keyboard_tab Contratti digitali 2019/0770 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- agus 17
- trádálaí 16
- tomhaltóir 16
- digiteach 15
- tseirbhís 14
- ábhar 12
- conradh 12
- dhigiteach 12
- fhoirceannadh 11
- arna 10
- t-ábhar 9
- úsáid 9
- nach 8
- tradálaí 7
- iarraidh 7
- tomhaltóra 7
- bhaint 6
- chur 6
- gcás 6
- sholáthar 6
- inláimhsithe 6
- tréimhse 5
- linn 5
- fáil 5
- soláthar 5
- ndéanfar 5
- faoi 5
- raibh 4
- thabhairt 4
- meán 4
- gcomhréireacht 4
- déanfaidh 4
- maidir 4
- eile 4
- sonraí 4
- seirbhíse 3
- dhigitigh 3
- digití 3
- oibleagáidí 3
- ábhair 3
- lena 3
- pearsanta 3
- sula 3
- baint 3
- amháin 3
- phraghas 3
- airteagal 3
- trí 3
- ndearnadh 3
- i 3
Airteagal 17
Oibleagáidí an tomhaltóra i gcás ina ndéanfar conradh a fhoirceannadh
1. Tar éis fhoirceannadh an chonartha, staonfaidh an tomhaltóir ó úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach agus ón ábhar nó an tseirbhís sin a chur ar fáil do thríú páirtithe.
2. I gcás ina ndearnadh an t-ábhar digiteach a sholáthar ar mheán inláimhsithe, déanfaidh an tomhaltóir, arna iarraidh sin ag an tradálaí agus ar chostas an trádálaí, an meán inláimhsithe a thabhairt ar ais don tradálaí gan moill mhíchuí. Má chinneann an tradálaí a iarraidh go ndéanfaí an meán inláimhsithe a thabhairt ar ais, déanfar an iarraidh sin laistigh de 14 lá ón lá a gcuirfear an trádálaí ar an eolas faoi chinneadh an tomhaltóra an conradh a fhoirceannadh.
3. Ní bheidh an tomhaltóir faoi dhliteanas maidir le híoc as aon úsáid a bhainfear as an t-ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach le linn na tréimhse sula ndeanfar an conradh a fhoirceannadh, ar conradh é nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht lena linn.
Airteagal 16
Oibleagáidí an trádálaí i gcás ina ndéanfar conradh a fhoirceannadh
1. I gcás ina ndéanfar an conradh a fhoirceannadh, déanfaidh an trádálaí na suimeanna go léir a íocadh faoin gconradh a aisíoc leis an tomhaltóir.
I gcásanna ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití mar mhalairt ar phraghas a íoc agus thar thréimhse ama, áfach, agus ina raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht ar feadh tréimhse ama sula ndearnadh an conradh a fhoirceannadh, ní aisíocfaidh an trádálaí leis an tomhaltóir ach an chuid chomhréireach den phraghas a íocadh agus a chomhfhreagraíonn don tréimhse ama nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht lena linn, agus aon chuid den phraghas a d’íoc an tomhaltóir roimh ré le haghaidh aon tréimhse eile den chonradh a bheadh fágtha murar foirceannadh an conradh.
2. Maidir le sonraí pearsanta an tomhaltóra, comhlíonfaidh an trádálaí na hoibleagáidí is infheidhme faoi Rialachán (AE) 2016/679.
3. staonfaidh an trádálaí ó úsáid a bhaint as aon ábhar seachas sonraí pearsanta, a rinne an tomhaltóir a chur ar fáil nó a chruthú, agus úsáid á baint aige nó aici as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí, ach amháin sa chás:
(a) | nach mbeadh aon fhóntas ag an ábhar sin lasmuigh de chomhthéacs an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí; |
(b) | nach mbaineann sé ach le gníomhaíocht an tomhaltóra, agus úsáid á baint aige nó aici as an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí; |
(c) | nach bhfuil sé comhiomlánaithe ag an tradálaí le sonraí eile agus nach féidir é a dhíchomhiomlánú, ach amháin trí iarrachtaí díréireacha a dhéanamh; nó |
(d) | go bhfuil sé ginte i gcomhpháirt ag an tomhaltóir agus ag daoine eile, agus gur féidir le tomhaltóirí eile leanúint d’úsáid a bhaint as an ábhar. |
4. Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) de mhír 3, maidir le haon ábhar nach sonraí pearsanta é agus a rinne an tomhaltóir a chruthú nó a chur ar fáil, agus úsáid á baint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí, déanfaidh an trádálaí, arna iarraidh sin ag an tomhaltóir, é a chur ar fáil dó nó di.
Beidh an tomhaltóir i dteideal an t-ábhar digiteach sin a aisghabháil saor in aisce, gan bac ón trádálaí, laistigh de thréimhse réasúnach ama agus ar fhormáid a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín.
5. Féadfaidh an trádálaí cosc a chur ar an tomhaltóir aon úsáid bhreise a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach, go háirithe trí rochtain ar an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bhaint den tomhaltóir nó trí chuntas úsáideora an tomhaltóra a dhíchumasú, gan dochar do mhír 4.

whereas