search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA cercato: 'gcaibidil' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index gcaibidil:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    COMHROINNT SONRAÍ GNÓLACHT LE TOMHALTÓIR AGUS GNÓLACHT LE GNÓLACHT

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ AR SHEALBHÓIRÍ SONRAÍ A BHFUIL OIBLEAGÁID ORTHU SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DE BHUN DHLÍ AN AONTAIS

    CAIBIDIL IV
    TÉARMAÍ CONARTHACHA ÉAGÓRACHA A BHAINEANN LE ROCHTAIN AR SHONRAÍ AGUS ÚSÁID SONRAÍ IDIR FIONTAIR

    CAIBIDIL V
    SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DO NA COMHLACHTAÍ EARNÁLA POIBLÍ, DON CHOIMISIÚN, DON BHANC CEANNAIS EORPACH AGUS DO CHOMHLACHTAÍ DE CHUID AN AONTAIS AR BHONN RIACHTANAIS EISCEACHTÚIL

    CAIBIDIL VI
    AISTRIÚ IDIR SEIRBHÍSÍ PRÓISEÁLA SONRAÍ

    CAIBIDIL VII
    ROCHTAIN RIALTASACH IDIRNÁISIÚNTA NEAMHDHLEATHACH AGUS AISTRIÚ SONRAÍ NEAMHPHEARSANTA

    CAIBIDIL VIII
    IDIR-INOIBRITHEACHT

    CAIBIDIL IX
    CUR CHUN FEIDHME AGUS FORFHEIDHMIÚ

    CAIBIDIL X
    CEART SUI GENERIS FAOI THREOIR 96/9/CE

    CAIBIDIL XI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas gcaibidil:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 993

 

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe, inter alia, maidir le:

(a)

sonraí táirge agus sonraí seirbhíse gaolmhaire a chur ar fáil d’úsáideoir an táirge nasctha nó na seirbhíse gaolmhaire;

(b)

sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoirí sonraí ag sealbhóirí sonraí;

(c)

sonraí a chur ar fáil do chomhlachtaí earnála poiblí, don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach agus do chomhlachtaí de chuid an Aontais ag sealbhóirí sonraí, i gcás ina bhfuil géarghá leis na sonraí sin chun cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail a chur i gcrích;

(d)

malartú idir seirbhísí próiseála sonraí a éascú;

(e)

coimircí a thabhairt isteach in aghaidh rochtain neamhdhleathach tríú páirtí ar shonraí neamhphearsanta; agus

(f)

caighdeán idir-inoibritheachta a fhorbairt chun rochtain a fháil ar shonraí, sonraí a aistriú agus sonraí a úsáid.

2.   Cumhdaítear leis an Rialachán seo sonraí pearsanta agus neamhphearsanta, lena n-áirítear na cineálacha sonraí seo a leanas, sna comhthéacsanna seo a leanas:

(a)

tá feidhm ag Caibidil II maidir le sonraí, cé is moite d’ábhar, a bhaineann le feidhmíocht, úsáid agus timpeallacht na dtáirgí nasctha agus na seirbhísí gaolmhara;

(b)

tá feidhm ag Caibidil III maidir le haon sonraí ón earnáil phríobháideach atá faoi réir oibleagáidí reachtúla maidir le comhroinnt sonraí;

(c)

tá feidhm ag Caibidil IV maidir le haon sonraí ón earnáil phríobháideach a ndéantar rochtain orthu agus a úsáidtear ar bhonn conartha idir fiontair;

(d)

tá feidhm ag Caibidil V maidir le haon sonraí ón earnáil phríobháideach lena ndírítear ar shonraí neamhphearsanta;

(e)

tá feidhm ag Caibidil VI maidir le haon sonraí agus seirbhísí arna bpróiseáil ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí;

(f)

tá feidhm ag Caibidil VII maidir le haon sonraí neamhphearsanta atá á gcoinneáil san Aontas ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí.

3.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

monaróirí táirgí nasctha a chuirtear ar an margadh san Aontas agus soláthraithe seirbhísí gaolmhara, gan beann ar áit bhunaíochta na monaróirí agus na soláthraithe sin;

(b)

úsáideoirí táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara san Aontas dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

sealbhóirí sonraí, gan beann ar a n-áit bhunaíochta, a chuireann sonraí ar fáil d’fhaighteoirí sonraí san Aontas;

(d)

faighteoirí sonraí san Aontas a gcuirtear sonraí ar fáil dóibh;

(e)

comhlachtaí earnála poiblí, an Choimisiúin, an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus comhlachtaí de chuid an Aontais a iarrann ar shealbhóirí sonraí sonraí a chur ar fáil i gcás ina bhfuil riachtanas eisceachtúil leis na sonraí sin chun cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail a chur i gcrích agus i gcás ina soláthraíonn sealbhóirí sonraí na sonraí sin mar fhreagra ar iarraidh mar sin;

(f)

soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí, gan beann ar a n-áit bhunaíochta, a sholáthraíonn seirbhísí mar sin do chustaiméirí san Aontas;

(g)

rannpháirtithe i spásanna sonraí agus díoltóirí feidhmchlár a úsáideann conarthaí cliste agus daoine a mbaineann a dtrádáil, a ngnó nó a ngairm le conarthaí cliste a imscaradh le haghaidh daoine eile i gcomhthéacs comhaontuithe a fhorghníomhú.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt sa Rialachán seo do tháirgí nasctha nó do sheirbhísí gaolmhara, tuigfear go n-áirítear le tagairtí den sórt sin cúntóirí fíorúla freisin, a mhéid a idirghníomhaíonn siad le táirge nasctha nó le seirbhís ghaolmhar.

5.   Ní dochar an Rialachán seo do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta maidir le sonraí pearsanta a chosaint, príobháideachas agus rúndacht cumarsáide agus sláine trealaimh teirminéil, ag a mbeidh feidhm maidir le sonraí pearsanta a phróiseáiltear i dtaca leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, go háirithe Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Treoir 2002/58/CE, lena n-áirítear cumhachtaí agus inniúlachtaí na n-údarás maoirseachta agus cearta na n-ábhar sonraí. A mhéid is ábhair sonraí iad úsáideoirí, comhlánóidh na cearta a leagtar síos i gcaibidil II den Rialachán seo cearta rochtana na n-ábhar sonraí agus cearta chun iniomparthacht sonraí faoi Airteagail 15 agus 20 de Rialachán (AE) 2016/679. I gcás ina mbeidh coimhlint ann idir an Rialachán seo agus dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta nó príobháideachas, nó an reachtaíocht náisiúnta arna ghlacadh i gcomhréir leis an dlí sin de chuid an Aontais, agus ag dlí ábhartha an Aontais nó ag an dlí ábhartha náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta a bheidh an forlámhas.

6.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le socruithe deonacha malartaithe sonraí idir eintitis phríobháideacha agus phoiblí, go háirithe socruithe deonacha comhroinnte sonraí, agus ní thagann sé roimh na socruithe sin.

Ní dhéantar difear leis an Rialachán seo do ghníomhartha dlí an Aontais ná do ghníomhartha dlí náisiúnta lena bhforáiltear do chomhroinnt sonraí, d’úsáid sonraí agus do rochtain ar shonraí chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, ná chun críocha custaim agus cánachais, go háirithe Rialacháin (AE) 2021/784, (AE) 2022/2065 agus (AE) 2023/1543 agus Treoir (AE) 2023/1544, ná do chomhar idirnáisiúnta sa réimse sin. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le bailiú nó comhroinnt sonraí faoi Rialachán (AE) 2015/847, maidir le rochtain ar shonraí ná maidir le húsáid sonraí faoi Rialachán (AE) 2015/847 agus Treoir (AE) 2015/849. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le réimsí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais agus i gcás ar bith ní dhéantar difear leis d’inniúlachtaí na mBallstát a bhaineann le slándáil phoiblí, cosaint nó slándáil náisiúnta, gan beann ar an gcineál eintitis a gcuireann na Ballstáit de chúram air cúraimí a dhéanamh i ndáil leis na hinniúlachtaí sin, ná ar an gcumhacht atá acu feidhmeanna bunriachtanacha eile Stáit a choimirciú, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an smacht reachta a chaomhnú. Ní dhéantar difear leis an Rialachán seo d’inniúlachtaí na mBallstát a bhaineann le riarachán custaim agus cánach nó le sláinte agus sábháilteacht na saoránach.

7.   Leis an Rialachán seo, comhlánaítear cur chuige féinrialála Rialachán (AE) 2018/1807 trí oibleagáidí atá infheidhme go ginearálta maidir le malartú néalríomhaireachta a chur leis.

8.   Ní dochar an Rialachán seo do ghníomhartha dlí an Aontais agus do ghníomhartha dlí náisiúnta lena bhforáiltear do chearta maoine intleachtúla a chosaint, go háirithe Treoracha 2001/29/CE, 2004/48/CE, agus (AE) 2019/790.

9.   Leis an Rialachán seo, comhlánaítear dlí an Aontais agus ní dochar é do dhlí an Aontais arb é is aidhm dó leasanna tomhaltóirí a chur chun cinn agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, agus a sláinte, a sábháilteacht agus a leasanna eacnamaíocha a chosaint, go háirithe Treoracha 93/13/CEE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE

10.   Ní chuirtear bac, leis an Rialachán seo, ar chonarthaí deonacha comhroinnte sonraí dleathacha a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear conarthaí arna dtabhairt i gcrích ar bhonn cómhalartach, ar conarthaí iad lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

Airteagal 7

Raon feidhme na hoibleagáide comhroinnte sonraí gnólacht le tomhaltóir agus gnólacht le gnólacht

1.   Ní bheidh feidhm ag oibleagáidí na Caibidle seo maidir le sonraí a ghintear trí úsáid a bhaint as táirgí nasctha a mhonaraítear nó a dheartar ná maidir le seirbhísí gaolmhara arna soláthar ag micrifhiontar ná fiontar beag, ar choinníoll nach bhfuil fiontar comhpháirtíochta ná fiontar nasctha ag an bhfiontar sin de réir bhrí Airteagal 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE nach gcáilíonn mar mhicrifhiontar ná mar fhiontar beag agus i gcás nach bhfuil an micrifhiontar ná an fiontar beag ar fochonradh chun táirge nasctha a mhonarú ná a dhearadh ná seirbhís ghaolmhar a sholáthar.

Beidh feidhm ag an méid sin maidir le sonraí a ghintear trí úsáid a bhaint as táirgí nasctha arna monarú ag fiontar a cháiligh mar fhiontar meánmhéide faoi Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ar feadh tréimhse níos lú ná bliain amháin, agus maidir le táirgí nasctha ar feadh tréimhse bliana ón dáta a chuir fiontar meánmhéide ar an margadh iad.

2.   Aon téarma conarthach lena ndéantar, chun aimhleasa an úsáideora, feidhmiú chearta an úsáideora faoin gcaibidil seo a eisiamh, maolú orthu ná a éifeacht a athrú, ní bheidh sé ina cheangal ar an úsáideoir.

CAIBIDIL III

OIBLEAGÁIDÍ AR SHEALBHÓIRÍ SONRAÍ A BHFUIL OIBLEAGÁID ORTHU SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DE BHUN DHLÍ AN AONTAIS

Airteagal 8

Na coinníollacha faoina gcuireann sealbhóirí sonraí sonraí ar fáil d’fhaighteoirí sonraí

1.   A mhéid a bhaineann le caidrimh gnólacht le gnólacht, agus i gcás ina mbeidh sé d’oibleagáid ar shealbhóir sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoir sonraí faoi Airteagal 5 nó faoi dhlí eile is infheidhme de chuid an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais, comhaontóidh sealbhóir sonraí, le faighteoir sonraí, na socruithe chun na sonraí a chur ar fáil agus déanfaidh sé nó sí amhlaidh ar théarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus ar bhealach trédhearcach i gcomhréir leis an gcaibidil seo agus le Caibidil IV.

2.   Téarma conarthach a bhaineann le rochtain ar sonraí agus úsáid sonraí nó le dliteanas agus na leigheasanna maidir le sárú na n-oibleagáidí a bhaineann le sonraí, nó maidir le foirceannadh na n-oibleagáidí sin, ní bheidh an téarma sin ceangailteach más rud é gurb ionann é agus téarma conarthach éagórach de réir bhrí Airteagal 13 nó, chun dochar don úsáideoir, má eisiatar leis éifeacht chur i bhfeidhm chearta an úsáideora faoi Chaibidil II, nó má mhaolaítear ar an éifeacht sin nó má athraítear í.

3.   Ní dhéanfaidh sealbhóir sonraí idirdhealú maidir leis na socruithe chun sonraí a chur ar fáil idir catagóirí inchomparáide d’fhaighteoirí sonraí, lena n-áirítear fiontair chomhpháirtíochta nó fiontair nasctha an tsealbhóra sonraí agus sonraí á gcur ar fáil aige nó aici. I gcás ina bhfuil an faighteoir sonraí den tuairim gur coinníollacha idirdhealaitheacha iad na coinníollacha faoinar cuireadh sonraí ar fáil dó nó di idirdhealaitheach, soláthróidh sealbhóir na sonraí gan moill mhíchuí, ar iarraidh réasúnaithe, d’fhaighteoir na sonraí faisnéis lena léirítear nach ndearnadh aon idirdhealú.

4.   Ní chuirfidh sealbhóir sonraí sonraí ar fáil d’fhaighteoir sonraí, lena n-áirítear ar bhonn eisiach, mura n-iarrfaidh an t-úsáideoir sin faoi Chaibidil II.

5.   Ní cheanglófar ar shealbhóirí sonraí ná ar fhaighteoirí sonraí aon fhaisnéis a sholáthar thar a bhfuil riachtanach chun a fhíorú go gcomhlíontar na téarmaí conarthacha arna gcomhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil nó a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi dhlí eile is infheidhme de chuid an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta is infheidhme a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais.

6.   Mura bhforáiltear a mhalairt le dlí an Aontais, lena n-áirítear Airteagal 4(6) agus Airteagal 5(9) den Rialachán seo, nó leis an reachtaíocht náisiúnta a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais, ní chuirfidh oibleagáid chun sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoir sonraí oibleagáid ar aon duine rúin trádála a nochtadh.

Airteagal 10

Díospóidí a réiteach

1.   Beidh rochtain ag úsáideoirí, sealbhóirí sonraí agus faighteoirí sonraí ar chomhlacht um réiteach díospóidí, arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo, chun díospóidí a réiteach de bhun Airteagal 4(3) agus (9) agus Airteagal 5(12) chomh maith le díospóidí i ndáil le téarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnta agus neamh-idirdhealaitheacha maidir le sonraí a chur ar fáil i gcomhréir leis an gcaibidil seo agus Caibidil IV. agus maidir leis an mbealach trédhearcach a bhaineann leis na sonraí sin a chur ar fáil.

2.   Cuirfidh na comhlachtaí um réiteach díospóidí na táillí, nó na sásraí a úsáidtear chun na táillí a chinneadh, in iúl do na páirtithe lena mbaineann sula n-iarrfaidh na páirtithe sin cinneadh.

3.   I gcás díospóidí a tharchuirtear chuig comhlacht um réiteach díospóidí de bhun Airteagal 4(3) agus (9) agus Airteagal 5(12), i gcás ina gcinneann an comhlacht um réiteach díospóidí díospóid i bhfabhar an úsáideora nó an fhaighteora sonraí, is faoin sealbhóir sonraí a bheidh sé na táillí uile a ghearrfaidh an comhlacht um réiteach díospóidí a íoc agus is faoisean a bheidh sé aon chostais réasúnacha a thabhaigh sé i ndáil leis an réiteach díospóide a aisíoc leis an úsáideoir nó an faighteoir sonraí sin. I gcás ina chinneann an comhlacht um réiteach díospóidí díospóid i bhfabhar an tsealbhóra sonraí, ní bheidh de cheangal ar an úsáideoir ná ar an bhfaighteoir sonraí aon táille ná costas a d’íoc an sealbhóir sonraí ná atá le híoc aige nó aici i ndáil leis an réiteach díospóide a aisíoc, cé is moite de chás ina gcinneann an comhlacht um réiteach díospóidí gur go follasach a ghníomhaigh an t-úsáideoir nó an faighteoir sonraí de mheon mímhacánta.

4.   Beidh rochtain ag custaiméirí agus ag soláthraithe seirbhísí um phróiseáil sonraí ar chomhlacht um réiteach díospóidí, arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, chun díospóidí a réiteach i ndáil le sáruithe ar chearta custaiméirí agus ar oibleagáidí soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí i gcomhréir le hAirteagail 23 go 31.

5.   Déanfaidh an Ballstát inar bunaíodh an comhlacht um réiteach díospóidí, arna iarraidh sin don chomhlacht sin, an comhlacht sin a dheimhniú, i gcás inar léirigh sé go gcomhlíonann sé na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

go bhfuil sé neamhchlaonta agus neamhspleách, agus tá sé lena chuid cinntí a eisiúint i gcomhréir le rialacha nós imeachta atá soiléir, cóir, agus neamh-idirdhealaitheach;

(b)

go bhfuil an saineolas is gá aige, go háirithe i ndáil le téarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha, cúiteamh san áireamh, agus i ndáil le sonraí a chur ar fáil ar bhealach trédhearcach, rud a chuirfidh ar chumas an chomhlachta na téarmaí agus na coinníollacha sin a chinneadh go héifeachtach;

(c)

go bhfuil rochtain éasca air trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí;

(d)

go bhfuil sé in ann a cinntí a ghlacadh ar bhealach atá tapa, éifeachtúil, costéifeachtach, i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais ar a laghad.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na comhlachtaí um réiteach díospóide arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 5. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí sin ar shuíomh gréasáin tiomnaithe agus coinneoidh sé cothrom le dáta é.

7.   Diúltóidh comhlacht um réiteach díospóidí déileáil le hiarraidh chun díospóid a réiteach a tugadh os comhair comhlachta eile um réiteach díospóidí nó os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit.

8.   Tabharfaidh comhlacht um réiteach díospóidí an fhéidearthacht do pháirtithe barúlacha a thabhairt taobh istigh d'achar réasúnta ama maidir le ceisteanna a thug na páirtithe sin os comhair an chomhlachta sin cheana. Sa chomhthéacs sin, cuirfear aighneachtaí an pháirtí eile ina ndíospóid agus aon ráitis ó shaineolaithe ar fáil do gach páirtí i ndíospóid. Tabharfar an fhéidearthacht do na páirtithe barúlacha a thabhairt maidir leis na haighneachtaí agus na ráitis sin.

9.   Glacfaidh comhlacht um réiteach díospóidí a chinneadh maidir le hábhar a tharchuirfear chuige laistigh de 90 lá tar éis dó iarraidh de bhun mhíreanna 1 agus 4 a fháil.. Is i scríbhinn nó ar mheán marthanach a bheidh an cinneadh sin agus beidh ráiteas ar na cúiseanna atáthar ag tacú le gach cinneadh ag gabháil leis an gcinneadh sin.

10.   Déanfaidh comhlachtaí um réiteach díospóidí na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí a tharraingt suas agus a chur ar fáil go poiblí. Áireofar sna tuarascálacha bliantúla sin an fhaisnéis ghinearálta seo a leanas go háirithe:

(a)

comhiomlánú thorthaí na ndíospóidí;

(b)

an meánam a tógadh chun díospóidí a réiteach;

(c)

na cúiseanna is coitianta le díospóidí.

11.   D’fhonn malartú faisnéise agus dea-chleachtas a éascú, féadfaidh comhlacht poiblí um réiteach díospóidí a chinneadh moltaí a chur san áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 10 maidir le conas is féidir fadhbanna a sheachaint nó a réiteach.

12.   Ní bheidh cinneadh an chomhlachta um réiteach díospóide ina cheangal ar na páirtithe ach amháin más rud é gur thoiligh na páirtithe go sainráite lena chineál ceangailteach sula gcuirfear tús leis na himeachtaí um réiteach díospóide.

13.   Ní dhéanann an tAirteagal seo difear do cheart na bpáirtithe leigheas éifeachtach a lorg os comhair cúirte ná binse de chuid Ballstáit.

Airteagal 12

Raon feidhme oibleagáidí do shealbhóirí sonraí a bhfuil oibleagáid de bhun dhlí an Aontais orthu sonraí a chur ar fáil

1.   Beidh feidhm ag an gcaibidil seo i gcás, i gcaidreamh gnólacht le gnólacht, ina mbeidh oibleagáid ar an sealbhóir sonraí faoi Airteagal 5 nó faoi dhlí an Aontais is infheidhme nó faoi reachtaíocht náisiúnta a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais, sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoir sonraí.

2.   Téarma conarthach i gcomhaontú um chomhroinnt sonraí lena ndéantar, chun aimhleasa páirtí amháin, nó, i gcás inarb infheidhme, chun aimhleasa an úsáideora, cur i bhfeidhm na Caibidle seo a eisiamh, lena ndéantar maolú air nó a éifeacht a athrú, ní bheidh an téarma conarthach sin ina cheangal ar an bpáirtí sin.

CAIBIDIL IV

TÉARMAÍ CONARTHACHA ÉAGÓRACHA A BHAINEANN LE ROCHTAIN AR SHONRAÍ AGUS ÚSÁID SONRAÍ IDIR FIONTAIR

Airteagal 16

Caidreamh le hoibleagáidí eile chun sonraí a chur ar fáil do na comhlachtaí earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus comhlachtaí de chuid an Aontais

1.   Ní dhéanfaidh an Chaibidil seo difear d’oibleagáidí a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta chun críche tuairiscithe, iarrataí maidir le rochtain ar fhaisnéis a chomhlíonadh nó chun comhlíonadh na n-oibleagáidí dlíthiúla a léiriú nó a fhíorú.

2.   Ní bheidh feidhm ag an gcaibidil seo maidir le comhlachtaí earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach ná comhlachtaí de chuid an Aontais a dhéanann gníomhaíochtaí chun cionta coiriúla nó riaracháin a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, ná maidir le riarachán custaim nó cánachais. Leis an gcaibidil seo, ní dhéantar difear do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cionta coiriúla nó riaracháin a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó maidir le pionóis choiriúla nó riaracháin a fhorghníomhú, ná maidir le riarachán custaim nó cánachais.

Airteagal 17

Iarrataí ar shonraí atá le cur ar fáil

1.   Agus sonraí á n-iarraidh de bhun Airteagal 14, déanfaidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais an méid seo a leanas:

(a)

a shonrú ann na sonraí atá ag teastáil, lena n-áirítear na meiteashonraí ábhartha is gá chun na sonraí sin a léirmhíniú agus a úsáid;

(b)

a léiriú ann go bhfuil na coinníollacha is gá le go mbeidh riachtanas eisceachtúil dá dtagraítear in Airteagal 15 chun na críche a bhfuil na sonraí á n-iarraidh comhlíonta;

(c)

a mhíniú ann cuspóir na hiarrata, úsáid bheartaithe na sonraí a iarradh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, ag tríú páirtí i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, fad na húsáide sin, agus, i gcás inarb ábhartha, an chaoi a ndéanfar na sonraí pearsanta a phróiseáil chun aghaidh a thabhairt ar an ngá eisceachtúil;

(d)

a shonrú ann, más féidir, cathain a mheastar go scriosfaidh na páirtithe uile a bhfuil rochtain acu orthu na sonraí;

(e)

údar maith a thabhairt le rogha an tsealbhóra sonraí ar a bhfuil an iarraidh dírithe;

(f)

a shonrú ann aon chomhlacht earnála poiblí eile, nó an Coimisiún, Banc Ceannais Eorpach nó comhlachtaí de chuid an Aontais agus na tríú páirtithe a bhfuiltear ag súil go roinnfear na sonraí a iarrtar leo;

(g)

i gcás ina n-iarrtar sonraí pearsanta, a shonrú ann aon bhearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá agus is comhréireach chun prionsabail cosanta sonraí agus coimircí is gá a chur chun feidhme, amhail bréagainmniú, agus cibé an féidir leis an sealbhóir sonraí anaithnidiú a chur i bhfeidhm sula gcuirfear na sonraí ar fáil;

(h)

luafar an fhoráil dlí lena leithdháiltear ar an gcomhlacht earnála poiblí iarrthach, ar an gCoimisiún, ar an mBanc Ceannais Eorpach nó ar chomhlacht de chuid an Aontais an cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail agus atá ábhartha maidir leis na sonraí a iarraidh;

(i)

an spriocdháta a shonrú faoina gcuirfear na sonraí ar fáil agus an spriocdháta dá dtagraítear in Airteagal 18(2) faoina bhféadfaidh an sealbhóir sonraí diúltú don iarraidh nó féachaint leis an iarraidh a mhodhnú;

(j)

a dhícheall a dhéanamh chun go gcomhlíonfar an iarraidh ar shonraí a mbeidh dliteanas na sealbhóirí sonraí i leith sárú ar dhlí an Aontais nó ar an dlí náisiúnta mar thoradh uirthi a sheachaint.

2.   Maidir le hiarraidh ar shonraí arna déanamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh an méid seo a leanas i gceist léi:

(a)

déanfar i scríbhinn í agus cuirfear in iúl iad i bhfriotal soiléir, gonta agus simplí a bheidh intuigthe don sealbhóir sonraí;

(b)

beidh sí sonrach maidir leis an gcineál sonraí a iarrtar agus comhfhreagróidh sí do shonraí ag a bhfuil rialú ag sealbhóir na sonraí tráth an iarratais;

(c)

beidh sí comhréireach leis an riachtanas eisceachtúil atá ann agus beidh údar cuí léi, maidir le gráinneacht agus méid na sonraí a iarrtar agus maidir le minicíocht rochtana na sonraí arna n-iarraidh;

(d)

urramóidh sí aidhmeanna dlisteanacha an tsealbhóra sonraí, beidh sí tiomanta cosaint rún trádála a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 19(3), agus an costas agus iarracht is gá chun na sonraí a chur ar fáil;

(e)

bainfidh sí le sonraí neamhphearsanta, agus sa chás amháin go léirítear nach leor sin chun freagairt don ghá eisceachtúil atá le sonraí a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 15(1), pointe (a), sonraí pearsanta faoi ainm bréige a iarraidh agus na bearta teicniúla agus eagraíochtúla atá le déanamh chun na sonraí a chosaint a bhunú;

(f)

cuirfidh sí an sealbhóir sonraí ar an eolas faoi na pionóis a bheidh le forchur de bhun Airteagal 40 ag an údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 i gcás neamh-chomhlíonadh na hiarrata;

(g)

i gcás inarb é comhlacht de chuid na hearnála poiblí a dhéanann an iarraidh, déanfar í a tharchur chuig an gcomhordaitheoir sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 37, de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht earnála poiblí iarrthach bunaithe, agus cuirfidh sé an iarraidh ar fáil go poiblí ar líne gan moill mhíchuí mura rud é go measann an comhordaitheoir sonraí go gcruthófaí le foilsiú den sórt sin riosca don tslándáil phoiblí;

(h)

i gcás ina ndéanann an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais an iarraidh, cuirfear í ar fáil ar líne gan moill mhíchuí;

(i)

i gcás ina n-iarrtar sonraí pearsanta, tabharfar fógra gan moill mhíchuí don údarás maoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 sa Bhallstát ina bhfuil an comhlacht earnála poiblí bunaithe.

Cuirfidh an Banc Ceannais Eorpach agus comhlachtaí an Aontais an Coimisiún ar an eolas faoina n-iarrataí.

3.   Ní chuirfidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach, ná comhlacht de chuid an Aontais sonraí arna bhfáil de bhun na Caibidle seo ar fáil lena n-athúsáid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2022/868 nó Airteagal 2, pointe (11), de Threoir (AE) 2019/1024. Ní bheidh feidhm ag Rialachán (AE) 2022/868 ná ag Treoir (AE) 2019/1024 maidir leis na sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí arna bhfáil de bhun na Caibidle seo.

4.   Le mír 3 den Airteagal seo, ní chuirtear bac ar an gcomhlacht earnála poiblí, ar an gCoimisiún, ar an mBanc Ceannais Eorpach ná ar chomhlacht de chuid an Aontais sonraí arna bhfáil de bhun na Caibidle seo a mhalartú le comhlacht earnála poiblí eile nó leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlacht de chuid an Aontais d’fhonn na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 15 a chur i gcrích, mar a shonraítear san iarraidh i gcomhréir le mír 1, pointe (f), den Airteagal seo, ná na sonraí a chur ar fáil do thríú páirtí i gcás ina ndearna sé, trí bhíthin comhaontú atá ar fáil go poiblí, cigireachtaí teicniúla nó feidhmeanna eile a tharmligean don tríú páirtí sin. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí atá ar na comhlachtaí earnála poiblí de bhun Airteagal 19, go háirithe coimircí chun rúndacht rún trádála a chaomhnú, freisin maidir leis na tríú páirtithe sin. I gcás ina ndéanann an comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais sonraí a tharchur nó a chur ar fáil faoin mír seo, tabharfaidh sé fógra ina leith sin don sealbhóir sonraí óna bhfuarthas na sonraí gan moill mhíchuí.

5.   I gcás ina mheasann an sealbhóir sonraí gur sáraíodh a chearta faoin gcaibidil seo trí shonraí a tharchur nó a chur ar fáil, féadfaidh sé gearán a dhéanamh leis an údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 den Bhallstát ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe.

6.   Forbróidh an Coimisiún teimpléad samplach d’iarrataí de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 18

Comhlíonadh na n-iarrataí ar shonraí

1.   Cuirfidh sealbhóir sonraí a fhaigheann iarraidh ar shonraí a chur ar fáil faoin gcaibidil seo na sonraí ar fáil don chomhlacht earnála poiblí iarrthach, don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach nó do chomhlacht de chuid an Aontais gan moill mhíchuí, agus na bearta teicniúla, eagraíochtúla agus dlíthiúla is gá á gcur san áireamh.

2.   Gan dochar do riachtanais shonracha maidir le hinfhaighteacht sonraí a shainítear i ndlí an Aontais nó i ndlí náisiúnta, féadfaidh sealbhóir sonraí iarraidh ar shonraí a chur ar fáil faoin gcaibidil seo a dhiúltú nó a iarraidh gan moill mhíchuí agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis dó iarraidh a fháil ar na sonraí is gá chun freagairt d’éigeandáil phoiblí agus gan moill mhíchuí agus, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná 30 lá oibre tar éis an iarraidh sin a fháil i gcásanna eile ina bhfuil gá eisceachtúil, ar aon cheann de na forais seo a leanas:

(a)

níl smacht ag an sealbhóir sonraí ar na sonraí a iarradh;

(b)

go ndearna comhlacht earnála poiblí eile nó an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais iarraidh chomhchosúil chun na críche céanna a thíolacadh roimhe sin agus nár tugadh fógra don sealbhóir sonraí faoi léirscriosadh na sonraí de bhun Airteagal 19(1) pointe (c);

(c)

ní chomhlíonann an iarraidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 17(1) agus (2).

3.   Má chinneann an sealbhóir sonraí diúltú don iarraidh nó modhnú ar an iarraidh a lorg i gcomhréir le mír 2, pointe (b), léireoidh sé nó sí céannacht an chomhlachta earnála phoiblí nó an Choimisiúin, an Bhainc Ceannais Eorpaigh nó an chomhlachta de chuid an Aontais a chuir iarraidh isteach roimhe sin chun na críche céanna.

4.   I gcás ina n-áirítear sonraí pearsanta sa sonraí a iarrtar, déanfaidh an sealbhóir sonraí na sonraí a anaithnidiú go cuí, ach amháin má éilíonn comhlíonadh na hiarrata sonraí a chur ar fáil don chomhlacht earnála poiblí, don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach nó do chomhlacht de chuid an Aontais go nochtfar sonraí pearsanta. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an sealbhóir sonraí na sonraí a bhréagainmniú.

5.   I gcás inar mian leis an gcomhlacht earnála poiblí, leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlacht de chuid an Aontais agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú sealbhóra sonraí na sonraí a iarradh a sholáthar, nó i gcás inar mian leis an sealbhóir sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne na hiarrata agus nach féidir an t-ábhar a réiteach trí mhodhnú iomchuí a dhéanamh ar an iarraidh, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit, arna ainmniú de bhun Airteagal 37 ina bhfuil sealbhóir sonraí bunaithe.

Airteagal 19

Oibleagáidí na gcomhlachtaí earnála poiblí, an Choimisiúin, an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus na gcomhlachtaí de chuid an Aontais

1.   Déanfaidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais a fhaigheann sonraí de bhun iarraidh arna déanamh faoi Airteagal 14 an méid seo a leanas:

(a)

ní úsáidfidh sé na sonraí ar bhealach atá ar neamhréir leis an gcuspóir dár iarradh iad;

(b)

bearta teicniúla agus eagraíochtúla a bheith curtha chun feidhme acu lena gcaomhnaítear rúndacht agus sláine na sonraí arna n-iarraidh agus slándáil na n-aistrithe sonraí, go háirithe sonraí pearsanta, agus lena gcosnaítear cearta agus saoirsí na ndaoine is ábhar do na sonraí;

(c)

na sonraí a léirscriosadh a luaithe nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun na críche sonraithe agus a chuir iúl don sealbhóir sonraí agus do na daoine aonair nó do na heagraíochtaí a fuair na sonraí de bhun Airteagal 21(1) gur scriosadh na sonraí, mura rud é go bhfuil gá leis na sonraí a chartlannú i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid i gcomhthéacs oibleagáidí trédhearcachta.

2.   Maidir le comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais, comhlacht de chuid an Aontais nó tríú páirtí a fhaigheann sonraí faoin gcaibidil seo, ní dhéanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

sonraí nó léargais maidir le staid eacnamaíoch, sócmhainní agus modhanna táirgthe nó oibriúcháin an tsealbhóra sonraí a úsáid chun táirge nasctha nó seirbhís ghaolmhar a fhorbairt nó a fheabhsú a bheidh in iomaíocht le táirge nasctha nó le seirbhís ghaolmhar an tsealbhóra sonraí;

(b)

na sonraí a chomhroinnt le tríú páirtí eile chun aon cheann de na críocha sin dá dtagraítear i bpointe (a).

3.   Ní cheanglófar rúin trádála a nochtadh do chomhlacht earnála poiblí, don Choimisiún, don Bhanc Cheannais Eorpach ná do chomhlacht de chuid an Aontais ach amháin a mhéid a bhfuil géarghá leis chun cuspóir iarrata a bhaint amach faoi Airteagal 15. I gcás mar sin, déanfaidh an sealbhóir sonraí nó, i gcás nach iad an duine céanna iad, an sealbhóir rúin trádála,, na sonraí atá faoi chosaint mar rúin trádála a shainaithint, lena n-áirítear sna meiteashonraí ábhartha. Déanfaidh an comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais, sula ndéanfar nochtadh na rún trádála, gach beart teicniúil agus eagraíochtúil is gá agus is iomchuí chun rúndacht na rún trádála a chaomhnú, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, téarmaí conarthacha eiseamláireacha, caighdeáin theicniúla agus cur i bhfeidhm cód iompair a úsáid.

4.   Beidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais freagrach as slándáil na sonraí a fhaigheann sé.

Airteagal 21

Sonraí a fhaightear i gcomhthéacs riachtanas eisceachtúil a chomhroinnt le heagraíochtaí taighde nó le comhlachtaí staidrimh

1.   Beidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais i dteideal sonraí a fhaightear faoin gcaibidil seo a chomhroinnt:

(a)

le daoine aonair nó le heagraíochtaí d’fhonn taighde eolaíoch nó anailísíocht a dhéanamh atá comhoiriúnach leis an gcuspóir ar iarradh na sonraí; nó

(b)

le hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus Eurostat chun staidreamh oifigiúil a sholáthair.

2.   Gníomhóidh na daoine aonair nó na heagraíochtaí a gheobhaidh na sonraí de bhun mhír 1 ar bhonn neamhbhrabúis nó i gcomhthéacs misin leasa phoiblí atá aitheanta i ndlí an Aontais nó i ndlí náisiúnta. Ní áireofar orthu eagraíochtaí a bhfuil tionchar suntasach ag gnóthais tráchtála orthu, ar dóigh dóibh rochtain fhabhrach ar thorthaí an taighde a bheith mar thoradh orthu.

3.   Comhlíonfaidh daoine aonair nó eagraíochtaí a fhaigheann na sonraí de bhun mhír 1 den Airteagal seo na hoibleagáidí céanna atá infheidhme maidir leis na comhlachtaí earnála poiblí, leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlachtaí de chuid an Aontais de bhun Airteagal 17(3) agus Airteagal 19.

4.   D’ainneoin Airteagal 19(1), pointe (c), féadfaidh daoine aonair nó eagraíochtaí a fhaigheann na sonraí de bhun mhír 1 den Airteagal seo na sonraí arna bhfáil chun na críche ar iarradh na sonraí ina leith a choinneáil ar feadh suas le 6 mhí tar éis do na comhlachtaí earnála poiblí, don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach agus do chomhlachtaí de chuid an Aontais na sonraí a léirscriosadh.

5.   I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag comhlacht earnála poiblí, ag an gCoimisiún, ag an mBanc Ceannais Eorpach nó ag comhlacht de chuid an Aontais sonraí a tharchur nó a chur ar fáil faoi mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra gan mhoill mhíchuí don sealbhóir sonraí óna bhfuarthas na sonraí, agus luafaidh sé céannacht agus sonraí teagmhála na heagraíochta nó an duine aonair a fhaigheann na sonraí, an cuspóir atá leis na sonraí a tharchur nó a chur ar fáil, an tréimhse ar lena linn a bheidh na sonraí le húsáid agus na bearta teicniúla cosanta agus eagraíochtúla a rinneadh, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh sonraí pearsanta nó rúin trádála i gceist. I gcás nach n-aontaíonn an sealbhóir sonraí le tarchur nó le cur ar fáil sonraí, féadfaidh sé gearán a dhéanamh leis an údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 den Bhallstát ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe.

Airteagal 22

Cúnamh frithpháirteach agus comhar trasteorann

1.   Oibreoidh na comhlachtaí earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus comhlachtaí de chuid an Aontais le chéile agus cuideoidh siad le chéile an Chaibidil seo a chur chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach.

2.   Ní úsáidfear aon sonraí a malartaíodh i dtaca leis an gcúnamh a iarradh agus a cuireadh ar fáil de bhun mhír 1 ar bhealach atá ar neamhréir leis an gcuspóir dár iarradh iad.

3.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag comhlacht earnála poiblí sonraí a iarraidh ar shealbhóir sonraí atá bunaithe i mBallstát eile, tabharfaidh sé fógra ar dtús d’údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 sa Bhallstát sin, faoin rún sin. Beidh feidhm ag an gceanglas sin freisin maidir le hiarrataí ón gCoimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus chomhlachtaí an Aontais. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe, scrúdú ar an iarraidh.

4.   Tar éis dó an iarraidh a scrúdú i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 17, déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha, gan moill mhíchuí, ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

an iarraidh a tharchur chuig an sealbhóir sonraí agus, más infheidhme, comhairle a chur ar an gcomhlacht earnála poiblí iarrthach, ar an gCoimisiún, ar an mBanc Ceannais Eorpach nó ar chomhlacht de chuid an Aontais maidir leis an ngá, más ann dó, le comhoibriú le comhlachtaí earnála poiblí an Bhallstáit ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe d’fhonn an t-ualach riaracháin ar an sealbhóir sonraí i gcomhlíonadh na hiarrata a laghdú.

(b)

diúltú don iarraidh ar fhorais cuí-réasúnaithe, i gcomhréir leis an gcaibidil seo.

Cuirfidh an comhlacht earnála poiblí iarrthach, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus an comhlacht de chuid an Aontais san áireamh comhairle an údaráis inniúil ábhartha agus na forais arna soláthar aige de bhun na chéad fhomhíre sula ndéanfaidh siad aon ghníomhaíocht bhreise amhail an iarraidh a chur isteach an athuair, i gcás inarb infheidhme.

CAIBIDIL VI

AISTRIÚ IDIR SEIRBHÍSÍ PRÓISEÁLA SONRAÍ

Airteagal 40

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit, faoin 12 Meán Fómhair 2025, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear dóibh. Déanfaidh an Coimisiún nuashonrú tráthrialta agus cothabháil tráthrialta ar chlár poiblí, a mbeidh rochtain éasca air, de na bearta sin.

3.   Cuirfidh na Ballstáit san áireamh na moltaí ó EDIB agus na critéir neamh-uileghabhálacha seo a leanas maidir le pionóis a fhorchur i leith sáruithe ar an Rialachán seo:

(a)

cineál, tromchúis, scála agus fad an tsáraithe;

(b)

aon ghníomhaíocht a rinne an páirtí sáraitheach chun an damáiste a rinne an sárú a mhaolú nó a leigheas;

(c)

aon sáruithe a rinne an páirtí sáraitheach roimhe sin;

(d)

na sochair airgeadais a ghnóthaigh an páirtí sáraitheach, nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, a mhéid is féidir na sochair nó na caillteanais sin a shuí go hiontaofa;

(e)

aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith imthosca an cháis;

(f)

láimhdeachas bliantúil an pháirtí sháraithigh sa bhliain airgeadais roimhe sin san Aontas.

4.   Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidlí II, III agus V den Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679, laistigh de raon feidhme a n-inniúlachta, fíneálacha riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 83 de Rialachán (AE) 2016/679 agus suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 83(5) den Rialachán sin.

5.   Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos i gcaibidil V den Rialachán seo, féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, laistigh de raon feidhme a inniúlachta, fíneálacha riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 66 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 66(3) den Rialachán sin.


whereas









keyboard_arrow_down