keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE
ROINN 1
Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha
ROINN 2
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne
ROINN 3
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne
ROINN 4
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe
ROINN 5
Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú
ROINN 6
Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí
CAIBIDIL IV
CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ
ROINN 1
Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta
ROINN 2
Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht
ROINN 3
An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha
ROINN 4
Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne
ROINN 5
Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú
ROINN 6
Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme
CAIBIDIL V
FORÁLACHA DEIRIDH
- agus 115
- seirbhísí 73
- digiteacha 48
- lena 38
- an-mhór 36
- dlí 29
- soláthraithe 29
- bhfuil 28
- chun 26
- líne 26
- leis 24
- gcás 24
- atá 24
- soláthraí 24
- bhun 22
- ordú 22
- idirghabhálacha 22
- faisnéis 22
- airteagal 21
- arna 20
- comhordaitheoir 20
- faoi 20
- iarraidh 19
- mbaineann 19
- sonraí 19
- rochtain 19
- maidir 18
- cuardaigh 18
- t-ordú 17
- amháin 17
- fháil 16
- gcomhréir 16
- eile 16
- faoin 15
- náisiúnta 15
- siad 15
- seirbhíse 15
- infheidhme 14
- leagtar 13
- ardán 13
- line 13
- fhaisnéis 13
- cuirfidh 13
- t-údarás 12
- síos 12
- údarás 12
- chur 12
- déanfaidh 12
- fáil 12
- éifeacht 12
Airteagal 9
Orduithe le gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach
1. Ar ordú a fháil chun gníomhú in aghaidh mír shonrach amháin nó níos mó d’inneachar neamhdhleathach, arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha, ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme i gcomhréir le dlí an Aontais, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha an t-údarás a eisíonn an t-ordú nó aon údarás eile a shonraítear san ordú ar an eolas maidir le haon éifeacht a tugadh don ordú gan moill mhíchuí, ina sonraítear ar tugadh agus cathain a tugadh éifeacht don ordú.
2. Áiritheoidh na Ballstáit nuair a tharchuirfear ordú dá dtagraítear i mír 1 chuig an soláthraí, go gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha seo a leanas, ar a laghad:
(a) | tá na gnéithe seo a leanas san ordú sin:
|
(b) | tá raon feidhme críochach an ordaithe sin, ar bhonn na rialacha is infheidhme san Aontas agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear an Chairt, agus, i gcás inarb ábhartha, prionsabail ghinearálta an dlí idirnáisiúnta, teoranta don mhéid atá riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach; |
(c) | déantar an t-ordú a tharchur i gceann de na teangacha a dhearbhaigh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha de bhun Airteagal 11(3) nó i dteanga oifigiúil eile de chuid na mBallstát, arna comhaontú idir an t-údarás a eisíonn an t-ordú agus an soláthraí sin, agus cuirtear é chuig an bpointe teagmhála leictreonach, arna ainmniú ag an soláthraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 11; i gcás nach bhfuil an t-ordú dréachtaithe sa teanga atá dearbhaithe ag an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha nó i dteanga eile arna comhaontú go déthaobhach, féadfar an t-ordú a tharchur i dteanga an údaráis a eiseoidh an t-ordú, ar choinníoll go bhfuil aistriúchán go teanga den sórt sin arna dearbhú nó arna comhaontú go déthaobhach de na heilimintí a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo ar a laghad ag gabháil leis. |
3. Déanfaidh an t-údarás a eiseoidh an t-ordú nó, más infheidhme, an t-údarás a shonrófar ann, é a tharchur, chomh maith le haon fhaisnéis a gheofar ó sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha a bhaineann leis an éifeacht a thugtar don ordú sin chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ó bhallstát an údaráis eisiúna.
4. Tar éis dó an t-ordú a fháil ón údarás breithiúnach nó riaracháin, déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit lena mbaineann, cóip de na horduithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur, gan moill mhíchuí, chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile go léir tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 85.
5. Ar a dhéanaí nuair a thugtar éifeacht don ordú nó, i gcás inarb infheidhme, an tráth a sholáthair an t-údarás eisiúna ina ordú, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faighteoir na seirbhíse lena mbaineann a chur ar an eolas faoin ordú a fuarthas agus faoin éifeacht a tugadh dó. Áireofar san fhaisnéis sin a sholáthraítear d’fhaighteoir na seirbhíse ráiteas ar chúiseanna, na féidearthachtaí maidir le sásamh atá ann, agus cur síos ar raon feidhme críochach an ordaithe, i gcomhréir le mír 2.
6. Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar don dlí nós imeachta sibhialta agus coiriúil náisiúnta.
Airteagal 10
Orduithe chun faisnéis a sholáthar
1. Ar ordú a fháil chun faisnéis shonrach a chur ar fáil maidir le faighteoir sonrach aonair amháin nó níos mó den tseirbhís, arna eisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha, ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, gan moill mhíchuí, an t-údarás a eisíonn an t-ordú nó aon údarás eile a shonraítear san ordú a chur ar an eolas go bhfuarthas é agus a chur ar an eolas maidir leis an éifeacht a tugadh don ordú, agus sonróidh sé ar tugadh agus cathain a tugadh éifeacht don ordú.
2. Nuair a tharchuirfear ordú dá dtagraítear i mír 1 chuig an soláthraí, áiritheoidh na Ballstáit gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:
(a) | tá na gnéithe seo a leanas san ordú sin:
|
(b) | ní cheanglaítear ar an soláthraí leis an ordú sin ach amháin faisnéis a chur ar fáil atá bailithe cheana féin chun críocha an seirbhís a sholáthar agus ar faisnéis í atá faoina smacht; |
(c) | déantar an t-ordú sin é a tharchur i gceann de na teangacha a dhearbhaigh soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha de bhun Airteagal 11(3) nó i dteanga oifigiúil eile de chuid na mBallstát, arna comhaontú idir an t-údarás a eisíonn an t-ordú agus an soláthraí, agus cuirtear é chuig an bpointe teagmhála leictreonach, arna ainmniú ag an soláthraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 11; i gcás nach bhfuil an t-ordú dréachtaithe sa teanga atá dearbhaithe ag soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha nó i dteanga eile arna comhaontú go déthaobhach, féadfar an t-ordú a tharchur i dteanga an údaráis a eiseoidh an t-ordú, ar choinníoll go bhfuil aistriúchán go teanga den sórt sin arna dearbhú nó arna comhaontú go déthaobhach de na heilimintí a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo ag gabháil leis. |
3. Déanfaidh an t-údarás a eiseoidh an t-ordú nó, más infheidhme, an t-údarás a shonrófar ann, an t-ordú, chomh maith le haon fhaisnéis a gheofar ó sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha a bhaineann leis an éifeacht a thugtar don ordú sin a tharchur chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ó bhallstát an údaráis eisiúna.
4. Tar éis dó an t-ordú a fháil ón údarás breithiúnach nó riaracháin, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit lena mbaineann, cóip den ordú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur, gan moill mhíchuí, chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha go léir tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 85.
5. Ar a dhéanaí nuair a thugtar éifeacht don ordú, nó, i gcás inarb infheidhme, an tráth a leag an t-údarás eisiúna síos ina ordú, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faighteoir na seirbhíse lena mbaineann a chur ar an eolas faoin ordú a fuarthas agus faoin éifeacht a tugadh dó. Áireofar san fhaisnéis sin a sholáthraítear d’fhaighteoir na seirbhíse, ráiteas ar chúiseanna agus na féidearthachtaí maidir le sásamh atá ann, i gcomhréir le mír 2.
6. Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar don dlí nós imeachta sibhialta agus coiriúil náisiúnta.
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE
ROINN 1
Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha
Airteagal 13
Ionadaithe dlíthiúla
1. Ainmneoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas, i scríbhinn, duine dlítheanach nó duine nádúrtha chun gníomhú ina n-ionadaí dlí i gceann amháin de na Ballstáit ina dtairgeann an soláthraí a sheirbhísí.
2. Sannfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a n-ionadaithe dlí chun go ndéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, an Coimisiún agus an Bord teagmháil leo mar aon le soláthraí den sórt sin nó in ionad soláthraí den sórt sin maidir le gach saincheist is gá chun cinntí arna n-eisiúint i ndáil leis an Rialachán seo a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú. Soláthróidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha na cumhachtaí is gá agus na hacmhainní leordhóthanacha dá n-ionadaí dlí chun a ráthú go mbeidh comhar éifeachtúil tráthúil acu le húdaráis inniúla na mBallstát, leis an gCoimisiún agus leis an mBord agus chun go gcomhlíonfaidh siad cinntí den sórt sin.
3. Beidh ionadaí dlí ainmnithe in ann a bheith faoi dhliteanas mar gheall ar oibleagáidí neamhchomhlíonta faoin Rialachán seo, gan dochar don dliteanas ná do chaingne dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh in aghaidh soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha.
4. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ainm, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin a n-ionadaí dlí in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa bhallstát ina gcónaíonn an t-ionadaí dlí sin nó ina bhfuil sé bunaithe. Áiritheoidh siad go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí, go mbeidh rochtain éasca uirthi, go mbeidh sí cruinn agus go gcoinneofar cothrom le dáta í.
5. Ní bheidh ainmniúchán ionadaí dlí laistigh den Aontas de bhun mhír 1 ionann le bunaíocht san Aontas.
Airteagal 18
Fógra i ndáil le hamhras faoi chionta coiriúla
1. I gcás ina dtugann soláthraí seirbhísí óstála faoi deara go bhfuil aon fhaisnéis is siocair le hamhras gur tharla cion coiriúil lenar bhain bagairt do bheatha nó do shábháilteacht duine nó daoine, nó go bhfuil cion den sórt sin ag tarlú nó gur dóigh go dtarlóidh sé, cuirfidh sé údaráis forfheidhmithe dlí nó bhreithiúnacha an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann ar an eolas faoina amhras agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha uile.
2. I gcás nach féidir le soláthraí seirbhísí óstála an Ballstát lena mbaineann a shainaithint le deimhneacht réasúnta, cuirfidh sé údaráis forfheidhmithe dlí an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe nó ina bhfuil a ionadaí dlí ina chónaí nó bunaithe ar an eolas nó cuirfidh sé Europol ar an eolas, nó iad araon.
Chun críche an Airteagail seo, is éard a bheidh sa bhallstát lena mbaineann ná an Ballstát a bhfuil amhras gur tharla an cion ann, go bhfuil an cion ag tarlú ann nó gur dóchúil gur ann a tharlóidh an cion, nó an Ballstát ina bhfuil an duine atá faoi amhras ina chónaí nó lonnaithe, nó an Ballstát ina bhfuil íospartach an chiona amhrasta ina chónaí nó lonnaithe.
ROINN 3
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne
Airteagal 40
Rochtain ar shonraí agus grinnscrúdú
1. Cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí ar fáil don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó don Choimisiún, ar iarraidh réasúnaithe a fháil uathu agus laistigh de thréimhse réasúnta, atá sonraithe san iarraidh, ar sonraí iad atá riachtanach chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.
2. Ní úsáidfidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ná an Coimisiún na sonraí ar a bhfaighfear rochtain de bhun mhír 1 ach amháin chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad aird chuí ar chearta agus leasanna soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar line agus faighteoirí na seirbhíse lena mbaineann, lena n-áirítear sonraí pearsanta a chosaint, faisnéis rúnda a chosaint, go háirithe rúin trádála, agus slándáil a seirbhíse a chothabháil.
3. Chun críocha mhír 1, déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne, arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó don Choimisiún, dearadh, loighic agus feidhmiú agus tástáil a gcóras algartamach a mhíniú, lena n-áirítear a gcórais moltaí.
4. Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí ar fáil do thaighdeoirí grinnfhiosraithe a chomhlíonann na ceanglais i mír 8 den Airteagal seo, laistigh de thréimhse réasúnta, mar atá sonraithe san iarraidh, agus é mar aon chuspóir amháin leis an rochtain sin taighde a dhéanamh a chuireann le brath, sainaithint agus tuiscint na rioscaí sistéamacha san Aontas, mar a leagtar amach de bhun Airteagal 34(1), agus leis an measúnú ar leordhóthanacht, éifeachtúlacht agus tionchair na mbeart maolaithe riosca de bhun Airteagal 35.
5. Laistigh de 15 lá tar éis iarraidh dá dtagraítear i mír 4 a fháil, féadfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, an iarraidh a leasú, i gcás ina measann siad nach féidir leo rochtain ar na sonraí a chur ar fáil mar gheall ar cheann amháin den dá chúis seo a leanas:
(a) | níl rochtain acu ar na sonraí; |
(b) | bainfidh leochaileachtaí suntasacha i ndáil le slándáil a seirbhíse nó cosaint faisnéise rúnda, go háirithe rúin trádála, le rochtain a thabhairt ar na sonraí sin. |
6. Ní mór go mbeadh moltaí le haghaidh modh malartach amháin nó níos mó trínar féidir rochtain ar na sonraí a iarradh nó ar shonraí eile atá iomchuí agus leordhóthanach chun críoch na hiarrata sna hiarrataí ar leasú de bhun mhír 2a.
Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta cinneadh faoin iarraidh ar leasú laistigh de 15 lá agus cuirfidh siad an cinneadh sin in iúl do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line agus, i gcás inarb ábhartha, an iarraidh leasaithe agus an tréimhse nua chun an iarraidh a chomhlíonadh.
7. Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí de bhun mhíreanna 1 agus 4 a éascú agus a sholáthar trí chomhéadain iomchuí a shonraítear san iarraidh, lena n-áirítear bunachair sonraí ar líne nó comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár.
8. Ar iarratas cuí-réasúnaithe a fháil ó thaighdeoirí, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta stádas taighdeoirí grinnfhiosraithe a dheonú ar thaighdeoirí den sórt sin le haghaidh an taighde shonraigh dá dtagraítear san iarratas agus iarraidh réasúnaithe ar rochtain ar shonraí do sholáthraí ardáin an-mhór ar line nó do sholáthraí innill cuardaigh an-mhór ar line a eisiúint de bhun mhír 4, i gcás ina léiríonn na taighdeoirí go gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas uile:
(a) | go bhfuil siad cleamhnaithe le heagraíocht taighde mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2019/790; |
(b) | go bhfuil siad neamhspleách ar leasanna tráchtála; |
(c) | go nochtar cistiú an taighde ina n-iarratas; |
(d) | go bhfuil sé d’acmhainneacht acu na ceanglais shonracha maidir le slándáil agus rúndacht sonraí a chomhfhreagraíonn do gach iarraidh a chomhlíonadh agus sonraí pearsanta a chosaint, agus go ndéanann siad cur síos ina n-iarraidh ar na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla atá curtha i bhfeidhm acu chuige sin; |
(e) | go léiríonn a n-iarratas go bhfuil gá lena rochtain ar na sonraí agus na tréimhsí ama arna n-iarraidh le haghaidh chuspóirí a dtaighde, agus go bhfuil siad comhréireach leo, agus go gcuirfidh na torthaí a bhfuiltear ag súil leo leis na cuspóirí a leagtar síos i mír 4; |
(f) | go ndéanfar na gníomhaíochtaí taighde atá beartaithe chun na gcríoch a leagtar síos i mír 2; |
(g) | gur gheall siad a dtorthaí taighde a chur ar fáil go poiblí saor in aisce, laistigh de thréimhse ama réasúnta tar éis thabhairt i gcrích an taighde, faoi réir leasanna fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. |
Tar éis dóibh an t-iarratas de bhun na míre seo a fháil, cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an Coimisiún agus an Bord ar an eolas.
9. Féadfaidh taighdeoirí a n-iarratas a chur faoi bhráid Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bhallstát na heagraíochta taighde a bhfuil siad cleamhnaithe léi freisin. Ar fháil an iarratais de bhun na míre seo dó, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha measúnú tosaigh ar cibé a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na taighdeoirí faoi seach na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 8. Ina dhiaidh sin, cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha lena faoi seach an t-iarratas, in éineacht leis na doiciméid tacaíochta arna gcur isteach ag na taighdeoirí faoi seach agus an measúnú tosaigh chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bhunaíochta cinneadh maidir le stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” a bhronnadh ar thaighdeoir gan moill mhíchuí.
Agus aird chuí á tabhairt ar an measúnú tosaigh a cuireadh ar fáil, is faoi inniúlacht an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta atá an cinneadh deiridh stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” a bhronnadh ar thaighdeoir, de bhun mhír 8.
10. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas mar thaighdeoir grinnfhiosraithe agus a d’eisigh an iarraidh réasúnaithe ar rochtain ar shonraí ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line i bhfabhar taighdeoir grinnfhiosraithe cinneadh a eisiúint lena bhfoirceannfar an rochtain má chinneann sé, tar éis imscrúdaithe, ar a thionscnamh féin nó ar bhonn faisnéis a fuarthas ó thríú páirtithe, nach gcomhlíonann an taighdeoir grinnfhiosraithe na coinníollacha a leagtar amach i mír 8 a thuilleadh, agus cuirfidh sé soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh. Sula bhfoirceannfar an rochtain, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha cead don taighdeoir grinnfhiosraithe freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún an rochtain a fhoirceannadh.
11. Déanfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta ainmneacha agus sonraí teagmhála na ndaoine nádúrtha nó na n-eintiteas ar bhronn siad stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” orthu, i gcomhréir le mír 8, a chur in iúl don Bhord, chomh maith le cuspóir an taighde a ndearnadh an t-iarratas ina leith nó, i gcás go bhfuil rochtain ar na sonraí foirceanta acu i gcomhréir le mír 10, an fhaisnéis sin a chur in iúl don Bhord.
12. Tabharfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain gan moill mhíchuí ar shonraí, lena n-áirítear, i gcás inar féidir sin go teicniúil, sonraí fíor-ama, ar choinníoll go bhfuil na sonraí inrochtana go poiblí ina gcomhéadan ar líne do thaighdeoirí, lena n-áirítear iad siúd atá cleamhnaithe le comhlachtaí, eagraíochtaí agus comhlachais neamhbhrabúis a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 8, pointí (b), (c), (d) agus (e), agus a úsáideann na sonraí go heisiach chun taighde a dhéanamh a chuireann le rioscaí sistéamacha san Aontas a bhrath, a shainaithint agus a thuiscint de bhun Airteagal 34(1).
13. Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na coinníollacha teicniúla a leagan síos faoina bhfuil ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line sonraí a roinnt de bhun mhíreanna 1 agus 4 agus na críocha ar féidir na sonraí a úsáid ina leith. Sna gníomhartha tarmligthe sin, leagfar síos na coinníollacha sonracha faoinar féidir sonraí a roinnt le taighdeoirí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, mar aon le táscairí cuspóireacha ábhartha agus, i gcás inar gá, sásraí comhairleacha neamhspleácha, ag cur cearta agus leasa na soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó na soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line agus fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann san áireamh, lena n-áirítear faisnéis rúnda a chosaint, go háirithe rúin trádála, agus slándáil a seirbhíse a chothabháil.
Airteagal 49
Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha
1. Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó chun bheith freagrach as maoirsiú soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha agus as forfheidhmiú an Rialacháin seo (“údaráis inniúla”).
2. Ainmneoidh na Ballstáit ceann amháin de na húdaráis inniúla mar a gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha. Beidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha freagrach as gach ábhar a bhaineann le maoirsiú agus forfheidhmiú an Rialacháin seo sa bhallstát sin, ach amháin má tá cúraimí nó earnálacha sonracha ar leith sannta ag an mBallstát lena mbaineann d’údaráis inniúla eile. Beidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha freagrach in aon chás as comhordú na n-ábhar sin a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta agus as rannchuidiú le maoirsiú agus forfheidhmiú éifeachtach agus comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais.
Chun na críche sin, comhoibreoidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha le chéile, le húdaráis inniúla náisiúnta eile, leis an mBord agus leis an gCoimisiún, gan dochar don fhéidearthacht do na Ballstáit foráil a dhéanamh do shásraí comhair agus do mhalartuithe tuairimí idir an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha agus na húdaráis náisiúnta eile go tráthrialta i gcás inarb ábhartha le haghaidh feidhmiú a gcúraimí faoi seach.
I gcás ina n-ainmníonn Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó de bhreis ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, áiritheoidh sé go bhfuil cúraimí faoi seach na n-údarás agus an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha sin sainmhínithe go soiléir agus go gcomhoibríonn siad go dlúth agus go héifeachtach agus iad ag feidhmiú a gcúraimí.
3. Ainmneoidh na Ballstáit Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha faoin 17 Feabhra 2024.
Cuirfidh na Ballstáit ainm a n-údaráis inniúil atá ainmnithe mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus faisnéis faoin mbealach ar féidir teagmháil a dhéanamh leis ar fáil go poiblí agus in iúl don Choimisiún agus don Bhord. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann ainm an údaráis inniúil eile dá dtagraítear i mír 2 in iúl don Choimisiún agus don Bhord, chomh maith lena gcúraimí faoi seach.
4. Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar amach in Airteagail 50, 51 agus 56 agus atá infheidhme maidir le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha maidir le haon údarás inniúil eile a ainmníonn Ballstáit de bhun mhír 1 den Airteagal seo freisin.
Airteagal 53
Ceart chun gearán a thaisceadh
Beidh sé de cheart ag faighteoirí na seirbhíse, agus ag aon chomhlacht, eagraíocht nó comhlachas atá faoi shainordú na cearta a thugtar leis an Rialachán seo a fheidhmiú thar a gceann, gearán a thaisceadh in aghaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ina líomhnófar sárú ar an Rialachán seo le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil faighteoir na seirbhíse lonnaithe nó bunaithe. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha measúnú ar an ngearán agus, i gcás inarb iomchuí, tarchuirfidh sé an gearán chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, agus i gcás ina meastar gurb iomchuí, beidh tuairim ag gabháil leis. I gcás ina dtagann an gearán faoi fhreagracht údarás inniúil eile ina bhallstát, tarchuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a fhaigheann an gearán é chuig an údarás sin. Le linn na n-imeachtaí sin, beidh sé de cheart ag an dá pháirtí éisteacht a fháil agus faisnéis iomchuí a fháil faoi stádas an ghearáin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
Airteagal 55
Tuarascálacha gníomhaíochta
1. Tarraingeoidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha tuarascálacha bliantúla suas ar a ngníomhaíochtaí faoin Rialachán seo, lena n-áirítear líon na ngearán a fhaightear de bhun Airteagal 53 agus forléargas ar a gcuid oibre leanúnaí. Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na tuarascálacha bliantúla ar fáil don phobal i bhformáid mheaisín-inléite, faoi réir na rialacha is infheidhme maidir le rúndacht faisnéise de bhun Airteagal 84, agus cuirfidh siad in iúl don Choimisiún agus don Bhord iad.
2. Áireofar faisnéis faoin méid seo a leanas sa tuarascáil bhliantúil freisin:
(a) | líon agus ábhar na n-orduithe chun gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach agus orduithe chun faisnéis arna heisiúint ag aon údarás breithiúnach nó riaracháin de bhallstát an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10 a sholáthar; |
(b) | cur chun feidhme na n-orduithe sin, mar a cuireadh in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha de bhun Airteagail 9 agus 10. |
3. I gcás inar ainmnigh Ballstát roinnt údaráis inniúla de bhun Airteagal 49, áiritheoidh sé go dtarraingeoidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha tuarascáil amháin suas a chumhdaíonn gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil uile agus go bhfaigheann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an fhaisnéis agus an tacaíocht uile is gá chuige sin ó na húdaráis inniúla eile lena mbaineann.
ROINN 2
Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht
Airteagal 65
Oibleagáidí na soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus na n-inneall cuardaigh an-mhór ar líne a fhorfheidhmiú1. Chun na gcríoch imscrúdú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún na cumhachtaí imscrúdaithe a leagtar síos sa Roinn seo a fheidhmiú fiú sula dtionscnóidh sé imeachtaí de bhun Airteagal 66(2). Féadfaidh sé na cumhachtaí sin a fheidhmiú ar a thionscnamh féin nó tar éis dó iarraidh a fháil de bhun mhír 2 den Airteagal seo.
2. I gcás ina mbeidh cúis ag Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bheith in amhras gur sháraigh soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó innill cuardaigh an-mhór ar líne forálacha Roinn 5 de Chaibidil III nó gur sháraigh sé go sistéamach aon cheann d’fhorálacha an Rialacháin seo ar bhealach a dhéanann difear mór d’fhaighteoirí na seirbhíse ina bhallstát, féadfaidh sé iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin, tríd an gcóras comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 85, chun an t-ábhar a mheasúnú.
3. Tabharfar réasúnú cuí le hiarraidh de bhun mhír 2 agus sonrófar ann an méid seo a leanas ar a laghad:
(a) | pointe teagmhála sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann dá bhforáiltear in Airteagal 11; |
(b) | tuairisc ar na fíorais ábhartha, forálacha an Rialacháin seo lena mbaineann agus na cúiseanna a bhfuil an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh amhrasach gur sháraigh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne an Rialachán seo, lena n-áirítear cur síos ar na fíorais a léiríonn gur de chineál córasach é an sárú amhrasta; |
(c) | aon fhaisnéis eile a mheasann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh a bheith ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis arna bailiú ar a thionscnamh féin. |
whereas