(8) Leis an Treoir seo, cumhdaítear seirbhísí coimhdeacha ar líne seo na seirbhísí sin arna dtairiscint ag eagraíocht chraoltóireachta a bhfuil gaol soiléir fo-ordaithe acu leis na craoltaí na n-eagraíocht chraoltóireachta. Áirítear leis na seirbhísí sin seirbhísí lena dtugtar rochtain ar chláir theilifíse agus raidió go díreach ar bhealach líneach amháin atá comhuaineach leis an gcraoladh agus seirbhísí lena soláthraítear rochtain, laistigh de thréimhse ama shainithe tar éis an chraolta, ar chláir theilifíse agus raidió ar chraol an eagraíocht chraoltóireachta iad roimhe sin, ar a dtugtar “seirbhísí teilifíse athdheise”.
Ina theannta sin, áirítear leis na seirbhísí coimhdeacha ar líne a chuimsítear leis an Treoir seo seirbhísí lena soláthraítear rochtain ar ábhar trína saibhrítear cláir theilifíse nó raidió arna gcraoladh ag an eagraíocht chraoltóireachta nó trína gcuirtear leo ar bhealach eile, lena n-áirítear trí réamh-léirmheas a dhéanamh ar ábhair an chláir ábhartha, trína leathnú, trí chur leis nó trí léirmheas a dhéanamh air.
Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le seirbhísí coimhdeacha ar líne a sholáthraíonn eagraíochtaí craoltóireachta d'úsáideoirí mar aon leis an tseirbhís craolacháin.
Ba cheart feidhm a bheith aici freisin maidir le seirbhísí coimhdeacha ar líne ar féidir le húsáideoirí rochtain a fháil orthu neamhspleách ar an tseirbhís craolacháin, cé gur léir gaol fo-ordaithe leis an gcraoladh a bheith ann, gan an réamhchoinníoll a bheith ann gur gá do na húsáideoirí rochtain a fháil ar an tseirbhís craolacháin, mar shampla trí mheán síntiúis. Ní dochar an méid sin do shaoirse na n-eagraíochtaí craoltóireachta seirbhísí coimhdeacha ar líne den chineál sin a thairiscint saor ó tháille nó mar mhalairt ar íocaíocht airgid.
Níor cheart rochtain a sholáthar ar shaothair aonair nó ar ábhar eile cosanta atá cuimsithe i gclár teilifíse nó raidió, nó rochtain a sholáthar ar shaothair nó ábhar eile cosanta nach mbaineann le haon chlár arna chraoladh ag an eagraíocht chraoltóireachta, amhail seirbhísí lena gcuirtear rochtain ar fáil ar shaothair aonair cheoil nó chlosamhairc, albaim cheoil nó físeáin, mar shampla trí sheirbhís físeán ar éileamh, a bheith faoi raon feidhme na seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo.
- = -
(12) Ós rud é go measfar gur sa Bhallstát ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht chraoltóireachta, agus sa Bhallstát sin amháin, a tharlóidh an soláthar seirbhíse coimhdí ar líne, an rochtain uirthi nó a húsáid, agus gur féidir an tseirbhís choimhdeach ar líne a chur ar fáil de facto thar theorainneacha do Bhallstáit eile, is gá a áirithiú, agus méid na híocaíochta a dhéanfar i leith na gceart i dtrácht á leagan síos acu, go gcuireann na comhpháirtithe san áireamh gach gné den tseirbhís choimhdeach ar líne amhail gnéithe na seirbhíse, lena n-áirítear an fad a bhíonn fáil ar líne ar na cláir a áirítear leis an tseirbhís, an lucht féachana nó éisteachta, lena n-áirítear an lucht féachana nó éisteachta sa Bhallstát ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht chraoltóireachta agus i mBallstáit eile ina bhfaightear rochtain ar an tseirbhís choimhdeach ar líne agus ina n-úsáidtear í, agus na leaganacha teanga a sholáthraítear.
Mar sin féin, ba cheart é a bheith fós indéanta modhanna ar leith a úsáid chun an méid atá le híoc as na cearta a ríomh faoi réir phrionsabal na tíre tionscnaimh amhail modhanna sin a bhunaítear ar ioncam na heagraíochta craoltóireachta arna ghiniúint ag an tseirbhís ar líne, ar modhanna iad ar díol suntais é go n-úsáideann, go háirithe, eagraíochtaí craoltóireachta raidió iad.
- = -
(14) Is féidir le hoibreoirí seirbhísí tarchuir teicneolaíochtaí difriúla a úsáid nuair a dhéanann siad atarchur comhuaineach, ar bhealach neamhathraithe agus neamhghiorraithe, lena fháil ag an bpobal, ar tharchur tosaigh craolacháin ó Bhallstát eile de chláir theilifíse nó raidió.
Is féidir leis na hoibreoirí seirbhísí atarchuir na comharthaí cláriompartha a fháil ó eagraíochtaí craoltóireachta, arb eagraíochtaí iad féin a tharchuireann na comharthaí sin chuig an bpobal ar bhealaí difriúla, mar shampla trí na comharthaí arna dtarchur ag eagraíochtaí craoltóireachta a ghabháil nó trí na comharthaí a fháil go díreach uathu trí phróiseas teicniúil an insteallta dhírigh.
Is féidir seirbhísí oibreoirí den chineál sin a thairiscint ar líonraí satailíte, líonraí digiteacha trastíre, líonraí móibíleacha agus líonraí ciorcaid iata IP-bhunaithe, líonraí móibíleacha agus ar líonraí comhchosúla nó trí sheirbhísí rochtana idirlín mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).
Dá bhrí sin, ba cheart d'oibreoirí seirbhisí tarchuir a úsáideann na teicneolaíochtaí den chineál sin le haghaidh a gcuid atarchur a chumhdach leis an Treoir seo agus ba cheart an sásra lena dtugtar isteach an chomhbhainistíocht éigeantach ar chearta a dhul chun tairbhe dóibh.
Chun coimircí leordhóthanacha a áirithiú in aghaidh úsáid neamhúdaraithe saothar agus ábhair cosanta eile, ar coimircí iad atá tábhachtach go háirithe i gcás seirbhísí a íoctar astu, níor cheart seirbhísí atarchuir arna soláthar trí sheirbhísí rochtana idirlín a áireamh i raon feidhme na Treorach seo ach amháin sa chás ina soláthraítear na seirbhísí atarchuir sin i dtimpeallacht nach féidir le haon duine ach amháin úsáideoirí údaraithe rochtain a fháil ar atarchuir agus inarb inchomparáide leibhéal slándála ábhair arna sholáthar agus an leibhéal slándála atá ann d'ábhar a tharchuirtear thar líonraí bainistithe, amhail líonraí ciorcaid iata IP-bhunaithe, áit a gcriptítear an t-ábhar.
Ba cheart go mbeadh na ceanglais sin indéanta agus leormhaith.
- = -
(26) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon soláthar seirbhísí coimhdeacha trasteorann ar líne a chur chun cinn le haghaidh cineálacha áirithe clár, agus le hatarchur clár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile a éascú, a bhaint amach go leordhóthanach, ach gur fearr, mar gheall ar a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
Maidir le soláthar seirbhísí coimhdeacha trasteorann ar líne, ní cheanglaítear leis an Treoir seo ar eagraíochtaí craoltóireachta na seirbhísí sin a sholáthar thar teorainneacha.
Ní cheanglaítear ach an oiread leis an Treoir seo ar oibreoirí seirbhísí atarchuir cláir theilifíse nó raidió de thionscnamh Ballstáit eile a áireamh ina gcuid seirbhísí.
Ní bhaineann an Treoir seo ach le feidhmiú ceart atarchuir áirithe a mhéid is gá chun ceadúnú cóipchirt agus ceart gaolmhar a shimpliú le haghaidh seirbhísí den sórt sin agus maidir le cláir theilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile agus maidir leo sin amháin.
- = -