keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 10 Sárú slándála
- 2 Airteagal 12 Comhar agus idir-inoibritheacht
- 1 Airteagal 20 Maoirseacht ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
RÍOMH-SHAINAITHEANTAS
CAIBIDIL III
SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE
ROINN 1
Forálacha ginearálta
ROINN 2
Maoirseacht
ROINN 3
Seirbhísí iontaoibhe cáilithe
ROINN 4
Ríomhshínithe
ROINN 5
Ríomhshéalaí
ROINN 6
Ríomhstampaí ama
ROINN 7
Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe
ROINN 8
Fíordheimhniú láithreán gréasáin
CAIBIDIL IV
RÍOMHDHOICIMÉID
CAIBIDIL V
TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME
CAIBIDL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 28
- airteagal 15
- iontaoibhe 14
- ríomh-shainaitheantais 13
- cáilithe 13
- leis 12
- dtagraítear 12
- chun 11
- seirbhísí 11
- mír 10
- faoi 9
- scéimeanna 9
- comhlacht 8
- feidhme 7
- comhréireachta 7
- fógra 7
- ballstáit 7
- maidir 7
- maoirseachta 7
- coimisiún 6
- leith 6
- dearbhaithe 5
- leibhéil 5
- cuirfidh 5
- measúnaithe 5
- gcás 5
- gníomhartha 5
- soláthraithe 5
- tugadh 5
- réiteach 4
- leagtar 4
- eolas 4
- nós 4
- rialachán 4
- idir-inoibritheachta 4
- gcomhréir 4
- sárú 4
- sonraí 4
- imeachta 4
- lena 4
- idir 4
- fíordheimhniú 4
- scothbhaol 4
- siad 4
- eile 3
- leanas 3
- beidh 3
- náisiúnta 3
- mhír 3
- ballstát 3
Airteagal 10
Sárú slándála
1. I gcás ina ndéantar an scéim ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) nó fíordheimhniú dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 7 a shárú nó go gcuirtear a slándáil i scothbhaol ar bhealach ina mbeidh éifeacht aige ar iontaofacht fíordheimhniú trasteorann na scéime sin, déanfaidh Ballstát na scéime ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith, an fíordheimhniú trasteorann nó na codanna díobh ar cuireadh a slándáil i scothbhaol a chur ar fionraí nó déanfar iad a chúlghairm gan mhoill agus cuirfidh siad na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi.
2. Nuair a réiteofar an sárú nó an scothbhaol dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra an fíordheimhniú trasteorann a athbhunú agus cuirfidh sé na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi gan mhoill mhíchuí.
3. I gcás nach ndéanfaí an sárú nó an scothbhaol dá dtagraítear i mír 1 a réiteach laistigh de thrí mhí ón dáta fionraithe nó cúlghairme, cuirfidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra fógra maidir le tarraingt siar na scéime ríomh-shainaitheantais chuig na Ballstáit eile agus chuig an gCoimisiún maidir leis sin.
Foilseoidh an Coimisiún na leasuithe comhfhreagracha a dhéanfar ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh gan aon mhoill mhíchuí.
Airteagal 12
Comhar agus idir-inoibritheacht
1. Beidh na scéimeanna ríomh-shainaitheantais náisiúnta ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) idir-inoibritheach.
2. Chun críocha mhír 1, bunófar creat idir-inoibritheachta.
3. Comhlíonfaidh an creat idir-inoibritheachta na critéir seo a leanas:
(a) | díreofar leis ar a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus ní dhéanann sé idirdhealú idir aon réiteach teicniúil sonrach náisiúnta le haghaidh ríomh-shainaitheantais laistigh de Bhallstát; |
(b) | beidh sé i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus caighdeáin idirnáisiúnta, nuair is féidir; |
(c) | éascófar leis cur chun feidhme phrionsabal na príobháideachta trí dhearadh; agus |
(d) | áiritheofar leis go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Treoir 95/46/CE. |
4. Beidh na nithe a leanas sa chreat idir-inoibritheachta:
(a) | tagairt do na híoscheanglais theicniúla a bhaineann leis na leibhéil dearbhaithe faoi Airteagal 8; |
(b) | mapáil ar leibhéil dearbhaithe náisiúnta scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith isteach sna leibhéil dearbhaithe faoi Airteagal 8; |
(c) | tagairt do na híoscheanglais theicniúla le haghaidh idir-inoibritheachta; |
(d) | tagairt do thacar íosta sonraí aitheantais duine lena léirítear go huathúil duine dlítheanach nó nádúrtha, atá ar fáil ó scéimeanna ríomh-shainaitheantais; |
(e) | rialacha nós imeachta; |
(f) | socruithe chun díospóid a réiteach; agus |
(g) | comhchaighdeáin oibríochtúla slándála. |
5. Comhoibreoidh na Ballstáit lena chéile i dtaca leis na nithe a leanas:
(a) | idir-inoibritheacht na scéimeanna ríomh-shainaitheantais oifigiúla ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) agus idir-inoibritheacht na scéimeanna ríomh-shainaitheantais a bhfuil sé i gceist ag na Ballstáit fógra a thabhairt ina leith; agus |
(b) | slándáil na scéimeanna ríomh-shainaitheantais. |
6. Beidh na nithe a leanas sa chomhar idir na Ballstáit:
(a) | malartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtais maidir leis na scéimeanna ríomh-shainaitheantais, go háirithe maidir le ceanglais theicniúla a bhaineann le hidir-inoibritheacht agus le leibhéil dearbhaithe; |
(b) | malartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtais maidir le bheith ag obair le leibhéil dearbhaithe na scéimeanna ríomh-shainaitheantais faoi Airteagal 8; |
(c) | athbhreithniú piaraí na scéimeanna ríomh-shainaitheantais a thagann faoin Rialachán seo; agus |
(d) | scrúdú ar na forbairtí is déanaí in earnáil an ríomh-shaitheantais. |
7. Faoin 18 Márta 2015, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe nós imeachta riachtanacha chun an comhar idir na Ballstáit dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 a éascú, d’fhonn leibhéal ard iontaoibhe agus slándála a chothú a bheidh comhoiriúnach leis an leibhéal riosca.
8. Faoin 18 Meán Fómhair 2015, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a shocrú d’fhonn an ceanglas faoi mhír 1 a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún, faoi réir na gcritéar a leagtar amach i mír 3 agus lena gcuirfear san áireamh torthaí an chomhair idir na Ballstáit, gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an gcreat idir-inoibritheachta mar a leagtar amach i mír 4 é.
9. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7 agus i mír 8 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
CAIBIDIL III
SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE
ROINN 1
Forálacha ginearálta
Airteagal 20
Maoirseacht ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe
1. Déanfaidh comhlacht measúnaithe comhréireachta iniúchadh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe, ar a laghad gach 24 mhí, ar a gcostas féin. Is é an cuspóir a bheidh ag an iniúchadh dearbhú go ndéanann na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus go ndéantar leis na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad, na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Déanfaidh na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe an tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta a thagann as sin a thíolacadh do chomhlacht maoirseachta laistigh den tréimhse thrí lá oibre tar éis dóibh í a fháil.
2. Gan dochar do mhír 1, féadfaidh an comhlacht maoirseachta iniúchadh a dhéanamh ar na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó a iarraidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh orthu, ar chostas na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe sin tráth ar bith le dearbhú go bhfuil siad féin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil ag comhlíonadh na gceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcás ina ndealróidh sé go bhfuil sárú ann ar rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta, cuirfidh an comhlacht maoirseachta torthaí a iniúchtaí in iúl do na húdaráis cosanta sonraí.
3. I gcás ina gcuirfidh an comhlacht maoirseachta de cheangal ar an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe réiteach a dhéanamh ar an mainneachtain na ceanglais faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus i gcás nach ngníomhóidh an soláthraí dá réir sin, agus más infheidhme taobh istigh de theorainn ama a leagfaidh an comhlacht maoirseachta síos, féadfaidh an comhlacht maoirseachta, agus aird á tabhairt ar mhéid, ar ré agus ar iarmhairtí na mainneachtana sin, stádas cáilithe an tsoláthraithe sin nó na seirbhíse a sholáthraíonn sé a ndéantar difear di a aistarraingt agus an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur ar an eolas chun go ndéanfar na liostaí iontaoibhe dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a thabhairt cothrom le dáta. Cuirfidh an comhlacht maoirseachta an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe ar an eolas faoi aistarraingt a stádais cháilithe nó faoi aistarraingt stádas cáilithe na seirbhíse lena mbaineann.
4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhir thagartha na gcaighdeán seo a leanas a bhunú:
(a) | na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta a chreidiúnú agus don tuarascáil measúnaithe creidiúnachta dá dtagraítear i mír 1; |
(b) | na rialacha iniúchta faoina ndéanfaidh na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta a measúnú comhréireachta ar na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i mír 1. |
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
whereas