search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA cercato: 'céanna' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index céanna:


whereas céanna:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 938

 

Airteagal 17

Ráiteas ar chúiseanna

1.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí óstála ráiteas soiléir sonrach ar chúiseanna ar fáil d’aon fhaighteoir de chuid na seirbhíse dá ndéantar difear le haghaidh aon cheann de na srianta seo a leanas arna bhforchur ar an bhforas gur ábhar mídhleathach í an fhaisnéis arna cur ar fáil ag faighteoir na seirbhíse nó go bhfuil sé neamhréir lena dtéarmaí agus coinníollacha:

(a)

aon srianta ar infheictheacht míreanna sonracha faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, lena n-áirítear inneachar a bhaint anuas, rochtain ar inneachar a dhíchumasú, nó ísliú céime a thabhairt d’inneachar;

(b)

íocaíochtaí airgeadaíochta a chur ar fionraí, a fhoirceannadh nó a shrianadh ar bhealach eile;

(c)

soláthar na seirbhíse a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, ar an iomlán nó i bpáirt;

(d)

cuntas fhaighteoir na seirbhíse a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin i gcás gurb eol don soláthraí na sonraí teagmhála leictreonacha ábhartha. Beidh feidhm aige ón dáta a fhorchuirfear an srian, is cuma cén fáth nó cén chaoi ar forchuireadh é.

Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás inarb inneachar tráchtála, ardéilimh, meabhlach atá san fhaisnéis.

3.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa ráiteas ar chúiseanna dá dtagraítear i mír 1:

(a)

faisnéis maidir le cibé acu an mbaineann an cinneadh leis an bhfaisnéis a bhaint nó, an rochtain ar an bhfaisnéis a dhíchumasú, ísliú céime a thabhairt don fhaisnéis, nó an léargas ar an bhfaisnéis a shrianadh íocaíochtaí airgid a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh a bhaineann leis an bhfaisnéis sin nó bearta eile dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur i leith na faisnéise, agus, i gcás inarb ábhartha, raon feidhme críochach an chinnidh agus an fad a bhaineann leis;

(b)

na fíorais agus na cúinsí a mbraitear orthu agus an cinneadh á dhéanamh, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le cibé an ndearnadh an cinneadh de bhun fógra arna chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 16 nó ar bunaíodh í ar imscrúduithe deonacha féintionscnaimh agus, i gcás inar fíorghá sin, céannacht an fhógróra;

(c)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le húsáid modhanna uathoibrithe chun an cinneadh a ghlacadh, lena n-áirítear faisnéis maidir le cibé ar glacadh leis an gcinneadh i leith inneachar a braitheadh nó a sainaithníodh le modhanna uathoibrithe;

(d)

i gcás ina mbaineann an cinneadh le hinneachar a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach, tagairt don fhoras dlí ar ar braitheadh agus mínithe maidir leis an gcúis a mheastar an fhaisnéis a bheith ina hinneachar neamhdhleathach ar an bhforas sin;

(e)

i gcás ina bhfuil an cinneadh bunaithe ar neamhoiriúnacht líomhnaithe na faisnéise le téarmaí agus coinníollacha sholáthraí na seirbhísí óstála, tagairt don fhoras conarthach ar ar braitheadh agus mínithe maidir leis an gcúis a mheastar an fhaisnéis a bheith ar neamhréir leis an bhforas sin;

(f)

faisnéis shoiléir sholáimhsithe maidir leis na féidearthachtaí maidir le sásamh atá ar fáil d’fhaighteoir na seirbhíse i leith an chinnidh, go háirithe, i gcás inarb ábhartha trí na sásraí inmheánacha um láimhseáil gearán, réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt agus sásamh breithiúnach.

4.   Beidh an fhaisnéis arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí óstála i gcomhréir leis an Airteagal seo soiléir agus intuigthe agus chomh beacht agus chomh sonrach agus is féidir go réasúnach sna himthosca reatha. Beidh an fhaisnéis amhlaidh, go háirithe, ionas go gceadóidh sí go réasúnach d’fhaighteoir na seirbhíse lena mbaineann na féidearthachtaí maidir le sásamh dá dtagraítear i mír 3, pointe (f), a fheidhmiú go héifeachtach.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le haon orduithe dá dtagraítear in Airteagal 9.

Airteagal 22

Comharthóirí iontaofa

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun a áirithiú go dtugtar tosaíocht le fógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa, ag gníomhú dóibh laistigh dá réimse ainmnithe saineolais, trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 16 a phróiseáil agus go ndéanfar cinneadh ina leith gan moill mhíchuí.

2.   Bronnfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe, stádas na “gcomharthóra iontaofa” faoin Rialachán seo, ar iarratas ó aon eintiteas, ar iarratasóir a léirigh go gcomhlíonann sé gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá saineolas agus inniúlacht shonrach aige chun críocha inneachar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus fógra a thabhairt ina leith;

(b)

tá sé neamhspleách ar aon soláthraí ardán ar líne;

(c)

tugann sé faoina ghníomhaíochtaí chun críocha fógraí a chur isteach go dícheallach, go beacht agus go hoibiachtúil.

3.   Foilseoidh comharthóirí iontaofa tuarascálacha mionsonraithe atá intuigthe, uair amháin sa bhliain ar a laghad, ar fhógraí a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 16 le linn na tréimhse ábhartha. Liostófar sa tuarascáil, ar a laghad, líon na bhfógraí arna n-aicmiú de réir an mhéid seo a leanas:

(a)

céannacht sholáthraí na seirbhísí óstála;

(b)

an cineál inneachair a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach ar tugadh fógra ina leith;

(c)

an ghníomhaíocht a rinne an soláthraí.

Áireofar sna tuarascálacha sin míniú ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun a áirithiú go gcoinneoidh an comharthóir iontaofa a neamhspleáchas i gcónaí.

Seolfaidh comharthóirí iontaofa na tuarascálacha sin chuig Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an bhronnta, agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí iad. Ní bheidh sonraí pearsanta san fhaisnéis sna tuarascálacha sin.

4.   Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha in iúl don Choimisiún ainmneacha, seoltaí agus seoltaí ríomhphoist na n-eintiteas ar bhronn siad stádas mar chomharthóirí iontaofa orthu i gcomhréir le mír 2 nó iad siúd ar chuir siad a stádas mar chomharthóir iontaofa ar fionraí 6 nó ar chúlghairm siad a stádas mar chomharthóir iontaofa i gcomhréir le mír 7.

5.   Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí, i bhformáid éasca le rochtain agus inléite ag meaisín, agus coinneoidh sé an bunachar sonraí sin cothrom le dáta.

6.   I gcás ina bhfuil faisnéis ag soláthraí ardán ar líne a léiríonn gur chuir comharthóir iontaofa líon suntasach fógraí nach bhfuil sách beacht, cruinn ná leorbhunaithe trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 16, lena n-áirítear faisnéis a bailíodh i ndáil le próiseáil gearán trí na córais inmheánacha um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagal 20(4), cuirfidh sé an fhaisnéis sin in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas sin mar chomharthóir iontaofa ar an eintiteas lena mbaineann, ag cur na míniúcháin agus na doiciméid tacaíochta is gá ar fáil. Ar an bhfaisnéis sin a fháil ó sholáthraí ardán ar líne agus má mheasann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha go bhfuil cúiseanna dlisteanacha ann imscrúdú a chur ar bun, cuirfear stádas an chomharthóra iontaofa ar fionraí le linn thréimhse an imscrúdaithe. Déanfar an t-imscrúdú sin gan moill mhíchuí.

7.   Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas mar chomharthóir iontaofa an stádas sin a chúlghairm má chinneann sé, tar éis imscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó thríú páirtithe, lena n-áirítear an fhaisnéis a chuir soláthraí ardán ar líne ar fáil de bhun mhír 6, nach gcomhlíonann an t-eintiteas sin na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 a thuilleadh. Sula ndéanfar an stádas sin a chúlghairm, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha deis don eintiteas freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún stádas an eintitis mar chomharthóir iontaofa a chúlghairm.

8.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, treoirlínte a eisiúint, i gcás inar gá, chun cúnamh a thabhairt do sholáthraithe ardán ar líne agus do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha le cur i bhfeidhm mhíreanna 2, 6 agus 7.

Airteagal 30

Inrianaitheacht trádálaithe

1.   Soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a chur i gcrích le trádálaithe, áiritheoidh siad nach féidir le trádálaithe na hardáin ar líne sin a úsáid ach chun teachtaireachtaí a chur chun cinn nó chun táirgí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas má tá an fhaisnéis seo a leanas faighte ag na hardáin ar líne, i gcás inarb infheidhme maidir leis an trádálaí, sula mbaineann siad úsáid as a seirbhísí chun na gcríoch sin:

(a)

ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí;

(b)

cóip de dhoiciméad aitheantais an trádálaí nó aon aitheantas leictreonach eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40);

(c)

mionsonraí chuntas íocaíochta an trádálaí;

(d)

i gcás ina bhfuil an trádálaí cláraithe i gclár trádála nó i gclár poiblí den chineál céanna, an clár trádála ar a bhfuil an trádálaí cláraithe agus a chláruimhir, nó modh coibhéiseach aitheantais an chláir sin;

(e)

féindeimhniúchán ón trádálaí ina ngabhann sé air féin gan ach táirgí nó seirbhísí a chomhlíonann na rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais a thairiscint.

2.   Tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil agus sula dtabharfaidh sé cead don trádálaí lena mbaineann a sheirbhísí a úsáid, déanfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a dhícheall, trí úsáid a bhaint as aon bhunachar sonraí nó comhéadan oifigiúil ar líne a bhfuil rochtain saor in aisce air arna chur ar fáil ag Ballstát nó ag an Aontas nó trí iarrataí a dhéanamh leis an úsáideoir gnó doiciméid tacaíochta ó fhoinsí iontaofa a sholáthar, chun a mheasúnú an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (e), iontaofa agus iomlán. Chun críche an Rialacháin seo, beidh trádálaithe faoi dhliteanas i leith chruinneas na faisnéise a chuirfear ar fáil.

Maidir le trádálaithe a úsáideann seirbhísí soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cheana féin chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 an 17 Feabhra 2024, déanfaidh na soláthraithe a ndícheall an fhaisnéis a liostaítear a fháil ó na trádálaithe lena mbaineann laistigh de 12 mhí. I gcás ina mainneoidh na trádálaithe lena mbaineann an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh den tréimhse sin, cuirfidh na soláthraithe soláthar a gcuid seirbhísí ar fionraí do na trádálaithe sin go dtí go gcuirfidh siad an fhaisnéis ar fad ar fáil.

3.   I gcás ina léirítear go leordhóthanach do sholáthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó ina bhfuil cúiseanna aige lena chreidiúint go bhfuil aon phíosa faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a fuarthas ón trádálaí lena mbaineann míchruinn, neamhiomlán nó gan a bheith cothrom le dáta, iarrfaidh an soláthraí sin ar an trádálaí an cás a leigheas gan mhoill nó laistigh den tréimhse arna leagan síos ag an Aontas agus sa dlí náisiúnta.

I gcás ina mainneoidh an trádálaí an fhaisnéis sin a cheartú nó a chomhlánú, cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe soláthar a sheirbhíse don trádálaí sin ar fionraí go pras i ndáil leis na táirgí nó seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas go dtí go gcomhlíonfar go hiomlán an iarraidh sin.

4.   Gan dochar d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1150, má dhiúltaíonn soláthraí ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cead a thabhairt do thrádálaí a sheirbhís a úsáid de bhun mhír 1, nó ina gcuireann sé soláthar a sheirbhíse ar fionraí de bhun mhír 3 den Airteagal seo, beidh sé de cheart ag an trádálaí lena mbaineann gearán a thaisceadh dá bhforáiltear in Airteagail 20 agus 21 den Rialachán seo.

5.   Stórálfaidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 1 agus 2 ar bhealach slán ar feadh tréimhse 6 mhí tar éis dheireadh an chaidrimh chonarthaigh leis an trádálaí lena mbaineann. Scriosfaidh siad an fhaisnéis ina dhiaidh sin.

6.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, ní nochtfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis do thríú páirtithe ach amháin i gcás ina gceanglaítear air sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear na horduithe dá dtagraítear in Airteagal 10 agus aon orduithe eile arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát nó an Coimisiún chun a gcúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

7.   Cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (d) agus (e) ar fáil ar a ardán ar líne d’fhaighteoirí na seirbhíse, ar bhealach soiléir, inrochtana agus intuigthe. Beidh an fhaisnéis sin ar fáil, ar a laghad, ar chomhéadan ar líne an ardáin ar líne ar a bhfuil an fhaisnéis ar an táirge nó seirbhís curtha i láthair.

Airteagal 32

Ceart chun faisnéise

1.   Gan beann ar na modhanna a úsáidtear, i gcás ina dtuigtear do sholáthraí ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, go bhfuil táirge nó seirbhís neamhdhleathach á dtairiscint ag trádálaí do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas trína chuid seirbhísí, déanfaidh an soláthraí sin, a mhéid a bhfuil a sonraí teagmhála aige, na tomhaltóirí sin a cheannaigh an táirge nó an tseirbhís trína chuid seirbhísí a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil an táirge nó an tseirbhís neamhdhleathach;

(b)

céannacht an trádálaí; agus

(c)

aon mhodh sásaimh ábhartha.

Beidh an oibleagáid a leagtar síos sa chéad fhomhír teoranta do cheannach táirgí nó seirbhísí neamhdhleathacha a rinneadh laistigh de na 6 mhí roimh an nóiméad ar tháinig an soláthraí ar an eolas faoin neamhdhleathacht.

2.   Más rud é, sa chás dá dtagraítear i mír 1, nach bhfuil sonraí teagmhála na dtomhaltóirí uile lena mbaineann ag soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, déanfaidh an soláthraí sin an fhaisnéis a bhaineann leis an táirge nó an tseirbhís neamhdhleathach, céannacht an trádálaí agus aon mhodhanna sásaimh a chur ar fáil go poiblí agus a dhéanamh inrochtana go héasca ar a chomhéadan ar líne.

ROINN 5

Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú

Airteagal 51

Cumhachtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha

1.   I gcás ina bhfuil gá leis chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a fheidhmiú, beidh na cumhachtaí imscrúdaithe seo a leanas ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, maidir le hiompar soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit:

(a)

an chumhacht chun a cheangal ar na soláthraithe sin, agus ar aon duine eile a ghníomhaíonn chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, gnó, ceird nó gairm a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas go réasúnta faoi fhaisnéis a bhaineann le sárú amhrasta an Rialacháin seo, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 37 agus Airteagal 75(2), faisnéis den sórt sin a chur ar fáil gan moill mhíchuí;

(b)

an chumhacht iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh, nó iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát iniúchtaí ar an láthair a ordú, ar aon áitreabh a úsáideann na soláthraithe sin nó na daoine sin chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, gnó, ceird nó gairm, nó a iarraidh ar údaráis phoiblí eile é sin a dhéanamh, chun cóipeanna d’fhaisnéis maidir le sárú amhrasta in aon fhoirm, gan beann ar an modh stórála, a imscrúdú, a urghabháil, a thógáil nó a fháil;

(c)

an chumhacht chun iarraidh ar aon bhall foirne nó ar ionadaí na soláthraithe nó na ndaoine sin míniúcháin a thabhairt maidir le haon fhaisnéis a bhaineann le sárú amhrasta agus na freagraí a thaifeadadh lena dtoiliú trí aon mhodh teicniúil.

2.   I gcás ina bhfuil gá leis chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh, beidh na cumhachtaí imscrúdaithe seo a leanas ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit:

(a)

an chumhacht chun glacadh leis na gealltanais a thairgeann na soláthraithe sin maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo agus na gealltanais sin a chur de cheangal orthu;

(b)

an chumhacht chun ordú a thabhairt sáruithe a scor agus, i gcás inarb iomchuí, leighis atá i gcomhréir leis an sárú agus is gá chun deireadh éifeachtach a chur leis an sárú a ghearradh, nó chun iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát é sin a dhéanamh;

(c)

an chumhacht chun fíneálacha a ghearradh, nó chun iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát sin a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 52 i gcás ina mainnítear an Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear le haon cheann de na horduithe imscrúdaitheacha arna n-eisiúint de bhun mhír 1 den Airteagal seo;

(d)

an chumhacht chun íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh, nó chun iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát sin a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 52 chun a áirithiú go ndéantar an sárú a fhoirceannadh i gcomhréir le hordú arna eisiúint de bhun phointe (b) den fhomhír seo nó i gcásanna ina mainnítear na horduithe imscrúdaitheacha a eisíodh de bhun mhír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh;

(e)

an chumhacht chun bearta eatramhacha a ghlacadh, nó chun iarraidh ar an údarás breithiúnach inniúil ina mBallstát é sin a dhéanamh, chun an riosca go ndéanfaí díobháil thromchúiseach a sheachaint.

A mhéid a bhaineann le pointí (c) agus (d) den chéad fhomhír, beidh na cumhachtaí forfheidhmithe a leagtar amach sna pointí sin ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha freisin maidir leis na daoine eile dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina mainnítear aon cheann de na horduithe arna n-eisiúint dóibh de bhun na míre sin a chomhlíonadh. Ní fheidhmeoidh siad na cumhachtaí forfheidhmithe sin ach amháin tar éis an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis na horduithe sin, lena n-áirítear an tréimhse is infheidhme, na fíneálacha nó na híocaíochtaí tréimhsiúla a d’fhéadfaí a ghearradh orthu i gcás neamhchomhlíonta agus féidearthachtaí maidir le sásamh, a sholáthar do na daoine eile sin in am trátha.

3.   I gcás ina bhfuil gá leis chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh, beidh an chumhacht ag na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na bearta seo a leanas a dhéanamh freisin, maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit, i gcás ina bhfuil gach cumhacht eile de bhun an Airteagail seo chun sárú a scor ídithe, agus nach bhfuil an sárú leigheasta fós nó ina bhfuil an sárú ag leanúint ar aghaidh agus ina mbeidh sé ina shiocair le díobháil thromchúiseach nach féidir a sheachaint trí fheidhmiú cumhachtaí eile atá ar fáil faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta:

(a)

a cheangal ar chomhlacht bainistíochta na soláthraithe sin, gan moill mhíchuí, scrúdú a dhéanamh ar an gcás, plean gníomhaíochta a ghlacadh agus a chur isteach ina leagtar amach na bearta is gá chun deireadh a chur leis an sárú, a áirithiú go ndéanann an soláthraí na bearta sin, agus tuairisciú ar na bearta a rinneadh;

(b)

i gcás ina measann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nár chomhlíon soláthraí seirbhísí idirghabhálacha na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a) go leordhóthanach, nach bhfuil an sárú leigheasta nó go bhfuil an sárú ag leanúint ar aghaidh agus é ina shiocair le díobháil thromchúiseach, agus go gcuimsítear cion coiriúil lena mbaineann bagairt do bheatha nó sábháilteacht daoine leis an sárú sin, féadfar iarraidh ar údarás breithiúnach inniúil a Bhallstáit ordú a thabhairt chun srian sealadach a chur ar rochtain fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann an sárú nó, sa chás amháin nach bhfuil sé sin indéanta go teicniúil, srian a chur ar chomhéadan ar líne an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha ar a bhfuil an sárú á dhéanamh.

Iarrfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, ach amháin i gcás ina ngníomhaíonn sé ar iarraidh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 82, sula gcuirfidh sé an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo isteach, ar pháirtithe leasmhara barúlacha i scríbhinn a chur isteach laistigh de thréimhse nach mbeidh níos lú ná 2 sheachtain, ina mínítear na bearta a bheartaíonn sé a iarraidh agus ag sainaithint an tseolaí nó na seolaithe beartaithe. Beidh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha, an seolaí nó na seolaithe beartaithe agus aon tríú páirtí eile a léiríonn leas dlisteanach i dteideal a bheith rannpháirteach sna himeachtaí os comhair an údaráis bhreithiúnaigh inniúil. Beidh aon bheart a ordófar comhréireach le cineál, tromchúis, atarlú agus fad an tsáraithe, gan a bheith ag cur isteach go míchuí ar rochtain na bhfaighteoirí ar fhaisnéis dhleathach maidir leis an tseirbhís lena mbaineann.

Beidh an srian ar rochtain i bhfeidhm go ceann tréimhse 4 seachtaine, faoi réir na féidearthachta don údarás breithiúnach inniúil, cead a thabhairt ina ordú don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha síneadh a chur leis an tréimhse sin le haghaidh tréimhsí breise den fhad céanna, faoi réir uasmhéid síntí a shocróidh an t-údarás breithiúnach sin. Ní chuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteach síneadh leis an tréimhse ach amháin i gcás ina measann sé, ag féachaint do chearta agus leasanna na bpáirtithe uile a ndéanfadh an srian sin difear dóibh agus do na himthosca uile, lena n-áirítear aon fhaisnéis a d’fhéadfadh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha, an seolaí nó na seolaithe agus aon tríú páirtí a léirigh leas dlisteanach a chur ar fáil dó, gur comhlíonadh an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

mhainnigh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha na bearta is gá a dhéanamh chun deireadh a chur leis an sárú;

(b)

ní chuireann an srian sealadach srian míchuí ar an rochtain atá ag faighteoirí na seirbhíse ar fhaisnéis dhleathach, ag féachaint don líon faighteoirí a ndéanfaidh sé difear dóibh agus cibé an bhfuil aon roghanna malartacha atá sásúil agus inrochtana go héasca ann.

I gcás ina measann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den tríú fomhír ach nach féidir leis síneadh eile a chur leis an tréimhse de bhun an tríú fomhír, cuirfidh sé iarraidh nua isteach chuig an údarás breithiúnach inniúil, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b).

4.   Beidh na cumhachtaí a liostaítear i míreanna 1, 2 agus 3 gan dochar do Roinn 3.

5.   Beidh na bearta a ghlacfaidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha i bhfeidhmiú a gcumhachtaí a liostaítear i míreanna 1, 2 agus 3 éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach, ag féachaint do, go háirithe, chineál, tromchúis, atarlú agus fad an neamhchomhlíonta nó an tsáraithe nó an tsáraithe amhrasta lena mbaineann na bearta sin, chomh maith le hacmhainneacht eacnamaíoch, theicniúil agus oibríochtúil sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann i gcás inarb ábhartha.

6.   Déanfaidh na Ballstáit rialacha agus nósanna imeachta sonracha a leagan síos maidir le feidhmiú na gcumhachtaí de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3 agus áiritheoidh siad go bhfuil aon fheidhmiú de na cumhachtaí sin faoi réir coimircí leordhóthanacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta is infheidhme i gcomhréir leis an gCairt agus le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais. Go háirithe, ní dhéanfar na bearta sin ach i gcomhréir leis an gceart maidir le hurraim a thabhairt don saol príobháideach agus do na cearta cosanta, lena n-áirítear an ceart chun éisteachta agus an ceart rochtana ar an gcomhad, agus beidh siad faoi réir cheart na bpáirtithe uile dá ndéantar difear chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil.

Airteagal 56

Inniúlachtaí

1.   Beidh cumhachtaí eisiacha chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh aran Rialacháin seo ag an mBallstát ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lonnaithe, seachas na cumhachtaí dá bhforáiltear i míreanna 2, 3 agus 4.

2.   Beidh cumhachtaí eisiacha ag an gCoimisiún chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar Roinn 5 de Chaibidil III.

3.   Beidh cumhachtaí ag an gCoimisiún chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar an Rialachán seo, seachas iad siúd a leagtar síos i Roinn 5 de Chaibidil III de, in aghaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne.

4.   I gcás nár thionscain an Coimisiún imeachtaí mar gheall ar an sárú céanna, beidh na cumhachtaí ag an mBallstát ina bhfuil príomhbhunaíocht sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lonnaithe maoirseacht a dhéanamh ar oibleagáidí faoin Rialacháin seo agus iad a fhorfheidmiú i leith na soláthraithe sin, seachas iad siúd a leagtar síos i Roinn 5 de Chaibidil III.

5.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún maoirseacht ar fhorálacha an Rialacháin seo agus forfheidhmeoidh siad iad i ndlúthchomhar le chéile.

6.   I gcás soláthraí seirbhísí idirghabhálacha nach bhfuil bunaíocht aige san Aontas, beidh cumhachtaí ag an mBallstát ina bhfuil cónaí ar a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil bunaithe nó ag an gCoimisiún, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo, chun na hoibleagáidí ábhartha faoin Rialacháin seo a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú.

7.   I gcás ina dteipeann ar sholáthraí seirbhísí idirghabhálacha ionadaí dlíthiúil a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 13, beidh cumhachtaí ag gach Ballstát agus, i gcás soláthraí ardán an-mhór ar líne nó innill cuardaigh an-mhór ar líne, ag an gCoimisiún maoirsiú agus forfheidhmiú a dhéanamh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

I gcás ina bhfuil sé i gceist ag Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a chumhachtaí a fheidhmiú faoin mír seo, tabharfaidh sé fógra do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile agus don Choimisiún agus áiritheoidh sé go n-urramófar na coimircí is infheidhme a thugtar faoin gCairt, go háirithe chun nach ngearrfar pionós i gcás an iompair chéanna níos mó ná aon uair amháin as sárú na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún a chumhachtaí a fheidhmiú faoin mír seo, cuirfidh sé an rún sin in iúl do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile go léir. Tar éis dóibh fógra a fháil de bhun na míre seo, ní thionscnóidh Ballstáit eile imeachtaí maidir leis an sárú céanna leis an sárú dá dtagraítear san fhógra.

Airteagal 58

Comhar trasteorann idir na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha

1.   Ach amháin má tá imscrúdú tionscanta ag an gCoimisiún maidir leis an sárú céanna a líomhnaíodh, i gcás ina bhfuil cúis ag Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha i dtír cinn scríbe a bheith amhrasach gur sháraigh soláthraí seirbhíse idirghabhálaí an Rialachán seo ar bhealach a dhéanann difear diúltach d’fhaighteoirí na seirbhíse i mBallstát an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha sin, féadfaidh sé a iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta measúnú a dhéanamh ar an gcás agus na bearta imscrúdaithe agus forfheidhmithe is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

2.   Ach amháin má tá imscrúdú tionscanta ag an gCoimisiún maidir leis an sárú céanna a líomhnaíodh, arna iarraidh sin do thriúr Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar a laghad sa tír cinn scríbe a bhfuil cúiseanna acu amhras a bheith orthu go ndearna soláthraí sonrach seirbhísí idirghabhálacha sárú ar bhealach a dhéanann difear diúltach d’fhaighteoirí na seirbhíse ina mBallstáit, féadfaidh an Bord a iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta measúnú a dhéanamh ar an gcás agus na bearta imscrúdaithe agus forfheidhmithe is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

3.   Tabharfar réasúnú cuí le hiarraidh de bhun mhír 1 nó 2 agus sonrófar ann an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

pointe teagmhála an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann dá bhforáiltear in Airteagal 11;

(b)

tuairisc ar na fíorais ábhartha, forálacha an Rialacháin seo lena mbaineann agus na cúiseanna a bhfuil an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, nó an Bord, amhrasach gur sháraigh an soláthraí an Rialachán seo, lena n-áirítear cur síos ar éifeachtaí diúltacha an tsáraithe a líomhnaíodh;

(c)

aon fhaisnéis eile a mheasann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, nó an Bord, a bheith ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis a bailíodh ar a thionscnamh féin nó moltaí chun bearta imscrúdaithe nó forfheidhmithe sonracha a dhéanamh, lena n-áirítear bearta eatramhacha.

4.   Tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta lánaird ar an iarraidh de bhun mhíreanna 1 nó 2 den Airteagal seo. I gcás ina measann sé nach bhfuil go leor faisnéise aige chun gníomhú de réir na hiarrata agus ina bhfuil cúiseanna aige a mheas go bhféadfadh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, nó an Bord, faisnéis bhreise a sholáthar, féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta faisnéis den sórt sin a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 57 nó, de rogha air sin, féadfaidh sé imscrúdú comhpháirteach a sheoladh de bhun Airteagal 60(1) ina mbeidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha iarrthach ar a laghad rannpháirteach. Cuirfear an tréimhse a leagtar síos i mír 5 den Airteagal seo ar fionraí go dtí go gcuirfear an fhaisnéis bhreise sin ar fáil nó go dtí go ndiúltófar don chuireadh páirt a ghlacadh san imscrúdú comhpháirteach.

5.   Cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 2 mhí ón iarraidh a fháil de bhun mhír 1 nó 2, an measúnú ar an sárú amhrasta in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, agus don Bhord, chomh maith le míniúchán ar aon bheart imscrúdaithe nó forfheidhmithe a rinneadh nó a bheartaítear maidir leis an sárú sin chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

Airteagal 75

Maoirseacht fheabhsaithe ar leigheasanna chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar oibleagáidí a leagtar síos i Roinn 5 de Chaibidil III

1.   Agus cinneadh á ghlacadh aige de bhun Airteagal 73 i ndáil le sárú a bheith déanta ag soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí innill cuardaigh an-mhór ar líne ar aon cheann d’fhorálacha Roinn 5 de Chaibidil III, úsáidfidh an Coimisiún an córas maoirseachta feabhsaithe a leagtar síos san Airteagal seo. Agus é sin á dhéanamh aige, beidh lánaird aige ar aon tuairim ón mBord de bhun an Airteagail seo.

2.   Sa chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 73, cuirfidh an Coimisiún de cheangal ar sholáthraí ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann plean gníomhaíochta a tharraingt suas agus a chur in iúl, laistigh de thréimhse réasúnach a shonrófar sa chinneadh, do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, don Choimisiún agus don Bhord, ina leagfar amach na bearta riachtanacha atá leordhóthanach chun an sárú a fhoirceannadh nó a leigheas. Áireofar sna bearta sin gealltanas go ndéanfar iniúchadh neamhspleách i gcomhréir le hAirteagal 37(3) agus (4) maidir leis na bearta eile a chur chun feidhme, agus sonrófar céannacht na n-iniúchóirí, chomh maith le modheolaíocht agus uainiú an iniúchta agus an obair a dhéanfar ina dhiaidh. Féadfar a áireamh sna bearta freisin, i gcás inarb iomchuí, gealltanas a bheith rannpháirteach i gcód iompair ábhartha dá bhforáiltear in Airteagal 45.

3.   Cuirfidh an Bord a thuairim faoin bplean gníomhaíochta in iúl don Choimisiún laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a fhaigheann sé an plean gníomhaíochta. Laistigh d’aon mhí amháin tar éis dó an tuairim sin a fháil, cinnfidh an Coimisiún an leor na bearta a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta chun an sárú a fhoirceannadh nó a leigheas, agus socróidh sé tréimhse réasúnta chun é a chur chun feidhme. Cuirfear san áireamh sa chinneadh sin an gealltanas a d’fhéadfaí a thabhairt go gcloífear le cóid iompair ábhartha. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta. Chuige sin, cuirfidh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann an tuarascáil iniúchóireachta in iúl don Choimisiún gan moill mhíchuí a luaithe a bheidh fáil uirthi, agus coinneoidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta a dhéanfar chun an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá sin le haghaidh faireachán den sórt sin, a cheangal ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann faisnéis bhreise a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta arna leagan síos ag an gCoimisiún.

Coinneoidh an Coimisiún an Bord agus na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar an eolas maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta, agus maidir leis an bhfaireachán a dhéanfar air.

4.   Féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe Airteagal 76(1), pointe (e), agus Airteagal 82(1), sna cásanna seo a leanas:

(a)

ní sholáthraíonn soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann aon phlean gníomhaíochta, an tuarascáil iniúchóireachta, na nuashonruithe riachtanacha nó aon fhaisnéis bhreise is gá, laistigh den tréimhse is infheidhme;

(b)

diúltaíonn an Coimisiún don phlean gníomhaíochta atá beartaithe toisc go measann sé nach leor na bearta a leagtar amach ann chun an sárú a fhoirceannadh nó a leigheas; nó

(c)

measann an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála iniúchóireachta, aon nuashonruithe nó faisnéis bhreise arna soláthar nó aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dó, nach leor cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta chun deireadh a chur leis an sárú nó chun é a leigheas.

Airteagal 87

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 a thabhairt don Choimisiún go ceann 5 bliana ón 16 Samhain 2022. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.


whereas









keyboard_arrow_down