search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA cercato: 'soláthróidh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index soláthróidh:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE

    ROINN 1
    Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha

    ROINN 2
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

    ROINN 3
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne
  • 1 Airteagal 18 Fógra i ndáil le hamhras faoi chionta coiriúla

  • ROINN 4
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe

    ROINN 5
    Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú
  • 1 Airteagal 38 Córais moltaí

  • ROINN 6
    Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

    CAIBIDIL IV
    CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

    ROINN 1
    Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta

    ROINN 2
    Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht

    ROINN 3
    An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha

    ROINN 4
    Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne
  • 1 Airteagal 67 Iarrataí ar fhaisnéis

  • ROINN 5
    Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú

    ROINN 6
    Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

    CAIBIDIL V
    FORÁLACHA DEIRIDH


whereas soláthróidh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 405

 

Airteagal 13

Ionadaithe dlíthiúla

1.   Ainmneoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas, i scríbhinn, duine dlítheanach nó duine nádúrtha chun gníomhú ina n-ionadaí dlí i gceann amháin de na Ballstáit ina dtairgeann an soláthraí a sheirbhísí.

2.   Sannfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a n-ionadaithe dlí chun go ndéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, an Coimisiún agus an Bord teagmháil leo mar aon le soláthraí den sórt sin nó in ionad soláthraí den sórt sin maidir le gach saincheist is gá chun cinntí arna n-eisiúint i ndáil leis an Rialachán seo a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú. soláthróidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha na cumhachtaí is gá agus na hacmhainní leordhóthanacha dá n-ionadaí dlí chun a ráthú go mbeidh comhar éifeachtúil tráthúil acu le húdaráis inniúla na mBallstát, leis an gCoimisiún agus leis an mBord agus chun go gcomhlíonfaidh siad cinntí den sórt sin.

3.   Beidh ionadaí dlí ainmnithe in ann a bheith faoi dhliteanas mar gheall ar oibleagáidí neamhchomhlíonta faoin Rialachán seo, gan dochar don dliteanas ná do chaingne dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh in aghaidh soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha.

4.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ainm, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin a n-ionadaí dlí in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa Bhallstát ina gcónaíonn an t-ionadaí dlí sin nó ina bhfuil sé bunaithe. Áiritheoidh siad go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí, go mbeidh rochtain éasca uirthi, go mbeidh sí cruinn agus go gcoinneofar cothrom le dáta í.

5.   Ní bheidh ainmniúchán ionadaí dlí laistigh den Aontas de bhun mhír 1 ionann le bunaíocht san Aontas.

Airteagal 18

Fógra i ndáil le hamhras faoi chionta coiriúla

1.   I gcás ina dtugann soláthraí seirbhísí óstála faoi deara go bhfuil aon fhaisnéis is siocair le hamhras gur tharla cion coiriúil lenar bhain bagairt do bheatha nó do shábháilteacht duine nó daoine, nó go bhfuil cion den sórt sin ag tarlú nó gur dóigh go dtarlóidh sé, cuirfidh sé údaráis forfheidhmithe dlí nó bhreithiúnacha an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann ar an eolas faoina amhras agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha uile.

2.   I gcás nach féidir le soláthraí seirbhísí óstála an Ballstát lena mbaineann a shainaithint le deimhneacht réasúnta, cuirfidh sé údaráis forfheidhmithe dlí an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe nó ina bhfuil a ionadaí dlí ina chónaí nó bunaithe ar an eolas nó cuirfidh sé Europol ar an eolas, nó iad araon.

Chun críche an Airteagail seo, is éard a bheidh sa Bhallstát lena mbaineann ná an Ballstát a bhfuil amhras gur tharla an cion ann, go bhfuil an cion ag tarlú ann nó gur dóchúil gur ann a tharlóidh an cion, nó an Ballstát ina bhfuil an duine atá faoi amhras ina chónaí nó lonnaithe, nó an Ballstát ina bhfuil íospartach an chiona amhrasta ina chónaí nó lonnaithe.

ROINN 3

Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne

Airteagal 20

Córas inmheánach um láimhseáil gearán

1.   soláthróidh soláthraithe ardán ar líne d’fhaighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear daoine aonair nó eintitis a bhfuil fógra curtha isteach acu, ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad tar éis an chinnidh dá dtagraítear sa mhír seo, rochtain ar chóras éifeachtach inmheánach um láimhseáil gearán, a chuirfidh ar a gcumas ngearáin a sheoladh isteach, go leictreonach agus saor in aisce, in aghaidh an chinnidh arna dhéanamh ag soláthraí an ardáin ar líne ar fhógra a fháil nó in aghaidh na gcinntí seo a leanas a ghlac soláthraí an ardáin ar líne ar na forais gur dóchúil go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar ag na faighteoirí ina hinneachar neamhdhleathach nó go bhfuil sí neamhréir lena théarmaí agus coinníollacha.

(a)

cinntí i dtaobh rochtain ar an bhfaisnéis a bhaint anuas nó gan í a bhaint anuas, an rochtain ar an bhfaisnéis a dhíchumasú nó srian a chur le hinfheictheacht na faisnéise;

(b)

cinntí i dtaobh sholáthar na seirbhíse a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh nó gan é sin a dhéanamh, ar an iomlán nó i bpáirt, do na faighteoirí;

(c)

cinntí i dtaobh cuntas na bhfaighteoirí a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh nó gan é sin a dhéanamh;

(d)

cinntí i dtaobh ar cheart an cumas luach airgid a chur ar fhaisnéis arna soláthar ag na faighteoirí a chur ar fionraí, a fhoirceannadh nó a shrianadh ar bhealach eile.

2.   Measfar go dtosóidh an tréimhse 6 mhí ar a laghad, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar an lá a chuirfear faighteoir na seirbhíse ar an eolas faoin gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 16(5) nó le hAirteagal 17.

3.   Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne go bhfuil a gcórais inmheánacha um láimhseáil gearán éasca le rochtain, furasta a úsáid agus go gcumasaíonn agus go n-éascaíonn siad gearáin atá beacht go leordhóthanach agus a bhfuil bunús leordhóthanach leo a thíolacadh.

4.   Láimhseálfaidh soláthraithe ardán ar líne gearáin a dhéanfar trína gcóras inmheánach um láimhseáil gearán, agus déanfaidh siad é sin ar bhealach tráthúil, neamh-idirdhealaitheach, dícheallach agus neamhthreallach. I gcás ina bhfuil forais leordhóthanacha ag baint le gearán le go measfadh soláthraí an ardáin ar líne nach bhfuil aon bhunús lena chinneadh gan gníomhú ar fhógra a fháil nó nach bhfuil an fhaisnéis lena mbaineann an gearán neamhdhleathach agus nach bhfuil sé neamhoiriúnach lena théarmaí agus coinníollacha, nó go bhfuil faisnéis ann a thugann le fios nach gá an beart a rinneadh, aisiompóidh sé a chinneadh dá dtagraítear i mír 1 gan moill mhíchuí.

5.   Cuirfidh soláthraithe ardán ar líne gearánaigh ar an eolas gan moill mhíchuí faoina gcinneadh réasúnaithe i leith na faisnéise lena mbaineann an gearán agus faoin bhféidearthacht maidir le réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt dá bhforáiltear in Airteagal 21 agus aon fhéidearthachtaí maidir le sásamh eile atá ar fáil.

6.   Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne gur faoi mhaoirseacht fhoirne a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí acu a dhéanfar na cinntí dá dtagraítear i mír 5, agus ní ar bhonn modhanna uathoibrithe amháin.

Airteagal 38

Córais moltaí

Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 27, soláthróidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne a úsáideann córais moltaí rogha amháin ar a laghad do gach ceann dá gcórais moltaí, ar rogha í nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 67

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   Chun tabhairt faoi na cúraimí a shanntar dó faoin Roinn seo, féadfaidh an Coimisiún, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, éileamh ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, chomh maith le haon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a ghníomhaíonn chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, a ngnó, a gceird nó a ngairm a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas go réasúnta faoi fhaisnéis a bhaineann leis an sárú amhrasta, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 37 agus Airteagal 75(2), faisnéis den sórt sin a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta.

2.   Le linn iarraidh shimplí ar fhaisnéis a sheoladh chuig soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó chuig an duine eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, luafaidh an Coimisiún bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear agus leagfaidh sé tréimhse síos ina gcaithfear an fhaisnéis sin a chur ar fáil, agus na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 74 as faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar.

3.   I gcás ina gceanglaíonn an Coimisiún ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faisnéis a sholáthar trí chinneadh, luafaidh sé bunús dlí agus cuspóir na hiarrata sin, sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear agus leagfaidh sé tréimhse síos ina gcaithfear an fhaisnéis sin a chur ar fáil. Sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 74 agus sonróidh nó forchuirfidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 76. Sonróidh sé freisin an ceart go ndéanfadh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh athbhreithniú ar an gcinneadh.

4.   Cuirfidh soláthraithe an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha, comhlachtaí nó gnólachtaí, nó i gcás nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh orthu de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar ceann sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó thar ceann na ndaoine eile dá dtagraítear i mír 1. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus údaráis inniúla eile gach faisnéis is gá don Choimisiún chun na cúraimí a sannadh dó faoin Roinn seo a dhéanamh.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, tar éis dó an iarraidh shimplí nó an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sheoladh, cóip de a sheoladh chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, tríd an gcóras comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 85.


whereas









keyboard_arrow_down