keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 31 Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
- 1 Airteagal 32 Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorchur
- 1 Airteagal 45 Athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
CAIBIDIL II
GEATÓIRÍ
CAIBIDIL III
CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH
CAIBIDIL IV
IMSCRÚDÚ MARGAIDH
CAIBIDIL V
CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- airteagal 14
- bhun 11
- tréimhse 10
- cinneadh 8
- leis 7
- agus 7
- tréimhsiúla 6
- chun 6
- theorann 5
- arna 5
- pionósacha 5
- coimisiún 5
- chomhlíonadh 5
- lena 5
- áireamh 4
- sárú 4
- faoi 4
- atá 4
- réir 4
- gcoimisiún 4
- íocaíochtaí 4
- ghnóthas 3
- dhéanamh 3
- íocaíocht 3
- fhaisnéis 3
- phionósach 3
- thréimhsiúil 3
- gcás 3
- fhorchur 3
- ghlacadh 3
- fíneálacha 3
- haghaidh 3
- gníomh 2
- arís 2
- tosófar 2
- áfach 2
- déanamh 2
- teorann 2
- imeachtaí 2
- feidhme 2
- bhí 2
- imeachta 2
- gcomhréir 2
- teorainn 2
- faoin 2
- féadfaidh 2
- cheanglaítear 2
- bheidh 2
- sholáthar 2
- bearta 2
Airteagal 31
Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla nach mó ná 5 % den mheánláimhdeachas domhanda laethúil sa bhliain airgeadais roimhe sin a fhorchur in aghaidh an lae ar ghnóthais, lena n-áirítear geatóirí i gcás inarb infheidhme, agus ar chomhlachais ghnóthas, arna ríomh ón dáta a socraíodh leis an gcinneadh sin, chun iallach a chur orthu:
(a) | na bearta a shonraigh an Coimisiún de bhun cinneadh faoi Airteagal 8(2) a chomhlíonadh; |
(b) | an cinneadh de bhun Airteagal 18(1) a chomhlíonadh; |
(c) | faisnéis atá ceart agus iomlán a sholáthar laistigh den teorainn ama a cheanglaítear de bharr iarrata ar fhaisnéis arna déanamh de bhun Airteagal 21; |
(d) | rochtain ar shonraí, ar algartaim agus ar fhaisnéis faoi thástáil mar fhreagairt ar iarraidh arna déanamh de bhun Airteagal 21(3) a áirithiú agus míniúcháin orthu sin a sholáthar de réir mar a cheanglaítear le cinneadh de bhun Airteagal 21; |
(e) | géilleadh do chigireacht arna hordú le cinneadh a rinneadh de bhun Airteagal 23; |
(f) | cinneadh lena n-ordaítear bearta idirlinne a dhéanamh de bhun Airteagal 24 a chomhlíonadh; |
(g) | gealltanais a ndearnadh ceangailteach de réir dlí iad de bhun Airteagal 25(1) a chomhlíonadh; |
(h) | cinneadh de bhun Airteagal 29(1) a chomhlíonadh. |
2. I gcás inar shásaigh na gnóthais, nó na comhlachais ghnóthas, an oibleagáid a bhí beartaithe a fhorfheidhmiú leis an íocaíocht phionósach thréimhsiúil, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, lena socraítear méid deifnídeach na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla ag figiúr atá níos ísle ná mar a bheadh sé faoin gcinneadh bunaidh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).
Airteagal 32
Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorchur
1. Beidh na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le hAirteagail 30 agus 31 faoi réir thréimhse theorann 5 bliana.
2. Tosófar san áireamh na tréimhse ama ar an lá a dhéanfar an sárú. I gcás sáruithe leanúnacha agus sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, áfach, tosófar san áireamh na tréimhse ama ar an lá a thiocfaidh deireadh leis an sárú.
3. Brisfidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún chun críche imscrúdaithe margaidh nó imeachtaí maidir le sárú an tréimhse theorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Brisfear an tréimhse theorann le héifeacht ón dáta a thabharfar fógra faoin ngníomhaíocht do ghnóthas nó do chomhlachas gnóthas amháin ar a laghad a bhí rannpháirteach sa sárú. Áireofar iad seo a leanas go háirithe leis na gníomhaíochtaí a bhrisfidh áireamh na tréimhse:
(a) | iarrataí ar fhaisnéis ag an gCoimisiún; |
(b) | údaruithe i scríbhinn chun cigireachtaí a dhéanamh arna n-eisiúint dá oifigigh ag an gCoimisiún; |
(c) | tionscnamh imeachta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20. |
4. Tosófar ag áireamh an ama as an nua le gach briseadh. Rachaidh an tréimhse theorann in éag, áfach, ar an lá a bheidh tréimhse arb ionann í agus dhá oiread na tréimhse teorann imithe thart gan fíneáil ná íocaíocht phionósach thréimhsiúil a bheith forchurtha ag an gCoimisiún. Cuirfear síneadh leis an tréimhse sin atá ar aon fhad leis an tréimhse a bhfuil an teorainn ar fionraí lena linn de bhun mhír 5.
5. Cuirfear an tréimhse theorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ar fionraí fad a bheidh an cinneadh ón gCoimisiún faoi réir imeachtaí atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Breithiúnais.
Airteagal 45
Athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais
I gcomhréir le hAirteagal 261 CFAE, tá dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir an Coimisiún fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a chur ar ceal, a laghdú nó a mhéadú.
whereas