keyboard_tab Contratti di vendita di beni conformi 2019/0771 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- agus 16
- comhréireachta 16
- díoltóir 11
- tomhaltóir 10
- chun 9
- leis 9
- hearraí 8
- díolacháin 7
- thabhairt 5
- gcomhréir 5
- easpa 5
- airteagal 4
- fhoirceannadh 4
- deisiú 4
- conradh 4
- dteideal 4
- maidir 3
- bheith 3
- cheart 3
- laghdú 3
- beidh 3
- gconradh 3
- gcrích 3
- bhfuil 3
- leigheas 3
- atá 3
- lena 3
- mbeadh 3
- hairteagal 3
- gcás 3
- athsholáthar 2
- íocaíocht 2
- gcuirfeadh 2
- féadfaidh 2
- ballstáit 2
- coinníollacha 2
- tomhaltóra 2
- fháil 2
- comhréireach 2
- dhéanamh 2
- gcur 2
- costais 2
- chur 2
- gceist 2
- mioneaspa 2
- choinneáil 2
- bheidh 2
- ndéanfaidh 2
- nach 2
- díoltóra 2
Airteagal 6
Ceanglais shuibiachtúla le haghaidh comhréireachta
Chun a bheith i gcomhréir leis an gconradh díolacháin, maidir leis hearraí, go háirithe, i gcás inarb infheidhme:
(a) | beidh an tuairisc, an cineál, an chainníocht agus an cháilíocht, agus an fheidhmiúlacht, an chomhoiriúnacht, an idir-inoibritheacht agus na gnéithe eile acu mar a cheanglaítear leis an gconradh díolacháin; |
(b) | beidh siad oiriúnach d’aon fheidhm shonrach a dteastaíonn siad ón tomhaltóir ina leith agus a chuir an tomhaltóir in iúl don díoltóir ar a dhéanaí tráth ar tugadh an conradh díolacháin i gcrích agus a bhfuil glactha leis ag an díoltóir; |
(c) | seachadfar iad mar aon leis na comhghabhálais uile agus le haon treoracha, lena n-áirítear maidir le suiteáil, de réir mar a shonraítear sa chonradh díolacháin; agus |
(d) | tabharfar nuashonrú mar a shonraítear sa chonradh díolacháin. |
Airteagal 13
Leigheasanna ar easpa comhréireachta
1. I gcás easpa comhréireachta, beidh an tomhaltóir i dteideal na hearraí a bheith curtha chun comhréireachta, nó laghdú comhréireach ar phraghas a fháil, nó an conradh a fhoirceannadh, faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.
2. Chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, féadfaidh an tomhaltóir rogha a dhéanamh idir deisiú agus athsholáthar ach amháin dá mbeadh an leigheas a roghnaíodh dodhéanta nó neamhdhleathach nó, i gcomparáid leis an leigheas eile, go gcuirfeadh sí costais ar an díoltóir a bheadh díréireach, agus na cúinsí go léir á gcur san áireamh, lena n-áirítear:
(a) | an luach a bheadh ar na hearraí mura mbeadh aon easpa comhréireachta ann; |
(b) | tábhacht na heaspa comhréireachta; agus |
(c) | an bhféadfaí an leigheas malartach a sholáthair gan aon mhíchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir. |
3. Féadfaidh an díoltóir diúltú na hearraí a thabhairt chun comhréireachta dá mbeadh deisiú agus athsholáthar dodhéanta nó dá gcuirfeadh sé sin costais dhíréireacha ar an díoltóir, agus na himthosca uile á gcur san áireamh lena n-áirítear iad a luaitear i bpointí (a) agus (b) de mhír 2.
4. Beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú comhréireach a fháil ar an bpraghas i gcomhréir le hAirteagal 15 nó i dteideal an conradh díolacháin a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 16 sna cásanna seo a leanas:
(a) | ní dhearna an díoltóir an deisiú ná an t-athsholáthar a chur i gcrích nó, i gcás inarb infheidhme, an deisiú ná an t-athsholáthar a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 14(2) agus (3), nó dhiúltaigh an díoltóir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo; |
(b) | is ann d’easpa comhréireachta in ainneoin iarracht an díoltóra na hearraí a thabhairt chun comhréireachta; |
(c) | tá an easpa comhréireachta de chineál atá chomh tromchúiseach sin le bheith mar údar le laghdú a dhéanamh láithreach ar an bpraghas nó leis an gconradh díolacháin a fhoirceannadh; nó |
(d) | tá sé dearbhaithe ag an díoltóir, nó tá sé soiléir ó na himthosca, nach ndéanfaidh an díoltóir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta laistigh de thréimhse ama réasúnach nó gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir. |
5. Ní bheidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh mura bhfuil ach mioneaspa comhréireachta i gceist. Is ar an díoltóir a bheidh an dualgas cruthúnais maidir le cibé an mioneaspa comhréireachta atá i gceist.
6. Beidh sé de cheart ag an tomhaltóir íocaíocht an phraghais nó cuid de a choinneáil siar go dtí go ndéanfaidh an díoltóir oibleagáidí an díoltóra a chomhlíonadh faoin Treoir seo. Féadfaidh na Ballstáit na coinníollacha agus na modúlachtaí a chinneadh inar féidir leis an tomhaltóir an cheart chun an íocaíocht a choinneáil siar a fheidhmiú.
7. Féadfaidh na Ballstáit a rialú cé acu atá nó nach bhfuil tionchar ag rannchuidiú an tomhaltóra leis an easpa comhréireachta ar cheart an tomhaltóra chun leigheasanna agus méid an tionchair sin.
whereas