(12) Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear don dlí náisiúnta sa mhéid nach rialaítear na hábhair lena mbaineann leis an Treoir seo, amhail rialacha náisiúnta maidir le foirmiú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí nó dlíthiúlacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití.
Ina theannta sin, níor cheart don Treoir seo cineál dlíthiúil conarthaí le haghaidh soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a chinneadh, agus ba cheart go bhfágfaí an cheist an ionann na conarthaí sin agus seirbhís díolacháin, conradh cíosa nó sui generis, mar shampla, faoin dlí náisiúnta.
Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta nach mbaineann go sonrach le conarthaí tomhaltóirí agus nach ndéantar foráil leo do leigheasanna sonracha le haghaidh cineálacha fabhtanna dlíthiúla áirithe nár léir go raibh siad ann tráth ar cuireadh an conradh i gcrích, eadhon forálacha náisiúnta lena bhféadfaí rialacha sonracha maidir le dliteanas an trádálaí i leith fabhtanna folaithe a leagan síos.
Níor cheart ach oiread go ndéanfadh an Treoir seo difear do dhlíthe náisiúnta lena ndéantar foráil do leigheasanna neamhchonarthacha an tomhaltóra i gcás ina mbeidh neamhchomhréireacht ann i leith an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i gcoinne daoine ag céimeanna roimhe sin i bpróiseas na n-idirbheart, nó daoine eile a chomhlíonann oibleagáidí na ndaoine sin.
- = -
(13) Beidh sé de shaoirse ag na Ballstáit fós, mar shampla, rialáil a dhéanamh ar éilimh ar dhliteanas ó thomhaltóir i gcoinne tríú páirtí nach trádálaí é a sholáthraíonn an t-ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach, amhail forbróir, nó a ghabhann air féin é sin a dhéanamh, nach ionann é agus an trádálaí de réir na Treorach seo.
- = -
(14) Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag na Ballstáit chomh maith, mar shampla, rialáil a dhéanamh ar na hiarmhairtí a bhaineann le mainneachtain ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar nó neamhchomhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití sin i gcás gur de bharr bac nach bhfuil aon smacht ag an trádálaí air agus nuair nach bhféadfaí a bheith ag súil go bhféadfadh an trádálaí an bac nó a iarmhairtí a sheachaint, amhail i gcás force majeure.
- = -
(16) Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag an Ballstáit freisin cur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo a leathnú le go gcumhdófaí conarthaí a eisítear ó raon feidhme na Treorach, nó na conarthaí sin a rialáil ar shlí eile.
Mar shampla, ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor an chosaint a thugtar do thomhaltóirí leis an Treoir seo a leathnú le go gcuimseofaí daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha nach tomhaltóirí iad de réir bhrí na Treorach seo, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha, gnólachtaí nuathionscanta nó FBManna.
- = -
(19) Ba cheart go dtabharfaí aghaidh leis an Treoir seo ar fhadhbanna ar fud catagóirí éagsúla ábhair dhigitigh, seirbhísí digiteacha, agus a soláthar.
Chun freastal ar fhorbairtí teicneolaíocha tapa agus chun coincheap an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a sheasfaidh an aimsir a choimeád, ba cheart go gcumhdófaí leis an Treoir seo, inter alia, ríomhchláir, feidhmchláir, físchomhaid, comhaid fuaime, comhaid cheoil, cluichí digiteacha, ríomhleabhair nó r-fhoilseacháin eile, agus seirbhísí digiteacha eile lenar féidir sonraí a chruthú, a phróiseáil, a stóráil nó rochtain a fháil orthu i bhfoirm dhigiteach, lena n-áirítear “bogearraí mar sheirbhís” amhail comhroinnt comhad físe agus fuaime agus óstáil comhad eile, próiseáil focal nó cluichí arna dtairiscint sa timpeallacht néalríomhaireachta agus sna meáin shóisialta.
Toisc go bhfuil roinnt mhaith bealaí ann chun ábhar digiteach nó seirbhísí dhigiteacha a sholáthar, amhail tarchur ar mheán inláimhsithe, íoslódáil ag tomhaltóirí ar a ngléasanna, sruthú gréasáin, rochtain a thabhairt ar chumas stórála an ábhair dhigitigh nó rochtain a thabhairt ar na meáin shóisialta a úsáid, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo go neamhspleách ar an meán a úsáidtear chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a tharchur nó chun rochtain a thabhairt ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach.
Mar sin féin, níor cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le seirbhísí rochtana idirlín.
- = -
(20) Ba cheart go gcuirfeadh an Treoir seo agus Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) lena chéile.
Cé go leagtar síos leis an Treoir seo rialacha maidir le ceanglais áirithe a bhaineann le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar, leagtar síos leis an Treoir (AE) 2019/771 ceanglais áirithe maidir le conarthaí le haghaidh díolacháin earraí.
Dá réir sin, chun ionchais na tomhaltóirí a chomhlíonadh agus chun creat dlíthiúil soiléir agus simplí le haghaidh trádálaithe an ábhair dhigitigh a áirithiú, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le hábhar digiteach arna soláthar ar mheán inláimhsithe, amhail DVDanna, CDanna, méaróga cuimhne agus cártaí cuimhne, chomh maith leis an meán inláimhsithe féin, ar choinníoll go bhfónann an meán inláimhsithe go heisiach mar iompróir an ábhair dhigitigh.
Mar sin féin, ba cheart go mbeadh feidhm ag forálacha Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir leis na hoibleagáidí a bhaineann le seachadadh earraí agus na leigheasanna i gcás mainneachtain soláthair in ionad fhorálacha na Treorach seo maidir le hoibleagáid soláthair an trádálaí agus maidir le leigheasanna an tomhaltóra i gcás mainneachtain soláthair.
Ina theannta sin, ba cheart go leanfadh forálacha Threoir 2011/83/AE, maidir leis an gceart tarraingt siar agus cineál an chonartha faoina ndéantar na hearraí sin a sholáthar, mar shampla, d’fheidhm a bheith acu freisin maidir leis na meáin inláimhsithe sin agus leis an ábhar digiteach arna sholáthar iontu.
Tá an Treoir seo gan dochar don cheart dáileacháin is infheidhme i leith na n-earraí sin faoi dhlí an chóipchirt.
- = -
(23) Úsáideann tomhaltóirí léirithe digiteacha ar luach amhail dearbháin leictreonacha nó ríomhchúpóin chun íoc as earraí éagsúla nó as seirbhísí sa mhargadh aonair digiteach.
Tá léirithe digiteacha den sórt sin ag éirí tábhachtach maidir le soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha, agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a mheas mar mhodh íocaíochta de réir bhrí na Treorach seo.
Ba cheart a thuiscint go n-áirítear i léirithe digiteacha ar luach freisin airgeadraí fíorúla, sa mhéid a aithnítear iad faoin dlí náisiúnta.
D’fhéadfadh difreáil, ag brath ar na modhanna íocaíochta, a bheith ina cúis le hidirdhealú agus dreasacht nach bhfuil údar leis nó léi a chur ar fáil do ghnólachtaí bogadh i dtreo ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar in aghaidh léirithe digiteacha ar luach.
Mar sin féin, toisc nach bhfuil aon fheidhm eile ag gabháil le léirithe digiteacha ar luach ach amháin chun críche freastal mar mhodh íocaíochta, níor cheart iad a mheas mar ábhar digiteach nó mar sheirbhís dhigiteach de réir bhrí na Treorach seo.
- = -
(24) Is minic a dhéantar ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar i gcás go soláthraíonn an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí in ionad airgid. Úsáidtear na cineálacha éagsúla samhlacha gnó sin i sciar suntasach den mhargadh.
Ba cheart go n-áiritheofaí leis an Treoir seo go bhfuil tomhaltóirí i dteideal leigheasanna conarthacha, i gcomhthéacs na samhlacha gnó sin, agus é á aithint san am céanna gur ceart bunúsach is ea sonraí pearsanta a chosaint agus, dá bhrí sin, nach féidir sonraí pearsanta a mheas mar thráchtearra.
Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo, dá bhrí sin, maidir le conarthaí ar faoina mbun a sholáthraíonn trádálaí seirbhís dhigiteach don tomhaltóir, nó a gheallann sé nó sí seirbhís dhigiteach a sholáthar dó nó di, agus a sholáthraíonn an tomhaltóir sonraí pearsanta, nó a gheallann sé nó sí sonraí pearsanta a sholáthar.
Féadfar na sonraí pearsanta a sholáthar don trádálaí tráth a gcuirfear an conradh i gcrích nó tráth níos déanaí, amhail nuair a thugann an tomhaltóir a thoiliú don trádálaí úsáid a bhaint as na sonraí pearsanta, a d’fhéadfadh an tomhaltóir a uaslódáil nó a chruthú trí úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís digiteach.
Déantar foráil le dlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint liosta uileghabhálach de na forais dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach.
Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le haon chonradh ar faoina bhun a sholáthraíonn tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí, nó a gheallann sé nó sí sonraí pearsanta a sholáthar dó nó di.
Mar shampla, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo i gcás ina n-osclóidh an tomhaltóir cuntas meán sóisialta agus ina soláthróidh sé nó sí ainm agus seoladh ríomhphoist a úsáidtear chun críocha eile seachas chun an t-ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar, nó seachas chun ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh agus chun na gcríoch sin amháin.
Ba cheart feidhm a bheith aici chomh maith i gcás ina dtabharfaidh an tomhaltóir toiliú d’aon ábhar arb ionann é agus sonraí pearsanta, amhail grianghraif nó postálacha a uaslódálfaidh an tomhaltóir, lena bpróiseáil ag an trádálaí chun críocha margaíochta.
Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor, áfach, a chinneadh an bhfuil na ceanglais maidir le conradh a bhunú, é a bheith ann nó a bhailíochtú faoin dlí náisiúnta á gcomhlíonadh.
- = -
(25) I gcás nach soláthrófar ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha mar mhalairt ar phraghas, níor cheart feidhm a bheith ag Treoir 2011/83/AE ach oiread maidir le cásanna ina ndéanfaidh an trádálaí sonraí pearsanta a bhailiú go heisiach chun ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar nó d’aon toisc chun ceanglais dlí a chomhlíonadh.
Ar chásanna den sórt sin, is féidir a áireamh, mar shampla, cásanna ina gceanglófar an tomhaltóir a chlárú leis na dlíthe is infheidhme chun críocha slándála agus sainaithint a dhéanamh.
Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach oiread maidir le cásanna nach mbaileoidh an trádálaí ach meiteashonraí amháin, amhail faisnéis a bhaineann le gléas an tomhaltóra nó le stair bhrabhsála an tomhaltóra, mura meastar an cás sin a bheith ina chonradh faoin dlí náisiúnta.
Níor cheart feidhm a bheith aici ach oiread maidir le cásanna ina gcuirtear an tomhaltóir, gan conradh a bheith tugtha i gcrích aige leis an trádálaí, faoi réir fógraí a bhfuil sé mar aidhm eisiach leo rochtain a ghnóthú ar ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach.
Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith fós in ann cur i bhfeidhm na Treorach seo a leathnú le go gcuimseofaí cásanna den sórt sin nó rialáil a dhéanamh ar shlí eile ar chásanna den sórt sin nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach sin.
- = -
(27) Os rud é gur cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí arb é is cuspóir dóibh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar don tomhaltóir, níor cheart go mbeadh feidhm aici i gcás inarb é príomhábhar an chonartha seirbhísí gairmiúla a sholáthar amhail seirbhísí aistriúcháin, seirbhísí ailtireachta, seirbhísí dlí nó seirbhísí eile comhairle gairmiúla, ar seirbhísí iad ar minic gurb é an trádálaí féin a dhéanann iad, gan beann ar an úsáideann an trádálaí na modhanna digiteacha chun aschur na seirbhíse a tháirgeadh nó chun í a sheachadadh nó í a tharchur chuig an tomhaltóir.
Ar an gcaoi chéanna, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le seirbhísí poiblí, amhail seirbhísí slándála sóisialta ná cláir phoiblí i gcás nach n-úsáidtear na modhanna digiteacha ach chun críche an tseirbhís a tharchur chuig an tomhaltóir nó a chur in iúl don tomhaltóir.
Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach oiread maidir le hionstraimí barántúla agus gníomhartha eile nótaireachta, gan beann ar cibé acu a dhéantar iad, a thaifeadtar iad, a atáirgtear iad nó a tharchuirtear iad trí mhodhanna digiteacha.
- = -
(28) Tá an margadh do sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, ar seirbhísí iad nach nascann le hacmhainní uimhrithe a shanntar go poiblí, ag forbairt go mear.
Le blianta beaga anuas, tá níos mó tomhaltóirí ag baint úsáid as na seirbhísí sin a bhuí le teacht chun cinn seirbhísí digiteacha nua lenar féidir cumarsáid idirphearsanta a dhéanamh trí mhéan an idirlín, amhail seirbhísí ríomhphoist gréasánbhunaithe agus seirbhísí teachtaireachtaí ar líne.
Ar na cúiseanna sin, is gá cosaint éifeachtach do thomhaltóirí a sholáthar maidir leis na seirbhísí sin.
Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an Treoir seo freisin maidir le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir.
- = -
(29) Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le cúram sláinte a shainmhínítear i dTreoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).
Ba cheart feidhm a bheith ag eisiamh “cúram sláinte” freisin ó raon feidhme na Treorach seo maidir le haon ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach arb ionann é nó í agus feiste leighis, mar a shainmhínítear i dTreoir 93/42/CEE (6) nó 90/385/CEE (7) ón gComhairle nó le Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), i gcás ina n-ordaíonn nó ina soláthraíonn gairmí sláinte feiste leighis mar a shainmhínítear i dTreoir 2011/24/AE.
Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le haon ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach arb ionann é nó í agus feiste leighis, amhail feidhmchláir sláinte, ar féidir leis an tomhaltóir iad a fháil gan gairmí sláintiúil iad a ordú nó a sholáthar.
- = -
(31) Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthraítear don phobal mar chuid de thaibhiú ealaíne nó eile, amhail teilgean cineamatagrafaíochta digiteach nó taispeántas amharclainne closamhairc.
Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo más rud é go soláthraítear ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach ar tharchur comharthaí amhail seirbhísí teilifíse digití.
- = -
(33) Is minic a dhéantar ábhar digiteach nó seirbhísí a chomhcheangal le soláthar earraí nó seirbhísí eile agus is minic a dhéantar iad a thairiscint don tomhaltóir faoin gconradh céanna ina bhfuil cuach de ghnéithe éagsúla, amhail teilifís dhigiteach a sholáthar agus trealamh leictreonach a cheannach.
I gcásanna den sórt sin, áirítear sa chonradh idir an tomhaltóir agus an trádálaí gnéithe de chonradh le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar agus gnéithe de chineálacha eile conarthaí chomh maith céanna amhail díolacháin earraí nó conarthaí i gcomhair seirbhísí.
Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach amháin maidir le gnéithe den chonradh foriomlán a bhaineann le hábhar digiteach nó le seirbhísí digiteacha a sholáthar.
Ba cheart na gnéithe eile den chonradh a rialú leis na rialacha is infheidhme maidir leis na conarthaí sin faoin dlí náisiúnta nó, de réir mar is infheidhme, le rialacha eile an Aontais lena rialaítear earnáil nó ábhar ar leith.
Ar an gcaoi chéanna, na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag gné amháin den chonradh cuachta a fhoirceannadh ar ghnéithe eile den chonradh cuachta sin, ba cheart iad a rialú leis an dlí náisiúnta.
Mar sin féin, chun comhsheasmhacht a áirithiú le forálacha earnáilsonracha de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) lena rialaítear conarthaí cuachta, i gcás ina soláthróidh trádálaí, de réir bhrí an Rialacháin sin, ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach in éineacht le seirbhís idirphearsanta uimhirbhunaithe nó seirbhís rochtana idirlín, níor cheart go mbeadh feidhm ag forálacha na Treorach seo i ndáil le hábhar digiteach a mhodhnú maidir leis an ábhar digiteach nó gné na seirbhíse digití den chuach.
Ina ionad sin, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha ábhartha Threoir (AE) 2018/1972 maidir le gach gné den chuach, lena n-áirítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach.
- = -
(36) Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do dhlí eile an Aontais lena rialaítear earnáil nó ábhar ar leith amhail teileachumarsáid, ríomhthráchtáil agus cosaint tomhaltóirí.
Ba cheart go mbeadh sé gan dochar freisin do dhlíthe an Aontais agus do dhlíthe náisiúnta maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara, lena n-áirítear inaistritheacht seirbhísí ábhair ar líne.
- = -
(43) Ba cheart coincheap na feidhmiúlachta a thuiscint mar thagairt do na bealaí inar féidir ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a úsáid.
Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag neamhláithreacht nó láithreacht aon srianta teicniúla amhail cosaint trí Bhainistiú na gCeart Dhigiteach nó códú réigiúin ar an cumas go gcomhlíonfadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a gcuid feidhmeanna uile ag féachaint dá n-aidhm.
Baineann an coincheap “idir-inoibritheacht” le cibé an féidir ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí atá difriúil ó na cinn a úsáidtear de ghnáth le hábhar digiteach nó le seirbhísí digiteacha den chineál céanna agus a mhéid is féidir leo feidhmiú; D’fhéadfaí a áireamh leis an bhfeidhmiú rathúil, mar shampla, cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití faisnéis a mhalartú leis na bogearraí nó na crua-earraí eile sin agus an fhaisnéis malartaithe a úsáid.
- = -
(48) Ba cheart feidhm iomlán a bheith ag Rialachán (AE) 2016/679 nó ag aon dlí eile um chosaint sonraí de chuid an Aontais maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i dtaca le haon chonradh a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.
Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh an Treoir seo gan dochar do na cearta, na hoibleagáidí agus na leigheasanna neamhchonarthacha dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2016/679.
Maidir le fíorais as a dtiocfaidh easpa comhlíonta maidir le ceanglais dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear croíphrionsabail amhail ceanglais maidir le híoslaghdú sonraí, cosaint sonraí trí dhearadh agus cosaint sonraí mar réamhshocrú, féadfar, ag brath ar imthosca an cháis, a mheas freisin gurb ionann iad agus easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití le ceanglais shuibiachtúla nó oibiachtúla chomhréireachta dá bhforáiltear sa Treoir seo.
Is sampla amháin a d’fhéadfadh a bheith ann ná cásanna ina ndéanfaidh trádálaí oibleagáid sa chonradh a ghlacadh go sainráite, nó inar féidir an conradh a léirthuiscint ar an mbealach sin, ar catagóir í a bhaineann freisin le hoibleagáidí an trádálaí faoi Rialachán (AE) 2016/679.
Sa chás sin, is féidir gealltanas conarthach den sórt sin a bheith mar chuid de na ceanglais chomhréireachta shuibiachtúla.
Is é an dara shampla de chásanna a d’fhéadfadh a bheith ann ná cásanna inar féidir le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 a fhágáil ag an am céanna, go mbeadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach mí-oiriúnach don fheidhm ar beartaíodh é nó í ina leith agus, dá bhrí sin, gurb ionann é agus easpa comhréireachta leis an gceanglas oibiachtúil le haghaidh comhréireachta lena gceanglaítear go mbeadh an t-ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach oiriúnach do na feidhmeanna céanna a mbainfí úsáid de ghnáth as ábhar digiteach nó seirbhís lena n-aghaidh.
- = -
(51) Cuirtear roinnt mhaith cineálacha ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha ar fáil go leanúnach thar tréimhse ama, amhail rochtain ar néalsheirbhísí.
Is gá a áirithiú, dá bhrí sin, go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir ar feadh shaolré an chonartha.
Ba cheart déileáil le bristí gearrthéarmacha ar sholáthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití mar chásanna ina bhfuil easpa comhréireachta ann i gcás ina mbíonn na bristí sin níos tromchúisí ná diomaibhseach nó ina dtarlaíonn siad arís is arís eile.
Thairis sin, i bhfianaise an fheabhais a chuirtear ar an ábhar digiteach agus ar na seirbhísí digiteacha go minic, go háirithe trí nuashonruithe a dhéanamh, ba cheart gurb é an leagan is deireanaí atá ar fáil tráth a dtugtar an conradh i gcrích, an leagan den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach a sholáthraítear don tomhaltóir, mura bhfuil a mhalairt comhaontaithe ag na páirtithe.
- = -
(52) Ní mór an t-ábhar digiteach nó na seirbhísí digiteacha a chomhtháthú i gceart i dtimpeallacht crua-earraí agus bogearraí an tomhaltóra chun go n-oibreoidh sé i gceart.
Maidir le heaspa comhréireachta na n-ábhar digiteach nó na seirbhíse digití, a eascraíonn as comhtháthú mícheart, ba cheart é sin a mheas mar easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití í féin, i gcás ina ndearna an trádálaí é nó í a chomhtháthú nó faoina rialú, nó ina ndearna an tomhaltóir é nó í a chomhtháthú tar éis threoracha an trádálaí maidir le comhtháthú agus gur i ngeall ar easnaimh sna treoracha suiteála riachtanacha, amhail neamhiomláine nó easpa soiléireachta i ndáil leis na treoracha comhtháthaithe a bheadh mar thoradh air sin go mbeadh siad deacair le húsáid ag an gnáth-thomhaltóir.
- = -
(57) D’fhéadfaí ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar do thomhaltóirí ar mhodh leanúnach thar thréimhse ama chomh maith.
Féadfar a bheith san áireamh sa soláthar leanúnach cásanna ina gcuireann an trádálaí seirbhís dhigiteach ar fáil do thomhaltóirí ar feadh tréimhse socraithe nó tréimhse éiginnte, amhail conradh néalstórála 2 bhliain nó ballraíocht gan téarma in ardán meán sóisialta.
Is é an ghné shainiúil den chatagóir sin ná go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ar fáil do thomhaltóirí nó inrochtana acu do thréimhse sheasta an chonartha, nó fad atá an conradh éiginnte i bhfeidhm.
Dá bhrí sin, tá údar maith ann nár cheart an trádálaí i gcásanna den sórt sin a bheith faoi dhliteanas ach i leith easpa comhréireachta a thagann chun solais agus le linn na tréimhse sin amháin.
Níor cheart gur ghá soláthar fadtéarmach mar gheall ar ghné an tsoláthair leanúnaigh.
Ba cheart cásanna amhail sruthú gréasáin gearrthóige físe a mheas mar sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, gan beann ar fhad iarbhír an chomhaid closamhairc.
Maidir le cásanna ina gcuirfear gnéithe sonracha den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach ar fáil go tréimhsiúil nó roinnt uaireanta le linn ré sheasta an chonartha nó fad is a bheidh conradh éiginnte i bhfeidhm, ba cheart iad a mheas chomh maith mar sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, nuair a shonraítear sa chonradh, mar shampla, gur féidir cóip de bhogearraí frithvíreas a úsáid ar feadh bliana agus go nuashonrófar go huathoibríoch é ar an gcéad lá de gach mí den tréimhse sin, nó go n-eiseoidh an trádálaí nuashonruithe nuair a bheidh gnéithe nua de chluiche digiteach ar fáil, agus go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ar fáil nó inrochtana do thomhaltóirí amháin do thréimhse seasta an chonartha nó fad a bheidh an conradh éiginnte i bhfeidhm.
- = -
(73) Is gné riachtanach de chonarthaí é an prionsabal a bhaineann le dliteanas an trádálaí i leith damáistí chun ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar.
Dá bhrí sin, ba cheart don tomhaltóir a bheith i dteidealcúiteamh a éileamh as díobháil a rinneadh de thoradh easpa comhréireachta nó mainneachtain an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar.
Leis an gcúiteamh, ba cheart go mbeadh imthosca an tomhaltóra mar an gcéanna, a oiread agus is féidir, amhail is dá mbeadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach soláthraithe go cuí i dtosach báire agus i gcomhréir. Ós rud é gur ann don cheart sin i leith damáistí i ngach Ballstát cheana, ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do rialacha náisiúnta maidir le cúiteamh tomhaltóirí as díobháil a rinneadh de thoradh sárú ar na rialacha sin.
- = -
(74) Leis an Treoir seo, ba cheart aghaidh a thabhairt ar mhodhnuithe, amhail nuashonruithe agus uasghráduithe, arna ndéanamh ag trádálaithe ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach a sholáthraítear nó lena dtugtar rochtain don tomhaltóir thar thréimhse ama.
I bhfianaise gné shíorathraitheach na n-ábhar digiteach agus na seirbhísí digiteacha, d’fhéadfadh go mbeadh gá le nuashonruithe, uasghráduithe nó modhnuithe dá samhail, nó d’fhéadfadh sé a bheith ina bhuntáiste don tomhaltóir.
Maidir le roinnt modhnuithe, mar shampla iad atá liostaithe mar mhodhnuithe sa chonradh, féadfaidh siad a bheith mar chuid den ghealltanas conarthach.
Féadfaidh modhnuithe eile a bheith ag teastáil chun na ceanglais oibiachtúla a chomhlíonadh maidir le comhréireacht na n-ábhar digiteach nó na seirbhíse digití mar a leagtar amach sa Treoir seo.
Maidir le modhnuithe eile, áfach, a d’imeodh ó na ceanglais oibiachtúla maidir le comhréireacht agus a bhféadfaí a bheith ag súil leo tráth a dtabharfar an conradh i gcrích, bheadh comhaontú sainráite an tomhaltóra de dhíth agus an conradh á thabhairt i gcrích acu.
- = -