search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA cercato: 'chaibidil' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index chaibidil:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    COMHROINNT SONRAÍ GNÓLACHT LE TOMHALTÓIR AGUS GNÓLACHT LE GNÓLACHT

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ AR SHEALBHÓIRÍ SONRAÍ A BHFUIL OIBLEAGÁID ORTHU SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DE BHUN DHLÍ AN AONTAIS

    CAIBIDIL IV
    TÉARMAÍ CONARTHACHA ÉAGÓRACHA A BHAINEANN LE ROCHTAIN AR SHONRAÍ AGUS ÚSÁID SONRAÍ IDIR FIONTAIR

    CAIBIDIL V
    SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DO NA COMHLACHTAÍ EARNÁLA POIBLÍ, DON CHOIMISIÚN, DON BHANC CEANNAIS EORPACH AGUS DO CHOMHLACHTAÍ DE CHUID AN AONTAIS AR BHONN RIACHTANAIS EISCEACHTÚIL
  • 1 Airteagal 13 Téarmaí conarthacha éagóracha a fhorchuirtear go haontaobhach ar fhiontar eile

  • CAIBIDIL VI
    AISTRIÚ IDIR SEIRBHÍSÍ PRÓISEÁLA SONRAÍ

    CAIBIDIL VII
    ROCHTAIN RIALTASACH IDIRNÁISIÚNTA NEAMHDHLEATHACH AGUS AISTRIÚ SONRAÍ NEAMHPHEARSANTA

    CAIBIDIL VIII
    IDIR-INOIBRITHEACHT

    CAIBIDIL IX
    CUR CHUN FEIDHME AGUS FORFHEIDHMIÚ
  • 1 Airteagal 41 Téarmaí conarthacha eiseamláireacha agus clásail chonarthacha chaighdeánacha

  • CAIBIDIL X
    CEART SUI GENERIS FAOI THREOIR 96/9/CE

    CAIBIDIL XI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas chaibidil:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 873

 

Airteagal 8

Na coinníollacha faoina gcuireann sealbhóirí sonraí sonraí ar fáil d’fhaighteoirí sonraí

1.   A mhéid a bhaineann le caidrimh gnólacht le gnólacht, agus i gcás ina mbeidh sé d’oibleagáid ar shealbhóir sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoir sonraí faoi Airteagal 5 nó faoi dhlí eile is infheidhme de chuid an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais, comhaontóidh sealbhóir sonraí, le faighteoir sonraí, na socruithe chun na sonraí a chur ar fáil agus déanfaidh sé nó sí amhlaidh ar théarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus ar bhealach trédhearcach i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus le Caibidil IV.

2.   Téarma conarthach a bhaineann le rochtain ar sonraí agus úsáid sonraí nó le dliteanas agus na leigheasanna maidir le sárú na n-oibleagáidí a bhaineann le sonraí, nó maidir le foirceannadh na n-oibleagáidí sin, ní bheidh an téarma sin ceangailteach más rud é gurb ionann é agus téarma conarthach éagórach de réir bhrí Airteagal 13 nó, chun dochar don úsáideoir, má eisiatar leis éifeacht chur i bhfeidhm chearta an úsáideora faoi chaibidil II, nó má mhaolaítear ar an éifeacht sin nó má athraítear í.

3.   Ní dhéanfaidh sealbhóir sonraí idirdhealú maidir leis na socruithe chun sonraí a chur ar fáil idir catagóirí inchomparáide d’fhaighteoirí sonraí, lena n-áirítear fiontair chomhpháirtíochta nó fiontair nasctha an tsealbhóra sonraí agus sonraí á gcur ar fáil aige nó aici. I gcás ina bhfuil an faighteoir sonraí den tuairim gur coinníollacha idirdhealaitheacha iad na coinníollacha faoinar cuireadh sonraí ar fáil dó nó di idirdhealaitheach, soláthróidh sealbhóir na sonraí gan moill mhíchuí, ar iarraidh réasúnaithe, d’fhaighteoir na sonraí faisnéis lena léirítear nach ndearnadh aon idirdhealú.

4.   Ní chuirfidh sealbhóir sonraí sonraí ar fáil d’fhaighteoir sonraí, lena n-áirítear ar bhonn eisiach, mura n-iarrfaidh an t-úsáideoir sin faoi chaibidil II.

5.   Ní cheanglófar ar shealbhóirí sonraí ná ar fhaighteoirí sonraí aon fhaisnéis a sholáthar thar a bhfuil riachtanach chun a fhíorú go gcomhlíontar na téarmaí conarthacha arna gcomhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil nó a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi dhlí eile is infheidhme de chuid an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta is infheidhme a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais.

6.   Mura bhforáiltear a mhalairt le dlí an Aontais, lena n-áirítear Airteagal 4(6) agus Airteagal 5(9) den Rialachán seo, nó leis an reachtaíocht náisiúnta a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais, ní chuirfidh oibleagáid chun sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoir sonraí oibleagáid ar aon duine rúin trádála a nochtadh.

Airteagal 13

Téarmaí conarthacha éagóracha a fhorchuirtear go haontaobhach ar fhiontar eile

1.   Téarma conarthach a bhaineann le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí nó an dliteanas agus na leigheasanna i leith sárú nó foirceannadh oibleagáidí a bhaineann le sonraí agus a d’fhorchuir fiontar go haontaobhach ar fhiontar eile, ní bheidh sé ina cheangal ar an bhfiontar deiridh sin más rud é go bhfuil sé éagórach.

2.   Ní mheasfar gur téarma éagórach téarma conarthach a léiríonn forálacha sainordaitheacha dhlí an Aontais, nó forálacha de dhlí an Aontais a mbeadh feidhm acu mura rialaigh na téarmaí conarthacha an t-ábhar.

3.   Tá téarma conarthach éagórach más de chineál é a n-imíonn a úsáid go mór ó dhea-chleachtas tráchtála maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí, a bheadh contrártha le meon macánta agus cóirdhéileáil.

4.   Go háirithe, beidh téarma conarthach éagórach chun críoch mír 3, más é an méid seo a leanas is cuspóir nó is éifeacht dó:

(a)

dliteanas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach maidir le gníomhartha intinneacha nó le mórfhaillí a eisiamh nó a theorannú;

(b)

maidir leis an bpáirtí ar a ndearnadh an téarma a fhorchur go haontaobhach i gcás neamh-chomhlíonadh oibleagáidí conarthacha, na leigheasanna atá ar fáil don pháirtí sin a eisiamh nó maidir le dliteanas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach i gcás sárú ar na hoibleagáidí sin, an dliteanas sin a eisiamh;

(c)

an ceart eisiach a thabhairt don pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil na sonraí a sholáthraítear i gcomhréir leis an gconradh nó aon téarma conarthach a léirmhíniú.

5.   Glacfar leis go bhfuil téarma conarthach éagórach chun críoch mír 3 más é an méid seo a leanas is cuspóir nó is éifeacht dó:

(a)

srian míchuí a chur le leigheasanna i gcás neamh-chomhlíonadh oibleagáidí conarthacha nó dliteanais i gcás sárú ar na hoibleagáidí sin, nó dliteanas an fhiontair ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach a leathnú;

(b)

go dtugtar cead don pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach sonraí an pháirtí chonarthaigh eile a rochtain agus a úsáid ar bhealach a dhéanfadh dochar suntasach do leasanna dlisteanacha an pháirtí chonarthaigh eile, go háirithe nuair a bheidh sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de sna sonraí sin nó atá faoi chosaint ag rúin trádála nó ag cearta maoine intleachtúla;

(c)

go gcuirtear cosc ar an bpáirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach na sonraí a sholáthair an páirtí sin nó a ghin sé nó sí a úsáid le linn thréimhse an chonartha, nó úsáid na sonraí sin a theorannú a mhéid nach bhfuil an páirtí sin i dteideal na sonraí sin a úsáid, a ghabháil, a rochtain nó a rialú nó luach na sonraí sin a shaothrú ar bhealach leordhóthanach;

(d)

cosc a chur ar an bpáirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach comhaontú a fhoirceannadh laistigh de thréimhse réasúnach;

(e)

go gcuirtear cosc ar an bpáirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach cóip de na sonraí a sholáthair an páirtí sin nó a ghin sé nó sí a fháil le linn thréimhse an chonartha nó laistigh de thréimhse réasúnta tar éis fhoirceannadh an chonartha;

(f)

maidir leis an bpáirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach, a chumasú don pháirtí sin an conradh a fhoirceannadh ar ghearrfhógra míréasúnta agus aird á tabhairt ar aon féidearthacht réasúnach an pháirtí chonarthaigh eile athrú go seirbhís mhalartach inchomparáide agus an dochar airgeadais a dhéanann an foirceannadh sin, ach amháin i gcás ina bhfuil forais thromchúiseacha ann chun é sin a dhéanamh;

(g)

a chur ar chumas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach chun an praghas a shonraítear sa chonradh a athrú go substaintiúil nó aon choinníoll substainteach eile a bhaineann le cineál, formáid, cáilíocht nó cainníocht na sonraí atá le comhroinnt, i gcás nach sonraítear sa chonradh aon chúis bhailí agus gan cheart an pháirtí eile an conradh a fhoirceannadh i gcás athrú den sórt sin.

Ní dhéanfaidh pointe (g) den chéad fhomhír difear do théarmaí lena bhforchoimeádann an páirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach an ceart chun téarmaí conartha a athrú go haontaobhach d’fhad neamhchinntithe, ar choinníoll gur sonraíodh cúis bhailí le hathruithe aontaobhacha den sórt sin sa chonradh, go gceanglaítear ar an bpáirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach fógra réasúnach a thabhairt don pháirtí conarthach eile maidir le haon athrú beartaithe den sórt sin, agus go bhfuil sé de shaoirse ag an bpáirtí conarthach eile an conradh a fhoirceannadh gan aon chostas i gcás athraithe.

6.   Measfar téarma conarthach a bheith forchurtha go haontaobhach de réir bhrí an Airteagail seo más rud é gur sholáthair páirtí conarthach amháin é agus nach raibh an páirtí conarthach eile in ann tionchar a imirt ar a inneachar in ainneoin iarracht a dhéanamh é a chaibidil. An páirtí conarthach a sholáthair an téarma conarthach, tá sé d'ualach air a chruthú nach ndearnadh an téarma sin a fhorchur go haontaobhach. Ní fhéadfaidh an páirtí conarthach a sholáthair an téarma conarthach faoi chonspóid argóint a dhéanamh gur téarma éagórach é an téarma conarthach.

7.   I gcás inar féidir an téarma conarthach éagórach a dhealú ón gcuid eile de théarmaí an chonartha, beidh na téarmaí atá fágtha ceangailteach.

8.   Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le téarmaí conarthacha lena sainítear príomhábhar an chonartha ná i ndáil le leordhóthanacht an phraghais, mar a bhí i gcoinne na sonraí a soláthraíodh sa mhalartú.

9.   Ní bheidh na páirtithe i gconradh a chumhdaítear le mír 1 cur i bhfeidhm an Airteagail seo a eisiamh, maolú air ná a éifeachtaí a athrú.

CAIBIDIL V

SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DO NA COMHLACHTAÍ EARNÁLA POIBLÍ, DON CHOIMISIÚN, DON BHANC CEANNAIS EORPACH AGUS DO CHOMHLACHTAÍ DE CHUID AN AONTAIS AR BHONN RIACHTANAIS EISCEACHTÚIL

Airteagal 16

Caidreamh le hoibleagáidí eile chun sonraí a chur ar fáil do na comhlachtaí earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus comhlachtaí de chuid an Aontais

1.   Ní dhéanfaidh an chaibidil seo difear d’oibleagáidí a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta chun críche tuairiscithe, iarrataí maidir le rochtain ar fhaisnéis a chomhlíonadh nó chun comhlíonadh na n-oibleagáidí dlíthiúla a léiriú nó a fhíorú.

2.   Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le comhlachtaí earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach ná comhlachtaí de chuid an Aontais a dhéanann gníomhaíochtaí chun cionta coiriúla nó riaracháin a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, ná maidir le riarachán custaim nó cánachais. Leis an gCaibidil seo, ní dhéantar difear do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cionta coiriúla nó riaracháin a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó maidir le pionóis choiriúla nó riaracháin a fhorghníomhú, ná maidir le riarachán custaim nó cánachais.

Airteagal 22

Cúnamh frithpháirteach agus comhar trasteorann

1.   Oibreoidh na comhlachtaí earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus comhlachtaí de chuid an Aontais le chéile agus cuideoidh siad le chéile an chaibidil seo a chur chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach.

2.   Ní úsáidfear aon sonraí a malartaíodh i dtaca leis an gcúnamh a iarradh agus a cuireadh ar fáil de bhun mhír 1 ar bhealach atá ar neamhréir leis an gcuspóir dár iarradh iad.

3.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag comhlacht earnála poiblí sonraí a iarraidh ar shealbhóir sonraí atá bunaithe i mBallstát eile, tabharfaidh sé fógra ar dtús d’údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 sa Bhallstát sin, faoin rún sin. Beidh feidhm ag an gceanglas sin freisin maidir le hiarrataí ón gCoimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus chomhlachtaí an Aontais. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe, scrúdú ar an iarraidh.

4.   Tar éis dó an iarraidh a scrúdú i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 17, déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha, gan moill mhíchuí, ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

an iarraidh a tharchur chuig an sealbhóir sonraí agus, más infheidhme, comhairle a chur ar an gcomhlacht earnála poiblí iarrthach, ar an gCoimisiún, ar an mBanc Ceannais Eorpach nó ar chomhlacht de chuid an Aontais maidir leis an ngá, más ann dó, le comhoibriú le comhlachtaí earnála poiblí an Bhallstáit ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe d’fhonn an t-ualach riaracháin ar an sealbhóir sonraí i gcomhlíonadh na hiarrata a laghdú.

(b)

diúltú don iarraidh ar fhorais cuí-réasúnaithe, i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

Cuirfidh an comhlacht earnála poiblí iarrthach, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus an comhlacht de chuid an Aontais san áireamh comhairle an údaráis inniúil ábhartha agus na forais arna soláthar aige de bhun na chéad fhomhíre sula ndéanfaidh siad aon ghníomhaíocht bhreise amhail an iarraidh a chur isteach an athuair, i gcás inarb infheidhme.

CAIBIDIL VI

AISTRIÚ IDIR SEIRBHÍSÍ PRÓISEÁLA SONRAÍ

Airteagal 31

Córas sonrach le haghaidh seirbhísí áirithe próiseála sonraí

1.   Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 23, pointe (d), Airteagal 29 agus Airteagal 30(1) agus (3) maidir le seirbhísí próiseála sonraí ar saincheapadh formhór na bpríomhghnéithe díobh chun freastal ar riachtanais shonracha custaiméara aonair nó i gcás inar forbraíodh na comhpháirteanna uile chun críocha custaiméara aonair, agus i gcás nach dtairgtear na seirbhísí próiseála sonraí sin ar scála leathan tráchtála trí chatalóg seirbhíse sholáthraithe na seirbhísí próiseála sonraí.

2.   Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos sa chaibidil seo maidir le seirbhísí próiseála sonraí a sholáthraítear mar leagan neamhtháirgthe chun críocha tástála agus meastóireachta agus ar feadh tréimhse teoranta ama.

3.   Sula dtabharfar conradh i gcrích maidir le soláthar na seirbhísí próiseála sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo, cuirfidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí an custaiméir ionchasach ar an eolas faoi oibleagáidí na Caibidle seo nach bhfuil feidhm acu maidir leis.

CAIBIDIL VII

ROCHTAIN RIALTASACH IDIRNÁISIÚNTA NEAMHDHLEATHACH AGUS AISTRIÚ SONRAÍ NEAMHPHEARSANTA

Airteagal 37

Údaráis inniúla agus comhordaitheoirí sonraí

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú (údaráis inniúla). Féadfaidh na Ballstáit údarás nua amháin nó níos mó a bhunú nó brath ar na húdaráis atá ann cheana.

2.   I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, ainmneoidh sé comhordaitheoir sonraí as measc na n-údarás sin chun comhar idir na húdaráis inniúla a éascú agus chun cúnamh a thabhairt d’eintitis faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir le gach ábhar a bhaineann lena chur i bhfeidhm agus lena fhorfheidhmiú. Comhoibreoidh údaráis inniúla le chéile, i bhfeidhmiú na gcúraimí agus na gcumhachtaí a shanntar dóibh faoi mhír 5.

3.   Beidh na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Caibidlí VI agus VII de Rialachán (AE) 2016/679.

Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann sé leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlachtaí an Aontais. I gcás inarb ábhartha, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Déanfar cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás maoirseachta dá dtagraítear sa mhír seo a fheidhmiú i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta.

4.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo:

(a)

i gcás saincheisteanna maidir le rochtain ar shonraí sonracha earnála agus úsáid sonraí sonracha earnálacha a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar inniúlacht na n-údarás earnála a urramú;

(b)

beidh taithí i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí ag an údarás inniúil atá freagrach as Airteagail 23 go 31 agus Airteagal 34 agus Airteagal 35 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás inniúil a shainmhíniú go soiléir agus go n-áireofar orthu:

(a)

feasacht agus litearthacht sonraí a chur chun cinn i measc úsáideoirí agus i measc eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí faoin Rialachán seo;

(b)

gearáin a láimhseáil a eascraíonn as sáruithe líomhnaithe ar an Rialacháin seo, lena n-áirítear maidir le rúin trádála, agus, a mhéid is iomchuí, ábhar na ngearán a imscrúdú agus gearánaigh a chur ar an eolas go tráthrialta, i gcás inarb ábhartha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, maidir leis an dul chun cinn agus maidir le toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú a dhéanamh le húdarás inniúil eile;

(c)

imscrúduithe a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear ar bhonn faisnéis a fuarthas ó údarás inniúil eile nó ó údarás poiblí eile;

(d)

pionóis airgeadais éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, a bhféadfadh pionóis thréimhsiúla agus pionóis lena ngabhann éifeacht chúlghabhálach a bheith ar áireamh orthu, nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh i leith fíneálacha a fhorchur;

(e)

faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí teicneolaíocha agus forbairtí tráchtála ábhartha atá ábhartha maidir le sonraí a chur ar fáil agus a úsáid;

(f)

oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus, i gcás inarb ábhartha, leis an gCoimisiún nó le EDIB, chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha uile a mhalartú trí mheán leictreonach, gan moill mhíchuí, lena n-áirítear maidir le mír 10 den Airteagal seo;

(g)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha atá freagrach as gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais nó gníomhartha dlí náisiúnta a chur chun feidhme, lena n-áirítear le húdaráis atá inniúil i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí, leis an údarás maoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 nó le húdaráis earnála chun a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach le dlíthe eile an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.;

(h)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha uile chun a áirithiú go bhforfheidhmítear Airteagail 23 go 31agus Airteagail 34 agus 35 go comhsheasmhach le dlí an Aontais agus leis an bhféinrialáil is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí.

(i)

a áirithiú go dtarraingítear siar muirir mhalartaithe i gcomhréir le hAirteagal 29;

(j)

scrúdú a dhéanamh ar na hiarrataí ar shonraí arna ndéanamh de bhun chaibidil V.

I gcás ina n-ainmnítear é, éascóidh an comhordaitheoir sonraí an comhar dá dtagraítear i bpointí (f), (g) agus (h) den chéad fhomhír agus tabharfaidh sé nó sí cúnamh do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh.

6.   Déanfaidh an comhordaitheoir sonraí, i gcás inar ainmníodh údarás inniúil den sórt sin, an méid seo a leanas:

(a)

gníomhú mar an pointe teagmhála aonair le haghaidh gach saincheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b)

a áirithiú go mbeidh fáil ar líne ag an bpobal ar iarrataí chun sonraí a chur ar fáil arna ndéanamh ag comhlachtaí earnála poiblí i gcás riachtanas eisceachtúil faoi chaibidil V agus comhaontuithe a chur chun cinn maidir le comhroinnt sonraí idir comhlachtaí earnála poiblí agus sealbhóirí sonraí;

(c)

an Coimisiún a chur ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoi na diúltaithe ar tugadh fógra fúthu faoi Airteagal 4(2) agus (8) agus Airteagal 5(11).

7.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi ainmneacha na n-údarás inniúil agus faoina gcúraimí agus a gcumhachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, ainm an chomhordaitheora sonraí. Coimeádfaidh an Coimisiún clár poiblí de na húdaráis sin.

8.   Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh na húdaráis inniúla fós neamhchlaonta agus saor ó aon tionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha le haghaidh cásanna aonair ó aon údarás poiblí eile ná ó aon pháirtí príobháideach.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar acmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha agus an saineolas ábhartha do na húdaráis inniúla chun a gcuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach i gcomhréir leis an Rialachán seo.

10.   Beidh eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo faoi réir inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe. I gcás ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin, measfar é a bheith faoi inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht aige, is é sin, áit a bhfuil a cheannoifig nó a oifig chláraithe ag an eintiteas óna ndéantar na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil a fheidhmiú.

11.   Aon eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san Aontas, agus nach bhfuil bunaithe san Aontas, ainmneoidh sé ionadaí dlíthiúil i gceann de na Ballstáit.

12.   Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, tabharfaidh eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chuireann táirgí nasctha ar fáil nó a thairgeann seirbhísí gaolmhara san Aontas sainordú d’ionadaí dlíthiúil a bpléifidh údaráis inniúla leis sa bhreis ar an eintiteas féin nó ina ionad maidir le gach saincheist a bhaineann leis an eintiteas sin. Oibreoidh an t-ionadaí dlíthiúil sin i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus léireoidh sé go cuimsitheach dóibh, arna iarraidh sin, na gníomhaíochtaí arna ndéanamh agus na forálacha arna gcur i bhfeidhm ag an eintiteas, a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha ar fáil nó a thairgeann seirbhísí gaolmhara san Aontas chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

13.   Eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san Aontas, measfar é a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil lonnaithe. Déanfaidh an t-eintiteas sin ionadaí dlíthiúil a ainmniú gan dochar d’aon dliteanas nó d’aon chaingean dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne eintiteas den sórt sin. Go dtí go n-ainmneoidh eintiteas ionadaí dlíthiúil i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh sé faoi inniúlacht na mBallstát uile, i gcás inarb infheidhme, chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú. Féadfaidh aon údarás inniúil a inniúlacht a fheidhmiú, lena n-áirítear trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, ar choinníoll nach mbeidh an t-eintiteas faoi réir imeachtaí forfheidhmiúcháin faoin Rialachán seo maidir leis na fíorais chéanna ag údarás inniúil eile.

14.   Beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla gach faisnéis is gá a iarraidh ar úsáideoirí, ar shealbhóirí sonraí nó ar fhaighteoirí sonraí, nó ar a n-ionadaithe dlíthiúla, a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit, chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú. Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an bhunchúraim agus beidh sí réasúnaithe.

15.   I gcás ina n-iarrann údarás inniúil i mBallstát amháin cúnamh nó bearta forfheidhmiúcháin ó údarás inniúil i mBallstát eile, déanfaidh sé iarraidh réasúnaithe a thíolacadh. Tabharfaidh údarás inniúil, tar éis dó an iarraidh sin a fháil, freagra ina sonrófar na gníomhaíochtaí a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh, gan moill mhíchuí.

16.   Urramóidh údaráis inniúla prionsabail na rúndachta agus na sicréideachta gairmiúla agus tráchtála agus cosnóidh siad sonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i gcomhthéacs iarraidh ar chúnamh agus a cuireadh ar fáil de bhun an Airteagail seo ach amháin i ndáil leis an ábhar dár iarradh í.

Airteagal 41

Téarmaí conarthacha eiseamláireacha agus clásail chonarthacha chaighdeánacha

Déanfaidh an Coimisiún, roimh an 12 Meán Fómhair 2025, téarmaí conarthacha eiseamláireacha neamhcheangailteacha maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí a fhorbairt agus a mholadh, lena n-áirítear téarmaí maidir le cúiteamh réasúnta agus cosaint rún trádála, agus clásail chonarthacha chaighdeánacha neamhcheangailteacha le haghaidh conarthaí néalríomhaireachta chun cabhrú le páirtithe conarthaí a dhréachtú agus a chaibidil ina bhfuil cearta agus oibleagáidí cothroma, réasúnta agus neamh-idirdhealaitheacha.

Airteagal 44

Gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear cearta agus oibleagáidí maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí

1.   Ní dhéanfar difear do na hoibleagáidí sonracha maidir le sonraí a chur ar fáil idir gnólachtaí, idir gnólachtaí agus tomhaltóirí, agus ar bhonn eisceachtúil idir gnólachtaí agus údaráis phoiblí, i ngníomhartha dlí an Aontais a tháinig i bhfeidhm an 11 Eanáir 2024, nó roimhe sin, agus gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme dá mbun.

2.   Ní dochar an Rialachán seo do dhlí an Aontais lena sonraítear, i bhfianaise riachtanais earnála, spás coiteann sonraí Eorpach, nó réimse ar mhaithe le leas an phobail, ceanglais bhreise, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

gnéithe teicniúla a bhaineann le rochtain ar shonraí;

(b)

teorainneacha ar chearta sealbhóirí sonraí chun rochtain a fháil ar shonraí áirithe arna soláthar ag úsáideoirí, nó chun na sonraí sin a úsáid;

(c)

gnéithe a théann thar rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí.

3.   Ní dochar an Rialachán seo, cé is moite de chaibidil V, do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta lena bhforáiltear do rochtain ar shonraí agus lena n-údaraítear iad a úsáid ar mhaithe le cuspóirí taighde eolaíoch.

Airteagal 49

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 12 Meán Fómhair 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Sa mheastóireacht sin, déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

cásanna a mheasfar a bheith ina staideanna ina bhfuil riachtanas eisceachtúil chun críoch Airteagal 15 den Rialachán seo agus chun Caibidil V den Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcleachtas, go háirithe an taithí maidir le cur i bhfeidhm chaibidil V den Rialachán seo ag comhlachtaí earnála poiblí, ag an gCoimisiún, ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag comhlachtaí de chuid an Aontais; líon agus toradh na n-imeachtaí arna dtabhairt don údarás inniúil faoi Airteagal 18(5) maidir le cur i bhfeidhm chaibidil V den Rialachán seo, arna dtuairisciú ag na húdaráis inniúla; tionchar oibleagáidí eile a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta chun iarrataí ar rochtain ar fhaisnéis a chomhlíonadh; tionchar sásraí deonacha um chomhroinnt sonraí, amhail na sásraí sin arna gcur i bhfeidhm ag eagraíochtaí altrúchais ó thaobh sonraí de a aithnítear faoi Rialachán (AE) 2022/868, maidir le cuspóirí chaibidil V den Rialachán seo a bhaint amach, agus ról na sonraí pearsanta i gcomhthéacs Airteagal 15 den Rialachán seo, lena n-áirítear éabhlóid na dteicneolaíochtaí chun príobháideachas a fheabhsú;

(b)

tionchar an Rialacháin seo ar úsáid sonraí sa gheilleagar, lena n-áirítear ar nuálaíocht sonraí, ar chleachtais um luach airgid a chur ar shonraí agus ar sheirbhísí idirghabhála sonraí, chomh maith le comhroinnt sonraí laistigh de na spásanna coiteanna Eorpacha sonraí;

(c)

inrochtaineacht agus úsáid catagóirí agus cineálacha éagsúla sonraí;

(d)

catagóirí áirithe fiontar a eisiamh mar thairbhithe faoi Airteagal 5;

(e)

easpa aon tionchair ar chearta maoine intleachtúla;

(f)

an tionchar ar rúin trádála, lena n-áirítear ar an gcosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach, chomh maith le tionchar an tsásra lena gceadaítear don sealbhóir sonraí diúltú d’iarraidh an úsáideora faoi Airteagal 4(8) agus Airteagal 5(11), agus aon athbhreithniú ar Threoir (AE) 2016/943, á chur san áireamh, a mhéid is féidir;

(g)

an bhfuil an liosta de théarmaí conarthacha éagóracha dá dtagraítear in Airteagal 13 cothrom le dáta i bhfianaise cleachtais nua ghnó agus luas tapa na nuálaíochta margaidh;

(h)

athruithe ar chleachtais chonarthacha soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí agus cé acu is leor nó nach leor an méid sin chun Airteagal 25 a chomhlíonadh;

(i)

an laghdú ar mhuirir arna bhforchur ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí don phróiseas malartaithe, i gcomhréir le muirir mhalartaithe a tharraingt siar de réir a chéile de bhun Airteagal 29;

(j)

idirghníomhú an Rialacháin seo le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais atá ábhartha don gheilleagar sonraí;

(k)

rochtain rialtais neamhdhleathach ar shonraí neamhphearsanta a chosc;

(l)

éifeachtúlacht an chórais forfheidhmiúcháin a cheanglaítear faoi Airteagal 37;

(m)

tionchar an Rialacháin seo ar FBManna i ndáil lena n-acmhainneacht nuálaíochta agus le hinfhaighteacht seirbhísí próiseála sonraí d’úsáideoirí san Aontas agus an t-ualach a bhaineann le hoibleagáidí nua a chomhlíonadh.

2.   Faoin 12 Meán Fómhair 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Déanfar measúnú sa mheastóireacht sin ar thionchar Airteagail 23 go 31 agus Airteagal 34 agus Airteagal 35, go háirithe maidir le praghsáil agus éagsúlacht na seirbhísí próiseála sonraí a thairgtear laistigh den Aontas, le béim ar leith ar sholáthraithe ar FBManna iad.

3.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a ullmhú.

4.   Ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Rialachán seo a leasú.


whereas









keyboard_arrow_down