search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA cercato: 'gcomhlíonadh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index gcomhlíonadh:


whereas gcomhlíonadh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 602

 

Airteagal 17

Comhlacht maoirseachta

1.   Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht maoirseachta atá bunaithe ar a gcríoch, nó, le comhaontú frithpháirteach le Ballstát eile, comhlacht maoirseachta atá bunaithe i mBallstát eile. Beidh an comhlacht sin freagrach as cúraimí maoirseachta sa Bhallstát ainmniúcháin.

Tabharfar do chomhlachtaí maoirseachta na cumhachtaí is gá agus acmhainní leordhóthanacha chun a gcúraimí a dhéanamh.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainm agus seoladh na gcomhlachtaí maoirseachta a ainmneoidh siad féin faoi seach.

3.   Seo a leanas an ról a bheidh ag an gcomhlacht maoirseachta:

(a)

maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin chun a áirithiú, trí ghníomhaíochtaí maoirseachta ex ante agus ex post, go gcomhlíonadh na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe sin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuirfidh siad ar fáil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b)

beart a dhéanamh más gá maidir le soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin trí ghníomhaíochtaí maoirseachta ex post, nuair a chuirtear in iúl nach gcomhlíonann na soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe sin nó na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo;

4.   Chun críocha mhír 3 agus faoi réir na srianta dá bhforáiltear sa mhír sin, beidh na cúraimí seo a leanas go háirithe ar an gcomhlacht maoirseachta:

(a)

comhoibriú leis na comhlachtaí maoirseachta eile agus tacú leo i gcomhréir le hAirteagal 18;

(b)

anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha ar mheasúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagail 20(1) agus 21(1);

(c)

comhlachtaí maoirseachta eile agus an pobal a chur ar an eolas maidir le haon sárú slándála nó le haon teip ó thaobh sláine de i gcomhréir le hAirteagal 19(2);

(d)

tuarascáil maidir lena phríomhghníomhaíochtaí a chur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo;

(e)

iniúchtaí a dhéanamh nó iarraidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 20(2);

(f)

comhoibriú leis na húdaráis cosanta sonraí, go háirithe tríd a gcur ar an eolas, gan aon mhoill mhíchuí, maidir le torthaí iniúchtaí ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe, i gcás ina mbeadh an chuma ar an scéal gur sáraíodh rialacha cosanta sonraí;

(g)

an stádas cáilithe a dheonú do na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe agus do na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus an stádas sin a asbhaint i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 21;

(h)

an comhlacht atá freagrach as an liosta iontaofa náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur ar an eolas maidir lena chinntí an stádas cáilithe a dheonú nó a asbhaint, murab é an comhlacht sin an comhlacht maoirseachta freisin;

(i)

a fhíorú gurb ann d’fhorálacha maidir le pleananna foirceanta agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme mar is ceart i gcásanna ina gcuireann an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe deireadh lena chuid gníomhaíochtaí lena n-áirítear an chaoi a n-áirítear inrochtaineacht ar fhaisnéis, i gcomhréir le pointe (h) d’Airteagal 24(2);

(j)

a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe go réiteoidh siad aon mhainneachtain a bhaineann leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialacháin seo a chomhlíonadh.

5.   Féadfaidh na Ballstáit cur de cheangal ar an gcomhlacht maoirseachta bonneagar iontaoibhe a bhunú, a chothabháil agus a nuashonrú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar faoin dlí náisiúnta.

6.   Faoin 31 Márta gach bliain, tíolacfaidh gach comhlacht maoirseachta tuarascáil don Choimisiún maidir leis na príomhghníomhaíochtaí a bhí aige le bliain féilire anuas mar aon le achoimre ar na fógraí maidir le sárú a fuarthas ó sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 19(2).

7.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 6 ar fáil do na Ballstáit.

8.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta na tuarascála dá dtagraítear i mír 6. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 24

Ceanglais do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe

1.   Agus deimhniú cáilithe á eisiúint aige do sheirbhís iontaoibhe, fíoróidh soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe, ar dhóigheanna iomchuí agus i gcomhréir leis an dlí naisiúnta, céannacht agus, más ábhartha, aon saintréithe sonracha atá ag an duine nádúrtha nó dlítheanach a n-eiseofar an deimhniú incháilithe dó.

Déanfaidh an soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhíorú go díreach nó trí bhrath ar thríú páirtí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)

trí láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh, nó

(b)

go cianda, tríd an modh ríomh-shainaitheantais a úsáid, a raibh láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh áirithithe ina leith roimh eisiúint an deimhnithe cháilithe agus lena gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 i dtaca leis na leibhéil dearbhaithe slándála “suntasach” nó “ard”, nó

(c)

trí dhearbhú ríomhshínithe cháilithe nó dearbhú ríomhshéala cháilithe a eiseofar i gcomhréir le pointe (a) nó le pointe (b), nó

(d)

trí mhodhanna eile sainaitheantais a úsáid a aithnítear ar an leibhéal náisiúnta agus lena dtugtar dearbhú ó thaobh iontaofachta de atá coibhéiseach le láithreacht fhisiciúil. Beidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta an dearbhú coibhéiseach a dheimhniú.

2.   Déanfaidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe cáilithe an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé an comhlacht maoirseachta ar an eolas maidir le haon athrú a dhéanfar i soláthar a sheirbhísí iontaoibhe cáilithe, agus rún a bheidh aige deireadh a chur lena gcuid gníomhaíochtaí;

(b)

fostóidh sé foireann agus, más infheidhme, fochonraitheoirí a mbeidh an saineolas, an iontaofacht, an taithí agus na cáilíochtaí a mbeidh gá leo acu araon agus a mbeidh oiliúint iomchuí curtha orthu maidir leis na rialacha slándála agus cosanta sonraí pearsanta agus cuirfidh siad nósanna imeachta riaracháin agus bainistithe i bhfeidhm a bheidh ar chomhchéim le caighdeáin Eorpacha nó caighdeáin idirnáisiúnta;

(c)

i dtaca leis an riosca dliteanais i leith damáistí i gcomhréir le hAirteagal 13, coinneoidh sé dóthain acmhainní airgeadais agus/nó gheobhaidh sé árachas iomchuí i gcoinne dliteanais i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(d)

roimh dhul isteach i gcaidreamh conarthach, déanfaidh sé aon duine ar mian leis seirbhís iontaoibhe incháilithe a úsáid a chur ar an eolas, ar bhealach soiléir agus cuimsitheach, faoi na téarmaí beachta agus na coinníollacha beachta a bhaineann le húsáid na seirbhíse sin, lena n-áirítear aon teorannú maidir lena húsáid;

(e)

déanfaidh sé córais agus táirgí iontaofa a úsáid a bheidh cosanta ar mhionathruithe agus lena n-áiritheofar slándáil theicniúil agus iontaofacht na bpróiseas a láimhseálann siad;

(f)

déanfaidh sé córais iontaofa a úsáid chun sonraí a thabharfar dó a stóráil i bhfoirm infhíoraithe, sa dóigh gur fíor an méid seo a leanas maidir leo:

(i)

níl na sonraí ar fáil don phobal chun aisghabhála ach sa chás go bhfuarthas cead an duine a mbaineann na sonraí sin leis,

(ii)

ní féidir ach le daoine údaraithe iontrálacha agus athruithe a dhéanamh ar na sonraí a stóráiltear,

(iii)

is féidir fíordheimhniú na sonraí a sheiceáil;

(g)

déanfaidh sé bearta iomchuí in aghaidh bhrionnú agus ghadaíocht na sonraí;

(h)

déanfaidh sé taifead ar an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann le sonraí a eisíonn an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a fhaigheann sé agus coinneoidh sé ar fáil é le haghaidh tréimhse iomchuí ama, lena n-áirítear tar éis dheireadh ghníomhaíochtaí uile an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe, go háirithe chun fianaise a sholáthar in imeachtaí dlíthiúla agus chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú. Féadfar an taifeadadh sin a dhéanamh go leictreonach;

(i)

plean foirceanta a bheith aige atá cothrom le dáta chun leanúnachas seirbhíse a áirithiú i gcomhréir le forálacha a fhíoróidh an comhlacht meastóireachta faoi phointe (i) d’Airteagal 17(4);

(j)

próiseáil dhleathach sonraí pearsanta a áirithiú i gcomhréir le Treoir 95/46/CE;

(k)

maidir le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe, bunóidh sé bunachar sonraí deimhnithe suas chun dáta.

3.   I gcás ina gcinneann soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe deimhniú a chúlghairm, déanfaidh siad an chúlghairm sin a chlárú ina mbunachar sonraí deimhnithe agus déanfaidh siad stádas cúlghairme an deimhnithe a fhoilsiú go tráthúil, ach i gcás ar bith laistigh de 24 uair an chloig tar éis an iarraidh a fháil. Beidh éifeacht ag an gcúlghairm a luaithe a fhoilseofar é.

4.   Maidir le mír 3, soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eiseoidh deimhnithe cáilithe, cuirfidh siad ar fáil d’aon pháirtí is úsáideoir faisnéis maidir le stádas bailíochta nó stádas cúlghairme deimhnithe cáilithe a d’eisigh siad. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar a laghad ar bhonn deimhnithe tráth ar bith agus i ndiaidh thréimhse bailíochta an deimhnithe, ar bhealach uathoibríoch a bheidh iontaofa, saor in aisce agus éifeachtúil.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, de bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha a bhunú do chaighdeáin le haghaidh córas agus táirgí iontaofa, ar caighdeáin iad lena gcomhlíonfar na ceanglais faoi phointe (e) agus faoi phointe (f) de mhír 2 den Airteagal seo. Measfar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh córais agus táirgí iontaofa na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 4

Ríomhshínithe

Airteagal 32

Ceanglais maidir le ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú

1.   Leis an bpróiseas chun ríomhshíniú cáilithe a bhailíochtú, deimhneofar bailíocht an ríomhshínithe cháilithe ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tráth an tsínithe, deimhniú ríomhshínithe cháilithe lena gcomhlíontar Iarscríbhinn I a bhí sa deimhniú atá ag tacú leis an síniú;

(b)

soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a d’eisigh an deimhniú cáilithe agus bhí sé bailí tráth an tsínithe;

(c)

comhfhreagraíonn sonraí bailíochtaithe an tsínithe do na sonraí a soláthraíodh do na páirtithe is úsáideoirí;

(d)

soláthraítear don pháirtí is úsáideoir mar is ceart an fhoireann uathúil sonraí arb ionann í agus an sínitheoir sa deimhniú;

(e)

i gcás inar úsáideadh ainm bréige tráth an tsínithe, cuirtear sin in iúl go follasach don pháirtí is úsáideoir;

(f)

gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a chruthaigh an ríomhshíniú;

(g)

níor cuireadh sláine na sonraí sínithe i mbaol;

(h)

trath an tsínithe, comhlíonadh na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 26.

2.   Tabharfaidh an córas a úsáidtear chun an ríomhshíniú cáilithe a bhailíochtú toradh an phróisis bhailíochtaithe sin go cruinn don pháirtí is úsáideoir agus ligfidh sé don pháirtí sin aon shaincheist ábhartha slándála a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú. Toimhdeofar go bhfuil comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin trí na ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 33

Seirbhís bailíochtaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe

1.   Féadfaidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraí den chineál sin amháin seirbhís bailíochtaithe cháilithe a sholáthar le haghaidh ríomhshínithe cáilithe, ar soláthraí é:

(a)

a sholáthróidh bailíochtú i gcomhréir le Airteagal 32(1), agus

(b)

a chuirfidh ar chumas na bpáirtithe is úsáideoirí torthaí an phróisis bhailíochtaithe a fháil ar bhealach uathoibríoch a bheidh iontaofa agus éifeachtúil agus a mbeidh ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil sholáthraí na seirbhíse bailíochtaithe cáilithe ag gabháil dó.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir leis an tseirbhís bailíochtaithe cháilithe dá dtagraítear i mír 1. Toimhdeofar go bhfuil comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin leis an tseirbhís bailíochtaithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 34

Seirbhís caomhnaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe

1.   Is soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraí den chineál sin amháin a fhéadfaidh seirbhís caomhnaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe a sholáthar, ar soláthraí é a úsáidfidh nósanna imeachta agus teicneolaíochtaí a mbeidh sé ar a gcumas iontaofacht an ríomhshínithe cháilithe a shíneadh amach thar an tréimhse bhailíochta theicniúil.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir leis an tseirbhís caomhnaithe cháilithe do ríomhshínithe cáilithe. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh na socruithe maidir leis an tseirbhís caomhnaithe cháilithe do ríomhshínithe cáilithe na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 5

Ríomhshéalaí

Airteagal 37

Ríomhshéalaí sna seirbhísí poiblí

1.   I gcás ina mbeidh ríomhshéala ardleibhéil ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshéalaí ardleibhéil, ríomhshéalaí ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí agus ríomhshéalaí cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear san ghníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

2.   I gcás ina mbeidh ríomhshéala ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshéalaí ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe agus ríomhshéalaí cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

3.   Maidir le húsáid trasteorann seirbhís ar líne a bheidh á cur ar fáil ag comhlacht poiblí, ní iarrfaidh na Ballstáit ríomhshéala ar leibhéal níos airde slándála ná leibhéal ríomhshéala cháilithe.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú maidir le ríomhshéalaí ardleibhéil. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais maidir le ríomhshéalaí ardleibhéil dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 36 á gcomhlíonadh tráth a gcomhlíonfar na caighdeáin sin le ríomhshéala ardleibhéil. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2)

5.   Faoin 18 Meán Fómhair 2015, agus na cleachtais, na caighdeáin agus gníomhartha dlíthiúla an Aontais á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, tri bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme na formáidí tagartha do ríomhshéalaí ardleibhéil nó na modhanna tagartha i gcás ina n-úsáidfear formáidí eile a shainiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 38

Deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí

1.   Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

2.   Ní bheidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí faoi réir aon cheanglas shainordaitheach de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

3.   Féadfar saintréithe breise neamh-shainordaitheacha sonracha a áireamh leis na deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéala. Ní bheidh éifeacht ag na saintréithe sin ar idir-inoibritheacht ná ar shainaithint ríomhshéalaí cáilithe.

4.   Má chúlghairtear deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala tar éis a chéadghníomhachtaithe, caillfidh sé a bhailíocht ón nóiméad a gcúlghairfear é, agus ní dhéanfar a stádas a athshlánú in imthosca ar bith.

5.   Faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a leagan síos maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéala a chur ar fionraí sealadach:

(a)

má cuireadh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala ar fionraí sealadach, ní bheidh an deimhniú sin bailí i rith na tréimhse fionraíochta;

(b)

cuirfear tréimhse na fionraíochta in iúl go soiléir i mbunachar sonraí na ndeimhnithe agus beidh stádas na fionraíochta le feiceáil le linn na fionraíochta, ag an tseirbhís a chuireann faisnéis ar fáil maidir le stádas an deimhnithe.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 42

Ceanglais maidir le ríomhstampaí ama cáilithe

1.   Comhlíonfaidh ríomhstampa ama cáilithe na ceanglais seo a leanas:

(a)

nascann sé an dáta agus an t-am le sonraí ar bhealach lena gcuirfear bac réasúnta ar aon fhéidearthacht go n-athrófaí na sonraí go dobhraite;

(b)

tá sé bunaithe ar fhoinse chruinn ama atá nasctha le hAm Uilíoch Lárnach; agus

(c)

sínítear é le ríomhshíniú ardleibhéil nó séalaítear é le ríomhshéala ardleibhéil an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe, nó lena chothrom.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú chun an dáta agus an t-am a nascadh le sonraí agus le haghaidh foinsí cruinne ama. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin trí an dáta agus an t-am a nascadh le sonraí agus tríd an bhfoinse chruinn ama. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 7

Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe

Airteagal 44

Ceanglais maidir le ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe

1.   Comhlíonfaidh ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe na ceanglais seo a leanas:

(a)

go ndéanann soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe amháin nó níos mó iad a sholáthar;

(b)

ní mór go n-áirítear leo sainaithint an tseoltóra le hardleibhéal iontaoibhe;

(c)

ní mór dóibh aitheantas an tseolaí a áirithiú sula seachadfar na sonraí;

(d)

caithfear seoladh agus glacadh sonraí a shlánú le ríomhshíniú ardleibhéil nó ag ríomhshéala ardleibhéil de chuid soláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe ar bhealach a chuirfidh bac ar aon fhéidearthacht na sonraí a athrú go dobhraite;

(e)

aon athrú sonraí is gá a dhéanamh ar mhaithe le seoladh agus glacadh na sonraí, ní foláir é a chur in iúl go follasach do sheoltóir agus do sheolaí na sonraí;

(f)

is gá dáta agus am seolta na sonraí, dáta glactha na sonraí agus dáta aon athruithe ar na sonraí a léiriú le ríomhstampa ama cáilithe;

I gcás go bhfuil na sonraí á n-aistriú idir dhá sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó níos mó, beidh feidhm ag na ceanglais i bpointe (a) go pointe (f) maidir leis na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe go léir.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le próisis seolta agus ghlactha sonraí. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin leis an bpróiseas seolta agus ghlactha sonraí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 8

Fíordheimhniú láithreán gréasáin

Airteagal 45

Ceanglais maidir le deimhnithe cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin

1.   Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin. Toimhdeofar go bhfuiltear bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin le deimhniú cáilithe um fhíordheimhniú láithreán gréasáin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

CAIBIDIL IV

RÍOMHDHOICIMÉID


whereas









keyboard_arrow_down