keyboard_tab Contratti di vendita di beni conformi 2019/0771 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- airteagal 99
- agus 36
- comhréireachta 15
- gcomhairle 12
- pharlaimint 11
- heorpa 11
- chun 10
- pointe 9
- díoltóir 9
- tomhaltóir 8
- maidir 8
- treoir 8
- hearraí 7
- fomhír 6
- chéad 5
- lena 5
- easpa 5
- leis 5
- thabhairt 5
- gcomhréir 4
- deisiú 4
- atá 4
- treoir 4
- fhomhír 4
- dara 4
- fhoirceannadh 4
- //ce 4
- dteideal 4
- tomhaltóra 3
- ballstáit 3
- tomhaltóirí 3
- rialachán 3
- hairteagal 3
- uimh 3
- bealtaine 3
- cheart 3
- conradh 3
- mbeadh 3
- laghdú 3
- leigheas 3
- dodhéanta 2
- infheidhme 2
- áirithe 2
- féadfaidh 2
- gnéithe 2
- n-aisghairtear 2
- chur 2
- gcrích 2
- idir 2
- t-athsholáthar 2
Airteagal 13
Leigheasanna ar easpa comhréireachta
1. I gcás easpa comhréireachta, beidh an tomhaltóir i dteideal na hearraí a bheith curtha chun comhréireachta, nó laghdú comhréireach ar phraghas a fháil, nó an conradh a fhoirceannadh, faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.
2. Chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, féadfaidh an tomhaltóir rogha a dhéanamh idir deisiú agus athsholáthar ach amháin dá mbeadh an leigheas a roghnaíodh dodhéanta nó neamhdhleathach nó, i gcomparáid leis an leigheas eile, go gcuirfeadh sí costais ar an díoltóir a bheadh díréireach, agus na cúinsí go léir á gcur san áireamh, lena n-áirítear:
(a) | an luach a bheadh ar na hearraí mura mbeadh aon easpa comhréireachta ann; |
(b) | tábhacht na heaspa comhréireachta; agus |
(c) | an bhféadfaí an leigheas malartach a sholáthair gan aon mhíchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir. |
3. Féadfaidh an díoltóir diúltú na hearraí a thabhairt chun comhréireachta dá mbeadh deisiú agus athsholáthar dodhéanta nó dá gcuirfeadh sé sin costais dhíréireacha ar an díoltóir, agus na himthosca uile á gcur san áireamh lena n-áirítear iad a luaitear i bpointí (a) agus (b) de mhír 2.
4. Beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú comhréireach a fháil ar an bpraghas i gcomhréir le hAirteagal 15 nó i dteideal an conradh díolacháin a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 16 sna cásanna seo a leanas:
(a) | ní dhearna an díoltóir an deisiú ná an t-athsholáthar a chur i gcrích nó, i gcás inarb infheidhme, an deisiú ná an t-athsholáthar a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 14(2) agus (3), nó dhiúltaigh an díoltóir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo; |
(b) | is ann d’easpa comhréireachta in ainneoin iarracht an díoltóra na hearraí a thabhairt chun comhréireachta; |
(c) | tá an easpa comhréireachta de chineál atá chomh tromchúiseach sin le bheith mar údar le laghdú a dhéanamh láithreach ar an bpraghas nó leis an gconradh díolacháin a fhoirceannadh; nó |
(d) | tá sé dearbhaithe ag an díoltóir, nó tá sé soiléir ó na himthosca, nach ndéanfaidh an díoltóir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta laistigh de thréimhse ama réasúnach nó gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir. |
5. Ní bheidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh mura bhfuil ach mioneaspa comhréireachta i gceist. Is ar an díoltóir a bheidh an dualgas cruthúnais maidir le cibé an mioneaspa comhréireachta atá i gceist.
6. Beidh sé de cheart ag an tomhaltóir íocaíocht an phraghais nó cuid de a choinneáil siar go dtí go ndéanfaidh an díoltóir oibleagáidí an díoltóra a chomhlíonadh faoin Treoir seo. Féadfaidh na Ballstáit na coinníollacha agus na modúlachtaí a chinneadh inar féidir leis an tomhaltóir an cheart chun an íocaíocht a choinneáil siar a fheidhmiú.
7. Féadfaidh na Ballstáit a rialú cé acu atá nó nach bhfuil tionchar ag rannchuidiú an tomhaltóra leis an easpa comhréireachta ar cheart an tomhaltóra chun leigheasanna agus méid an tionchair sin.
Airteagal 27
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna déanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. CIAMBA
(1) IO C 264, 20.7.2016, lch. 57.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Aibreán 2019.
(3) Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).
(4) Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltóra agus na ráthaíochtaí gaolmhara (IO L 171, 7.7.1999, lch. 12).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).
(6) Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar, (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).
(9) Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, Lch. 30).
IARSCRÍBHINN
TÁBLA COMHGHAOIL
Treoir 1999/44/EC | An Treoir seo |
Airteagal 1(1) | Airteagal 1 |
Airteagal 1(2)(a) | Airteagal 2, pointe (2) |
Airteagal 1(2)(b), an chéad fhleasc | Airteagal 3(4)(b) |
Airteagal 1(2)(b), an dara fleasc agus an tríú fleasc | Airteagal 2, pointe (5)(a) |
Airteagal 1(2)(c) | Airteagal 2, pointe (3) |
Airteagal 1(2)(d) | Airteagal 2, pointe (4) |
Airteagal 1(2)(e) | Airteagal 2, pointe (12) |
Airteagal 1(3) | Airteagal 2, pointe (15) agus Airteagal 3(5)(a) |
Airteagal 1(4) | Airteagal 3(2) |
Airteagal 2(1) | Airteagal 5 |
Airteagal 2(2)(a) | Airteagal 6, pointe (a) agus Airteagal 7(1) (b) |
Airteagal 2(2)(b) | Airteagal 6, pointe (b) |
Airteagal 2(2)(c) | Airteagal 7(1)(a) |
Airteagal 2(2)(d) | Airteagal 7(1)(d) |
Airteagal 2(3) | Airteagal 7(5) |
Airteagal 2(4) | Airteagal 7(2) |
Airteagal 2(5) | Airteagal 8 |
Airteagal 3(1) | Airteagal 10(1) |
Airteagal 3(2) | Airteagal 13(1) |
Airteagal 3(3), an chéad fhomhír | Airteagal 13(2) agus Airteagal 14(1)(a) |
Airteagal 3(3), an dara fomhír | Airteagal 13(2) |
Airteagal 3(3), an triú fomhír | Airteagal 14(1)(b) agus (c) |
Airteagal 3(4) | Airteagal 2, pointe (14) |
Airteagal 3(5) | Airteagal 13(4) |
Airteagal 3(6) | Airteagal 13(5) |
Airteagal 4 | Airteagal 18 |
Airteagal 5(1) | Airteagal 10(1), (2), (3), (4) agus (5) |
Airteagal 5(2) | Airteagal 12 |
Airteagal 5(3) | Airteagal 11 |
Airteagal 6(1) | Airteagal 17(1) |
Airteagal 6(2) | Airteagal 17(2) |
Airteagal 6(3) | Airteagal 17(2) |
Airteagal 6(4) | Airteagal 17(4) |
Airteagal 6(5) | Airteagal 17(3) |
Airteagal 7(1), an chéad fhomhír | Airteagal 21(1) |
Airteagal 7(1), an dara fomhír | Airteagal 10(6) |
Airteagal 7(2) | — |
Airteagal 8(1) | Airteagal 3(6) agus (7) |
Airteagal 8(2) | Airteagal 4 |
Airteagal 9 | Airteagail 19 agus 20 |
Airteagal 10 | Airteagal 22 |
Airteagal 11(1), an chéad fhomhír | Airteagal 24(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 11(1), an dara fomhír | Airteagal 24(1), an triú fomhír |
Airteagal 11(2) | Airteagal 24(1), an ceathrú fomhír |
Airteagal 12 | Airteagal 25 |
Airteagal 13 | Airteagal 26 |
Airteagal 14 | Airteagal 27 |
whereas