Airteagal 5
Feidhmiú na gceart maidir le hatarchur ag eagraíochtaí craoltóireachta
1. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil feidhm ag Airteagal 3 maidir leis na cearta in atarchur arna bhfeidhmiú ag eagraíocht chraoltóireachta i ndáil lena tarchur féin, is cuma cé acu ar léi na cearta lena mbaineann nó ar aistríodh chuici iad ag sealbhóirí eile cirt.
2. Déanfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcás ina rachaidh eagraíochtaí craoltóireachta agus oibreoirí na seirbhísí atarchuir i mbun caibidlíochta maidir le húdarú le haghaidh atarchuir faoin Treoir seo go ndéanfar na caibidlíochtaí sin de mheon macánta.
Airteagal 6
Idirghabháil
Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir cúnamh a iarraidh ó idirghabhálaí amháin nó níos mó mar a fhoráiltear in Airteagal II de Threoir 93/83/CEE i gcás nach mbeidh aon chomhaontú tugtha chun críche idir an eagraíocht chomhbhainistíochta agus oibreoir seirbhíse atarchuir nó idir oibreoir seirbhíse atarchuir agus an eagraíocht chraoltóireachta maidir leis an údarú chun craoltaí a atarchur.
whereas
(20) Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun ardleibhéal cosanta a choimeád do na sealbhóirí cirt, is iomchuí a fhoráil sa chás nach dtarchuireann eagraíochtaí craoltóireachta trí mheán an insteallta dhírigh a gcomharthaí cláriompartha ach amháin chuig na dáileoirí comharthaí gan a gcláir a bheith á dtarchur ag na heagraíochtaí craoltóireachta chuig an bpobal chomh maith, agus go gcuireann na dáileoirí comharthaí na cláir sin chuig a n-úsáideoirí chun lamháil dóibh féachaint ar na cláir nó éisteacht leo, go measfar nach dtarlaíonn ach gníomh cumarsáide aonair amháin leis an bpobal ina bhfuil na heagraíochtaí craoltóireachta agus na dáileoirí comharthaí araon rannpháirteach ann lena n-ionchur féin faoi seach.
Dá bhrí sin, ba cheart do na heagraíochtaí craoltóireachta agus na dáileoirí comharthaí údarú a fháil ó na sealbhóirí cirt dá rannchuidiúsonrach sa ghníomh aonair cumarsáide leis an bpobal.
Níor cheart go mbeadh rannpháirtíocht na n-eagraíochtaí craoltóireachta agus na ndáileoirí comharthaí sa ghníomh aonair cumarsáide ina chúis le dliteanas comhpháirteach na n-eagraíochta craoltóireachta agus dáileora comharthaí as an ngníomh cumarsáide leis an bpobal.
Ba cheart do na Ballstáit a bheith saor fós le foráil a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta maidir leis na modúlachtaí chun údarú a fháil i gcomhair gníomh aonair cumarsáide mar sin leis an bpobal, lena n-áirítear na híocaíochtaí ábhartha is gá a dhéanamh leis na sealbhóirí cirt, agus saothrú na saothar agus na n-ábhar cosanta eile lena mbaineann ag na heagraíochtaí craoltóireachta agus na dáileoirí comharthaí i dtaca leis an ngníomh aonair cumarsáide leis an bpobal á gcur san áireamh.
Toisc nach mbíonn ar dháileoirí comharthaí aghaidh a thabhairt, ar chaoi chomhchosúil le hoibreoirí seirbhísí atarchuir, ar ualach suntasach maidir le imréiteach ceart, ach amháin i gcás na gceart atá ag na heagraíochtaí craoltóireachta, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeadh dáileoirí comharthaí in ann leas a bhaint as sásra comhbhainistíochta éigeantach ceart le haghaidh a dtarchur ar an gcaoi chéanna agus a mhéid céanna agus a bhaineann oibritheoirí seirbhísí atarchuir leas as le haghaidh atarchuir a chuimsítear i dTreoir 93/83/CEE agus sa Treoir seo. I gcásanna nach ndéanann dáileoirí comharthaí ach na hacmhainní teicniúla a chur ar fáil do na heagraíochtaí craoltóireachta, de réir bhrí chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chun glacadh an chraolacháin a áirithiú nó a fheabhsú, níor cheart na dáileoirí comharthaí a mheas mar pháirt den ghníomh cumarsáide leis an bpobal.
- = -