keyboard_tab Contratti digitali 2019/0770 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- agus 31
- trádálaí 25
- tomhaltóir 24
- digiteach 22
- dhigiteach 21
- ábhar 21
- arna 19
- tseirbhís 14
- úsáid 14
- sonraí 13
- ciallaíonn 13
- leis 13
- seirbhíse 12
- nach 12
- dhigitigh 11
- ábhair 11
- digití 11
- eile 11
- lena 10
- soláthar 10
- sholáthar 9
- atá 9
- bhaint 9
- féidir 8
- conradh 8
- chur 8
- duine 7
- tréimhse 7
- trí 7
- baint 7
- pearsanta 7
- tomhaltóra 7
- t-ábhar 7
- fáil 6
- amháin 6
- chun 6
- ndéanfar 6
- bhfuil 6
- phraghas 6
- fhoirceannadh 6
- maidir 5
- chruthú 5
- raibh 4
- rinne 4
- rialachán 4
- gcás 4
- mhír 4
- déanfaidh 4
- críocha 4
- íocadh 4
Airteagal 16
Oibleagáidí an trádálaí i gcás ina ndéanfar conradh a fhoirceannadh
1. I gcás ina ndéanfar an conradh a fhoirceannadh, déanfaidh an trádálaí na suimeanna go léir a íocadh faoin gconradh a aisíoc leis an tomhaltóir.
I gcásanna ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití mar mhalairt ar phraghas a íoc agus thar thréimhse ama, áfach, agus ina raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht ar feadh tréimhse ama sula ndearnadh an conradh a fhoirceannadh, ní aisíocfaidh an trádálaí leis an tomhaltóir ach an chuid chomhréireach den phraghas a íocadh agus a chomhfhreagraíonn don tréimhse ama nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht lena linn, agus aon chuid den phraghas a d’íoc an tomhaltóir roimh ré le haghaidh aon tréimhse eile den chonradh a bheadh fágtha murar foirceannadh an conradh.
2. Maidir le sonraí pearsanta an tomhaltóra, comhlíonfaidh an trádálaí na hoibleagáidí is infheidhme faoi Rialachán (AE) 2016/679.
3. Staonfaidh an trádálaí ó úsáid a bhaint as aon ábhar seachas sonraí pearsanta, a rinne an tomhaltóir a chur ar fáil nó a chruthú, agus úsáid á baint aige nó aici as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí, ach amháin sa chás:
(a) | nach mbeadh aon fhóntas ag an ábhar sin lasmuigh de chomhthéacs an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí; |
(b) | nach mbaineann sé ach le gníomhaíocht an tomhaltóra, agus úsáid á baint aige nó aici as an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí; |
(c) | nach bhfuil sé comhiomlánaithe ag an tradálaí le sonraí eile agus nach féidir é a dhíchomhiomlánú, ach amháin trí iarrachtaí díréireacha a dhéanamh; nó |
(d) | go bhfuil sé ginte i gcomhpháirt ag an tomhaltóir agus ag daoine eile, agus gur féidir le tomhaltóirí eile leanúint d’úsáid a bhaint as an ábhar. |
4. Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) de mhír 3, maidir le haon ábhar nach sonraí pearsanta é agus a rinne an tomhaltóir a chruthú nó a chur ar fáil, agus úsáid á baint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí, déanfaidh an trádálaí, arna iarraidh sin ag an tomhaltóir, é a chur ar fáil dó nó di.
Beidh an tomhaltóir i dteideal an t-ábhar digiteach sin a aisghabháil saor in aisce, gan bac ón trádálaí, laistigh de thréimhse réasúnach ama agus ar fhormáid a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín.
5. Féadfaidh an trádálaí cosc a chur ar an tomhaltóir aon úsáid bhreise a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach, go háirithe trí rochtain ar an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bhaint den tomhaltóir nó trí chuntas úsáideora an tomhaltóra a dhíchumasú, gan dochar do mhír 4.
Airteagal 2,
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) | ciallaíonn “ábhar digiteach” sonraí a tháirgtear agus a sholáthraítear i bhfoirm dhigiteach; |
(2) | ciallaíonn “seirbhís dhigiteach”:
|
(3) | ciallaíonn “earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha” ítimí sochorraithe inláimhsithe lena n-ionchorpraítear ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach nó a bhíonn idirnasctha leis nó léi sa chaoi agus go gcuirfeadh easpa an ábhair dhigitigh sin nó na seirbhíse digití sin cosc ar chomhlíonadh a bhfeidhmeanna ag na hearraí; |
(4) | ciallaíonn “comhtháthú” ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach mar aon leis na comhpháirteanna de thimpeallacht dhigiteach an tomhaltóra a nascadh agus a ionchorprú ionas go bhféadfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a úsáid i gcomhréir leis na ceanglais maidir le comhréireacht dá bhforáiltear leis an Treoir seo; |
(5) | ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, gan beann ar é a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine eile atá ag gníomhú faoi ainm an duine nádúrtha nó an duine dlítheanaigh sin nó thar a cheann, chun críocha a bhfuil baint acu lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm, i ndáil le conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo; |
(6) | ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú i ndáil le conarthaí a chumhdaítear faoin Rialachán seo, chun críocha atá lasmuigh de cheird, de ghnó, d’ealaín nó de ghairm an duine sin; |
(7) | ciallaíonn “praghas” airgead nó léiriú digiteach ar luach atá dlite mar mhalairt ar sholáthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití; |
(8) | ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679; |
(9) | ciallaíonn “timpeallacht dhigiteach” crua-earraí, bogearraí agus aon nasc líonra arna úsáid ag an tomhaltóir chun rochtain a fháil ar ábhar digiteach nó ar sheirbhís dhigiteach nó chun úsáid a bhaint astu; |
(10) | ciallaíonn “comhoiriúnacht” cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí lena ndéantar ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha den chineál céanna a úsáid de ghnáth, gan an gá a bheith leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thiontú; |
(11) | ciallaíonn “feidhmiúlacht” cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh ag féachaint dá aidhm nó dá aidhm; |
(12) | ciallaíonn “idir-inoibritheacht” cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí atá difriúil ó na cinn sin a úsáidtear de ghnáth le hábhar digiteach nó le seirbhísí digiteacha den chineál céanna; |
(13) | ciallaíonn “meán marthanach” aon ionstraim lenar féidir leis an tomhaltóir nó leis an trádálaí faisnéis a díríodh chuig an duine sin é féin nó í a stóráil ar bhealach atá inrochtana lena húsáid amach anseo go ceann tréimhse a bheidh leordhóthanach chun críocha na faisnéise sin agus sa dóigh gur féidir an fhaisnéis a bheidh stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú. |

whereas