search


keyboard_tab Clausole e vendite online Direttiva EU 2019/2161 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/2161 2011/83 2005/29 1998/6 1993/13

2019/2161 GA Art. 8 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl




whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 189

 

Airteagal 8b

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithear fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Féadfaidh na Ballstáit pionóis den sórt sin a shrianadh i gcásanna ina sainmhínítear na téarmaíconarthacha go sainráite mar choinníollacha éagóracha i ngach imthosca sa dlí náisiúnta nó i gcás ina leanann díoltóirsoláthraí ag úsáid téarmaí conartha a bhfuil sé faighte maidir leo i gcinneadh críochnaitheach a glacadh de réir le hAirteagal 7(2) gur téarmaí éagóracha iad.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:

(a)

nádúr, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe;

(b)

aon ghníomh a dhéanann an díoltóir nó an soláthraí chun an damáiste a bhain do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas;

(c)

aon sáruithe a rinne an díoltóir nó an soláthraí roimhe seo;

(d)

na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé nó an soláthraí de bharr an tsáraithe, má tá na sonraí ábhartha ar fáil;

(e)

pionóis a fhorchuirtear ar an díoltóir nó ar an soláthraí as an sárú céanna i mBallstáit eile i gcásanna trasteorann ina bhfuil faisnéis faoi na pionóis sin ar fáil tríd an sásra a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(f)

aon tosca géaraitheachamaolaitheacha eile is infheidhme maidir le himthosca an cháis.

4.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2394, go n‐áirítear leo an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlí a thionscnamh chun fíneálacha a ghearradh, nó iad araon, agus is é uasmhéid na bhfíneálacha sin 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an díoltóra nó an tsoláthróra sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann.

5.   I gcásanna ina bhfuil fíneáil le forchur i gcomhréir le mír 4, ach nach bhfuil faisnéis maidir le láimhdeachas bliantúil an díoltóra nó an tsoláthróra ar fáil, tabharfaidh na Ballstáit isteach an fhéidearthacht fíneálacha a ghearradh, a mbeidh uasmhéid de EUR 2 milliún ar a laghad acu.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 28 Samhain 2021, fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

“Airteagal 8

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:

(a)

nádúr, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe;

(b)

aon ghníomh a dhéanann an trádálaí chun an damáiste a bhaineann do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas;

(c)

aon sáruithe a rinne an trádálaí roimhe sin;

(d)

na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, má tá na sonraí ábhartha ar fáil;

(e)

pionóis a fhorchuirtear ar an trádálaí as an sárú céanna i mBallstáit eile i gcásanna trasteorann ina bhfuil faisnéis faoi phionóis den sórt sin ar fáil tríd an sásra a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(f)

aon tosca géaraitheachamaolaitheacha eile a bhaineann le himthosca an cháis.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 28 Samhain 2021, fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

(*2)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).”."

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


whereas









keyboard_arrow_down