keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 2 Airteagal 23 Bearta agus cosaint in aghaidh mí-úsáide
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE
ROINN 1
Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha
ROINN 2
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne
ROINN 3
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne
ROINN 4
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe
ROINN 5
Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú
ROINN 6
Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí
CAIBIDIL IV
CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ
ROINN 1
Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta
ROINN 2
Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht
ROINN 3
An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha
ROINN 4
Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne
ROINN 5
Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú
ROINN 6
Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme
CAIBIDIL V
FORÁLACHA DEIRIDH
- agus 14
- fógraí 6
- líne 5
- gearáin 4
- isteach 4
- soláthraithe 4
- ardán 4
- follasach 4
- áirithe 3
- fáil 3
- dtagraítear 3
- siad 3
- seirbhíse 3
- aonair 3
- cuireadh 3
- nithe 3
- mí-úsáid 2
- gcur 2
- bhealach 2
- laistigh 2
- thréimhse 2
- bhunús 2
- míreanna 2
- maidir 2
- eintitis 2
- duine 2
- coinníollacha 2
- leis 2
- arna 2
- cibé 2
- agus 2
- gearán 2
- minic 2
- áireamh 2
- mí-úsáide 2
- fionraí 2
- atá 2
- measúnú 2
- chuireann 2
- inneachar 2
- neamhdhleathach 2
- feadh 2
- tréimhse 2
- réasúnach 2
- éis 2
- réamhfhógra 2
- thabhairt 2
- cuirfidh 2
- n-áirítear 1
- faisnéise 1
Airteagal 23
Bearta agus cosaint in aghaidh mí-úsáide
1. Cuirfidh soláthraithe ardán ar líne soláthar a gcuid seirbhísí ar fionraí d’fhaighteoirí na seirbhíse a chuireann inneachar ar follasach go bhfuil sé neamhdhleathach ar fáil go minic, ar feadh tréimhse réasúnach ama tar éis réamhfhógra a thabhairt.
2. Cuirfidh soláthraithe ardán ar líne próiseáil fógraí agus gearán arna gcur isteach trí na sásraí fógra agus gnímh agus na córais inmheánacha um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagail 16 agus 20, faoi seach, maidir le fógraí nó gearáin ar follasach gur fógraí nó gearáin gan bhunús iad arna gcur isteach go minic ag daoine aonair nó eintitis nó gearánaigh, ar fionraí ar feadh tréimhse réasúnach ama tar éis réamhfhógra a thabhairt.
3. Agus iad i mbun cinneadh a dhéanamh faoin bhfionraí, déanfaidh soláthraithe ardán ar líne measúnú, de réir an cháis agus ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil, ar cibé a ghabhann faighteoir na seirbhíse, an duine aonair, an t-eintiteas nó an gearánach don mhí-úsáid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ag cur na bhfíoras agus na dtosca ábhartha uile is léir ón bhfaisnéis atá ar fáil do sholáthraí ardáin ar líne san áireamh. Áireofar na míreanna seo a leanas ar a laghad sna coinníollacha sin:
(a) | dearbhuimhreacha na nithe d’inneachar ar follasach gurb inneachar neamhdhleathach é nó fógraí nó gearáin ar follasach gur fógraí nó gearáin gan bhunús iad, a cuireadh isteach laistigh de thréimhse ama áirithe; |
(b) | cion coibhneasta na nithe sin i ndáil leis an líon iomlán nithe faisnéise a cuireadh ar fáil nó fógraí a cuireadh isteach laistigh de thréimhse ama áirithe; |
(c) | tromchúis na mí-úsáide, lena n-áirítear cineál an inneachair neamhdhleathaigh, agus na n-iarmhairtí a bhaineann léi; |
(d) | i gcás inar féidir é a shainaithint, rún fhaighteoir na seirbhíse, an duine aonair, an eintitis nó an ghearánaigh. |
4. Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne, ina dtéarmaí agus coinníollacha, a mbeartas maidir leis an mí-úsáid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a leagan amach, ar bhealach soiléir agus mionsonraithe, agus tabharfaidh siad samplaí de na fíorais agus na tosca a chuireann siad san áireamh nuair a dhéanann siad measúnú ar cibé an mí-úsáid atá in iompraíocht áirithe agus fad na fionraíochta.
whereas