(6) Féachann na heisceachtaí agus na teorainneacha dá bhforáiltear sa Treoir seo le cothromaíocht chóir a bhaint amach idir cearta agus leasanna údar agus sealbhóirí cirt eile ar thaobh amháin, agus cearta agus leasanna úsáideoirí ar an taobh eile.
Ní féidir iad a chur i bhfeidhm ach amháin i gcásanna speisialta áirithe nach bhfuil ar neamhréir le gnáthshaothrú na saothar nó an ábhair eile agus nach ndéanann dochar go míréasúnta do leasanna dlisteanacha na sealbhóirí cirt.
- = -
(8) Cumasaíonn teicneolaíochtaí nua an uathanailís ríomhaireachtúil ar fhaisnéis i bhfoirm dhigiteach, amhail téacs, fuaimeanna, íomhánna nó sonraí, ar a dtugtar go ginearálta mianadóireacht téacsanna agus sonraí.
Le mianadóireacht téacs agus sonraí, is féidir méideanna móra faisnéise a phróiseáil d'fhonn eolas nua a ghnóthú agus treochtaí nua a fhionnadh.
Tá teicneolaíochtaí mianadóireachta téacsanna agus sonraí coitianta ar fud an gheilleagair dhigitigh; glactar leis go forleathan, áfach, gur féidir le mianadóireacht téacsanna agus sonraí a bheith chun tairbhe an phobail taighde agus, le linn déanamh amhlaidh tacú le nuálaíocht.
Téann teicneolaíochtaí den sórt sin chun tairbhe na n-ollscoileanna agus na n-eagraíochtaí taighde eile agus na n-institiúidí oidhreachta cultúrtha, ós rud é go bhféadfaidís freisin taighde a chur i gcrích i gcomhthéacs a bpríomhghníomhaíochtaí.
San Aontas, áfach, caithfidh eagraíochtaí agus institiúidí den sórt sin aghaidh a thabhairt ar éiginnteacht dhlíthiúil ó thaobh a mhéid is féidir leo mianadóireacht téacsanna agus sonraí a dhéanamh ar inneachar.
I gcásanna áirithe, le mianadóireacht téacsanna agus sonraí, is féidir gníomhaíochtaí a bheith i gceist atá faoi chosaint ag cóipcheart, ag ceart ar bhunachar sonraí sui generis nó ag an dá rud, go háirithe saothair nó ábhar eile a atáirgeadh, inneachar a asbhaint as bunachar sonraí nó an dá rud, rud a tharlaíonn mar shampla i gcás ina ndéantar na sonraí a normalú le linn phróiseas na mianadóireachta téacsanna agus sonraí.
I gcás nach ann d'eisceacht ná teorainn a bhfuil feidhm aici, tá gá le húdarú ó shealbhóirí cirt chun gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh.
- = -
(9) Is féidir mianadóireacht téacsanna agus sonraí a dhéanamh freisin i ndáil le fíricí nó sonraí nach bhfuil iontu féin agus nach bhfuil á gcosaint ag cóipcheart, agus sna cásanna sin ní bheadh gá le haon údarú faoi dhlí an chóipchirt.
Is féidir cásanna de mhianadóireacht téacsanna agus sonraí a bheith ann freisin nach mbaineann gníomhaíochtaí atáirgthe leo nó cásanna ina dtagann na hatáirgí a dhéantar faoin eisceacht shainordaitheach maidir le gníomhaíochtaí atáirgthe sealadacha dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Threoir 2001/29/CE, ba cheart leanúint d'fheidhm a bheith aici maidir le teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí nach ngabhann cóipeanna a dhéanamh atá lasmuigh de raon feidhme na heisceachta sin léi.
- = -
(14) Maidir le heagraíochtaí taighde agus institiúidí oidhreachta cultúrtha, lena n-áirítear na daoine atá ag gabháil leo, ba cheart iad a bheith cumhdaithe leis an eisceacht i dtaobh mianadóireacht téacsanna agus sonraí maidir le hinneachar a bhfuil rochtain dhleathach acu air.
Ba cheart a thuiscint le rochtain dhleathach go gcumhdaítear rochtain ar inneachar bunaithe ar bheartas um rochtain oscailte nó trí shocruithe conarthacha idir sealbhóirí cirt agus eagraíochtaí taighde nó institiúidí oidhreachta cultúrtha, amhail síntiúis, nó trí mhodhanna dlíthiúla eile.
Mar shampla, i gcásanna síntiúis a ghlacann eagraíochtaí taighde nó institiúidí oidhreachta cultúrtha, ba cheart a mheas go bhfuil rochtain dhleathach ag na daoine atá ag gabháil leis na heagraíochtaí nó institiúidí sin agus atá clúdaithe leis na síntiúis sin.
Ba cheart a chumhdach freisin le rochtain dhleathach rochtain ar inneachar atá ar fáil saor in aisce ar líne.
- = -
(15) I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh sé go gcaithfeadh eagraíochtaí taighde agus institiúidí oidhreachta cultúrtha, mar shampla, i gcás fíorú iardain torthaí taighde eolaíoch, cóipeanna a dhéantar faoin eisceacht a choinneáil chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí a chur i gcrích.
I gcásanna den sórt sin, ba cheart na cóipeanna a stóráil i dtimpeallacht shlán.
Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh, ar an leibhéal náisiúnta agus i ndiaidh plé leis na geallsealbhóirí ábhartha, maidir le tuilleadh socruithe sonracha chun na cóipeanna a choinneáil, lena n-áirítear an cumas comhlachtaí iontaofa a cheapadh chun críche na cóipeanna sin a stóráil.
Ionas nach gcuirfear srian míchuí le cur i bhfeidhm na heisceachta, ba cheart socruithe den sórt sin a bheith comhréireach agus teoranta don mhéid is gá chun na cóipeanna a choinneáil ar bhealach sábháilte agus chun úsáidí neamhúdaraithe a chosc.
Maidir le húsáid chun críche taighde eolaíoch, seachas mianadóireacht téacsanna agus sonraí, amhail athbhreithniú eolaíoch ag piaraí agus taighde comhpháirteach, ba cheart di leanúint de bheith cumhdaithe, i gcás inarb infheidhme, leis an eisceacht nó leis an teorainn dá bhforáiltear i bpointe (a) d'Airteagal 5(3) de Threoir 2001/29/CE.
- = -
(18) Sa bhreis ar an tábhacht atá leo i gcomhthéacs taighde eolaíoch, baineann eintitis phríobháideacha agus eintitis phoiblí araon úsáid fhorleathan as teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí chun anailís a dhéanamh ar mhéideanna móra sonraí i réimsí éagsúla den saol agus ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear le haghaidh seirbhísí rialtais, cinntí casta gnó agus forbairt feidhmchlár nó teicneolaíochtaí nua.
Ba cheart do shealbhóirí cirt leanúint de bheith in ann úsáidí a gcuid saothar nó ábhar eile a cheadúnú, ar saothair agus ábhar eile iad a thagann lasmuigh de raon feidhme na heisceachta sainordaithí dá bhforáiltear sa Treoir seo i dtaobh mianadóireacht téacsanna agus sonraí chun críocha taighde eolaíoch agus na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha atá ann cheana agus dá bhforáiltear i dTreoir 2001/29/CE.
Ag an am céanna, ba cheart aird a thabhairt ar an bhfíoras go bhféadfaí go mbeadh éiginnteacht dhlíthiúil ann d'úsáideoirí teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí i dtaobh an féidir atáirgí agus asbhaintí arna ndéanamh chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí a chur i gcrích ar shaothair nó ar ábhar eile arna rochtain go dleathach, go háirithe nuair nach gcomhlíonann na hatáirgí nó na hasbhaintí arna ndéanamh chun críocha an phróisis theicniúil coinníollacha uile na heisceachta atá ann cheana maidir le gníomhaíochtaí sealadacha atáirgthe dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Treoir 2001/29/CE.
Chun foráil a dhéanamh maidir le breis deimhneachta dlíthiúla i gcásanna den sórt sin agus chun nuálaíocht a spreagadh san earnáil phríobháideach freisin, ba cheart, leis an Treoir seo, foráil a dhéanamh maidir le heisceacht nó le teorainn i gcás atáirgí agus asbhaintí saothar nó ábhair eile, chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí, agus ba cheart cead a thabhairt na cóipeanna a choinneáil a fhad is gá chun críocha na mianadóireachta téacsanna agus sonraí.
- = -
(21) Ba cheart a thuiscint go gcumhdaítear leis an eisceacht nó leis an teorainn dá bhforáiltear sa Treoir seo chun críche léiriú ar mhaithe le teagasc agus chun na críche sin amháin úsáidí digiteacha saothar nó ábhair eile chun tacú leis an teagasc, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí foghlama, chun é a shaibhriú nó chun é a chomhlánú.
Ba cheart dáileadh bogearraí a cheadaítear faoin eisceacht sin nó faoin teorainn sin a bheith teoranta do tharchur digiteach na mbogearraí.
I bhformhór na gcásanna, bheadh le tuiscint as coincheap an léirithe, dá bhrí sin, gur úsáid a bhaintear as codanna nó sleachta amháin atá i gceist, rud nach mbeadh ina mhalairt ar ábhair a cheannach atá beartaithe go príomha don mhargadh oideachais. Agus an eisceacht nó an teorainn á cur chun feidhme, ba cheart na Ballstáit a bheith saor i gcónaí a shonrú, i gcás na gcineálacha éagsúla saothar nó ábhair eile, ar mhodh cothrom, cad é an cion de shaothar nó d'ábhar eile is féidir a úsáid chun críche léiriú ar mhaithe le teagasc agus chun na críche sin amháin.
Ba cheart a thuiscint go bhfuil riachtanais rochtana shonracha daoine faoi mhíchumas i gcomhthéacs an léirithe ar mhaithe le teagasc cumhdaithe in úsáidí a cheadaítear faoin eisceacht nó faoin teorainn.
- = -
(32) Maidir le creat dlíthiúil oiriúnaithe is infheidhme maidir le comhcheadúnú, ní fhéadfaidh sé réiteach a sholáthar i gcomhair na gcásanna ar fad ina mbíonn deacrachtaí ag institiúidí oidhreachta cultúrtha ó thaobh údaruithe uile na sealbhóirí cirt is gá a fháil le haghaidh úsáid saothar agus ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála.
D'fhéadfadh go mbeadh sé sin i gceist, mar shampla, nuair nach ann do chleachtas comhbhainistíochta ceart i gcás cineál áirithe saothar nó ábhar eile nó nuair nach bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta ábhartha ionadaíoch a dóthain do chatagóir na sealbhóirí cirt agus na gceart lena mbaineann.
I gcásanna áirithe den sórt sin, ba cheart go mbeadh institiúidí oidhreachta cultúrtha in ann saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála atá ina mbailiúchán ar líne ar bhonn buan a chur ar fáil ar líne i gcríocha uile an Aontais faoi eisceacht chomhchuibhithe nó faoi theorainn chomhchuibhithe ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara.
Tá sé tábhachtach nach dtarlóidh úsáidí faoin eisceacht sin nó faoin teorainn sin ach amháin i gcás go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe, go háirithe maidir le réitigh cheadúnúcháin a bheith ar fáil.
Níor cheart an easpa comhaontaithe maidir le coinníollacha an cheadúnais a léiriú mar easpa infhaighteachta réiteach ceadúnúcháin.
- = -
(33) Ba cheart solúbthacht a bheith ag na Ballstáit, laistigh den chreat dá bhforáiltear sa Treoir seo, chun rogha a dhéanamh ar chineál sonrach an tsásra ceadúnúcháin a chuirfidh siad ar bun, amhail comhcheadúnú leathnaithe nó toimhdí ionadaíochta, ar mhaithe le húsáid saothar agus ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála ag institiúidí oidhreachta cultúrtha, i gcomhréir lena dtraidisiúin, a gcleachtais nó a gcúinsí dlíthiúla.
Ba cheart freisin go mbeadh solúbthacht ag na Ballstáit maidir leis na ceanglais a chinneadh chun go mbeadh eagraíochtaí comhbhainistíochta ionadaíoch a ndóthain, fad is atá sé sin bunaithe ar líon suntasach de shealbhóirí cirt a bhfuil baint acu leis an gcineál saothar nó ábhair eile agus a bhfuil sainordú tugtha acu maidir leis an gcineál ábhartha úsáide a cheadúnú.
Ba cheart go mbeadh an saor-rogha ag na Ballstáit rialacha sonracha a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le cásanna ina bhfuil níos mó ná eagraíocht chomhbhainistíochta amháin ionadaíoch do na saothair nó ábhar eile is ábhartha, lena gceanglaítear, mar shampla, comhcheadúnais nó comhaontú idir na heagraíochtaí ábhartha a thabhairt i gcrích.
- = -
(38) Agus cinneadh a dhéanamh i dtaobh nach bhfuil saothair no ábhar eile ar fáil ar bhonn tráchtála, ba cheart go mbeadh dícheall réasúnach ag teastáil chun measúnú a dhéanamh an bhfuil fáil ag an bpobal orthu trí na gnáthchainéil tráchtála, agus na saintréithe atá ag saothar nó ábhar eile nó sraith saothar ar leith nó ábhair eile á gcur san áireamh.
Ba cheart go mbeadh an saor-rogha ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le leithdháileadh na bhfreagrachtaí i dtaca leis an dícheall réasúnach sin a dhéanamh.
Níor cheart go mbeadh sa dhícheall réasúnach gníomh atá le déanamh arís agus arís eile thar am, ach ba cheart mar sin féin go gcuirfí san áireamh freisin aon fhianaise atá inrochtana go héasca maidir le saothair nó ábhair eile a bheidh ar fáil go luath trí na gnáthchainéil thráchtála.
Níor cheart go mbeadh gá le measúnú saothar ar shaothar a dhéanamh ach amháin nuair a mheastar go bhfuil sé sin réasúnach i bhfianaise faisnéis ábhartha a bheith ar fáil, na dóchúlachta go mbeidh sé ar fáil ar bhonn tráchtála agus an chostais beartaíochta lena bhfuiltear ag súil.
Ba cheart go ndéanfaí an fíorú ar infhaighteacht saothair nó ábhair eile sa Bhallstát ina bhfuil an institiúid oidhreachta cultúrtha bunaithe, ach amháin má mheastar go bhfuil fíorú trasteorann réasúnach, mar shampla i gcás ina bhfuil faisnéis ar fáil go héasca gur céadfhoilsíodh saothar liteartha i leagan ar leith teanga i mBallstát eile.
I mórán cásanna, d'fhéadfaí stádas sraithe saothar nó ábhair eile mar shraith saothar nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála a chinneadh trí shásra comhréireach, amhail sampláil.
Maidir le saothar nó ábhar eile a bheith ar fáil ar bhonn teoranta, amhail é a bheith ar fáil i siopaí athláimhe, nó go bhféadfaí ceadúnas a fháil go teoiriciúil i gcás saothair nó ábhair eile, níor cheart a mheas gurb ionann an méid sin agus é a bheith ar fáil don phobal trí na gnáthchainéil tráchtála.
- = -
(45) I bhfianaise chineál roinnt úsáidí, mar aon leis an méid mór saothar a bhíonn i gceist de ghnáth, bíonn costas idirbheartaíochta imréiteach na gceart aonair le gach sealbhóir cirt lena mbaineann ró-ard.
Dá thoradh sin, ní dócha, gan sásraí comhcheadúnaithe éifeachtacha, ní dócha go dtarlódh na hidirbhearta uile sna réimsí sin ar gá leo chun go bhféadfaí úsáid a bhaint as na saothair nó ábhar eile sin.
Le comhcheadúnú leathnaithe ag eagraíochtaí comhbhainistíochta agus sásraí comhchosúla, d'fhéadfadh sé a bheith indéanta comhaontuithe a thabhairt i gcrích sna limistéir sin i gcás nach soláthraítear, le comhcheadúnú bunaithe ar údarú ó shealbhóirí cirt, réiteach uileghabhálach lena gcumhdaítear gach saothar agus ábhar eile atá le húsáid.
Comhlánaíonn na sásraí sin comhbhainistíocht na gceart atá bunaithe ar údarú aonair ó shealbhóirí cirt, trí dheimhneacht dhlíthiúil iomlán a thabhairt d'úsáideoirí i gcásanna áirithe.
San am céanna, tugann siad deis do shealbhóirí cirt tairbhiú d'úsáid dhlisteanach a gcuid saothar.
- = -
(47) Tá sé tábhachtach nach gcuirtear na sásraí sin i bhfeidhm ach i limistéir úsáide atá sainithe go maith, i gcásanna inar gnách go mbíonn sé an-deacair agus neamhphraiticiúil údaruithe a fháil ó shealbhóirí cirt ar bhonn aonair sa mhéid agus nach dócha go dtarlódh an t-idirbheart ceadúnúcháin is gá, eadhon ceann a bhaineann le ceadúnas lena gcumhdaítear na sealbhóirí cirt go léir lena mbaineann, de bharr chineál na húsáide nó chineálacha na saothar lena mbaineann.
Ba cheart na sásraí sin a bheith bunaithe ar chritéir atá oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach maidir leis an gcaoi a gcaitear le sealbhóirí cirt, lena n-áirítear sealbhóirí cirt nach comhaltaí den chomheagraíocht bainistíochta iad.
Go háirithe, maidir le sealbhóirí cirt lena mbaineann, i gcás nach náisiúnaigh ná cónaitheoirí iad de Bhallstát an úsáideora a bhfuil ceadúnas á lorg acu, nó i gcás nach bhfuil siad bunaithe ann, níor cheart an fíoras sin ann féin a bheith ina chúis lena mheas go bhfuil imréiteach na gceart chomh trom agus chomh neamhphraiticiúil sin agus go mbeadh údar maith leis na sásraí sin a úsáid.
Tá sé chomh tábhachtach céanna nach ndéanfaidh úsáid ceadúnaithe difear díobhálach do luach eacnamaíoch na gceart ábhartha ná sochair thráchtála shuntasacha a bhaint de shealbhóirí cirt.
- = -
(60) Is minic a fheidhmíonn foilsitheoirí, lena n-áirítear foilsitheoirí preasfhoilseachán, leabhar nó foilseachán eolaíoch agus foilseachán ceoil, ar bhonn aistriú chearta an údair trí bhíthin comhaontuithe conarthacha nó forálacha reachtúla.
Sa chomhthéacs sin, déanann foilsitheoirí infheistíocht d'fhonn na saothair atá ina bhfoilseacháin a shaothrú agus d'fhéadfadh sé i roinnt cásanna go mbainfí ioncam díobh i gcás go n-úsáidfí na saothair sin faoi eisceachtaí nó faoi theorainneacha amhail na cinn le haghaidh cóipeáil phríobháideach agus reipreagrafaíochta, lena n-áirítear na scéimeanna náisiúnta comhfhreagracha atá ann cheana le haghaidh reipreagrafaíocht sna Ballstáit, nó faoi scéimeanna iasachta poiblí.
Roinntear an cúiteamh in úsáidí faoi na heisceachtaí sin idir údair agus foilsitheoirí i roinnt Ballstát.
Chun an staid sin a chur san áireamh agus chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú do gach páirtí lena mbaineann, ceadaíonn an Treoir seo do na Ballstáit a bhfuil scéimeanna maidir le cúiteamh a chomhroinnt idir údair agus foilsitheoirí i bhfeidhm cheana acu na scéimeanna sin a choinneáil.
Tá tábhacht faoi leith ag baint leis sin i gcás na mBallstát sin a raibh na sásraí sin le haghaidh cúiteamh a chomhroinnt acu roimh an 12 Samhain 2015.
I mBallstáit eile, áfach, ní dhéantar cúiteamh a chomhroinnt agus is leis na húdair amháin é, i gcomhréir le beartais chultúrtha náisiúnta.
Cé gur cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ar bhealach neamh-idirdhealaitheach maidir leis na Ballstáit uile, ba cheart na traidisiúin sa réimse sin a urramú leis agus níor cheart a chur d'oibleagáid ar na Ballstáit sin nach bhfuil na scéimeanna sin um chomhroinnt cúitimh i bhfeidhm iontu faoi láthair iad a thabhairt isteach.
Leis an Treoir seo, níor cheart difear a dhéanamh do shocruithe sa Bhallstát atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo maidir le luach saothair i gcomhthéacs iasachtú poiblí.
- = -
(66) Á chur san áireamh go ndéanann soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne rochtain a thabhairt d'inneachar nach iad féin ach a gcuid úsáideoirí a uaslódálann é, is iomchuí foráil do shásra dliteanais sonrach chun críocha na Treorach seo le haghaidh cásanna nach bhfuil údarú ar bith deonaithe ina leith.
Ba cheart go mbeadh sé sin gan dochar do na leigheasanna faoin dlí náisiúnta le haghaidh cásanna seachas dliteanas i gcás sáruithe ar chóipcheart ná don fhéidearthacht ag cúirteanna náisiúnta nó údaráis riaracháin urghairí a eisiúint i gcomhlíonadh dhlí an Aontais. Go háirithe, i gcás an chórais shonraigh is infheidhme i leith soláthraithe seirbhíse nua atá ag comhroinnt inneachar ar líne ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil atá faoi EUR 10 milliún agus nach mó a meánlíon de chuairteoirí uathúla míosúla san Aontas ná 5 mhilliún, níor cheart go ndéanfadh sé difear d'infhaighteacht na leigheasanna faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta.
I gcás nach bhfuil aon údarú deonaithe do na soláthraithe seirbhíse, ba cheart go ndéanfaidís a lándícheall i gcomhréir le hardchaighdeáin an díchill ghairmiúil sa tionscal chun go seachnófaí saothair neamhúdaraithe agus ábhar eile, amhail a bheidh aitheanta ag na sealbhóirí cirt ábhartha, a bheith ar fáil ar a gcuid seirbhísí.
Chun na críche sin, ba cheart do na sealbhóirí cirt faisnéis ábhartha agus riachtanach a sholáthar do na soláthraithe seirbhíse, á chur san áireamh dóibh, i measc tosca eile, líon na sealbhóirí cirt agus cineál a gcuid saothar agus ábhar eile.
Na céimeanna a ghlacann na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne i gcomhar leis na sealbhóirí cirt, níor cheart go leanfadh as go mbeadh cosc á chur ar inneachar neamhsháraitheach a bheith ar fáil, lena n-áirítear úsáid saothar nó ábhar cosanta eile atá clúdaithe ag comhaontú ceadúnaithe nó ag eisceacht nó teorainn ar chóipcheart.
Ar an tslí sin, níor cheart go ndéanfadh sé difear d'úsáideoirí a úsáideann seirbhísí na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne chun faisnéis a uaslódáil agus a rochtain go dleathach ar na seirbhísí sin.
- = -
(69) I gcás ina bhfaigheann soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne údaruithe, lena n-áirítear trí chomhaontuithe ceadúnaithe, chun inneachar atá uaslódáilte ag úsáideoirí na seirbhíse a úsáid ar an tseirbhís, ba cheart go gclúdóidís freisin gníomhaíochtaí ábhartha cóipchirt i leith na n-uaslódálacha ag na húsáideoirí faoi réir raon feidhme an údaraithe a dheonaítear do na soláthraithe seirbhíse, ach é sin amháin i gcásanna ina ngníomhaíonn na húsáideoirí chun críocha neamhthráchtála, amhail a n-inneachar a chomhroinnt gan aon chríoch bhrabúsmhar, nó nuair a nach bhfuil an t-ioncam a ghineann a gcuid uaslódálacha suntasach a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht chóipchirt na n-úsáideoirí atá ábhartha maidir le cóipcheart agus a bhfuil siad clúdaithe ina leith.
Nuair a bhíonn údarú tugtha go sainráite ag sealbhóirí cirt d'úsáideoirí á rá go bhféadfaidh siad saothair nó ábhar eile a uaslódáil nó a chur ar fáil ar sheirbhís atá ag comhroinnt inneachar ar líne, tá an ghníomhaíocht trína ndéantar an tseirbhís a chur i láthair an phobail údaraithe faoi réir bhrí raon feidhme an údaraithe a bheidh deonaithe ag an sealbhóir cirt.
Níor cheart, áfach, go mbeadh aon toimhde ann i bhfabhar na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne sa tuiscint go bhfuil na cearta ábhartha go léir imréitithe ag a gcuid úsáideoirí.
- = -
(73) Ba cheart go mbeadh an luach saothair a fhaigheann údair agus taibheoirí iomchuí agus comhréireach leis an luach eacnamaíoch iarbhír nó féideartha a ghabhann le cearta faoi cheadúnas nó cearta aistrithe, ag cur san áireamh rannchuidiú an údair nó an taibheora i leith an tsaothair ina iomláine nó an ábhair ina iomláine agus imthosca uile an cháis, amhail cleachtais an mhargaidh nó saothrú iarbhír an tsaothair.
Is féidir le híocaíocht chnapshuime a bheith ina luach saothair comhréireach freisin, ach níor cheart gurb é sin a bheadh ann mar riail.
Ba cheart go mbeadh an saoirse ag na Ballstáit cásanna sonracha a shainiú ina bhféadfaí cnapshuimeanna a chur i bhfeidhm ag cur sonraíochtaí gach earnála san áireamh.
Ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag na Ballstáit prionsabal an luacha saothair iomchuí agus chomhréirigh a chur chun feidhme trí shásraí éagsúla atá cheana ann nó a thabharfar isteach as an nua, agus a bhféadfadh cómhargáil nó sásraí eile a bheith san áireamh leo, ar choinníoll go bhfuil na sásraí sin i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais.
- = -
(76) Chun a áirithiú go ndéantar faisnéis a bhaineann leis an saothrú a sholáthar go cuí d'údair agus do thaibheoirí freisin sna cásanna ina bhfuil na cearta faoi fhochonradh chuig páirtithe eile a shaothraíonn na cearta, déanann an Treoir seo an teideal a thabhairt d'údair agus do thaibheoirí, i gcásanna ina bhfuil an fhaisnéis atá ar fáil dóibh soláthraithe ag an gcéad chontrapháirtí conarthach ach nach leor an fhaisnéis a fuarthas chun luach eacnamaíoch a gceart a mheasúnú, faisnéis ábhartha bhreise a iarraidh maidir le saothrú a gceart.
Ba cheart an iarraidh sin a dhéanamh go díreach ar fhocheadúnaithe nó trí chontrapháirtithe conarthacha na n-údar agus na dtaibheoirí..
Ba cheart go bhféadfadh údair agus taibheoirí agus a gcontrapháirtithe conarthacha a chomhaontú go ndéanfaí an fhaisnéis chomhroinnte a choinneáil i modh rúin, ach ba cheart i gcónaí go mbeadh an deis ag údair agus taibheoirí an fhaisnéis chomhroinnte a úsáid chun críche a gcearta faoin Treoir seo a fheidhmiú.
Ba cheart go mbeadh an rogha ag na Ballstáit, i gcomhlíonadh dhlí an Aontais, foráil do bhearta breise trí fhorálacha náisiúnta chun trédhearcacht d'údair agus do thaibheoirí a áirithiú.
- = -
(78) Conarthaí áirithe le haghaidh saothrú na gceart atá comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, gabhann ré fada leo agus is beag deiseanna a bhíonn ann d'údair ná do thaibheoirí iad a athchaibidliú lena gcomhpháirtithe conarthacha nó lena gcomharbaí i dteideal nuair a tharlaíonn sé go mbíonn luach eacnamaíoch na gceart go suntasach níos mó ná an luach a measadh ar dtús báire.
Dá réir sin, gan dochar don dlí is infheidhme maidir le conarthaí sna Ballstáit, ba cheart sásra coigeartaithe luacha saothair a sholáthar maidir le cásanna ina dtiocfaidh an luach saothair arna chomhaontú ar dtús faoi cheadúnas nó faoi chearta a aistriú chun bheith go soiléir díréireach íseal i gcomparáid leis na hioncaim ábhartha a dhíorthaítear ó shaothrú an tsaothair nó fosú an taibhithe ina dhiaidh sin ag contrapháirtí conarthach an údair nó an taibheora.
Ba cheart na hioncaim uile is ábhartha don chás, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, ioncaim mharsantachta, a chur san áireamh le haghaidh measúnú an bhfuil an luach saothar íseal ar bhealach díréireach.
Ba cheart agus an staid á measúnú, na himthosca sonracha a bhaineann le gach cás ar leith a chur san áireamh, lena n-áirítear rannchuidiú an údair nó an taibheora, chomh maith le sainiúlachtaí agus cleachtais luacha saothair na n-earnálacha éagsúla inneachair, agus cibé an bhfuil an conradh bunaithe ar chomhaontú cómhargála.
Ionadaithe údar agus taibheoirí atá sainordaithe go cuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcomhlíonadh dhlí an Aontais, ba cheart go mbeidís in ann cúnamh a thabhairt d'údar nó taibheoir amháin nó níos mó nuair a iarrann siadsan coigeartú ar chonarthaí, ag cur san áireamh dóibh freisin leasanna údair agus taibheoirí eile nuair is ábhartha.
- = -
(86) I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (18), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite.
I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur,
- = -