(25) D’fhonn soiléireacht a chur ar fáil maidir leis an méid is féidir le tomhaltóir a bheith ag súil leis ó na hearraí agus an méid a mbeadh an díoltóir faoi dhliteanas ina leith i gcás ina mainnítear an méid a raibh súil leis a chur ar fáil, tá sé riachtanach comhchuibhiú iomlán a dhéanamh ar na rialacha a bhaineann le comhréireacht earraí a dheimhniú.
Ba cheart tagairt a dhéanamh do chomhréireacht earraí leis an gconradh díolacháin le haon tagairt do chomhréireacht sa Treoir seo.
Chun leasanna dlisteanacha an dá pháirtí i gconradh díolacháin a choimirciú, ba cheart comhréireacht a mheasúnú bunaithe ar cheanglais shuibiachtúla agus oibiachtúla araon maidir le comhréireacht.
- = -
(30) Anuas ar nuashonruithe arna gcomhaontú go conarthach, ba cheart don díoltóir nuashonruithe a sholáthar freisin, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, chun a áirithiú go bhfanfaidh na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir.
Ba cheart oibleagáid an díoltóra a theorannú chun go gcuimseofar nuashonruithe atá riachtanach chun go gcoinneoidh earraí den sórt sin a gcomhréireacht leis na ceanglais oibiachtúla agus shuibiachtúla maidir le comhréireacht a leagtar síos sa Treoir seo.
Mura bhfuil a mhalairt comhaontaithe go conarthach ag na páirtithe, níor cheart oibleagáid a bheith ar an díoltóir leaganacha nuashonraithe d’ábhar digiteach nó de sheirbhís dhigiteach na n-earraí a sholáthar ná feidhmiúlachtaí earraí a fheabhsú nó a leathnú níos faide ná mar atá sna ceanglais chomhréireachta.
Maidir le nuashonrú arna sholáthar ag an díoltóir nó ag tríú páirtí a sholáthraíonn an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís faoin gconradh díolacháin, má chruthaíonn sé easpa comhréireachta maidir leis an earra ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart go mbeadh dliteanas ar an díoltóir as an earra a thabhairt i gcomhréir arís.
Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag an tomhaltóir i gcónaí na nuashonruithe sin a shuiteáil.
I gcás ina gcinnfidh an tomhaltóir gan na nuashonruithe a shuiteáil, ar nuashonruithe iad atá riachtanach chun go gcoinneoidh na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a gcomhréireacht, níor cheart go mbeadh an tomhaltóir ag súil leis go bhfanfaidh na hearraí sin i gcomhréir.
Ba cheart don díoltóir an tomhaltóir a chur an eolas, maidir le cinneadh an tomhaltóra gan nuashonruithe a shuiteáil, ar nuashonruithe iad atá riachtanach chun na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a choinneáil i gcomhréir, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, go mbeidh tionchar ag an gcinneadh sin ar dhliteanas an díoltóra i ndáil le comhréireacht na ngnéithe sin de na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil na nuashonruithe ábhartha ceaptha lena gcoinneáil i gcomhréir.
Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear d’oibleagáidí i dtaca le soláthar nuashonruithe slándála a leagtar síos i ndlí eile an Aontais nó i ndlí náisiúnta.
- = -
(32) Tá sé tábhachtach marthanacht earraí níos faide a áirithiú ionas go mbainfear amach pátrúin tomhaltais níos inbhuanaithe agus geilleagar ciorclach.
Ar an gcaoi chéanna, tá sé fíor-riachtanach earraí neamh-chomhlíontacha a choinneáil amach as margadh an Aontais tríd an bhfaireachas margaidh a neartú agus trí na dreasachtaí cuí a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha chun go méadófar an iontaoibh as feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Chun na gcríoch sin, is í reachtaíocht tháirge-shonrach an Aontais an modh is iomchuí chun ceanglais maidir le marthanacht agus ceanglais eile atá bainteach le táirgí a thabhairt isteach i ndáil le cineálacha sonracha táirgí nó grúpaí sonracha táirgí, agus critéir oiriúnaithe á n-úsáid chun na críche sin.
Dá bhrí sin, ba cheart an Treoir a bheith comhlántach leis na cuspóirí a leantar i reachtaíocht shonrach Aontais den sórt sin i dtaca le táirgí, agus ba cheart go n-áireofaí marthanacht inti mar chritéar oibiachtúil chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht earraí.
Ba cheart go dtagródh marthanacht sa Treoir seo do chumas na n-earraí a bhfeidhmeanna a éilítear agus a bhfeidhmíocht a choinneáil trí ghnáthúsáid.
Chun go mbeidh earraí i gcomhréir, ba cheart go mbeadh marthanacht ag gabháil leo ar gnách é d’earraí den saghas céanna agus ar féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil léi go réasúnach i bhfianaise chineál na n-earraí sonracha, lena n-áirítear an gá féideartha go ndéanfaí cothabháil réasúnach ar na hearraí, amhail iniúchadh tráthrialta nó athrú scagairí i ngluaisteán, agus aon ráiteas poiblí a dhéanann aon duine ar nasc é de chuid shlabhra na n-idirbheart nó a dhéantar thar ceann an duine sin.
Ina theannta sin, ba cheart go n-áireofaí sa mheasúnú gach cúinse ábhartha eile, amhail praghas na n-earraí agus déine nó minicíocht na húsáide a bhainfeadh an tomhaltóir as na hearraí.
Thairis sin, a mhéid a chuirtear faisnéis shonrach maidir le marthanacht in iúl in aon ráiteas réamhchonarthach ar cuid den chonradh díolacháin é, ba cheart don tomhaltóir a bheith in ann brath uirthi mar chuid de na ceanglais shuibiachtúla le haghaidh comhréireachta.
- = -