(1) Foráiltear le hAirteagal 169(1), agus le pointe (a) d’airteagal 169(2), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go rannchuideoidh an tAontas le hardleibhéal cosanta tomhaltóirí a ghnóthú trí bhearta a ghlactar de bhun Airteagal 114 CFAE.
Foráiltear le hAirteagal 38 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) go bhfuiltear chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú i mbeartais an Aontais.
- = -
(30) Ba cheart na sainmhínithe ar ábhar digiteach agus seirbhísí digiteach i dTreoir 2011/83/AE a ailíniú leo sin atá i dTreoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).
Maidir le hábhar digiteach arna chumhdach i dTreoir (AE) 2019/770 cumhdaíonn sé gníomh aonair soláthair, sraith gníomhartha aonair soláthair, nó soláthar leanúnach thar thréimhse ama.
Níor cheart go mbeadh gá le soláthar fadtéarmach mar gheall ar ghné an tsoláthair leanúnaigh.
Ba cheart cásanna amhail sruthú gréasáin ar ghearrthóga físe a mheas mar sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, gan beann ar ré iarbhír an chomhaid closamhairc.
Dá bhrí sin, d’fheadfadh sé a bheith deacair idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha áirithe d’ábhar digiteach agus de sheirbhísí digiteacha, toisc go mbaineann an dá rud le soláthar leanúnach ón trádálaí thar ré an chonartha.
Samplaí de sheirbhísí digiteacha is ea seirbhísí comhroinnte físe agus fuaime agus óstáil comhad, próiseáil focal nó cluichí a thairgtear sa néal, néalstóráil, post gréasáin, na meáin shóisialta agus néal-fheidhmchláir.
Mar gheall ar rannpháirtíocht leanúnach an tsoláthraí seirbhíse, tá údar le cur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an gceart tarraingt siar a thugtar i dTreoir 2011/83/AE agus a thugann an deis, go praiticiúil, don tomhaltóir triail a bhaint as an tseirbhís agus a chinneadh, le linn na tréimhse 14 lá ó thabhairt i gcrích an chonartha, cé acu a choinneoidh nó nach gcoinneoidh sé an tseirbhís.
Is saintréith de roinnt mhaith conarthaí le haghaidh soláthar ábhar digiteach nach ndéantar a sholáthar ar mheán inláimhsithe is ea gur gníomh aonair soláthair don tomhaltóir de phíosa sonrach nó píosaí sonracha ábhair dhigitigh é, amhail ceol sonrach nó comhaid físe shonracha.
Fanann conarthaí le haghaidh soláthar ábhar digiteach nach ndéantar a sholáthar ar mheán inláimhsithe de bheith faoi réir na heisceachta ón gceart tarraingt siar a leagtar amach i bpointe (m) den chéad fhomhír d’airteagal 16 de Threoir 2011/83/AE, ina bhforáiltear go gcailleann an tomhaltóir an ceart tarraingt siar nuair a chuirtear tú le comhlíonadh an chonartha, amhail an t‐ábhar a íoslódáil nó a shruthú, faoi réir réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra an comhlíonadh a thosú le linn na tréimhse tarraingt siar agus admháil á rá go bhfuil a cheart tarraingt siar caillte aige dá réir.
I gcás in a bhfuil amhras maidir le cé acu is conradh seirbhíse nó conradh le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe é, ba cheart na rialacha maidir leis an gceart tarraingt siar i leith seirbhísí a chur i bhfeidhm.
- = -
(37) Ceanglaítear le hAirteagal 7(3) agus le hAirteagal 8(8) de Threoir 2011/83/AE ar thrádálaithe, i gcás conarthaí seacháitribh agus cianchonarthaí faoi seach, réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil le comhlíonadh a thosú sula dtéann an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag.
Foráiltear le pointe (a) d’airteagal 14(4) den Treoir sin do smachtbhanna conarthach a ghearradh i gcás nach gcomhlíonann an trádálaí an ceanglas sin ann, is é sin, smachtbhanna a fhágann nach bhfuil ar an tomhaltóir íoc as na seirbhísí a soláthraíodh.
Dá bhrí sin, ní bhaineann an ceanglas atá ann toiliú sainráite roimh ré an tomhaltóra a fháil le hábhar ach amháin i gcás seirbhísí, lena n‐áirítear seirbhísí digiteacha, a sholáthraítear ar phraghas a íoc.
Mar sin, tá sé riachtanach Airteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) a leasú chun nach mbeidh feidhm ag an gceanglas atá ar thrádálaithe réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil ach amháin maidir le conarthaí seirbhíse lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh.
- = -
(38) Foráiltear le pointe (m) den chéad fhomhír d’airteagal 16 de Threoir 2011/83/AE maidir le díolúine ón gceart tarraingt siar maidir le hábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe i gcás inar thug an tomhaltóir réamhthoiliú sainráite leis an gcomhlíonadh a thosú sula rachaidh an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag agus inar admhaigh sé go gcaillfeadh sé a cheart tarraingt siar dá bharr sin.
Foráiltear le pointe (b) d’airteagal 14(4) den Treoir sin do smachtbhanna conarthach a ghearradh i gcás nach gcomhlíonann an trádálaí an ceanglas sin ann, is é sin, smachtbhanna a fhágann nach gceanglófar ar an tomhaltóir íoc as an ábhar digiteach a úsáideadh.
Dá réir sin, ní bhaineann an ceanglas atá ann réamhthoiliú agus admháil sainráite an tomhaltóra a fháil le hábhar ach amháin i gcás ábhar digiteach a sholáthraítear ar phraghas a íoc.
Mar sin, tá sé riachtanach pointe (m) den chéad fhomhír d’airteagal 16 a leasú chun nach mbeidh feidhm ag an gceanglas atá ar thrádálaithe réamhthoiliú agus admháil sainráite an tomhaltóra a fháil ach amháin maidir le conarthaí lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh.
- = -
(41) Ceanglaítear le pointe (h) d’airteagal 6(1) de Threoir 2011/83/AE ar thrádálaithe faisnéis réamhchonarthach a thabhairt do thomhaltóirí faoin gceart tarraingt siar, lena n‐áirítear an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) a ghabhann leis an Treoir sin.
Foráiltear le hAirteagal 8(4) den Treoir sin do cheanglais faisnéise réamhchonarthaí níos simplí i gcás ina dtugtar an conradh i gcrích trí mhodh cianchumarsáide lena dtugtar méid teoranta spáis nó ama le haghaidh an fhaisnéis a chur ar taispeáint, amhail ar an teileafón, trí chúntóirí siopadóireachta guthoibrithe nó trí SMS. Áirítear leis an bhfaisnéis réamhchonarthaích éigeantach a thabharfar ar an modh nó tríd an modh cianchumarsáide ar leith sin faisnéis maidir leis an gceart tarraingt siar dá dtagraítear i bpointe (h) d’airteagal 6(1).
Dá réir sin, áirítear léi freisin an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) a sholáthar.
Mar sin féin, ní féidir an fhoirm tarraingt siar a sholáthar i gcás ina dtugtar an conradh i gcrích trí mhodhanna amhail ar an teileafón nó trí chúntóirí siopadóireachta guthoibrithe agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé indéanta go teicniúil an fhoirm a sholáthar ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir trí mhodhanna cianchumarsáide eile a chumhdaítear le hAirteagal 8(4).
Is iomchuí, mar sin, soláthar na foirme samplaí tarraingt siar a eisiamh ón bhfaisnéis nach mór do thrádálaithe a thabhairt in aon chás ar an modh nó tríd an modh cianchumarsáide ar leith a úsáidtear chun conradh a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 8(4).
- = -
(42) Foráiltear le pointe (a) den chéad fhomhír d’airteagal 16 de Threoir 2011/83/AE maidir le heisceacht ón gceart tarraingt siar i leith conarthaí seirbhíse a comhlíonadh go hiomlán i gcás inar tosaíodh an comhlíonadh tar éis réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil agus tar éis dó a admháil go gcaillfeadh sé an ceart tarraingt siar a luaithe a bheadh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí.
Os a choinne sin, le hAirteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) den Treoir sin, ina bpléitear le hoibleagáidí an trádálaí i gcás inar tosaíodh comhlíonadh an chonartha sula dtéann an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag, ní cheanglaítear ar thrádálaithe ach réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil, gan aon admháil go gcaillfear an ceart tarraingt siar a luaithe a bheidh an comhlíonadh críochnaithe.
Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir na forálacha sin, is gá oibleagáid a chur le hAirteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) a thabharfaidh ar an trádálaí freisin admháil a fháil ón tomhaltóir go gcaillfear an ceart tarraingt siar a luaithe a bheidh an comhlíonadh críochnaithe, má chuirtear, leis an gconradh sin, oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh.
Sa bhreis air sin, ba cheart foclaíocht phointe (a) den chéad fhomhír d’airteagal 16 a leasú d’fhonn a chur san áireamh na hathruithe ar Airteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) a fhágann feidhm ag an gceanglas atá ar thrádálaithe réamhthoiliú agus admháil sainráite an tomhaltóra a fháil maidir le conarthaí seirbhíse lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh agus maidir leosan amháin.
Mar sin féin, ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit gan an ceanglas a chur i bhfeidhm maidir le hadmháil a fháil ón tomhaltóir go gcaillfear an ceart tarraingt siar a luaithe a bheidh an comhlíonadh i leith conarthaí seirbhíse críochnaithe i gcás ina n‐iarrann an tomhaltóir go sonrach cuairt a thabhairt ar an trádálaí chun críche deisiúcháin a dhéanamh.
Déantar foráil i bpointe (c) den chéad mhír d’airteagal 16 den Treoir sin maidir le heisceacht ón gceart tarraingt siar i leith conarthaí i dtaca le soláthar earraí atá déanta de réir shonraíochtaí an tomhaltóra nó ar léir gur cuireadh in oiriúint iad don tomhaltóir.
Leis an eisceacht sin, cumhdaítear, mar shampla, monarú agus suiteáil troscáin shaincheaptha ag baile an tomhaltóra nuair a sholáthraítear é faoi chonradh díolacháin amháin.
- = -
(43) Maidir leis an eisceacht ón gceart tarraingt siar dá bhforáiltear i bpointe (b) den chéad mhír d’airteagal 16 de Threoir 2011/83/AE, ba cheart a mheas go bhfuil feidhm aici freisin maidir le conarthaí do sheachadtaí aonair d’fhuinneamh neamh-líonra, toisc go bhfuil a phraghas ag brath ar luaineachtaí sna margaí tráchtearraí nó sna margaí fuinnimh nach féidir leis an trádálaí a rialú agus a d’fhéadfadh tarlú le linn na tréimhse tarraingt siar.
- = -
(44) Sonraítear in Airteagal 14(4) de Threoir 2011/83/AE na coinníollacha, i gcás ina bhfeidhmeofar an ceart tarraingt siar, faoina mbeidh an tomhaltóir saor ón gcostas i leith seirbhísí a chomhlíonadh, fóntais phoiblí a sholáthar agus ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar.
I gcás ina gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha sin, ní cheanglófar ar an tomhaltóir íoc as an tseirbhís, as na fóntais phoiblí ná as an ábhar digiteach a fuarthas sular feidhmíodh an ceart tarraingt siar.
Maidir le hábhar digiteach, ar na coinníollacha neamhcharnacha sin, eadhon faoi phointe (b)(iii) d’airteagal 14(4), tá an mhainneachtain daingniú a sholáthair maidir leis an gconradh arna thabhairt i gcrích, lena n‐áirítear deimhniú go bhfuarthas réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra le comhlíonadh an chonartha a thosú sula dtéann an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag agus gur admhaigh sé go gcaillfí an ceart tarraingt siar dá bharr sin.
Mar sin féin, ní áirítear an coinníoll sin ar na coinníollacha faoina gcaillfí an ceart tarraingt siar i bpointe (m) den chéad fhomhír d’airteagal 16 den Treoir sin, rud a chruthaíonn éiginnteacht maidir leis an bhféidearthacht atá ann do thomhaltóirí pointe (b)(iii) d’airteagal 14(4) a agairt nuair a chomhlíontar an dá choinníoll eile dá bhforáiltear i bpointe (b) d’airteagal 14(4) agus, dá thoradh sin go gcailltear an ceart tarraingt siar i gcomhréir le pointe (m) den chéad mhír d’airteagal 16.
Ba cheart, dá bhrí sin, an coinníoll dá bhforáiltear i bpointe (b)(iii) d’airteagal 14(4) a chur le pointe (m) den chéad mhír d’airteagal 16 chun a chur ar a chumas don tomhaltóir an ceart tarraingt siar a fheidhmiú nuair nach gcomhlíontar an coinníoll sin agus dá réir sin na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 14(4) a éileamh.
- = -
(46) I bhfianaise forbairtí teicneolaíochta, tá sé riachtanach an tagairt d’uimhir facs a bhaint den liosta modhanna cumarsáide i bpointe (c) d’airteagal 6(1) de Threoir 2011/83/AE ós rud é gurb annamh a úsáidtear an facs sa lá atá inniu ann agus go bhfuil sé imithe i léig den chuid is mó.
- = -
(54) Cé gur bealach díolacháin dlisteanach seanbhunaithe é díolachán seacháitribh, amhail díolachán in áitreabh gnó an trádálaí agus ciandíol, is féidir cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach go háirithe i gcomhthéacs cuairteanna ar theach tomhaltóra nó turais dá dtagraítear i bpointe (8) d’airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE, tomhaltóirí a chur faoi bhrú earraí nó seirbhísí a cheannach nach gceannódh siad murach sin nó earraí nó seirbhísí a cheannach ar phraghsanna iomarcacha, lena mbaineann íocaíocht láithreach go minic.
Is minic a dhírítear cleachtais den sórt sin ar thomhaltóirí scothaosta nó ar thomhaltóirí leochaileacha eile.
Measann Ballstáit áirithe gur cleachtais neamh-inmhianaithe iad sin agus gur gá srian a chur le cineálacha agus gnéithe áirithe díolacháin seacháitribh de réir bhrí Threoir 2011/83/AE, amhail táirge a mhargú nó a dhíol ar bhealach ionsaitheach agus míthreorach i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh ar theach tomhaltóra nó turas.
I gcás ina nglactar srianta den sórt sin ar fhorais seachas cosaint tomhaltóirí amhail leas an phobail nó ar son meas a thabhairt ar shaol príobháideach tomhaltóirí a chosnaítear le hAirteagal 7 den Chairt, tá siad lasmuigh de raon feidhme Threoir 2005/29/CE.
- = -