(37) Agus éagsúlacht na saothar agus ábhair eile i mbailiúcháin na n-institiúidí oidhreachta cultúrtha á breithniú, tá sé tábhachtach go mbeidh na sásraí ceadúnúcháin agus an eisceacht nó an teorainn dá bhforáiltear leis an Treoir seo ar fáil agus gur féidir iad a úsáid i gcleachtas i gcomhair cineálacha éagsúla saothar agus ábhar eile, lena n-áirítear grianghraif, bogearraí, fónagraim, saothair chlosamhairc agus saothair ealaíne uathúla, gan beann ar iad riamh a bheith ar fáil ar bhonn tráchtála.
Féadfar a áireamh ar shaothair nach raibh riamh ar fáil ar bhonn tráchtála póstaeir, bileoga, irisí as na trinsí nó saothair chlosamhairc amaitéaracha, ach chomh maith leis sin saothair nó ábhar eile neamhfhoilsithe, gan dochar d'aon srianta dlíthiúla eile is infheidhme, amhail rialacha náisiúnta maidir le cearta morálta.
I gcás ina bhfuil saothar ar fáil in aon cheann dá leaganacha éagsúla, amhail eagráin iardain de shaothair liteartha agus leaganacha malartacha de shaothair cineamatagrafacha, nó in aon cheann dá léirithe éagsúla, amhail formáidí digiteacha agus clóite den saothar céanna, níor cheart a mheas nach bhfuil an saothar nó ábhar eile sin ar fáil ar bhonn tráchtála.
Os a choinne sin, níor cheart go gcuirfeadh infhaighteacht cóirithe ar bhonn tráchtala, lena n-áirítear leaganacha teanga eile nó cóirithe closamhairc ar shaothar liteartha, cosc ar measúnú a dhéanamh gur saothar nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála i dteanga ar leith é saothar nó ábhar eile.
Chun léiriú a thabhairt ar shainiúlachtaí cineálacha éagsúla saothar agus ábhair eile maidir le modhanna foilsitheoireachta agus dáileacháin agus chun inúsáidteacht na sásraí sin a éascú, tharlódh go gcaithfí nósanna imeachta sonraithe a bhunú chun na sásraí ceadúnúcháin sin a chur i bhfeidhm go praiticiúil, amhail tréimhse ama nach mór a bheith caite ó cuireadh an saothar ar fáil ar bhonn tráchtála den chéad uair.
Is iomchuí go rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le sealbhóirí cirt, le hinstitiúidí oidhreachta cultúrtha agus le heagraíochtaí comhbhainistíochta agus agus riachtanais agus nósanna imeachta den sórt sin á mbunú acu.
- = -
(54) Tá preas saor agus iolraíoch bunriachtanach chun iriseoireacht ardchaighdeáin agus chun rochtain na saoránach ar fhaisnéis a áirithiú.
Soláthraíonn sé tacaíocht bhunúsach don phlé poiblí agus do dhea-oibriú na sochaí daonlathaí.
Tá seirbhísí nua ar líne tagtha chun cinn mar thoradh ar infhaighteacht fhorleathan na bpreasfhoilseachán ar líne, amhail comhbhailitheoirí nuachta nó seirbhísí faireacháin na meán, arb ionann athúsáid na bpreasfhoilseachán dóibh agus cuid thábhachtach dá samhlacha gnó agus foinse ioncaim.
Tá fadhbanna ag foilsitheoirí preasfhoilseachán maidir le ceadúnais a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí den sórt sin maidir le húsáid ar líne a bhfoilseachán, rud a fhágann go bhfuil sé i bhfad níos deacra dóibh a gcuid infheistíochtaí a fhorchúiteamh.
In éagmais foilsitheoirí preasfhoilseachán a aithint mar shealbhóirí cirt, is minic go mbíonn sé casta agus neamhéifeachtúil ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise na gcearta i bpreasfhoilseacháin maidir le húsáidí ar líne sa timpeallacht a cheadúnú agus a fhorfheidhmiú.
- = -
(55) Is gá cúnamh eagraíochtúil agus airgeadais na bhfoilsitheoirí i dtáirgeadh preasfhoilseachán a aithint agus a spreagadh tuilleadh chun inbhuanaitheacht earnáil na foilsitheoireachta a áirithiú agus ar an gcaoi sin infhaighteacht faisnéise iontaofa a chothú.
Is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh ar leibhéal an Aontais maidir le cosaint dlí chomhchuibhithe do phreasfhoilseacháin i leith úsáidí ar líne ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise, gan dochar á dhéanamh do rialacha cóipchirt atá ann faoi láthair i ndlí an Aontais agus atá infheidhme maidir le húsáidí príobháideacha nó neamhthráchtála foilseachán preasa ag úsáideoirí aonair, lena n-áirítear nuair a chomhroinneann na húsáideoirí sin preasfhoilseacháin ar líne.
Ba cheart an chosaint sin a ráthú ar bhealach éifeachtach trí chearta a bhaineann le cóipcheart a thabhairt isteach, i ndlíthe an Aontais, i dtaca le preasfhoilseacháin a atáirgeadh agus a chur ar fáil don phobal, ar preasfhoilseacháin iad arna bhfoilsiú ag foilsitheoirí atá bunaithe i mBallstát, i ndáil le húsáidí ar líne ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise, de réir bhrí Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).
Ba cheart don chosaint dlí do phreasfhoilseacháin dá bhforáiltear leis an Treoir seo dul chun tairbhe foilsitheoirí atá bunaithe i mBallstát agus a bhfuil a n-oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomháit ghnó acu laistigh den Aontas.
- = -
(56) Chun críocha na Treorach seo, is gá an coincheap do phreasfhoilseacháin a shainmhíniú ar bhealach nach gcumhdófaí leis ach foilseacháin iriseoireachta amháin, arna bhfoilsiú i meáin ar bith, lena n-áirítear ar pháipéar, i gcomhthéacs gníomhaíochta eacnamaíche arb ionann í agus soláthar seirbhísí faoi dhlí an Aontais. I measc na bpreasfhoilseachán atá le cumhdach, bheadh, mar shampla, nuachtáin laethúla, irisí seachtainiúla nó míosúla ar ábhair ghinearálta nó shainspéise, lena n-áirítear irisí bunaithe ar shíntiúis, agus suíomhanna gréasáin nuachta.
Saothair liteartha den chuid is mó a bhíonn le fáil i bpreasfhoilseacháin, ach níos mó agus níos mó bíonn cineálacha eile saothar agus ábhair eile le fáil iontu, go háirithe grianghraif agus físeáin.
Níor cheart go gcumhdófaí foilseacháin thréimhsiúla a fhoilsítear chun críocha eolaíocha nó acadúla, amhail irisleabhair eolaíocha, leis an gcosaint a dheonaítear do phreasfhoilseacháin faoin Treoir seo. Níor cheart ach oiread go mbeadh feidhm ag an gcosaint sin maidir le suíomhanna gréasáin, amhail blaganna, a sholáthraíonn faisnéis mar chuid de ghníomhaíocht nach gcuirtear i gcrích faoi thionscnamh, faoi fhreagracht eagarthóireachta agus faoi rialú an tsoláthraí seirbhíse, amhail foilsitheoir nuachta.
- = -
(59) Níor cheart go ndéanfadh an chosaint a dheonaítear d'fhoilsitheoirí preasfhoilseacháin faoin Treoir seo difear do chearta na n-údar agus na sealbhóirí cirt eile i leith na saothar agus ábhar eile arna n-ionchorprú iontu, lena n-áirítear maidir lena mhéid is féidir le húdair agus le sealbhóirí cirt eile a saothair nó ábhar eile a shaothrú go neamhspléach ó phreasfhoilseacháin ina bhfuil siad ionchorpraithe.
Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh foilsitheoirí preasfhoilseacháin in ann an chosaint a dheonaítear dóibh a agairt i gcoinne údar agus sealbhóirí cirt eile nó i gcoinne úsáideoirí údaraithe eile na saothar agus ábhar eile céanna.
Níor cheart dochar a bheith sa mhéid seo do shocruithe conarthacha a thugtar chun críche idir foilsitheoirí preasfhoilseacháin, ar thaobh amháin, agus údair agus sealbhóirí cirt, ar an taobh eile. Údair a bhfuil a saothair ionchorpraithe i bpreasfhoilseachán, ba cheart go mbeidís i dteideal sciar iomchuí de na hioncaim a fhaigheann na foilsitheoirí preasa as úsáid a bpreasfhoilseachán ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise.
Níor cheart dochar a bheith sa mhéid seo do dhlíthe na mBallstát maidir le húinéireacht nó feidhmiú na gceart i gcomhthéacs conarthaí fostaíochta, ar choinníoll go gcomhlíonann siad dlí an Aontais.
- = -
(60) Is minic a fheidhmíonn foilsitheoirí, lena n-áirítear foilsitheoirí preasfhoilseachán, leabhar nó foilseachán eolaíoch agus foilseachán ceoil, ar bhonn aistriú chearta an údair trí bhíthin comhaontuithe conarthacha nó forálacha reachtúla.
Sa chomhthéacs sin, déanann foilsitheoirí infheistíocht d'fhonn na saothair atá ina bhfoilseacháin a shaothrú agus d'fhéadfadh sé i roinnt cásanna go mbainfí ioncam díobh i gcás go n-úsáidfí na saothair sin faoi eisceachtaí nó faoi theorainneacha amhail na cinn le haghaidh cóipeáil phríobháideach agus reipreagrafaíochta, lena n-áirítear na scéimeanna náisiúnta comhfhreagracha atá ann cheana le haghaidh reipreagrafaíocht sna Ballstáit, nó faoi scéimeanna iasachta poiblí.
Roinntear an cúiteamh in úsáidí faoi na heisceachtaí sin idir údair agus foilsitheoirí i roinnt Ballstát.
Chun an staid sin a chur san áireamh agus chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú do gach páirtí lena mbaineann, ceadaíonn an Treoir seo do na Ballstáit a bhfuil scéimeanna maidir le cúiteamh a chomhroinnt idir údair agus foilsitheoirí i bhfeidhm cheana acu na scéimeanna sin a choinneáil.
Tá tábhacht faoi leith ag baint leis sin i gcás na mBallstát sin a raibh na sásraí sin le haghaidh cúiteamh a chomhroinnt acu roimh an 12 Samhain 2015.
I mBallstáit eile, áfach, ní dhéantar cúiteamh a chomhroinnt agus is leis na húdair amháin é, i gcomhréir le beartais chultúrtha náisiúnta.
Cé gur cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ar bhealach neamh-idirdhealaitheach maidir leis na Ballstáit uile, ba cheart na traidisiúin sa réimse sin a urramú leis agus níor cheart a chur d'oibleagáid ar na Ballstáit sin nach bhfuil na scéimeanna sin um chomhroinnt cúitimh i bhfeidhm iontu faoi láthair iad a thabhairt isteach.
Leis an Treoir seo, níor cheart difear a dhéanamh do shocruithe sa Bhallstát atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo maidir le luach saothair i gcomhthéacs iasachtú poiblí.
- = -
(77) Agus an oibleagáid trédhearcachta dá bhforáiltear sa Treoir seo á cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit sainiúlachtaí na n-earnálacha éagsúla a chur san áireamh, amhail na sainiúlachtaí a bhaineann le hearnáil an cheoil, an earnáil closamhairc agus an earnáil foilsitheoireachta agus ba cheart do na geallsealbhóirí ábhartha uile a bheith rannpháirteach nuair a bhíonn ceanglais earnáilsonracha á gcinneadh.
I gcás inarb ábhartha, ba cheart a shuntasaí atá rannchuidiú na n-údar agus na dtaibheoirí sa saothar iomlán nó sa taibhiú iomlán a bhreithniú freisin.
Ba cheart cómhargáil a bhreithniú mar rogha chun teacht ar chomhaontú idir na geallsealbhóirí ábhartha maidir le trédhearcacht, Ba cheart leis na comhaontuithe sin go ndéanfaí an t-ardleibhéal céanna trédhearcachta agus atá mar na híoscheanglais dá bhforáiltear sa Treoir seo a áirithiú d'údair agus do thaibheoirí.
Chun gur féidir na cleachtais tuairiscithe atá ann cheana féin a chur in oiriúint don oibleagáid trédhearcachta, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse.
Níor cheart gur gá an oibleagáid trédhearcachta a chur i bhfeidhm i ndáil le comhaontuithe a dhéanamh idir sealbhóirí cirt agus eagraíochtaí comhbhainistíochta, eintitis bhainistíochta neamhspleácha nó eintitis eile atá faoi réir rialacha náisiúnta lena ndéantar Treoir 2014/26/AE a chur chun feidhme mar go bhfuil na heagraíochtaí nó eintitis sin faoi réir oibleagáidí trédhearcachta cheana féin faoi Airteagal 18 de Threoir 2014/26/AE.
Tá feidhm ag Airteagal 18 de Threoir 204/26/AE maidir le heagraíochtaí a dhéanann bainistiú ar chóipcheart nó ar chearta gaolmhara thar ceann shealbhóir cirt amháin nó níos mó ar mhaithe le tairbhe chomhchoiteann na sealbhóirí cirt sin.
Ba cheart, áfach, i gcás comhaontuithe arna gcaibidliú go haonair agus a thugtar i gcrích idir sealbhóir cirt agus a gcontrapháirtithe conarthacha siúd a bhíonn ag gníomhú chun a leasa féin, go mbeidís faoi réir na hoibleagáide trédhearcachta dá bhforáiltear sa Treoir seo.
- = -