keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 3 Airteagal 21 Iarrataí ar fhaisnéis
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
CAIBIDIL II
GEATÓIRÍ
CAIBIDIL III
CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH
CAIBIDIL IV
IMSCRÚDÚ MARGAIDH
CAIBIDIL V
CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- fhaisnéis 11
- agus 10
- sholáthar 9
- atá 6
- coimisiún 5
- iarraidh 5
- airteagal 4
- ghnóthais 4
- cheangal 4
- gnóthas 4
- faisnéis 4
- laistigh 3
- bhforáiltear 3
- nach 3
- teorainn 3
- socróidh 3
- hiarrata 3
- cuspóir 3
- mór 3
- dlí 3
- bunús 3
- shimplí 3
- léireoidh 3
- chomhlachais 3
- ghnóthas 3
- féadfaidh 3
- neamhiomlán 2
- leis 2
- gcuirfidh 2
- mícheart 2
- luafaidh 2
- míthreorach 2
- chun 2
- riachtanach 2
- sonróidh 2
- ceann 2
- thar 2
- gcás 2
- gcuid 2
- freisin 2
- maidir 2
- cinneadh 2
- trí 2
- rochtain 2
- rialachán 2
- algartaim 2
- dualgais 2
- sonraí 2
- tástáil 2
- chomh 2
Airteagal 21
Iarrataí ar fhaisnéis
1. Chun na dualgais atá air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, a cheangal ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas gach faisnéis is gá a sholáthar. Féadfaidh an Coimisiún freisin, trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh, rochtain a cheangal ar aon sonraí nó algartaim de chuid gnóthas agus ar fhaisnéis maidir le tástáil, chomh maith le mínithe orthu a iarraidh.
2. Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á cur chuig gnóthas nó chuig comhlachas gnóthas, déanfaidh an Coimisiún bunús dlí agus cuspóir na hiarrata a lua, sonróidh sé an fhaisnéis atá riachtanach agus socróidh sé an teorainn ama nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di, chomh maith leis na fíneálachadá bhforáiltear in Airteagal 30 is infheidhme as ucht faisnéis atá neamhiomlán, mícheart nó míthreorach a sholáthar.
3. I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún de cheangal ar ghnóthais nó ar chomhlachais ghnóthas faisnéis a sholáthar le cinneadh, luafaidh sé cuspóir agus bunús dlí na hiarrata, sonróidh sé an fhaisnéis atá riachtanach agus socróidh sé an teorainn ama nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di. I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún de cheangal ar ghnóthais rochtain ar aon sonraí, algartaim agus faisnéis maidir le tástáil a sholáthar, luafaidh sé bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, agus socróidh sé an teorainn ama nach mór í a sholáthar laistigh di. Léireoidh sé freisin na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 30 agus léireoidh sé nó forchuirfidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 31. Léireoidh sé a thuilleadh an ceart go ndéanfadh an Chúirt Bhreithiúnais athbhreithniú ar an gcinneadh.
4. Déanfaidh na gnóthais nó na comhlachais ghnóthas nó a gcuid ionadaithe an fhaisnéis a iarraidh a sholáthar thar ceann an ghnóthais nó an chomhlachais ghnóthas lena mbaineann. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
5. Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh údaráis inniúla na mBallstát don Choimisiún an fhaisnéis go léir is gá atá ina seilbh chun na dualgais a shanntar dó leis an Rialachán seo a chur i gcrích.
whereas