keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 17 Comhlacht maoirseachta
- 1 Airteagal 18 Cúnamh frithpháirteach
- 1 Airteagal 44 Ceanglais maidir le ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
RÍOMH-SHAINAITHEANTAS
CAIBIDIL III
SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE
ROINN 1
Forálacha ginearálta
ROINN 2
Maoirseacht
ROINN 3
Seirbhísí iontaoibhe cáilithe
ROINN 4
Ríomhshínithe
ROINN 5
Ríomhshéalaí
ROINN 6
Ríomhstampaí ama
ROINN 7
Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe
ROINN 8
Fíordheimhniú láithreán gréasáin
CAIBIDIL IV
RÍOMHDHOICIMÉID
CAIBIDIL V
TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME
CAIBIDL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 25
- maoirseachta 25
- iontaoibhe 18
- seirbhísí 16
- sonraí 14
- gcomhréir 13
- cáilithe 13
- maidir 12
- leis 11
- dhéanamh 11
- comhlacht 10
- airteagal 9
- chun 8
- dtagraítear 7
- ceanglais 7
- lena 7
- chur 6
- atá 6
- ballstáit 6
- eile 6
- siad 6
- feidhme 5
- sholáthraithe 5
- hairteagal 5
- soláthraithe 5
- tacaíocht 5
- fáil 5
- trí 4
- bhfuil 4
- gníomhartha 4
- gcás 4
- leagtar 4
- síos 4
- bunaithe 4
- imeachta 4
- comhlachtaí 4
- comhréireachta 4
- mír 4
- iarradh 4
- háirithe 3
- chomhlacht 3
- chuid 3
- gníomhaíochtaí 3
- n-áirítear 3
- rialachán 3
- tuarascáil 3
- ainmniúcháin 3
- sholáthar 3
- náisiúnta 3
- féadfaidh 3
Airteagal 17
Comhlacht maoirseachta
1. Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht maoirseachta atá bunaithe ar a gcríoch, nó, le comhaontú frithpháirteach le Ballstát eile, comhlacht maoirseachta atá bunaithe i mBallstát eile. Beidh an comhlacht sin freagrach as cúraimí maoirseachta sa Bhallstát ainmniúcháin.
Tabharfar do chomhlachtaí maoirseachta na cumhachtaí is gá agus acmhainní leordhóthanacha chun a gcúraimí a dhéanamh.
2. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainm agus seoladh na gcomhlachtaí maoirseachta a ainmneoidh siad féin faoi seach.
3. Seo a leanas an ról a bheidh ag an gcomhlacht maoirseachta:
(a) | maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin chun a áirithiú, trí ghníomhaíochtaí maoirseachta ex ante agus ex post, go gcomhlíonadh na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe sin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuirfidh siad ar fáil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo; |
(b) | beart a dhéanamh más gá maidir le soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin trí ghníomhaíochtaí maoirseachta ex post, nuair a chuirtear in iúl nach gcomhlíonann na soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe sin nó na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo; |
4. Chun críocha mhír 3 agus faoi réir na srianta dá bhforáiltear sa mhír sin, beidh na cúraimí seo a leanas go háirithe ar an gcomhlacht maoirseachta:
(a) | comhoibriú leis na comhlachtaí maoirseachta eile agus tacú leo i gcomhréir le hAirteagal 18; |
(b) | anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha ar mheasúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagail 20(1) agus 21(1); |
(c) | comhlachtaí maoirseachta eile agus an pobal a chur ar an eolas maidir le haon sárú slándála nó le haon teip ó thaobh sláine de i gcomhréir le hAirteagal 19(2); |
(d) | tuarascáil maidir lena phríomhghníomhaíochtaí a chur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo; |
(e) | iniúchtaí a dhéanamh nó iarraidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 20(2); |
(f) | comhoibriú leis na húdaráis cosanta sonraí, go háirithe tríd a gcur ar an eolas, gan aon mhoill mhíchuí, maidir le torthaí iniúchtaí ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe, i gcás ina mbeadh an chuma ar an scéal gur sáraíodh rialacha cosanta sonraí; |
(g) | an stádas cáilithe a dheonú do na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe agus do na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus an stádas sin a asbhaint i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 21; |
(h) | an comhlacht atá freagrach as an liosta iontaofa náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur ar an eolas maidir lena chinntí an stádas cáilithe a dheonú nó a asbhaint, murab é an comhlacht sin an comhlacht maoirseachta freisin; |
(i) | a fhíorú gurb ann d’fhorálacha maidir le pleananna foirceanta agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme mar is ceart i gcásanna ina gcuireann an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe deireadh lena chuid gníomhaíochtaí lena n-áirítear an chaoi a n-áirítear inrochtaineacht ar fhaisnéis, i gcomhréir le pointe (h) d’Airteagal 24(2); |
(j) | a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe go réiteoidh siad aon mhainneachtain a bhaineann leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialacháin seo a chomhlíonadh. |
5. Féadfaidh na Ballstáit cur de cheangal ar an gcomhlacht maoirseachta bonneagar iontaoibhe a bhunú, a chothabháil agus a nuashonrú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar faoin dlí náisiúnta.
6. Faoin 31 Márta gach bliain, tíolacfaidh gach comhlacht maoirseachta tuarascáil don Choimisiún maidir leis na príomhghníomhaíochtaí a bhí aige le bliain féilire anuas mar aon le achoimre ar na fógraí maidir le sárú a fuarthas ó sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 19(2).
7. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 6 ar fáil do na Ballstáit.
8. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta na tuarascála dá dtagraítear i mír 6. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
Airteagal 18
Cúnamh frithpháirteach
1. Comhoibreoidh na comhlachtaí maoirseachta d’fhonn dea-chleachtais a mhalartú.
Déanfaidh comhlacht maoirseachta, ar iarraidh a bhfuil bonn cirt léi ó chomhlacht maoirseachta eile, tacaíocht a chur ar fáil don chomhlacht maoirseachta sin chun go bhféadfar gníomhaíochtaí chomhlachtaí maoirseachta a dhéanamh ar bhealach comhleanúnach. Féadfar go gcumhdófaí sa chúnamh frithpháirteach, go háirithe, iarratais ar fhaisnéis agus bearta maoirseachta, amhail iarratais ar chigireachtaí a dhéanamh a bhaineann leis na tuarascálacha ar mheasúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 20 agus in Airteagal 21.
2. Comhlacht maoirseachta lena ndéanfar iarratas ar chúnamh, féadfaidh sé é sin a dhiúltú ar cheann amháin de na forais seo a leanas:
(a) | níl an comhlacht maoirseachta inniúil an tacaíocht a iarradh a sholáthar; |
(b) | níl an tacaíocht a iarradh comhréireach le gníomhaíochtaí maoirseachta an chomhlachta maoirseachta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 17; |
(c) | nach mbeadh an tacaíocht a iarradh i gcomhréir leis an Rialachán seo an tacaíocht a iarradh a sholáthar. |
3. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt dá gcomhlachtaí maoirseachta faoi seach comh-imscrúduithe a dhéanamh a mbeadh baill foirne de chuid comhlachtaí maoirseachta na Ballstát eile rannpháirteach iontu. Comhaontóidh agus bunóidh na Ballstáit lena mbaineann na socruithe agus na nósanna imeachta doighníomhaíochtaí comhpháirteacha den chineál sin i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta.
Airteagal 44
Ceanglais maidir le ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe
1. Comhlíonfaidh ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe na ceanglais seo a leanas:
(a) | go ndéanann soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe amháin nó níos mó iad a sholáthar; |
(b) | ní mór go n-áirítear leo sainaithint an tseoltóra le hardleibhéal iontaoibhe; |
(c) | ní mór dóibh aitheantas an tseolaí a áirithiú sula seachadfar na sonraí; |
(d) | caithfear seoladh agus glacadh sonraí a shlánú le ríomhshíniú ardleibhéil nó ag ríomhshéala ardleibhéil de chuid soláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe ar bhealach a chuirfidh bac ar aon fhéidearthacht na sonraí a athrú go dobhraite; |
(e) | aon athrú sonraí is gá a dhéanamh ar mhaithe le seoladh agus glacadh na sonraí, ní foláir é a chur in iúl go follasach do sheoltóir agus do sheolaí na sonraí; |
(f) | is gá dáta agus am seolta na sonraí, dáta glactha na sonraí agus dáta aon athruithe ar na sonraí a léiriú le ríomhstampa ama cáilithe; |
I gcás go bhfuil na sonraí á n-aistriú idir dhá sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó níos mó, beidh feidhm ag na ceanglais i bpointe (a) go pointe (f) maidir leis na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe go léir.
2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le próisis seolta agus ghlactha sonraí. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin leis an bpróiseas seolta agus ghlactha sonraí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
ROINN 8
Fíordheimhniú láithreán gréasáin
whereas