirtí a bhfuil srian arb é is toradh dó srian lena gcuirtear cosc nó teorainn le húsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i gcomhréir leis na ceanglais shuibiachtúla agus oibiachtúla le haghaidh comhréireachta, níor cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal na leigheasanna ar an easpa comhréireachta, ach amháin má fhoráiltear le dlíthe náisiúnta go ndéanfaí an conradh a neamhniú nó a chealú, i dtaca le baránta dlíthiúil in aghaidh díshealbhú a shárú mar shampla.
(57) D’fhéadfaí ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar do thomhaltóirí ar mhodh leanúnach thar thréimhse ama chomh maith.
Féadfar a bheith san áireamh sa soláthar leanúnach cásanna ina gcuireann an trádálaí seirbhís dhigiteach ar fáil do thomhaltóirí ar feadh tréimhse socraithe nó tréimhse éiginnte, amhail conradh néalstórála 2 bhliain nó ballraíocht gan téarma in ardán meán sóisialta.
Is é an ghné shainiúil den chatagóir sin ná go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ar fáil do thomhaltóirí nó inrochtana acu do thréimhse sheasta an chonartha, nó fad atá an conradh éiginnte i bhfeidhm.
Dá bhrí sin, tá údar maith ann nár cheart an trádálaí i gcásanna den sórt sin a bheith faoi dhliteanas ach i leith easpa comhréireachta a thagann chun solais agus le linn na tréimhse sin amháin.
Níor cheart gur ghá soláthar fadtéarmach mar gheall ar ghné an tsoláthair leanúnaigh.
Ba cheart cásanna amhail sruthú gréasáin gearrthóige físe a mheas mar sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, gan beann ar fhad iarbhír an chomhaid closamhairc.
Maidir le cásanna ina gcuirfear gnéithe sonracha den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach ar fáil go tréimhsiúil nó roinnt uaireanta le linn ré sheasta an chonartha nó fad is a bheidh conradh éiginnte i bhfeidhm, ba cheart iad a mheas chomh maith mar sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, nuair a shonraítear sa chonradh, mar shampla, gur féidir cóip de bhogearraí frithvíreas a úsáid ar feadh bliana agus go nuashonrófar go huathoibríoch é ar an gcéad lá de gach mí den tréimhse sin, nó go n-eiseoidh an trádálaí nuashonruithe nuair a bheidh gnéithe nua de chluiche digiteach ar fáil, agus go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ar fáil nó inrochtana do thomhaltóirí amháin do thréimhse seasta an chonartha nó fad a bheidh an conradh éiginnte i bhfeidhm.
(60) Gan dochar don cheart bunúsach go ndéanfar an saol príobháideach a chosaint, lena n-áirítear rúndacht chumarsáide, agus do shonraí pearsanta an tomhaltóra a chosaint, ba cheart don tomhaltóir comhoibriú leis an trádálaí chun go bhféadfaidh an trádálaí a dhéanamh amach an mbaineann an chúis leis an easpa comhréireachta le timpeallacht dhigiteach an tomhaltóra atá ag baint úsáid as na modhanna atá ar fáil go teicniúil sa chaoi is lú comórtas don tomhaltóir.
Is minic gur féidir é sin a dhéanamh mar shampla trí thuarascálacha ar theagmhais a ghintear go huathoibríoch, nó trí shonraí maidir le nasc idirlín an tomhaltóra, a chur ar fáil don trádálaí.
In imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo amháin nuair nach bhfuil bealach ar bith eile ar fáil, in ainneoin go bhfuil an úsáid is fearr á baint as gach modh eile, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar thomhaltóirí rochtain fhíorúil ar a dtimpeallacht dhigiteach a cheadú.
Mar sin féin, i gcás nach gcomhoibreoidh an tomhaltóir leis an trádálaí agus inar cuireadh an tomhaltóir ar an eolas faoin iarmhairt sin maidir le neamh-chomhoibriú, ba cheart gur faoin tomhaltóir a bheidh sé a chruthú, ní hamháin nach raibh an t-ábhar digiteach ná an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir, ach nach raibh an t-ábhar digiteach ná an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir tráth ar soláthraíodh an tábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcás ina bhforáiltear sa chonradh le haghaidh gníomh soláthair amháin nó sraith gníomhartha soláthair aonair nó, i gcás ina ndéantar foráil sa chonradh do sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, do thréimhse an chonartha.
(69) I gcás ina gcuirfidh tomhaltóir sonraí pearsanta ar fáil don trádálaí, ba cheart don trádálaí na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh.
Ba cheart na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh freisin i gcásanna ina n-íocfaidh an tomhaltóir praghas agus ina soláthróidh sé sonraí pearsanta.
nuair a dhéantar an conradh a fhoirceannadh, ba cheart don trádálaí staonadh ó aon ábhar, seachas sonraí pearsanta, a rinne an tomhaltóir a sholáthar nó a chruthú agus úsáid á baint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach arna soláthar ag an trádálaí.
D’fhéadfadh íomhánna digiteacha, físeáin agus closchomhaid agus ábhar a cruthaíodh ar ghléasanna móibíleacha a bheith san áireamh leis an ábhar sin.
Mar sin féin, ba cheart don trádálaí a bheith i dteideal leanúint leis an ábhar arna sholáthar nó arna chruthú ag an tomhaltóir a úsáid sna cásanna nach bhfuil fóntas ar bith ag an ábhar sin lasmuigh de chomhthéacs na n-ábhar digiteach nó na seirbhíse digití arna soláthar ag an trádálaí, go mbaineann an t-ábhar sin le gníomhaíocht an tomhaltóra, go ndearnadh é a chomhiomlánú le sonraí eile an trádálaí agus nach féidir é a dhí-chomhiomlánú nó nach féidir é a dhí-chomhiomlánú ach le hiarrachtaí díréireacha amháin, nó go ndearna an tomhaltóir agus daoine eile é a ghiniúint i gcomhpháirt, agus go mbeidh tomhaltóirí eile in ann leanúint d’úsáid a bhaint as.
(71) Ba cheart don tomhaltóir a bheith i dteideal an t-ábhar a aisghabháil laistigh de thréimhse réasúnach ama, gan bhac ón trádálaí, i bhformáid meaisín-inléite a úsáidtear go minic agus saor in aisce, cé is moite de chostais arna nginiúint ag timpeallacht dhigiteach an tomhaltóra féin, mar shampla costais cheangail líonra toisc nach bhfuil na costais sin nasctha go sonrach le haisghabháil an ábhair.
Mar sin féin, níor cheart go mbeadh feidhm ag oibleagáid an trádálaí maidir leis an ábhar sin a chur ar fáil i gcás nach mbeidh feidhm ag an ábhar ach amháin i gcomhthéacs úsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, nó i gcás nach bhfuil baint aige le gníomhaíocht an tomhaltóra ach amháin nuair a bhíonn ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach á úsáid aige, nó i gcás ina ndearnadh an trádálaí é a chomhiomlánú le sonraí eile, agus nach féidir an t-ábhar sin a dhíchomhiomlánú nó nach féidir é a dhí-chomhiomlánú ach le hiarrachtaí díréireacha amháin.
Sna cásanna sin níl úsáid shuntasach phraiticiúil ná leas don tomhaltóir ag baint leis an ábhar, agus leasanna an trádálaí á gcur san áireamh freisin ag an am céanna.
Thairis sin, maidir le hoibleagáid an trádálaí a chur ar fáil don tomhaltóir, ar fhoirceannadh an chonartha, aon ábhar nach sonraí pearsanta é agus atá soláthraithe nó cruthaithe ag an tomhaltóir, ba cheart í a bheith gan dochar do cheart an trádálaí gan ábhar áirithe a nochtadh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.