search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA cercato: 'ndéanfar' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index ndéanfar:


whereas ndéanfar:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 679

 

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ríomh-shainaitheantas” an próiseas arb é atá ann úsáid a bhaint as sonraí sainaitheantais duine i bhfoirm leictreonach, ar sonraí iad a léiríonn, go leithleach, duine nádúrtha nó dlítheanach nó duine nádúrtha a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige ar dhuine dlítheanach;

(2)

Ciallaíonn “modh ríomh-shainaitheantais” aonad ábhartha agus/nó neamhábhartha ina bhfuil sonraí sainaitheantais duine, a mbaintear úsáid as chun seirbhís ar líne a fhíordheimhniú;

(3)

ciallaíonn “sonraí sainaitheantais duine” tacar sonraí chun céannacht duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, nó duine nádúrtha a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige ar dhuine dlítheanach, a shuíomh;

(4)

ciallaíonn “scéim ríomh-shainaitheantais” córas chun ríomh-shainaitheantas a dhéanamh lena ndéantar modhanna ríomh-shainaitheantais a eisiúint do dhaoine nádúrtha nó dlítheanach nó do dhaoine nádúrtha a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu ar dhaoine dlítheanacha;

(5)

ciallaíonn “fíordheimhniú” ríomhphróiseas a fhágann go bhféadfar ríomh-shainaitheantas an duine nádúrtha nó dlítheanaigh a dheimhniú; nó foinse agus sláine ríomhshonraí a dheimhniú;

(6)

ciallaíonn “an páirtí is úsáideoir” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhíonn ag brath ar chéannacht leictreonach nó ar sheirbhís iontaoibhe;

(7)

ciallaíonn “comhlacht poiblí” an stát, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachas ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na húdaráis sin nó ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí, nó eintiteas príobháideach a bhfuil sainordú aige ó cheann amháin ar a laghad de na húdaráis sin, de na comhlachtaí sin nó de na comhlachais sin seirbhísí poiblí a sholáthar ag feidhmiú dó faoi shainordú den sórt sin;

(8)

ciallaíonn “comhlacht a rialaítear faoin dlí poiblí” mar a shainítear é i bpointe (4) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15);

(9)

ciallaíonn “sínitheoir” duine nádúrtha a chruthaíonn ríomhshíniú;

(10)

ciallaíonn “ríomhshíniú” sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte de shonraí i bhfoirm leictreonach eile, nó a bhfuil baint loighciúil acu leo, agus a úsáideann an sínitheoir le síniú a dhéanamh;

(11)

ciallaíonn “ríomhshíniú ardleibhéil” ríomhshíniú a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas a leagtar amach in Airteagal 26;

(12)

ciallaíonn “ríomhshíniú cáilithe” ríomhshíniú ardleibhéil a cruthaíodh le gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, agus atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe;

(13)

ciallaíonn “sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe” sonraí uathúla a úsáideann an sínitheoir chun ríomhshíniú a chruthú;

(14)

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh ríomhshínithe” ríomhdhearbhú a dhéanann sonraí bailíochtaithe ríomhshínithe a nascadh le duine nádúrtha agus lena ndearbhaítear ar a laghad ainm nó ainm bréige an duine sin;

(15)

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe” deimhniú le haghaidh ríomhshínithe, a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I;

(16)

ciallaíonn “seirbhís iontaoibhe” ríomhsheirbhís a thugtar de ghnáth ar luach saothair a bhfuil na nithe seo leanas iontu:

(a)

ríomhshínithe, ríomhshéalaí, nó ríomhstampaí ama, ríomhsheirbhísí seachadta atá cláraithe agus na deimhnithe a bhaineann leis na seirbhísí sin a chruthú, a fhíorú agus a bhailíochtú, nó

(b)

cruthú, fíorú agus bailíochtú na ndeimhnithe le haghaidh fíordheimhniú láithreán gréasáin, nó

(c)

caomhnú ríomhshínithe, ríomhshéalaí nó na deimhnithe a bhaineann leis na seirbhísí sin;

(17)

ciallaíonn “seirbhís iontaoibhe cháilithe” seirbhís iontaoibhe a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán seo;

(18)

ciallaíonn “comhlacht measúnaithe comhréireachta” comhlacht a shainítear i bpointe 13 d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, a bhfuil creidiúnú aige i gcomhréir leis an Rialachán sin á rá go bhfuil sé inniúil ar mheasúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus ar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann sé ar fáil;

(19)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí iontaoibhe” duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann seirbhís iontaoibhe amháin nó níos mó ar fáil cibé acu mar sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó mar sholáthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe;

(20)

ciallaíonn “soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe” soláthraí seirbhísí iontaoibhe a chuireann seirbhís iontaoibhe cáilithe amháin nó níos mó ar fáil agus a ndeonaíonn an comhlacht maoirseachta stádas mar sholáthraí cáilithe dó;

(21)

ciallaíonn “táirge” crua-earraí nó bogearraí, nó comhpháirteanna de chrua-earraí nó de bhogearraí, atá beartaithe lena n-úsáid chun seirbhísí iontaoibhe a sholáthar;

(22)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshínithe” bogearraí nó crua-earraí cumraithe a úsáidtear chun ríomhshíniú a chruthú;

(23)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe” gléas cruthaithe ríomhshínithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II;

(24)

ciallaíonn “cruthaitheoir séala” duine dlítheanach a chruthaíonn ríomhshéala;

(25)

ciallaíonn “ríomhshéala” sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte de shonraí eile i bhfoirm leictreonach, nó a bhfuil baint loighciúil acu leo, chun foinse agus sláine na sonraí eile a áirithiú;

(26)

ciallaíonn “ríomhshéala ardleibhéil” ríomhshéala a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 36:

(27)

ciallaíonn “ríomhshéala cáilithe” ríomhshéala ardleibhéil a cruthaíodh le gléas cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe, agus atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí;

(28)

ciallaíonn “sonraí maidir le cruthú ríomhshéala” sonraí uathúla a úsáideann cruthaitheoir an ríomhshéala chun ríomhshéala a chruthú;

(29)

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh ríomhshéala” ríomhdhearbhú a dhéanann sonraí bailíochtaithe ríomhshéala a nascadh le duine dlítheanach agus lena ndearbhaítear ainm an duine sin;

(30)

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala” deimhniú le haghaidh ríomhshéala a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III;

(31)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshéala” bogearraí nó crua-earraí cumraithe a úsáidtear chun ríomhshéala a chruthú;

(32)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshéala cáilithe” gléas um chruthú ríomhshéala a chomhlíonann mutatis mutandis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II;

(33)

ciallaíonn “ríomhstampa ama” sonraí i bhfoirm leictreonach a cheanglaíonn shonraí eile i bhfoirm leictreonach d’am ar leith, agus a shuíonn trína bhíthin sin fianaise go raibh na sonraí eile sin ann ag an am sin;

(34)

ciallaíonn “ríomhstampa ama cáilithe” ríomhstampa a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 42;

(35)

ciallaíonn “ríomhdhoiciméad” aon ábhar a stóráiltear i bhfoirm leictreonach nó mar thaifead fuaime, mar thaifead amhairc nó mar thaifead closamhairc;

(36)

ciallaíonn “ríomhsheirbhís seachadta atá cláraithe” seirbhís a fhágann go bhféadfar sonraí a tharchur idir tríú páirtithe le ríomh-mhodhanna agus a chuireann fianaise ar fáil maidir le láimhseáil na sonraí a tarchuireadh, lena n-áirítear cruthúnas gur seoladh agus/nó go bhfuarthas iad, agus a dhéanann na sonraí a tarchuireadh a chosaint ar an riosca go ndéanfar iad a chailliúint, a ghoid, nó go ndéanfar damáiste dóibh nó athrú neamhúdaraithe orthu;

(37)

ciallaíonn “ríomhsheirbhís seachadta cáilithe atá cláraithe” ríomhsheirbhís seachadta atá cláraithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 44;

(38)

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh fíordheimhniú gréasáin” dearbhú trína bhféadfar gréasán a fhíordheimhniú agus trína nasctar an gréasán leis an duine nádúrtha nó dlítheanach a n-eisítear an deimhniú dó;

(39)

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomh gréasáin” deimhniú le haghaidh fíordheimhniú suíomh gréasáin, a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV;

(40)

ciallaíonn “sonraí bailíochtaithe” na sonraí a úsáidtear chun ríomhshíniú nó ríomhshéala a bhailíochtú;

(41)

ciallaíonn “bailíochtú” an próiseas trína bhfíoraítear agus trína ndeimhnítear go bhfuil ríomhshíniú nó ríomhshéala bailí.

Airteagal 7

Incháilitheacht le haghaidh fógra a thabhairt i leith scéimeanna ríomh-shainaitheantais

Beidh scéim ríomh-shainaitheantais cáilithe le fógra a thabhairt ina leith de bhun Airteagal 9(1) ar choinníoll go ndéanfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

gurb é an Ballstát a thugann an fógra a eiseoidh na modhanna ríomh-shainaitheantais:

(i)

faoin scéim sin,

(ii)

faoi shainordú ón mBallstát atá ag tabhairt an fhógra, nó

(iii)

neamhspleách ar an mBallstát atá ag tabhairt an fhógra agus go dtugann an Ballstát sin aitheantas dó;

(b)

gur féidir an modh ríomh-shainaitheantais faoin scéim ríomh-shainaitheantais a úsáid chun rochtain a fháil ar sheirbhís amháin ar a laghad arna cur ar fáil ag comhlacht earnála poiblí lena bhfuil ríomh-shainaitheantas de dhíth sa Bhallstát atá ag tabhairt an fhógra;

(c)

go gcomhlíonfaidh an scéim ríomh-shainaitheantais agus an modh ríomh-shainaitheantais a eisítear fúithi na ceanglais de cheann amháin ar a laghad de na leibhéil dearbhaithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3);

(d)

go n-áiritheoidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra go luafar sonraí uathúla sainaitheantais an duine atá i gceist, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla, leis na caighdeáin theicniúla agus leis na nósanna imeachta teicniúla atá ábhartha don leibhéal dearbhaithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3), leis an duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear i bpointe 1 d’Airteagal 3 an tráth céanna a n-eiseofar an modh ríomh-shainaitheantais faoin scéim sin;

(e)

go n-áiritheoidh an páirtí a bhfuil an modh ríomh-shainaitheantais á eisiúint aige faoin scéim sin go luafar an modh ríomh-shainaitheantais leis an duine dá dtagraítear i bpointe (d) den Airteagal seo i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla, leis na caighdeáin theicniúla agus leis na nósanna imeachta teicniúla atá ábhartha don leibhéal dearbhaithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3);

(f)

go n-áiritheoidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra go bhféadfar fíordheimhniú a fháil ar líne, le go mbeidh aon pháirtí is úsáideoir atá bunaithe i gcríoch Ballstáit eile in ann sonraí faisnéise pearsanta a fhaightear i bhfoirm leictreonach a dheimhniú.

Maidir le páirtithe is úsáideoir seachas comhlachtaí earnála poiblí, féadfaidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra na téarmaí rochtana ar an bhfíordheimhniú sin a shainiú. Cuirfear an fíordheimhniú trasteorann sin ar fáil saor in aisce i gcás seirbhís ar líne a chuireann comhlacht poiblí ar fáil.

Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon saincheanglais theicniúla a bheidh neamhréireach ar pháirtithe is úsáideoir a bhfuil intinn acu ar fíordheimhniú den sórt sin a dhéanamh, i gcás ina gcoiscfear leis na ceanglais sin idir-inoibritheacht na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith nó i gcás ina gcuirtear bac ar an idir-inoibritheacht sin;

(g)

go dtabharfaidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra tuairisc ar an scéim sin do na Ballstáit eile, chun críocha na hoibleagáide faoi Airteagal 12(5), ar a laghad sé mhí sula dtabharfar an fógra de bhun Airteagal 9(1), i gcomhréir leis na socruithe nós imeachta arna mbunú ag na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(7);

(h)

go gcomhlíonfar leis an scéim ríomh-shainaitheantais na ceanglais a leagtar amach san ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(8).

Airteagal 12

Comhar agus idir-inoibritheacht

1.   Beidh na scéimeanna ríomh-shainaitheantais náisiúnta ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) idir-inoibritheach.

2.   Chun críocha mhír 1, bunófar creat idir-inoibritheachta.

3.   Comhlíonfaidh an creat idir-inoibritheachta na critéir seo a leanas:

(a)

díreofar leis ar a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus ní dhéanann sé idirdhealú idir aon réiteach teicniúil sonrach náisiúnta le haghaidh ríomh-shainaitheantais laistigh de Bhallstát;

(b)

beidh sé i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus caighdeáin idirnáisiúnta, nuair is féidir;

(c)

éascófar leis cur chun feidhme phrionsabal na príobháideachta trí dhearadh; agus

(d)

áiritheofar leis go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Treoir 95/46/CE.

4.   Beidh na nithe a leanas sa chreat idir-inoibritheachta:

(a)

tagairt do na híoscheanglais theicniúla a bhaineann leis na leibhéil dearbhaithe faoi Airteagal 8;

(b)

mapáil ar leibhéil dearbhaithe náisiúnta scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith isteach sna leibhéil dearbhaithe faoi Airteagal 8;

(c)

tagairt do na híoscheanglais theicniúla le haghaidh idir-inoibritheachta;

(d)

tagairt do thacar íosta sonraí aitheantais duine lena léirítear go huathúil duine dlítheanach nó nádúrtha, atá ar fáil ó scéimeanna ríomh-shainaitheantais;

(e)

rialacha nós imeachta;

(f)

socruithe chun díospóid a réiteach; agus

(g)

comhchaighdeáin oibríochtúla slándála.

5.   Comhoibreoidh na Ballstáit lena chéile i dtaca leis na nithe a leanas:

(a)

idir-inoibritheacht na scéimeanna ríomh-shainaitheantais oifigiúla ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) agus idir-inoibritheacht na scéimeanna ríomh-shainaitheantais a bhfuil sé i gceist ag na Ballstáit fógra a thabhairt ina leith; agus

(b)

slándáil na scéimeanna ríomh-shainaitheantais.

6.   Beidh na nithe a leanas sa chomhar idir na Ballstáit:

(a)

malartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtais maidir leis na scéimeanna ríomh-shainaitheantais, go háirithe maidir le ceanglais theicniúla a bhaineann le hidir-inoibritheacht agus le leibhéil dearbhaithe;

(b)

malartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtais maidir le bheith ag obair le leibhéil dearbhaithe na scéimeanna ríomh-shainaitheantais faoi Airteagal 8;

(c)

athbhreithniú piaraí na scéimeanna ríomh-shainaitheantais a thagann faoin Rialachán seo; agus

(d)

scrúdú ar na forbairtí is déanaí in earnáil an ríomh-shaitheantais.

7.   Faoin 18 Márta 2015, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe nós imeachta riachtanacha chun an comhar idir na Ballstáit dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 a éascú, d’fhonn leibhéal ard iontaoibhe agus slándála a chothú a bheidh comhoiriúnach leis an leibhéal riosca.

8.   Faoin 18 Meán Fómhair 2015, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a shocrú d’fhonn an ceanglas faoi mhír 1 a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún, faoi réir na gcritéar a leagtar amach i mír 3 agus lena gcuirfear san áireamh torthaí an chomhair idir na Ballstáit, gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an gcreat idir-inoibritheachta mar a leagtar amach i mír 4 é.

9.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7 agus i mír 8 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

CAIBIDIL III

SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE

ROINN 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 18

Cúnamh frithpháirteach

1.   Comhoibreoidh na comhlachtaí maoirseachta d’fhonn dea-chleachtais a mhalartú.

Déanfaidh comhlacht maoirseachta, ar iarraidh a bhfuil bonn cirt léi ó chomhlacht maoirseachta eile, tacaíocht a chur ar fáil don chomhlacht maoirseachta sin chun go bhféadfar gníomhaíochtaí chomhlachtaí maoirseachta a dhéanamh ar bhealach comhleanúnach. Féadfar go gcumhdófaí sa chúnamh frithpháirteach, go háirithe, iarratais ar fhaisnéis agus bearta maoirseachta, amhail iarratais ar chigireachtaí a dhéanamh a bhaineann leis na tuarascálacha ar mheasúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 20 agus in Airteagal 21.

2.   Comhlacht maoirseachta lena ndéanfar iarratas ar chúnamh, féadfaidh sé é sin a dhiúltú ar cheann amháin de na forais seo a leanas:

(a)

níl an comhlacht maoirseachta inniúil an tacaíocht a iarradh a sholáthar;

(b)

níl an tacaíocht a iarradh comhréireach le gníomhaíochtaí maoirseachta an chomhlachta maoirseachta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 17;

(c)

nach mbeadh an tacaíocht a iarradh i gcomhréir leis an Rialachán seo an tacaíocht a iarradh a sholáthar.

3.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt dá gcomhlachtaí maoirseachta faoi seach comh-imscrúduithe a dhéanamh a mbeadh baill foirne de chuid comhlachtaí maoirseachta na Ballstát eile rannpháirteach iontu. Comhaontóidh agus bunóidh na Ballstáit lena mbaineann na socruithe agus na nósanna imeachta doighníomhaíochtaí comhpháirteacha den chineál sin i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta.

Airteagal 19

Ceanglais slándála is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe

1.   Déanfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe bearta teicniúla agus eagraíochtúla oiriúnacha chun na rioscaí do shlándáil na seirbhísí iontaoibhe a chuirfidh siad ar fáil a bhainistiú. Ag féachaint do na himeachtaí is déanaí i gcúrsaí teicneolaíochta, déanfaidh na bearta sin a áirithiú go mbeidh an leibhéal slándála oiriúnach do mhéid an bhaoil. Go háirithe, déanfar bearta chun tionchar teagmhas slándála a chosc agus a laghdú a oiread is féidir agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas maidir le ainiarsmaí teagmhas den sórt sin.

2.   Tabharfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe fógra don chomhlacht maoirseachta agus i gcás inarb infheidhme, comhlachtaí ábhartha eile amhail an comhlacht náisiúnta inniúil don tslándáil faisnéise nó an t-údarás cosanta sonraí, gan aon mhoill míchuí agus i gcás ar bith laistigh de 24 uaire an chloig tar éis scéal a fháil faoi, maidir le haon sárú slándála nó teip ó thaobh sláine de a mbeidh tionchar mór aige ar an tseirbhís iontaoibhe a chuirtear ar fáil nó ar na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil faoin tseirbhís sin.

Nuair is móide, leis an sárú slándála nó leis an teip ó thaobh sláine, go ndéanfar difear diúltach do dhuine nádúrtha nó dlítheanach dar cuireadh an tseirbhís iontaoibhe ar fáil, tabharfaidh an soláthraí seirbhíse iontaoibhe fógra don duine nádúrtha nó dlítheanach faoin sárú slándála nó faoin teip ó thaobh sláine gan aon mhoill míchuí.

I gcás inarb iomchuí, go háirithe má bhaineann sárú slándála nó teip ó thaobh sláine de le dhá Bhallstát nó níos mó, tabharfaidh an comhlacht maoirseachta a dtabharfar fógra dó fógra do na comhlachtaí maoirseachta sna Ballstáit eile lena mbaineann agus do ENISA.

Déanfaidh an comhlacht maoirseachta a dtabharfar fógra dó an pobal a chur ar an eolas nó ceangal a chur ar an soláthraí seirbhísí iontaoibhe é sin a dhéanamh, i gcás ina measfar gur chun leas an phobail é an sárú slándála nó an teip ó thaobh sláine a nochtadh.

3.   Déanfaidh an comhlacht maoirseachta, uair amháin sa bhliain, achoimre ar na fógraí i leith sáruithe slándála nó teip ó thaobh sláine a fuarthas ó na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe a thabhairt do ENISA.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na bearta dá dtagraítear i mír 1 a shonrú tuilleadh, agus

(b)

na formáidí agus na nósanna imeachta, lena n-áirítear spriocdhátaí, a bheidh infheidhme chun críche mhír 2, a shainiú.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 3

Seirbhísí iontaoibhe cáilithe

Airteagal 20

Maoirseacht ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe

1.   Déanfaidh comhlacht measúnaithe comhréireachta iniúchadh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe, ar a laghad gach 24 mhí, ar a gcostas féin. Is é an cuspóir a bheidh ag an iniúchadh dearbhú go ndéanann na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus go ndéantar leis na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad, na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Déanfaidh na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe an tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta a thagann as sin a thíolacadh do chomhlacht maoirseachta laistigh den tréimhse thrí lá oibre tar éis dóibh í a fháil.

2.   Gan dochar do mhír 1, féadfaidh an comhlacht maoirseachta iniúchadh a dhéanamh ar na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó a iarraidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh orthu, ar chostas na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe sin tráth ar bith le dearbhú go bhfuil siad féin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil ag comhlíonadh na gceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcás ina ndealróidh sé go bhfuil sárú ann ar rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta, cuirfidh an comhlacht maoirseachta torthaí a iniúchtaí in iúl do na húdaráis cosanta sonraí.

3.   I gcás ina gcuirfidh an comhlacht maoirseachta de cheangal ar an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe réiteach a dhéanamh ar an mainneachtain na ceanglais faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus i gcás nach ngníomhóidh an soláthraí dá réir sin, agus más infheidhme taobh istigh de theorainn ama a leagfaidh an comhlacht maoirseachta síos, féadfaidh an comhlacht maoirseachta, agus aird á tabhairt ar mhéid, ar ré agus ar iarmhairtí na mainneachtana sin, stádas cáilithe an tsoláthraithe sin nó na seirbhíse a sholáthraíonn sé a ndéantar difear di a aistarraingt agus an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur ar an eolas chun go ndéanfar na liostaí iontaoibhe dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a thabhairt cothrom le dáta. Cuirfidh an comhlacht maoirseachta an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe ar an eolas faoi aistarraingt a stádais cháilithe nó faoi aistarraingt stádas cáilithe na seirbhíse lena mbaineann.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhir thagartha na gcaighdeán seo a leanas a bhunú:

(a)

na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta a chreidiúnú agus don tuarascáil measúnaithe creidiúnachta dá dtagraítear i mír 1;

(b)

na rialacha iniúchta faoina ndéanfaidh na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta a measúnú comhréireachta ar na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i mír 1.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 21

Seirbhís iontaoibhe cháilithe a thionscnamh

1.   Má tá intinn ag soláthraithe seirbhíse iontaoibhe, nach bhfuil stádas cáilithe acu, tosú ar sheirbhísí iontaoibhe cáilithe a chur ar fáil, tíolacfaidh siad fógra faoina n-intinn don chomhlacht maoirseachta in éineacht le tuarascáil ar mheasúnú a d’eisigh comhlacht measúnaithe comhréireachta.

2.   Fíoróidh an comhlacht maoirseachta cibé an bhfuil an soláthraí seirbhíse iontaoibhe cáilithe agus na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn sé ag comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, agus go háirithe, na ceanglais i gcomhair soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus i gcomhair na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad.

Má chinneann an comhlacht maoirseachta go ndéanann an soláthraí seirbhísí iontaoibhe na ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh agus go ndéantar iad a chomhlíonadh leis na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn sé, deonóidh an comhlacht maoirseachta an stádas cáilithe don soláthraí seirbhíse iontaoibhe agus do na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn sé. Chuirfidh sí an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 22(3) ar an eolas faoi sin chun go ndéanfar na liostaí iontaoibhe dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a thabhairt cothrom le dáta, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an fógra i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

Mura gcuirfear an fíorú i gcrích laistigh de thrí mhí, cuirfidh an comhlacht maoirseachta na cúiseanna leis an moill in iúl don soláthraí seirbhíse iontaoibhe cáilithe agus luafaidh sé an tréimhse a thógfaidh sé an fíorú a chur i gcrích.

3.   Féadfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe tús a chur le soláthar na seirbhíse cáilithe iontaoibhe tar éis don stádas cáilithe a bheith curtha in iúl sna liostaí iontaofa dá dtagraítear in Airteagal 22(1).

4.   Féadfaidh an Coimisiún, de bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na formáidí agus na nósanna imeachta a shainmhíniú chun críocha mhír 1 agus mhír 2. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 48

An nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialacháin (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas









keyboard_arrow_down