(1) D'fhonn rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, is gá foráil a dhéanamh maidir le scaipeadh níos leithne clár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile i mBallstáit chun leasa úsáideoirí ar fud an Aontais trí cheadúnú cóipchirt agus ceart gaolmhar a éascú i saothair agus in ábhar cosanta eile atá i gcraoltaí cineálacha áirithe clár teilifíse agus raidió.
Is meáin thábhachtacha iad cláir theilifíse agus raidió chun an éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus comhtháthú sóisialta a chur chun cinn, agus rochtain ar fhaisnéis a mhéadú.
- = -
(7) Dá réir sin, ba cheart soláthar trasteorann seirbhísí ar líne atá coimhdeach le craoltaí, agus atarchur clár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit, eile a éascú tríd an gcreat dlíthiúil maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar atá ábhartha do na gníomhaíochtaí sin a oiriúnú.
Leis an oiriúnú, ba cheart é sin a dhéanamh trí mhaoiniú agus táirgeadh ábhair chruthaithigh a chur san áireamh, go háirithe saothair chlosamhairc.
- = -
(9) D'fhonn imréiteach ceart a éascú le haghaidh soláthar seirbhísí coimhdeacha ar líne thar teorainneacha, is gá foráil a dhéanamh chun prionsabal na tíre tionscnaimh a bhunú maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar ábhartha le haghaidh gníomhartha a thagann chun cinn le linn soláthar seirbhíse coimhdí ar líne, le linn na rochtana uirthi nó le linn a húsáidte.
Ba cheart go gcumhdófaí leis an bprionsabal sin imréiteach na gceart go léir atá riachtanach don eagraíocht chraoltóireachta chun a gcláir a léiriú don phobal nó iad a chur ar fáil don phobal agus seirbhísí coimhdeacha á soláthar acu, lena n-áirítear imréiteach cóipchirt agus ceart gaolmhar maidir le saothair nó ábhar cosanta eile arna n-úsáid sna cláir, mar shampla na cearta maidir le fónagraim nó taibhithe.
Ba cheart go mbeadh feidhm ag prionsabal na tíre tionscnaimh sin go heisiach leis an ngaol idir sealbhóirí cirt, nó eintitis a dhéanann ionadaíocht thar ceann sealbhóirí cirt amhail eagraíochtaí bailithe dleachtanna, agus eagraíochtaí craoltóireachta agus chun críche soláthar seirbhíse coimhdí ar líne, na rochtana uirthi nó a húsáidte, agus chun na críche sin amháin.
Níor cheart go mbeadh feidhm ag prionsabal na tíre tionscnaimh maidir leis na saothair nó ábhar cosanta eile a chur i láthair don phobal, trí mheán sreinge nó gan sreang, ná maidir leis na saothair nó ábhar cosanta eile a chur ar fáil don phobal, trí mheán sreinge nó gan sreang, ar bhealach inar bhféadfadh daoine den phobal rochtain a fháil uirthi ó áit agus ag am dá rogha féin nó d'aon atáirgeadh na saothar agus ábhar cosanta eile atá cuimsithe sa tseirbhís choimhdeach ar líne.
- = -
(26) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon soláthar seirbhísí coimhdeacha trasteorann ar líne a chur chun cinn le haghaidh cineálacha áirithe clár, agus le hatarchur clár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile a éascú, a bhaint amach go leordhóthanach, ach gur fearr, mar gheall ar a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
Maidir le soláthar seirbhísí coimhdeacha trasteorann ar líne, ní cheanglaítear leis an Treoir seo ar eagraíochtaí craoltóireachta na seirbhísí sin a sholáthar thar teorainneacha.
Ní cheanglaítear ach an oiread leis an Treoir seo ar oibreoirí seirbhísí atarchuir cláir theilifíse nó raidió de thionscnamh Ballstáit eile a áireamh ina gcuid seirbhísí.
Ní bhaineann an Treoir seo ach le feidhmiú ceart atarchuir áirithe a mhéid is gá chun ceadúnú cóipchirt agus ceart gaolmhar a shimpliú le haghaidh seirbhísí den sórt sin agus maidir le cláir theilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile agus maidir leo sin amháin.
- = -