keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 3 Airteagal 25 Téarmaí conarthacha a bhaineann le malartú éifeachtach
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
COMHROINNT SONRAÍ GNÓLACHT LE TOMHALTÓIR AGUS GNÓLACHT LE GNÓLACHT
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ AR SHEALBHÓIRÍ SONRAÍ A BHFUIL OIBLEAGÁID ORTHU SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DE BHUN DHLÍ AN AONTAIS
CAIBIDIL IV
TÉARMAÍ CONARTHACHA ÉAGÓRACHA A BHAINEANN LE ROCHTAIN AR SHONRAÍ AGUS ÚSÁID SONRAÍ IDIR FIONTAIR
CAIBIDIL V
SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DO NA COMHLACHTAÍ EARNÁLA POIBLÍ, DON CHOIMISIÚN, DON BHANC CEANNAIS EORPACH AGUS DO CHOMHLACHTAÍ DE CHUID AN AONTAIS AR BHONN RIACHTANAIS EISCEACHTÚIL
CAIBIDIL VI
AISTRIÚ IDIR SEIRBHÍSÍ PRÓISEÁLA SONRAÍ
CAIBIDIL VII
ROCHTAIN RIALTASACH IDIRNÁISIÚNTA NEAMHDHLEATHACH AGUS AISTRIÚ SONRAÍ NEAMHPHEARSANTA
CAIBIDIL VIII
IDIR-INOIBRITHEACHT
CAIBIDIL IX
CUR CHUN FEIDHME AGUS FORFHEIDHMIÚ
CAIBIDIL X
CEART SUI GENERIS FAOI THREOIR 96/9/CE
CAIBIDIL XI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- sonraí 23
- agus 18
- seirbhísí 15
- próiseála 13
- lena 9
- soláthraí 8
- dtagraítear 8
- fógra 7
- leis 6
- chustaiméir 6
- in-onnmhairithe 6
- linn 6
- tréimhse 6
- malartaithe 6
- nach 6
- conradh 6
- éis 5
- chuig 5
- gcás 5
- chun 5
- sócmhainní 4
- bhfuil 4
- gcomhréir 4
- mír 4
- digiteacha 4
- infheidhme 4
- custaiméir 4
- uile 4
- mír 4
- idirthréimhse 4
- gcustaiméir 4
- atá 4
- sholáthar 4
- bpointe 4
- maidir 3
- leanúnachas 3
- seirbhíse 3
- lá 3
- clásail 3
- huastréimhse 3
- chonradh 3
- aisghabhála 3
- fhoirceannadh 3
- níos 3
- áitreabh 3
- bonneagar 3
- tsoláthraí 3
- bhforáiltear 3
- malartú 3
- bhaineann 3
Airteagal 25
Téarmaí conarthacha a bhaineann le malartú éifeachtach
1. Maidir le cearta an chustaiméara agus oibleagáidí an tsoláthraí seirbhísí próiseála sonraí i ndáil le malartú idir soláthraithe na seirbhísí sin nó, i gcás inarb infheidhme, chuig bonneagar TFC san áitreabh, leagfar amach go soiléir iad i gconradh i scríbhinn. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí an conradh sin ar fáil don chustaiméir sula síneofar an conradh ar bhealach a scaoileann leis an gcustaiméir an conradh a stóráil agus a atáirgeadh.
2. Gan dochar do Threoir (AE) 2019/770, áireofar sa chonradh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an méid seo a leanas ar a laghad:
(a) | clásail lena gceadaítear don chustaiméir, arna iarraidh sin dó, malartú chuig seirbhís próiseála sonraí a thairgeann soláthraí éagsúil seirbhísí próiseála sonraí nó na sonraí agus na sócmhainní digiteacha in-onnmhairithe uile a phortáil chuig bonneagar TFC san áitreabh, gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná an idirthréimhse uasta éigeantach 30 lá féilire, a thosófar tar éis na huastréimhse fógra dá dtagraítear i bpointe (d), ar lena linn a bhfuil an conradh seirbhíse fós infheidhme agus ar lena linn a dhéanfaidh an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí an méid seo a leanas:
|
(b) | oibleagáid ar sholáthraí na seirbhísí próiseála sonraí tacú le straitéis scoir an chustaiméara atá ábhartha do na seirbhísí atá ar conradh, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis ábhartha uile a sholáthar; |
(c) | clásal ina sonraítear go measfar an conradh a bheith foirceanta agus go dtabharfar fógra don chustaiméir faoin bhfoirceannadh, i gceann de na cásanna seo a leanas:
|
(d) | uastréimhse fógra chun an próiseas malartaithe a thionscnamh, tréimhse nach faide ná dhá mhí; |
(e) | sonraíocht uileghabhálach ar na catagóirí uile sonraí agus sócmhainní feidhmchláir is féidir a phortáil le linn an phróisis malartaithe, lena n-áirítear, ar a laghad, na sonraí uile in-onnmhairithe; |
(f) | sonraíocht uileghabhálach ar chatagóirí sonraí a bhaineann go sonrach le feidhmiú inmheánach sheirbhís próiseála sonraí an tsoláthraí atá le díolmhú ó na sonraí in-onnmhairithe faoi phointe (e) den mhír seo i gcás ina bhfuil riosca ann go sárófar rúin trádála an tsoláthraí, ar choinníoll nach gcuireann díolúintí den sórt sin bac ná moill ar an bpróiseas aistrithe dá bhforáiltear in Airteagal 23, pointe (c); |
(g) | íostréimhse 30 lá féilire ar a laghad chun sonraí a aisghabháil, ag tosú tar éis fhoirceannadh na hidirthréimhse a comhaontaíodh idir an custaiméir agus an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí, i gcomhréir le pointe (a) den mhír seo, agus mír 4; |
(h) | clásal lena ráthaítear léirscriosadh iomlán na sonraí in-onnmhairithe agus na sócmhainní digiteacha arna nginiúint go díreach ag an gcustaiméir, nó a bhaineann leis an gcustaiméir go díreach, tar éis dhul in éag na tréimhse aisghabhála dá dtagraítear i bpointe (g) nó tar éis dul in éag tréimhse chomhaontaithe mhalartach ar dháta is déanaí ná dáta éagtha na tréimhse aisghabhála dá dtagraítear i bpointe (g), ar choinníoll go bhfuil an próiseas malartaithe curtha i gcrích go rathúil; |
(i) | muirir mhalartaithe a fhéadfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 29. |
3. Áireofar sa chonradh dá dtagraítear i mír 1, clásail lena bhforáiltear go bhféadfaidh an custaiméir fógra a thabhairt don soláthraí seirbhísí próiseála sonraí maidir lena chinneadh ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh ar fhoirceannadh na huastréimhse fógra dá dtagraítear i mír 2, pointe (d):
(a) | athrú chuig soláthraí éagsúil seirbhísí próiseála sonraí, agus sa chás sin soláthróidh an custaiméir na sonraí is gá maidir leis an soláthraí sin; |
(b) | mhalartú chuig bonneagar TFC san áitreabh; |
(c) | a shonraí in-onnmhairithe agus a shócmhainní digiteacha a scrios. |
4. I gcás nach bhfuil an idirthréimhse uasta éigeantach dá bhforáiltear i mír 2, pointe (a) indéanta go teicniúil, tabharfaidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí fógra don chustaiméir laistigh de 14 lá oibre tar éis an iarraidh ar mhalartú a dhéanamh, agus tabharfaidh sé údar cuí don neamh-indéantacht theicniúil agus léireoidh sé idirthréimhse mhalartach, nach mbeidh níos faide ná 7 mí. I gcomhréir le mír 1, áiritheofar leanúnachas iomlán seirbhíse ar feadh na hidirthréimhse malartaí.
5. Gan dochar do mhír 4, áireofar sa chonradh dá dtagraítear i mír 1, clásail lena dtugtar an ceart don chustaiméir síneadh a chur leis an idirthréimhse uair amháin ar feadh tréimhse a mheasann an custaiméir a bheith níos iomchuí chun a chríocha féin.
whereas