keyboard_tab Media online 2019/0789 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- agus 12
- ballstáit 7
- eagraíocht 7
- chraoltóireachta 6
- lena 6
- airteagal 6
- treoir 5
- atá 5
- eagraíochtaí 5
- leis 4
- páirtí 4
- maidir 4
- faoina 4
- atarchuir 4
- tarchur 4
- ciallaíonn 4
- seachas 4
- tuarascáil 3
- comharthaí 3
- atarchur 3
- cláriompartha 3
- seirbhísí 3
- t-atarchur 3
- tosaigh 3
- craoltóireachta 3
- chun 3
- líne 3
- phobal 3
- comhuaineach 2
- choimisiún 2
- sainmhínithe 2
- eile 2
- gcás 2
- ndéantar 2
- ndéanfar 2
- athbhreithniú 2
- tabharfaidh 2
- tharchur 2
- meitheamh 2
- nuair 2
- coimisiún 2
- cuirfidh 2
- feidhm 2
- cearta 2
- chur 2
- faoi 2
- theilifíse 2
- faoin 2
- bpobal 2
- bhealach 2
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) | ciallaíonn “seirbhís choimhdeach ar líne” seirbhís ar líne arb é atá ann cláir theilifíse nó raidió a sholáthar don phobal, ag eagraíocht chraoltóireachta nó faoina rialú agus faoina freagracht, go comhuaineach lena gcraoladh ag an eagraíocht chraoltóireachta nó ar feadh tréimhse shainithe ama tar éis a gcraolta ag an eagraíocht sin, mar aon le haon ábhar atá coimhdeach leis an gcraoladh sin; |
(2) | ciallaíonn “atarchur” aon atarchur comhuaineach, neamhathraithe agus neamhghiorraithe, seachas atarchur ar chábla mar a shainmhínítear i dTreoir 93/83/CEE, atá beartaithe lena fháil ag an bpobal de tharchur tosaigh ó Bhallstát eile de chláir theilifíse nó raidió atá beartaithe lena bhfáil ag an bpobal, i gcás ina ndéantar an tarchur tosaigh sin le sreanga nó thar an aer, lena n-áirítear ar shatailít ach gan tarchur ar líne a chuimsiú, ar choinníoll:
|
(3) | ciallaíonn “timpeallacht bhainistithe” timpeallacht nuair a sholáthraíonn oibreoir seirbhísí atarchuir slán do na húsáideoirí údaraithe; |
(4) | ciallaíonn “instealladh díreach” próiseas teicniúil trína ndéanann eagraíocht chraoltóireachta a comharthaí cláriompartha a tharchur chuig eagraíochtaí seachas eagraíochtaí craoltóireachta ar bhealach nach bhfuil na comharthaí cláriompartha inrochtana don phobal le linn an tarchuir sin. |
CAIBIDIL II
Seirbhísí coimhdeachta ar líne eagraíochtaí crolatóireachta
Airteagal 5
Feidhmiú na gceart maidir le hatarchur ag eagraíochtaí craoltóireachta
1. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil feidhm ag Airteagal 3 maidir leis na cearta in atarchur arna bhfeidhmiú ag eagraíocht chraoltóireachta i ndáil lena tarchur féin, is cuma cé acu ar léi na cearta lena mbaineann nó ar aistríodh chuici iad ag sealbhóirí eile cirt.
2. déanfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcás ina rachaidh eagraíochtaí craoltóireachta agus oibreoirí na seirbhísí atarchuir i mbun caibidlíochta maidir le húdarú le haghaidh atarchuir faoin Treoir seo go ndéanfar na caibidlíochtaí sin de mheon macánta.
Airteagal 10
Athbhreithniú
(1) Faoin 7 Meitheamh 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Treoir seo agus cuirfidh sé tuarascáil maidir leis na príomhchinntí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Foilseofar an tuarascáil agus cuirfear ar fáil don phobal í ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
(2) Tabharfaidh na Ballstáit, ar bhealach tráthúil, don Choimisiún an fhaisnéis atá ábhartha agus riachtanach chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú.
Airteagal 12
Trasuí
(1) Tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin 7 Meitheamh 2021. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
(2) déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
whereas