search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA cercato: 'linn' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index linn:


whereas linn:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 1009

 

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘sonraí’ aon léiriú digiteach ar ghníomhartha, ar fhíorais nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, d’fhíorais nó d’fhaisnéis den sórt sin, lena n-áirítear i bhfoirm taifid fuaime, amhairc nó closamhairc;

(2)

ciallaíonn ‘meiteashonraí’ tuairisc struchtúrtha ar ábhar nó úsáid na sonraí lena n-éascaítear aimsiú nó úsáid na sonraí sin;

(3)

ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

(4)

ciallaíonn ‘sonraí neamhphearsanta’ sonraí seachas sonraí pearsanta;

(5)

ciallaíonn ‘táirge nasctha’ earra a fhaigheann, a ghineann nó a bhailíonn sonraí a bhaineann lena úsáid nó lena thimpeallacht, agus atá in ann sonraí táirge a chur in iúl trí sheirbhís cumarsáide leictreonaí, trí rochtain fhisiceach nó trí rochtain ar ghaireas, agus nach é a phríomhfheidhm sonraí a stóráil, a phróiseáil ná a tharchur thar ceann aon pháirtí seachas an t-úsáideoir;

(6)

ciallaíonn ‘seirbhís ghaolmhar’ seirbhís dhigiteach, seachas seirbhís cumarsáide leictreonaí, lena n-áirítear bogearraí, atá nasctha leis an táirge tráth an cheannaigh, an chíosa nó an léasa ar bhealach a gcuirfeadh éagmais na seirbhíse sin cosc ar an táirge nasctha ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna a bhí ag an táirge a dhéanamh, nó atá nasctha ina dhiaidh sin leis an táirge ag an monaróir nó ag tríú páirtí chun cur le feidhmeanna an táirge nasctha, iad a uasdátú nó a oiriúnú;

(7)

ciallaíonn ‘próiseáil’ aon oibríocht nó tacar oibríochtaí a dhéantar ar shonraí nó ar thacair sonraí, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh, nó trí mhodhanna eile lena gcur ar fáil, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

(8)

ciallaíonn ‘seirbhís próiseála sonraí’ seirbhís dhigiteach a sholáthraítear do chustaiméir agus lena gcumasaítear rochtain uileláithreach agus rochtain ar líonra ar éileamh ar chomhthiomsú comhroinnte d’acmhainní ríomhaireachta inchumraithe, inscálaithe agus leaisteach de chineál láraithe, dáilte nó an-dáilte, ar féidir iad a sholáthar go tapa agus a scaoileadh leis an méid is lú iarracht bhainistíochta nó idirghníomhaíocht soláthraithe seirbhíse;

(9)

ciallaíonn ‘cineál céanna seirbhíse’ tacar seirbhísí próiseála sonraí a bhfuil an príomhchuspóir céanna, an tsamhail seirbhíse próiseála sonraí céanna agus na príomhfheidhmeanna céanna acu;

(10)

ciallaíonn ‘seirbhís idirghabhála sonraí’ seirbhís idirghabhála sonraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (AE) 2022/868;

(11)

ciallaíonn ‘ábhar sonraí’ ábhar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

(12)

ciallaíonn ‘úsáideoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil táirge nasctha acu nó ar aistríodh ar bhonn conarthach cearta sealadacha chuig an duine sin chun an táirge nasctha sin a úsáid, nó a fhaigheann seirbhísí gaolmhara;

(13)

ciallaíonn ‘sealbhóir sonraí’ duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil sé de cheart ag an duine sin nó a bhfuil an oibleagáid ar an duine sin, i gcomhréir leis an Rialachán seo, le dlí an Aontais is infheidhme nó leis an reachtaíocht náisiúnta arna glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais, sonraí a úsáid agus a chur ar fáil, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil comhaontú conarthach ina leith ann, sonraí táirge nó sonraí seirbhíse gaolmhaire a d’aisghabh nó a ghin an duine sin le linn seirbhís ghaolmhar a sholáthar;

(14)

ciallaíonn ‘faighteoir sonraí’ duine nádúrtha nó dlítheanach, ag gníomhú chun críocha a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin, seachas úsáideoir táirge nasctha nó seirbhíse gaolmhaire, a gcuireann an sealbhóir sonraí na sonraí ar fáil dó, lena n-áirítear tríú páirtí tar éis iarraidh a fháil ón úsáideoir ar an sealbhóir sonraí nó i gcomhréir le hoibleagáid dhlíthiúil faoi dhlí an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta arna glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais;

(15)

ciallaíonn ‘sonraí táirge’ sonraí a ghintear trí úsáid a bhaint as táirge nasctha ar sonraí iad a dhear an monaróir le bheith in-aisghafa, trí sheirbhís cumarsáide leictreonaí, trí nasc fisiceach nó trí rochtain ar ghaireas, ag úsáideoir, sealbhóir sonraí nó tríú páirtí, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an monaróir;

(16)

ciallaíonn ‘sonraí seirbhíse gaolmhaire’ sonraí lena léirítear digitiú gníomhaíochtaí úsáideoirí nó imeachtaí a bhaineann leis an táirge nasctha, arna dtaifeadadh d’aon ghnó ag an úsáideoir nó a ghintear mar sheachtháirge ghníomhaíocht an úsáideora le linn don soláthraí seirbhís ghaolmhar a sholáthar;

(17)

ciallaíonn ‘sonraí atá ar fáil go héasca’ sonraí táirge agus sonraí seirbhíse gaolmhaire a fhaigheann sealbhóir sonraí go dleathach nó ar féidir le sealbhóir sonraí a fháil go dleathach ón táirge nasctha nó ón tseirbhís ghaolmhar, gan iarracht dhíréireach lena bhfuil níos mó ná oibríocht shimplí i gceist;

(18)

ciallaíonn ‘rún trádála’ rún trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/943;

(19)

ciallaíonn ‘sealbhóir rúin trádála’ sealbhóir rúin trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir (AE) 2016/943;

(20)

ciallaíonn ‘próifíliú’ próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679;

(21)

ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ aon soláthar táirge nasctha lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(22)

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ táirge nasctha a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(23)

ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch nach mbaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm bheatha an duine sin;

(24)

ciallaíonn ‘fiontar’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú, maidir le conarthaí agus cleachtais a chumhdaítear faoin Rialachán seo, chun críoch a bhaineann le ceird, gnó, ealaín nó gairm an duine sin;

(25)

ciallaíonn ‘fiontar beag’ fiontar beag mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;

(26)

ciallaíonn ‘micrifhiontar’ micrifhiontar mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;

(27)

ciallaíonn ‘comhlachtaí an Aontais’ comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais arna mbunú le nó de bhun gníomhartha arna nglacadh ar bhonn an Chonartha ar an Aontas Eorpach, CFAE nó an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach;

(28)

ciallaíonn ‘comhlacht earnála poiblí’ údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla na mBallstát agus comhlachtaí faoi rialú dhlí poiblí na mBallstát, nó comhlachais arna bhfoirmiú ag údarás amháin nó níos mó den chineál sin nó ag comhlacht amháin nó níos mó den chineál sin;

(29)

ciallaíonn ‘éigeandáil phoiblí’ staid eisceachtúil, atá teoranta ó thaobh ama de, amhail éigeandáil sláinte poiblí, éigeandáil a eascraíonn as tubaistí nádúrtha, chomh maith le mórthubaiste de dheasca daoine, lena n-áirítear mórtheagmhas cibearshlándála, a dhéanann difear diúltach do dhaonra an Aontais nó do dhaonra Ballstáit ina iomláine nó cuid de, agus lena bhfuil riosca go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha marthanacha aici ar dhálaí maireachtála nó ar chobhsaíocht eacnamaíoch, ar chobhsaíocht airgeadais, nó díghrádú substaintiúil agus láithreach sócmhainní eacnamaíocha san Aontas nó sa Bhallstát ábhartha agus a chinntear nó a dhearbhaítear go hoifigiúil i gcomhréir leis na nósanna imeachta ábhartha faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta;

(30)

ciallaíonn ‘custaiméir’ duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil caidreamh conarthach ag an duine sin le soláthraí seirbhísí próiseála sonraí chun seirbhís próiseála sonraí amháin nó níos mó a úsáid;

(31)

ciallaíonn ‘cúntóirí fíorúla’ bogearraí lenar féidir éilimh, cúraimí nó ceisteanna a phróiseáil, lena n-áirítear iad sin atá bunaithe ar ionchur fuaime, ionchur scríofa, gothaí nó gluaisne, agus a dhéanann, bunaithe ar na héilimh, na cúraimí nó na ceisteanna sin, rochtain ar sheirbhísí eile a sholáthar nó feidhmeanna na dtáirgí nasctha a rialú;

(32)

ciallaíonn ‘sócmhainní digiteacha’ eilimintí i bhfoirm dhigiteach, lena n-áirítear feidhmchláir, a bhfuil an ceart úsáide ag an gcustaiméir lena n-aghaidh, go neamhspleách ar an gcaidreamh conarthach leis an tseirbhís próiseála sonraí a bhfuil sé beartaithe aige nó aici athrú uaithi;

(33)

ciallaíonn ‘bonneagar TFC san áitreabh’ bonneagar TFC agus acmhainní ríomhaireachta atá faoi úinéireacht, ar cíos nó ar léas ag an gcustaiméir, atá lonnaithe i lárionad sonraí an chustaiméara féin agus atá á n-oibriú ag an gcustaiméir nó ag tríú páirtí;

(34)

ciallaíonn ‘malartú’ an próiseas a bhaineann le soláthraí foinseach seirbhísí próiseála sonraí, custaiméir seirbhíse próiseála sonraí agus, i gcás inarb ábhartha, soláthraí seirbhísí próiseála sonraí cinn scríbe, lena n-athraíonn custaiméir seirbhíse próiseála sonraí ó sheirbhís próiseála sonraí amháin a úsáid go seirbhís próiseála sonraí eile den chineál céanna seirbhíse a úsáid, nó go seirbhís eile, arna tairgeadh ag soláthraí éagsúil seirbhísí próiseála sonraí, nó go bonneagar TFC san áitreabh, lena n-áirítear trí na sonraí a asbhaint, a chlaochlú agus a uaslódáil;

(35)

ciallaíonn ‘muirir imeachta sonraí’ táillí aistrithe sonraí a ghearrtar ar chustaiméirí as a gcuid sonraí a bhaint tríd an líonra ó bhonneagar TFC soláthraí seirbhísí próiseála sonraí chuig córas soláthraí éagsúil nó chuig bonneagar TFC san áitreabh;

(36)

ciallaíonn ‘muirir mhalartaithe’ muirir, seachas táillí seirbhíse caighdeánacha nó pionóis luathfhoirceannta, arna ngearradh ag soláthraí seirbhisí próiseála sonraí ar chustaiméir as na gníomhaíochtaí a shainordaítear leis an Rialachán seo maidir le malartú go córas soláthraí éagsúil nó go bonneagar TFC san áitreabh, lena n-áirítear muirir imeachta sonraí;

(37)

ciallaíonn ‘coibhéis fheidhmiúil’ íosleibhéal feidhmiúlachta a athbhunú, ar bhonn shonraí in-onnmhairithe agus shócmhainní digiteacha an chustaiméara, i dtimpeallacht seirbhíse nua próiseála sonraí den chineál céanna seirbhíse tar éis an phróisis malartaithe, i gcás ina soláthraíonn an tseirbhís próiseála sonraí cinn scríbe toradh atá inchomparáide den chuid is mó mar fhreagairt ar an ionchur céanna le haghaidh feidhmiúlacht chomhroinnte arna soláthar don chustaiméir faoin gconradh;

(38)

ciallaíonn ‘sonraí in-onnmhairithe’, chun críoch Airteagail 23 go 31 agus Airteagal 35, na sonraí ionchuir agus aschuir, lena n-áirítear meiteashonraí, a ghintear go díreach nó go hindíreach, nó a chomhghineann an custaiméir, tríd an úsáid a bhaineann sé as an tseirbhís próiseála sonraí, cé is moite d’aon sócmhainní nó sonraí atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla, nó arb ionann iad agus rún trádála, de chuid sholáthraithe seirbhísí próiseála sonraí nó de chuid tríú páirtithe;

(39)

ciallaíonn ‘conradh cliste’ ríomhchlár a úsáidtear chun comhaontú nó cuid de chomhaontú a chur i gcrích go huathoibríoch, trí sheicheamh taifead sonraí leictreonacha a úsáid agus lena n-áirithítear a sláine agus cruinneas a n-ordaithe chróineolaíoch;

(40)

ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ dhá cheann nó níos mó de spásanna sonraí nó de líonraí, córais, táirgí nasctha, feidhmchláir, seirbhísí próiseála sonraí nó comhpháirteanna cumarsáide a bheith in ann sonraí a mhalartú agus a úsáid chun a gcuid feidhmeanna a dhéanamh;

(41)

ciallaíonn ‘sonraíocht idir-inoibritheachta oscailte’ sonraíocht theicniúil i réimse na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide atá dírithe ar fheidhmíocht maidir le hidir-inoibritheacht a bhaint amach idir seirbhísí próiseála sonraí;

(42)

ciallaíonn ‘sonraíochtaí coiteanna’ doiciméad, seachas caighdeán, ina bhfuil réitigh theicniúla lena gcuirtear modh ar fáil chun ceanglais agus oibleagáidí áirithe arna mbunú faoin Rialachán seo a chomhlíonadh;

(43)

ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

CAIBIDIL II

COMHROINNT SONRAÍ GNÓLACHT LE TOMHALTÓIR AGUS GNÓLACHT LE GNÓLACHT

Airteagal 3

Oibleagáid sonraí táirge agus sonraí seirbhísí gaolmhara a dhéanamh inrochtana don úsáideoir

1.   Déanfar táirgí nasctha a dhearadh agus a mhonarú, agus déanfar táirgí gaolmhara a dhearadh agus a chur ar fáil, i gcaoi go mbeidh, trí réamhshocrú, fáil ar shonraí an táirge agus na sonraí seirbhíse gaolmhaire go héasca, lena n-áirítear na meiteashonraí is gá chun na sonraí sin a léirmhíniú agus a úsáid, go mbeidh siad saor in aisce, i bhformáid atá cuimsitheach, struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá meaisín-inléite, agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb féidir go teicniúil, go gcuirfear ar fáil go díreach don úsáideoir iad.

2.   Sula dtabharfar i gcrích conradh chun táirge nasctha a cheannach, a fháil ar cíos nó ar léas, cuirfidh an díoltóir, cíosóir nó léasóir - féadfaidh an monaróir a bheith in aon cheann díobh - an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar fáil don úsáideoir, ar bhealach atá soiléir agus sothuigthe:

(a)

cineál, formáid agus toirt mheasta na sonraí táirge a d’fhéadfadh an táirge nasctha a ghiniúint;

(b)

an dóchúlacht go mbeadh táirge nasctha in ann sonraí a ghiniúint go leanúnach agus i bhfíor-am;

(c)

an dóchúlacht go mbeidh an táirge nasctha in ann sonraí a stóráil ar ghaireas nó ar chianfhreastalaí, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, fad na tréimhse coinneála;

(d)

an chaoi a gheobhaidh an t-úsáideoir rochtain ar na sonraí sin, an chaoi a n-aisghabhfaidh an t-úsáideoir na sonraí nó, i gcás inarb ábhartha, an chaoi a scriosfaidh an t-úsáideoir na sonraí, lena n-áirítear na modhanna teicniúla chun é sin a dhéanamh, mar aon lena dtéarmaí úsáide agus a gcáilíocht seirbhíse.

3.   Sula dtabharfar conradh i gcrích chun seirbhís ghaolmhar a sholáthar, cuirfidh soláthraí seirbhíse gaolmhaire den sórt sin an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar fáil don úsáideoir, ar bhealach atá soiléir agus sothuigthe:

(a)

cineál, toirt mheasta agus minicíocht bailiúcháin na sonraí táirge a bhfuil súil go bhfaighidh an sealbhóir ionchasach sonraí iad agus, i gcás inarb ábhartha, na socruithe lena bhféadfaidh an t-úsáideoir rochtain a fháil ar na sonraí sin nó iad a aisghabháil, lena n-áirítear socruithe stórála an tsealbhóra ionchasaigh sonraí agus fad na coinneála;

(b)

cineál agus méid measta na sonraí seirbhíse gaolmhaire atá le giniúint, mar aon leis na socruithe lena bhféadfaidh an t-úsáideoir rochtain a fháil ar na sonraí sin nó iad a aisghabháil, lena n-áirítear socruithe stórála sonraí an tsealbhóra ionchasaigh sonraí agus fad na coinneála;

(c)

an bhfuil an sealbhóir ionchasach sonraí ag súil go n-úsáidfidh sé nó sí féin na sonraí atá ar fáil go héasca agus na cuspóirí a úsáidtear na sonraí sin, agus an bhfuil sé ar intinn aige cead a thabhairt do thríú páirtí amháin nó níos mó na sonraí a úsáid chun críocha arna gcomhaontú leis an úsáideoir;

(d)

céannacht an tsealbhóra ionchasaigh sonraí, cuir i gcás an t-ainm trádála agus an seoladh geografach ag a bhfuil sé bunaithe agus, i gcás inarb infheidhme, páirtithe eile próiseála sonraí;

(e)

an modh cumarsáide a ligfidh don úsáideoir teagmháil a dhéanamh leis an sealbhóir ionchasach sonraí go tapa agus cumarsáid a dhéanamh leis an sealbhóir sonraí sin go héifeachtúil;

(f)

conas is féidir leis an úsáideoir a iarraidh go roinnfear na sonraí le tríú páirtí, agus, i gcás inarb infheidhme, deireadh a chur leis an gcomhroinnt sonraí;

(g)

ceart an úsáideora gearán a dhéanamh lena gcuirtear sárú ar aon cheann de fhorálacha na Caibidle seo in iúl don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37;

(h)

an dóchúlacht gur sealbhóir na rúin trádála atá sna sonraí atá inrochtana ón táirge nasctha nó a ghinfear le linn an ama a sholáthrófar seirbhís ghaolmhar é an sealbhóir ionchasach sonraí, agus, i gcás nach ionann sealbhóir ionchasach na sonraí agus an sealbhóir rúin trádála, céannacht an tsealbhóra rún trádála;

(i)

fad an chonartha idir an t-úsáideoir agus an sealbhóir ionchasach sonraí chomh maith leis na socruithe chun comhaontú den sórt sin a fhoirceannadh.

Airteagal 13

Téarmaí conarthacha éagóracha a fhorchuirtear go haontaobhach ar fhiontar eile

1.   Téarma conarthach a bhaineann le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí nó an dliteanas agus na leigheasanna i leith sárú nó foirceannadh oibleagáidí a bhaineann le sonraí agus a d’fhorchuir fiontar go haontaobhach ar fhiontar eile, ní bheidh sé ina cheangal ar an bhfiontar deiridh sin más rud é go bhfuil sé éagórach.

2.   Ní mheasfar gur téarma éagórach téarma conarthach a léiríonn forálacha sainordaitheacha dhlí an Aontais, nó forálacha de dhlí an Aontais a mbeadh feidhm acu mura rialaigh na téarmaí conarthacha an t-ábhar.

3.   Tá téarma conarthach éagórach más de chineál é a n-imíonn a úsáid go mór ó dhea-chleachtas tráchtála maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí, a bheadh contrártha le meon macánta agus cóirdhéileáil.

4.   Go háirithe, beidh téarma conarthach éagórach chun críoch mír 3, más é an méid seo a leanas is cuspóir nó is éifeacht dó:

(a)

dliteanas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach maidir le gníomhartha intinneacha nó le mórfhaillí a eisiamh nó a theorannú;

(b)

maidir leis an bpáirtí ar a ndearnadh an téarma a fhorchur go haontaobhach i gcás neamh-chomhlíonadh oibleagáidí conarthacha, na leigheasanna atá ar fáil don pháirtí sin a eisiamh nó maidir le dliteanas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach i gcás sárú ar na hoibleagáidí sin, an dliteanas sin a eisiamh;

(c)

an ceart eisiach a thabhairt don pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil na sonraí a sholáthraítear i gcomhréir leis an gconradh nó aon téarma conarthach a léirmhíniú.

5.   Glacfar leis go bhfuil téarma conarthach éagórach chun críoch mír 3 más é an méid seo a leanas is cuspóir nó is éifeacht dó:

(a)

srian míchuí a chur le leigheasanna i gcás neamh-chomhlíonadh oibleagáidí conarthacha nó dliteanais i gcás sárú ar na hoibleagáidí sin, nó dliteanas an fhiontair ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach a leathnú;

(b)

go dtugtar cead don pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach sonraí an pháirtí chonarthaigh eile a rochtain agus a úsáid ar bhealach a dhéanfadh dochar suntasach do leasanna dlisteanacha an pháirtí chonarthaigh eile, go háirithe nuair a bheidh sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de sna sonraí sin nó atá faoi chosaint ag rúin trádála nó ag cearta maoine intleachtúla;

(c)

go gcuirtear cosc ar an bpáirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach na sonraí a sholáthair an páirtí sin nó a ghin sé nó sí a úsáid le linn thréimhse an chonartha, nó úsáid na sonraí sin a theorannú a mhéid nach bhfuil an páirtí sin i dteideal na sonraí sin a úsáid, a ghabháil, a rochtain nó a rialú nó luach na sonraí sin a shaothrú ar bhealach leordhóthanach;

(d)

cosc a chur ar an bpáirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach comhaontú a fhoirceannadh laistigh de thréimhse réasúnach;

(e)

go gcuirtear cosc ar an bpáirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach cóip de na sonraí a sholáthair an páirtí sin nó a ghin sé nó sí a fháil le linn thréimhse an chonartha nó laistigh de thréimhse réasúnta tar éis fhoirceannadh an chonartha;

(f)

maidir leis an bpáirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach, a chumasú don pháirtí sin an conradh a fhoirceannadh ar ghearrfhógra míréasúnta agus aird á tabhairt ar aon féidearthacht réasúnach an pháirtí chonarthaigh eile athrú go seirbhís mhalartach inchomparáide agus an dochar airgeadais a dhéanann an foirceannadh sin, ach amháin i gcás ina bhfuil forais thromchúiseacha ann chun é sin a dhéanamh;

(g)

a chur ar chumas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach chun an praghas a shonraítear sa chonradh a athrú go substaintiúil nó aon choinníoll substainteach eile a bhaineann le cineál, formáid, cáilíocht nó cainníocht na sonraí atá le comhroinnt, i gcás nach sonraítear sa chonradh aon chúis bhailí agus gan cheart an pháirtí eile an conradh a fhoirceannadh i gcás athrú den sórt sin.

Ní dhéanfaidh pointe (g) den chéad fhomhír difear do théarmaí lena bhforchoimeádann an páirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach an ceart chun téarmaí conartha a athrú go haontaobhach d’fhad neamhchinntithe, ar choinníoll gur sonraíodh cúis bhailí le hathruithe aontaobhacha den sórt sin sa chonradh, go gceanglaítear ar an bpáirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach fógra réasúnach a thabhairt don pháirtí conarthach eile maidir le haon athrú beartaithe den sórt sin, agus go bhfuil sé de shaoirse ag an bpáirtí conarthach eile an conradh a fhoirceannadh gan aon chostas i gcás athraithe.

6.   Measfar téarma conarthach a bheith forchurtha go haontaobhach de réir bhrí an Airteagail seo más rud é gur sholáthair páirtí conarthach amháin é agus nach raibh an páirtí conarthach eile in ann tionchar a imirt ar a inneachar in ainneoin iarracht a dhéanamh é a chaibidil. An páirtí conarthach a sholáthair an téarma conarthach, tá sé d'ualach air a chruthú nach ndearnadh an téarma sin a fhorchur go haontaobhach. Ní fhéadfaidh an páirtí conarthach a sholáthair an téarma conarthach faoi chonspóid argóint a dhéanamh gur téarma éagórach é an téarma conarthach.

7.   I gcás inar féidir an téarma conarthach éagórach a dhealú ón gcuid eile de théarmaí an chonartha, beidh na téarmaí atá fágtha ceangailteach.

8.   Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le téarmaí conarthacha lena sainítear príomhábhar an chonartha ná i ndáil le leordhóthanacht an phraghais, mar a bhí i gcoinne na sonraí a soláthraíodh sa mhalartú.

9.   Ní bheidh na páirtithe i gconradh a chumhdaítear le mír 1 cur i bhfeidhm an Airteagail seo a eisiamh, maolú air ná a éifeachtaí a athrú.

CAIBIDIL V

SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DO NA COMHLACHTAÍ EARNÁLA POIBLÍ, DON CHOIMISIÚN, DON BHANC CEANNAIS EORPACH AGUS DO CHOMHLACHTAÍ DE CHUID AN AONTAIS AR BHONN RIACHTANAIS EISCEACHTÚIL

Airteagal 21

Sonraí a fhaightear i gcomhthéacs riachtanas eisceachtúil a chomhroinnt le heagraíochtaí taighde nó le comhlachtaí staidrimh

1.   Beidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais i dteideal sonraí a fhaightear faoin gCaibidil seo a chomhroinnt:

(a)

le daoine aonair nó le heagraíochtaí d’fhonn taighde eolaíoch nó anailísíocht a dhéanamh atá comhoiriúnach leis an gcuspóir ar iarradh na sonraí; nó

(b)

le hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus Eurostat chun staidreamh oifigiúil a sholáthair.

2.   Gníomhóidh na daoine aonair nó na heagraíochtaí a gheobhaidh na sonraí de bhun mhír 1 ar bhonn neamhbhrabúis nó i gcomhthéacs misin leasa phoiblí atá aitheanta i ndlí an Aontais nó i ndlí náisiúnta. Ní áireofar orthu eagraíochtaí a bhfuil tionchar suntasach ag gnóthais tráchtála orthu, ar dóigh dóibh rochtain fhabhrach ar thorthaí an taighde a bheith mar thoradh orthu.

3.   Comhlíonfaidh daoine aonair nó eagraíochtaí a fhaigheann na sonraí de bhun mhír 1 den Airteagal seo na hoibleagáidí céanna atá infheidhme maidir leis na comhlachtaí earnála poiblí, leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlachtaí de chuid an Aontais de bhun Airteagal 17(3) agus Airteagal 19.

4.   D’ainneoin Airteagal 19(1), pointe (c), féadfaidh daoine aonair nó eagraíochtaí a fhaigheann na sonraí de bhun mhír 1 den Airteagal seo na sonraí arna bhfáil chun na críche ar iarradh na sonraí ina leith a choinneáil ar feadh suas le 6 mhí tar éis do na comhlachtaí earnála poiblí, don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach agus do chomhlachtaí de chuid an Aontais na sonraí a léirscriosadh.

5.   I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag comhlacht earnála poiblí, ag an gCoimisiún, ag an mBanc Ceannais Eorpach nó ag comhlacht de chuid an Aontais sonraí a tharchur nó a chur ar fáil faoi mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra gan mhoill mhíchuí don sealbhóir sonraí óna bhfuarthas na sonraí, agus luafaidh sé céannacht agus sonraí teagmhála na heagraíochta nó an duine aonair a fhaigheann na sonraí, an cuspóir atá leis na sonraí a tharchur nó a chur ar fáil, an tréimhse ar lena linn a bheidh na sonraí le húsáid agus na bearta teicniúla cosanta agus eagraíochtúla a rinneadh, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh sonraí pearsanta nó rúin trádála i gceist. I gcás nach n-aontaíonn an sealbhóir sonraí le tarchur nó le cur ar fáil sonraí, féadfaidh sé gearán a dhéanamh leis an údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 den Bhallstát ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe.

Airteagal 25

Téarmaí conarthacha a bhaineann le malartú éifeachtach

1.   Maidir le cearta an chustaiméara agus oibleagáidí an tsoláthraí seirbhísí próiseála sonraí i ndáil le malartú idir soláthraithe na seirbhísí sin nó, i gcás inarb infheidhme, chuig bonneagar TFC san áitreabh, leagfar amach go soiléir iad i gconradh i scríbhinn. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí an conradh sin ar fáil don chustaiméir sula síneofar an conradh ar bhealach a scaoileann leis an gcustaiméir an conradh a stóráil agus a atáirgeadh.

2.   Gan dochar do Threoir (AE) 2019/770, áireofar sa chonradh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

clásail lena gceadaítear don chustaiméir, arna iarraidh sin dó, malartú chuig seirbhís próiseála sonraí a thairgeann soláthraí éagsúil seirbhísí próiseála sonraí nó na sonraí agus na sócmhainní digiteacha in-onnmhairithe uile a phortáil chuig bonneagar TFC san áitreabh, gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná an idirthréimhse uasta éigeantach 30 lá féilire, a thosófar tar éis na huastréimhse fógra dá dtagraítear i bpointe (d), ar lena linn a bhfuil an conradh seirbhíse fós infheidhme agus ar lena linn a dhéanfaidh an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí an méid seo a leanas:

(i)

cúnamh réasúnach a sholáthar don chustaiméir agus do na tríú páirtithe atá údaraithe ag an gcustaiméir sa phróiseas malartaithe;

(ii)

gníomhú le cúram cuí chun leanúnachas gnó a chothabháil, agus leanúint de na feidhmeanna nó na seirbhísí faoin gconradh a sholáthar;

(iii)

faisnéis shoiléir a sholáthar maidir le rioscaí aitheanta do leanúnachas i soláthar na bhfeidhmeanna nó na seirbhísí ar thaobh sholáthraí foinseach na seirbhísí próiseála sonraí;

(iv)

a áirithiú go gcoinneofar ardleibhéal slándála le linn an phróisis malartaithe, go háirithe slándáil na sonraí le linn a n-aistrithe agus slándáil leanúnach na sonraí le linn na tréimhse aisghabhála a shonraítear i bpointe (g), i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

(b)

oibleagáid ar sholáthraí na seirbhísí próiseála sonraí tacú le straitéis scoir an chustaiméara atá ábhartha do na seirbhísí atá ar conradh, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis ábhartha uile a sholáthar;

(c)

clásal ina sonraítear go measfar an conradh a bheith foirceanta agus go dtabharfar fógra don chustaiméir faoin bhfoirceannadh, i gceann de na cásanna seo a leanas:

(i)

i gcás inarb infheidhme, ar an bpróiseas malartaithe a thabhairt chun críche go rathúil;

(ii)

i ndeireadh na huastréimhse fógra dá dtagraítear i mír (d), i gcás nach mian leis an gcustaiméir athrú ach a shonraí in-onnmhairithe agus sócmhainní digiteacha a scriosadh ar fhoirceannadh seirbhíse;

(d)

uastréimhse fógra chun an próiseas malartaithe a thionscnamh, tréimhse nach faide ná dhá mhí;

(e)

sonraíocht uileghabhálach ar na catagóirí uile sonraí agus sócmhainní feidhmchláir is féidir a phortáil le linn an phróisis malartaithe, lena n-áirítear, ar a laghad, na sonraí uile in-onnmhairithe;

(f)

sonraíocht uileghabhálach ar chatagóirí sonraí a bhaineann go sonrach le feidhmiú inmheánach sheirbhís próiseála sonraí an tsoláthraí atá le díolmhú ó na sonraí in-onnmhairithe faoi phointe (e) den mhír seo i gcás ina bhfuil riosca ann go sárófar rúin trádála an tsoláthraí, ar choinníoll nach gcuireann díolúintí den sórt sin bac ná moill ar an bpróiseas aistrithe dá bhforáiltear in Airteagal 23, pointe (c);

(g)

íostréimhse 30 lá féilire ar a laghad chun sonraí a aisghabháil, ag tosú tar éis fhoirceannadh na hidirthréimhse a comhaontaíodh idir an custaiméir agus an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí, i gcomhréir le pointe (a) den mhír seo, agus mír 4;

(h)

clásal lena ráthaítear léirscriosadh iomlán na sonraí in-onnmhairithe agus na sócmhainní digiteacha arna nginiúint go díreach ag an gcustaiméir, nó a bhaineann leis an gcustaiméir go díreach, tar éis dhul in éag na tréimhse aisghabhála dá dtagraítear i bpointe (g) nó tar éis dul in éag tréimhse chomhaontaithe mhalartach ar dháta is déanaí ná dáta éagtha na tréimhse aisghabhála dá dtagraítear i bpointe (g), ar choinníoll go bhfuil an próiseas malartaithe curtha i gcrích go rathúil;

(i)

muirir mhalartaithe a fhéadfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 29.

3.   Áireofar sa chonradh dá dtagraítear i mír 1, clásail lena bhforáiltear go bhféadfaidh an custaiméir fógra a thabhairt don soláthraí seirbhísí próiseála sonraí maidir lena chinneadh ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh ar fhoirceannadh na huastréimhse fógra dá dtagraítear i mír 2, pointe (d):

(a)

athrú chuig soláthraí éagsúil seirbhísí próiseála sonraí, agus sa chás sin soláthróidh an custaiméir na sonraí is gá maidir leis an soláthraí sin;

(b)

mhalartú chuig bonneagar TFC san áitreabh;

(c)

a shonraí in-onnmhairithe agus a shócmhainní digiteacha a scrios.

4.   I gcás nach bhfuil an idirthréimhse uasta éigeantach dá bhforáiltear i mír 2, pointe (a) indéanta go teicniúil, tabharfaidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí fógra don chustaiméir laistigh de 14 lá oibre tar éis an iarraidh ar mhalartú a dhéanamh, agus tabharfaidh sé údar cuí don neamh-indéantacht theicniúil agus léireoidh sé idirthréimhse mhalartach, nach mbeidh níos faide ná 7 mí. I gcomhréir le mír 1, áiritheofar leanúnachas iomlán seirbhíse ar feadh na hidirthréimhse malartaí.

5.   Gan dochar do mhír 4, áireofar sa chonradh dá dtagraítear i mír 1, clásail lena dtugtar an ceart don chustaiméir síneadh a chur leis an idirthréimhse uair amháin ar feadh tréimhse a mheasann an custaiméir a bheith níos iomchuí chun a chríocha féin.

Airteagal 29

Muirir mhalartaithe a tharraingt siar de réir a chéile

1.   Ón 12 Eanáir 2027, ní ghearrfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí aon mhuirir mhalartaithe ar an gcustaiméir ar an bpróiseas malartaithe.

2.   Ón 11 Eanáir 2024 go dtí an 12 Eanáir 2027 féadfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí muirir mhalartaithe laghdaithe a fhorchur ar an gcustaiméir as an bpróiseas malartaithe.

3.   Ní rachaidh na muirir mhalartaithe laghdaithe dá dtagraítear i mír 2 thar na costais a thabhaíonn an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí a bhfuil nasc díreach acu leis an bpróiseas malartaithe lena mbaineann.

4.   Sula ndéanfaidh siad conradh le custaiméir, cuirfidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí faisnéis shoiléir ar fáil don chustaiméir ionchasach maidir leis na táillí caighdeánacha seirbhíse agus na pionóis luathfhoirceannta a d’fhéadfaí a fhorchur, chomh maith leis na muirir mhalartaithe laghdaithe a d’fhéadfaí a fhorchur le linn na tréimhse ama dá dtagraítear i mír 2.

5.   I gcás inarb ábhartha, cuirfidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí faisnéis ar fáil do chustaiméir maidir le seirbhísí próiseála sonraí lena mbaineann malartú an-chasta nó an-chostasach nó seirbhísí a bhfuil sé dodhéanta aistriú ina leith gan cur isteach suntasach ar ailtireacht na sonraí, na sócmhainní digiteacha nó na seirbhíse.

6.   I gcás inarb infheidhme, cuirfidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 ar fáil go poiblí do chustaiméirí trí roinn thiomnaithe dá suíomh gréasáin nó ar aon bhealach eile atá inrochtana go héasca.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 45 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shásra faireacháin a bhunú don Choimisiún chun faireachán a dhéanamh ar mhuirir mhalartaithe, arna bhforchur ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí ar an margadh chun a áirithiú go ndéanfar na muirir mhalartaithe a tharraingt siar agus a laghdú, de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis na spriocdhátaí a leagtar síos sna míreanna sin.


whereas









keyboard_arrow_down