keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 51 Cumhachtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha
- 1 Airteagal 53 Ceart chun gearán a thaisceadh
- 2 Airteagal 79 An ceart chun éisteachta agus rochtain a fháil ar an gcomhad
- 1 Airteagal 83 Gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le hidirghabháil ón gCoimisiún
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE
ROINN 1
Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha
ROINN 2
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne
ROINN 3
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne
ROINN 4
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe
ROINN 5
Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú
ROINN 6
Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí
CAIBIDIL IV
CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ
ROINN 1
Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta
ROINN 2
Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht
ROINN 3
An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha
ROINN 4
Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne
ROINN 5
Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú
ROINN 6
Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme
CAIBIDIL V
FORÁLACHA DEIRIDH
- agus 45
- chun 33
- seirbhísí 26
- leis 25
- lena 20
- gcás 18
- sárú 18
- digiteacha 15
- chur 14
- bhfuil 14
- maidir 14
- eile 14
- faoi 14
- beidh 13
- bearta 12
- dhéanamh 12
- iarraidh 12
- airteagal 12
- bhun 11
- chumhacht 10
- mbaineann 10
- údarás 10
- breithiúnach 10
- dtagraítear 10
- idirghabhálacha 10
- soláthraithe 9
- bhaineann 9
- cumhachtaí 8
- nach 8
- gcomhréir 8
- líne 7
- comhordaitheoir 7
- isteach 7
- gcoimisiún 7
- fhaisnéis 7
- tréimhse 7
- atá 6
- ghlacadh 6
- mballstát 6
- an-mhór 6
- fháil 6
- soláthraí 6
- coimisiún 6
- rochtain 6
- srian 6
- thabhairt 6
- inniúil 6
- n-áirítear 6
- rialachán 6
- amháin 6
Airteagal 51
Cumhachtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha
1. I gcás ina bhfuil gá leis chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a fheidhmiú, beidh na cumhachtaí imscrúdaithe seo a leanas ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, maidir le hiompar soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit:
(a) | an chumhacht chun a cheangal ar na soláthraithe sin, agus ar aon duine eile a ghníomhaíonn chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, gnó, ceird nó gairm a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas go réasúnta faoi fhaisnéis a bhaineann le sárú amhrasta an Rialacháin seo, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 37 agus Airteagal 75(2), faisnéis den sórt sin a chur ar fáil gan moill mhíchuí; |
(b) | an chumhacht iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh, nó iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát iniúchtaí ar an láthair a ordú, ar aon áitreabh a úsáideann na soláthraithe sin nó na daoine sin chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, gnó, ceird nó gairm, nó a iarraidh ar údaráis phoiblí eile é sin a dhéanamh, chun cóipeanna d’fhaisnéis maidir le sárú amhrasta in aon fhoirm, gan beann ar an modh stórála, a imscrúdú, a urghabháil, a thógáil nó a fháil; |
(c) | an chumhacht chun iarraidh ar aon bhall foirne nó ar ionadaí na soláthraithe nó na ndaoine sin míniúcháin a thabhairt maidir le haon fhaisnéis a bhaineann le sárú amhrasta agus na freagraí a thaifeadadh lena dtoiliú trí aon mhodh teicniúil. |
2. I gcás ina bhfuil gá leis chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh, beidh na cumhachtaí imscrúdaithe seo a leanas ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit:
(a) | an chumhacht chun glacadh leis na gealltanais a thairgeann na soláthraithe sin maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo agus na gealltanais sin a chur de cheangal orthu; |
(b) | an chumhacht chun ordú a thabhairt sáruithe a scor agus, i gcás inarb iomchuí, leighis atá i gcomhréir leis an sárú agus is gá chun deireadh éifeachtach a chur leis an sárú a ghearradh, nó chun iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát é sin a dhéanamh; |
(c) | an chumhacht chun fíneálacha a ghearradh, nó chun iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát sin a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 52 i gcás ina mainnítear an Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear le haon cheann de na horduithe imscrúdaitheacha arna n-eisiúint de bhun mhír 1 den Airteagal seo; |
(d) | an chumhacht chun íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh, nó chun iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát sin a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 52 chun a áirithiú go ndéantar an sárú a fhoirceannadh i gcomhréir le hordú arna eisiúint de bhun phointe (b) den fhomhír seo nó i gcásanna ina mainnítear na horduithe imscrúdaitheacha a eisíodh de bhun mhír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh; |
(e) | an chumhacht chun bearta eatramhacha a ghlacadh, nó chun iarraidh ar an údarás breithiúnach inniúil ina mBallstát é sin a dhéanamh, chun an riosca go ndéanfaí díobháil thromchúiseach a sheachaint. |
A mhéid a bhaineann le pointí (c) agus (d) den chéad fhomhír, beidh na cumhachtaí forfheidhmithe a leagtar amach sna pointí sin ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha freisin maidir leis na daoine eile dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina mainnítear aon cheann de na horduithe arna n-eisiúint dóibh de bhun na míre sin a chomhlíonadh. Ní fheidhmeoidh siad na cumhachtaí forfheidhmithe sin ach amháin tar éis an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis na horduithe sin, lena n-áirítear an tréimhse is infheidhme, na fíneálacha nó na híocaíochtaí tréimhsiúla a d’fhéadfaí a ghearradh orthu i gcás neamhchomhlíonta agus féidearthachtaí maidir le sásamh, a sholáthar do na daoine eile sin in am trátha.
3. I gcás ina bhfuil gá leis chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh, beidh an chumhacht ag na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na bearta seo a leanas a dhéanamh freisin, maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit, i gcás ina bhfuil gach cumhacht eile de bhun an Airteagail seo chun sárú a scor ídithe, agus nach bhfuil an sárú leigheasta fós nó ina bhfuil an sárú ag leanúint ar aghaidh agus ina mbeidh sé ina shiocair le díobháil thromchúiseach nach féidir a sheachaint trí fheidhmiú cumhachtaí eile atá ar fáil faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta:
(a) | a cheangal ar chomhlacht bainistíochta na soláthraithe sin, gan moill mhíchuí, scrúdú a dhéanamh ar an gcás, plean gníomhaíochta a ghlacadh agus a chur isteach ina leagtar amach na bearta is gá chun deireadh a chur leis an sárú, a áirithiú go ndéanann an soláthraí na bearta sin, agus tuairisciú ar na bearta a rinneadh; |
(b) | i gcás ina measann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nár chomhlíon soláthraí seirbhísí idirghabhálacha na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a) go leordhóthanach, nach bhfuil an sárú leigheasta nó go bhfuil an sárú ag leanúint ar aghaidh agus é ina shiocair le díobháil thromchúiseach, agus go gcuimsítear cion coiriúil lena mbaineann bagairt do bheatha nó sábháilteacht daoine leis an sárú sin, féadfar iarraidh ar údarás breithiúnach inniúil a Bhallstáit ordú a thabhairt chun srian sealadach a chur ar rochtain fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann an sárú nó, sa chás amháin nach bhfuil sé sin indéanta go teicniúil, srian a chur ar chomhéadan ar líne an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha ar a bhfuil an sárú á dhéanamh. |
Iarrfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, ach amháin i gcás ina ngníomhaíonn sé ar iarraidh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 82, sula gcuirfidh sé an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo isteach, ar pháirtithe leasmhara barúlacha i scríbhinn a chur isteach laistigh de thréimhse nach mbeidh níos lú ná 2 sheachtain, ina mínítear na bearta a bheartaíonn sé a iarraidh agus ag sainaithint an tseolaí nó na seolaithe beartaithe. Beidh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha, an seolaí nó na seolaithe beartaithe agus aon tríú páirtí eile a léiríonn leas dlisteanach i dteideal a bheith rannpháirteach sna himeachtaí os comhair an údaráis bhreithiúnaigh inniúil. Beidh aon bheart a ordófar comhréireach le cineál, tromchúis, atarlú agus fad an tsáraithe, gan a bheith ag cur isteach go míchuí ar rochtain na bhfaighteoirí ar fhaisnéis dhleathach maidir leis an tseirbhís lena mbaineann.
Beidh an srian ar rochtain i bhfeidhm go ceann tréimhse 4 seachtaine, faoi réir na féidearthachta don údarás breithiúnach inniúil, cead a thabhairt ina ordú don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha síneadh a chur leis an tréimhse sin le haghaidh tréimhsí breise den fhad céanna, faoi réir uasmhéid síntí a shocróidh an t-údarás breithiúnach sin. Ní chuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteach síneadh leis an tréimhse ach amháin i gcás ina measann sé, ag féachaint do chearta agus leasanna na bpáirtithe uile a ndéanfadh an srian sin difear dóibh agus do na himthosca uile, lena n-áirítear aon fhaisnéis a d’fhéadfadh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha, an seolaí nó na seolaithe agus aon tríú páirtí a léirigh leas dlisteanach a chur ar fáil dó, gur comhlíonadh an dá choinníoll seo a leanas:
(a) | mhainnigh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha na bearta is gá a dhéanamh chun deireadh a chur leis an sárú; |
(b) | ní chuireann an srian sealadach srian míchuí ar an rochtain atá ag faighteoirí na seirbhíse ar fhaisnéis dhleathach, ag féachaint don líon faighteoirí a ndéanfaidh sé difear dóibh agus cibé an bhfuil aon roghanna malartacha atá sásúil agus inrochtana go héasca ann. |
I gcás ina measann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den tríú fomhír ach nach féidir leis síneadh eile a chur leis an tréimhse de bhun an tríú fomhír, cuirfidh sé iarraidh nua isteach chuig an údarás breithiúnach inniúil, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b).
4. Beidh na cumhachtaí a liostaítear i míreanna 1, 2 agus 3 gan dochar do Roinn 3.
5. Beidh na bearta a ghlacfaidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha i bhfeidhmiú a gcumhachtaí a liostaítear i míreanna 1, 2 agus 3 éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach, ag féachaint do, go háirithe, chineál, tromchúis, atarlú agus fad an neamhchomhlíonta nó an tsáraithe nó an tsáraithe amhrasta lena mbaineann na bearta sin, chomh maith le hacmhainneacht eacnamaíoch, theicniúil agus oibríochtúil sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann i gcás inarb ábhartha.
6. Déanfaidh na Ballstáit rialacha agus nósanna imeachta sonracha a leagan síos maidir le feidhmiú na gcumhachtaí de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3 agus áiritheoidh siad go bhfuil aon fheidhmiú de na cumhachtaí sin faoi réir coimircí leordhóthanacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta is infheidhme i gcomhréir leis an gCairt agus le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais. Go háirithe, ní dhéanfar na bearta sin ach i gcomhréir leis an gceart maidir le hurraim a thabhairt don saol príobháideach agus do na cearta cosanta, lena n-áirítear an ceart chun éisteachta agus an ceart rochtana ar an gcomhad, agus beidh siad faoi réir cheart na bpáirtithe uile dá ndéantar difear chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil.
Airteagal 53
Ceart chun gearán a thaisceadh
Beidh sé de cheart ag faighteoirí na seirbhíse, agus ag aon chomhlacht, eagraíocht nó comhlachas atá faoi shainordú na cearta a thugtar leis an Rialachán seo a fheidhmiú thar a gceann, gearán a thaisceadh in aghaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ina líomhnófar sárú ar an Rialachán seo le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil faighteoir na seirbhíse lonnaithe nó bunaithe. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha measúnú ar an ngearán agus, i gcás inarb iomchuí, tarchuirfidh sé an gearán chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, agus i gcás ina meastar gurb iomchuí, beidh tuairim ag gabháil leis. I gcás ina dtagann an gearán faoi fhreagracht údarás inniúil eile ina Bhallstát, tarchuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a fhaigheann an gearán é chuig an údarás sin. Le linn na n-imeachtaí sin, beidh sé de cheart ag an dá pháirtí éisteacht a fháil agus faisnéis iomchuí a fháil faoi stádas an ghearáin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
Airteagal 79
An ceart chun éisteachta agus rochtain a fháil ar an gcomhad
1. Sula nglacfaidh sé cinneadh de bhun Airteagail 73(1), 74 nó 76, tabharfaidh an Coimisiún an deis do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó don duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1) éisteacht a fháil maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) | réamhthorthaí an Choimisiúin, lena n-áirítear aon ábhar a bhfuil agóid déanta ag an gCoimisiún ina aghaidh; agus |
(b) | bearta a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh i bhfianaise na réamhthorthaí dá dtagraítear i bpointe (a). |
2. Féadfaidh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1) a mbarúlacha ar réamhthorthaí an Choimisiúin a chur isteach laistigh de thréimhse réasúnta arna leagan síos ag an gCoimisiún ina réamhthorthaí, tréimhse nach bhféadfaidh a bheith níos lú ná 14 lá.
3. Ní bhunóidh an Coimisiún a chuid cinntí ach ar na hagóidí a raibh na páirtithe lena mbaineann in ann barúil a thabhairt ina leith.
4. Déanfar cearta cosanta na bpáirtithe lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad an Choimisiúin faoi na téarmaí a bhaineann le nochtadh idirbheartaithe, faoi réir leas dlisteanach sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó duine eile lena mbaineann maidir lena rúin ghnó a chosaint. Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún cinntí a ghlacadh ina leagfar amach téarmaí sin an nochta i gcás easaontas idir na páirtithe. Ní áireofar leis an gceart rochtana ar chomhad an Choimisiúin faisnéis rúnda agus doiciméid inmheánacha de chuid an Choimisiúin, an Bhoird, na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile de chuid na mBallstát. Go háirithe, ní chuirfear san áireamh sa cheart rochtana an comhfhreagras idir an Coimisiún agus na húdaráis sin. Ní chuirfear bac le haon ní sa mhír seo ar an gCoimisiún faisnéis atá riachtanach chun sárú a chruthú a nochtadh agus a úsáid.
5. Ní úsáidfear an fhaisnéis a bhailítear de bhun Airteagail 67, 68 agus 69 ach chun críocha an Rialacháin seo amháin.
Airteagal 83
Gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le hidirghabháil ón gCoimisiún
I ndáil le hidirghabháil ón gCoimisiún a chumhdaítear sa Roinn seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis na socruithe praiticiúla le haghaidh na nithe seo a leanas:
(a) | na himeachtaí de bhun Airteagail 69 agus 72; |
(b) | na héisteachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 79; |
(c) | nochtadh idirbheartaithe faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 79. |
Sula nglacfaidh an Coimisiún aon bheart de bhun na céad míre den Airteagal seo, foilseoidh sé dréacht de na bearta sin agus iarrfaidh sé ar gach páirtí leasmhar a mbarúlacha a chur isteach laistigh den tréimhse a leagtar amach sa dréacht sin, nach mbeidh níos lú ná aon mhí amháin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.
ROINN 5
Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú
whereas