keyboard_tab Media online 2019/0789 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- agus 23
- maidir 9
- lena 9
- eagraíocht 7
- lch 7
- airteagal 6
- pharlaimint 6
- gcomhairle 6
- chraoltóireachta 6
- heorpa 6
- ballstáit 5
- ciallaíonn 5
- treoir 5
- io l 5
- atá 5
- //cee 4
- atarchur 4
- seachas 4
- bpobal 4
- tosaigh 4
- thar 4
- páirtí 4
- t-atarchur 4
- cláriompartha 4
- treoir 4
- comharthaí 4
- líne 4
- faoina 4
- cearta 4
- comhuaineach 3
- chun 3
- atarchuir 3
- seirbhísí 3
- eagraíochtaí 3
- tarchur 3
- cóipcheart 3
- bhaineann 3
- //ce 3
- beartaithe 3
- tharchur 3
- leis 3
- raidió 3
- áirithe 3
- theilifíse 3
- chur 2
- cumarsáide 2
- io c 2
- rialachán 2
- líonraí 2
- nuair 2
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) | ciallaíonn “seirbhís choimhdeach ar líne” seirbhís ar líne arb é atá ann cláir theilifíse nó raidió a sholáthar don phobal, ag eagraíocht chraoltóireachta nó faoina rialú agus faoina freagracht, go comhuaineach lena gcraoladh ag an eagraíocht chraoltóireachta nó ar feadh tréimhse shainithe ama tar éis a gcraolta ag an eagraíocht sin, mar aon le haon ábhar atá coimhdeach leis an gcraoladh sin; |
(2) | ciallaíonn “atarchur” aon atarchur comhuaineach, neamhathraithe agus neamhghiorraithe, seachas atarchur ar chábla mar a shainmhínítear i dTreoir 93/83/CEE, atá beartaithe lena fháil ag an bpobal de tharchur tosaigh ó Bhallstát eile de chláir theilifíse nó raidió atá beartaithe lena bhfáil ag an bpobal, i gcás ina ndéantar an tarchur tosaigh sin le sreanga nó thar an aer, lena n-áirítear ar shatailít ach gan tarchur ar líne a chuimsiú, ar choinníoll:
|
(3) | ciallaíonn “timpeallacht bhainistithe” timpeallacht nuair a sholáthraíonn oibreoir seirbhísí atarchuir slán do na húsáideoirí údaraithe; |
(4) | ciallaíonn “instealladh díreach” próiseas teicniúil trína ndéanann eagraíocht chraoltóireachta a comharthaí cláriompartha a tharchur chuig eagraíochtaí seachas eagraíochtaí craoltóireachta ar bhealach nach bhfuil na comharthaí cláriompartha inrochtana don phobal le linn an tarchuir sin. |
CAIBIDIL II
Seirbhísí coimhdeachta ar líne eagraíochtaí crolatóireachta
Airteagal 9
Leasú ar Threoir 93/83/CEE
In Airteagal 1 de Threoir 93/83/CEE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3. Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn ‘atarchur cábla’ an t-atarchur comhuaineach, neamhathraithe, agus neamhghiorraithe trí chóras cábla nó micreathoinne lena fháil ag an bpobal ar tharchur tosaigh ó Bhallstát eile, trí shreang nó thar an aer, lena n-áirítear atarchur ar shatailít nó ar chláir theilifíse nó raidió atá beartaithe lena bhfáil ag an bpobal, gan beann ar an gcaoi a bhfaighidh oibreoir seirbhíse atarchuir cábla na comharthaí cláriompartha ón eagraíocht chraoltóireachta chun críoch atarchuir.”.
Airteagal 12
Trasuí
(1) Tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin 7 Meitheamh 2021. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
(2) Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 14
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna déanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. CIAMBA
(1) IO C 125, 21.4.2017, lch. 27.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Aibreán 2019.
(3) Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).
(4) Treoir 2006/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gceart cíosa agus an gceart iasachta agus maidir le cearta áirithe a bhaineann le cóipcheart i réimse na maoine intleachtúla (IO L 376, 27.12.2006, lch. 28).
(5) Treoir 93/83/CEE ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 1993 maidir le comhordú rialacha áirithe a bhaineann le cóipcheart agus cearta i dtaca le cóipcheart is infheidhme maidir le craoladh satailíte agus atarchur ar chábla (IO L 248, 6.10.1993, lch. 15).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos na bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 310, 26.11.2015, lch. 1).
(7) Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhbhainistiú ar chóipcheart agus cearta gaolmhara agus ar cheadúnú ilchríochach ceart i saothair cheolmhara d'úsáid ar líne sa mhargadh inmheánach (IO L 84, 20.3.2014, lch. 72).
whereas