keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 4 Airteagal 17 Comhlacht maoirseachta
- 1 Airteagal 18 Cúnamh frithpháirteach
- 1 Airteagal 22 Liostaí iontaofa
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
RÍOMH-SHAINAITHEANTAS
CAIBIDIL III
SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE
ROINN 1
Forálacha ginearálta
ROINN 2
Maoirseacht
ROINN 3
Seirbhísí iontaoibhe cáilithe
ROINN 4
Ríomhshínithe
ROINN 5
Ríomhshéalaí
ROINN 6
Ríomhstampaí ama
ROINN 7
Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe
ROINN 8
Fíordheimhniú láithreán gréasáin
CAIBIDIL IV
RÍOMHDHOICIMÉID
CAIBIDIL V
TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME
CAIBIDL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 26
- maoirseachta 25
- iontaoibhe 15
- seirbhísí 15
- gcomhréir 13
- cáilithe 11
- dtagraítear 10
- leis 10
- comhlacht 10
- maidir 10
- dhéanamh 10
- chun 10
- airteagal 9
- atá 8
- liostaí 8
- mír 7
- iontaofa 7
- faoi 7
- lena 7
- ballstáit 7
- eile 7
- siad 7
- chur 6
- sholáthraithe 6
- fáil 6
- feidhme 5
- hairteagal 5
- trí 5
- tacaíocht 5
- bunaithe 4
- bhfuil 4
- gcomhlacht 4
- freagrach 4
- bheidh 4
- fhaisnéis 4
- náisiúnta 4
- iarradh 4
- soláthraithe 4
- gníomhartha 4
- coimisiún 4
- imeachta 4
- comhlachtaí 4
- comhréireachta 4
- bhunú 4
- ballstát 4
- gach 4
- fhoilsiú 3
- ceanglais 3
- leagtar 3
- faisnéis 3
Airteagal 17
Comhlacht maoirseachta
1. Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht maoirseachta atá bunaithe ar a gcríoch, nó, le comhaontú frithpháirteach le Ballstát eile, comhlacht maoirseachta atá bunaithe i mBallstát eile. Beidh an comhlacht sin freagrach as cúraimí maoirseachta sa Bhallstát ainmniúcháin.
Tabharfar do chomhlachtaí maoirseachta na cumhachtaí is gá agus acmhainní leordhóthanacha chun a gcúraimí a dhéanamh.
2. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainm agus seoladh na gcomhlachtaí maoirseachta a ainmneoidh siad féin faoi seach.
3. Seo a leanas an ról a bheidh ag an gcomhlacht maoirseachta:
(a) | maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin chun a áirithiú, trí ghníomhaíochtaí maoirseachta ex ante agus ex post, go gcomhlíonadh na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe sin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuirfidh siad ar fáil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo; |
(b) | beart a dhéanamh más gá maidir le soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin trí ghníomhaíochtaí maoirseachta ex post, nuair a chuirtear in iúl nach gcomhlíonann na soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe sin nó na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo; |
4. Chun críocha mhír 3 agus faoi réir na srianta dá bhforáiltear sa mhír sin, beidh na cúraimí seo a leanas go háirithe ar an gcomhlacht maoirseachta:
(a) | comhoibriú leis na comhlachtaí maoirseachta eile agus tacú leo i gcomhréir le hAirteagal 18; |
(b) | anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha ar mheasúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagail 20(1) agus 21(1); |
(c) | comhlachtaí maoirseachta eile agus an pobal a chur ar an eolas maidir le haon sárú slándála nó le haon teip ó thaobh sláine de i gcomhréir le hAirteagal 19(2); |
(d) | tuarascáil maidir lena phríomhghníomhaíochtaí a chur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo; |
(e) | iniúchtaí a dhéanamh nó iarraidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 20(2); |
(f) | comhoibriú leis na húdaráis cosanta sonraí, go háirithe tríd a gcur ar an eolas, gan aon mhoill mhíchuí, maidir le torthaí iniúchtaí ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe, i gcás ina mbeadh an chuma ar an scéal gur sáraíodh rialacha cosanta sonraí; |
(g) | an stádas cáilithe a dheonú do na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe agus do na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus an stádas sin a asbhaint i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 21; |
(h) | an comhlacht atá freagrach as an liosta iontaofa náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur ar an eolas maidir lena chinntí an stádas cáilithe a dheonú nó a asbhaint, murab é an comhlacht sin an comhlacht maoirseachta freisin; |
(i) | a fhíorú gurb ann d’fhorálacha maidir le pleananna foirceanta agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme mar is ceart i gcásanna ina gcuireann an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe deireadh lena chuid gníomhaíochtaí lena n-áirítear an chaoi a n-áirítear inrochtaineacht ar fhaisnéis, i gcomhréir le pointe (h) d’Airteagal 24(2); |
(j) | a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe go réiteoidh siad aon mhainneachtain a bhaineann leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialacháin seo a chomhlíonadh. |
5. Féadfaidh na Ballstáit cur de cheangal ar an gcomhlacht maoirseachta bonneagar iontaoibhe a bhunú, a chothabháil agus a nuashonrú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar faoin dlí náisiúnta.
6. Faoin 31 Márta gach bliain, tíolacfaidh gach comhlacht maoirseachta tuarascáil don Choimisiún maidir leis na príomhghníomhaíochtaí a bhí aige le bliain féilire anuas mar aon le achoimre ar na fógraí maidir le sárú a fuarthas ó sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 19(2).
7. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 6 ar fáil do na Ballstáit.
8. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta na tuarascála dá dtagraítear i mír 6. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
Airteagal 18
Cúnamh frithpháirteach
1. Comhoibreoidh na comhlachtaí maoirseachta d’fhonn dea-chleachtais a mhalartú.
Déanfaidh comhlacht maoirseachta, ar iarraidh a bhfuil bonn cirt léi ó chomhlacht maoirseachta eile, tacaíocht a chur ar fáil don chomhlacht maoirseachta sin chun go bhféadfar gníomhaíochtaí chomhlachtaí maoirseachta a dhéanamh ar bhealach comhleanúnach. Féadfar go gcumhdófaí sa chúnamh frithpháirteach, go háirithe, iarratais ar fhaisnéis agus bearta maoirseachta, amhail iarratais ar chigireachtaí a dhéanamh a bhaineann leis na tuarascálacha ar mheasúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 20 agus in Airteagal 21.
2. Comhlacht maoirseachta lena ndéanfar iarratas ar chúnamh, féadfaidh sé é sin a dhiúltú ar cheann amháin de na forais seo a leanas:
(a) | níl an comhlacht maoirseachta inniúil an tacaíocht a iarradh a sholáthar; |
(b) | níl an tacaíocht a iarradh comhréireach le gníomhaíochtaí maoirseachta an chomhlachta maoirseachta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 17; |
(c) | nach mbeadh an tacaíocht a iarradh i gcomhréir leis an Rialachán seo an tacaíocht a iarradh a sholáthar. |
3. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt dá gcomhlachtaí maoirseachta faoi seach comh-imscrúduithe a dhéanamh a mbeadh baill foirne de chuid comhlachtaí maoirseachta na Ballstát eile rannpháirteach iontu. Comhaontóidh agus bunóidh na Ballstáit lena mbaineann na socruithe agus na nósanna imeachta doighníomhaíochtaí comhpháirteacha den chineál sin i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta.
Airteagal 22
Liostaí iontaofa
1. Déanfaidh gach Ballstát liostaí iontaofa a bhunú, a chothabháil agus a fhoilsiú ina mbeidh i measc nithe eile faisnéis faoi sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a bhfuil sé freagrach ina leith chomh maith le faisnéis faoi na seirbhísí cáilithe iontaoibhe a sholáthraíonn siad.
2. Déanfaidh gach Ballstát liostaí iontaofa a bheidh ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bhunú, a chothabháil agus fhoilsiú ar bhealach slán, ar liostaí iad a bheidh i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe agus dá dtagraítear i mír 1.
3. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, gan moill mhíchuí, faisnéis faoin gcomhlacht atá freagrach as liostaí iontaofa náisiúnta a bhunú, a choinneáil agus a fhoilsiú, agus mionsonraí maidir leis an áit ina bhfuil na liostaí sin foilsithe, faoi na deimhnithe a úsáideadh chun na liostaí iontaofa a shíniú nó a shéalú agus faoi aon athruithe a rinneadh orthu.
4. Déanfaidh an Coimisiún, trí chainéal slán, an fhaisnéis dá dtagraítear in mír 3 a chur ar fáil don phobal i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bheidh oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.
5. Faoin 18 Meán Fómhair 2015 sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus saineoidh sé na sonraíochtaí teicniúla agus na formáidí teicniúla do na liostaí iontaofa is infheidhme chun críocha mhír 1 go mír 4. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
whereas