keyboard_tab Clausole e vendite online Direttiva EU 2019/2161 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
2019/2161 2011/83 2005/29 1998/6 1993/13
2019/2161 GA Art. 11 cercato: 'dóibh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl- agus 57
- ballstáit 29
- maidir 23
- pionóis 23
- trádálaí 20
- faoi 15
- chun 15
- fáil 13
- eile 13
- gcás 13
- lena 12
- rialachán 11
- mbeidh 11
- airteagal 11
- tsáraithe 10
- bhfuil 10
- faoin 10
- náisiúnta 10
- leanas 10
- fíneálacha 10
- fógra 9
- rialacha 9
- tomhaltóirí 9
- leis 9
- mír 9
- leigheasanna 8
- isteach 8
- áireamh 8
- infheidhme 8
- arna 8
- siad 8
- gcásanna 8
- damáiste 8
- gcuirfear 8
- fhorchur 8
- sáruithe 8
- inarb 8
- ábhartha 8
- cuirtear 8
- heorpa 7
- atá 7
- tabharfaidh 7
- thomhaltóirí 7
- pharlaimint 7
- leith 7
- bhain 7
- gcomhréir 6
- leanas: 6
- ionad 6
- dtagraítear 6
“Airteagal 11a
Sásamh
1. Beidh rochtain ag tomhaltóirí a ndearna cleachtais tráchtála éagóracha díobháil dóibh ar leigheasanna comhréireacha agus éifeachtacha, lena n‐áirítear cúiteamh i leith damáiste a bhain don tomhaltóir agus, i gcás inarb ábhartha, laghdú ar an bpraghas nó foirceannadh an chonartha. Féadfaidh na Ballstáit na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm agus éifeachtaí na leigheasanna a chinneadh. Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, tromchúis agus nádúr an chleachtais tráchtála éagóraigh, an damáiste a bhain don tomhaltóir agus imthosca ábhartha eile a chur san áireamh.
2. Ní dochar na leigheasanna sin do chur i bhfeidhm leigheasanna eile atá ar fáil do thomhaltóirí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.”;
(6) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13: “Airteagal 8b 1. Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithear fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. 2. Féadfaidh na Ballstáit pionóis den sórt sin a shrianadh i gcásanna ina sainmhínítear na téarmaíconarthacha go sainráite mar choinníollacha éagóracha i ngach imthosca sa dlí náisiúnta nó i gcás ina leanann díoltóir nó soláthraí ag úsáid téarmaí conartha a bhfuil sé faighte maidir leo i gcinneadh críochnaitheach a glacadh de réir le hAirteagal 7(2) gur téarmaí éagóracha iad. 3. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:
4. Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2394, go n‐áirítear leo an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlí a thionscnamh chun fíneálacha a ghearradh, nó iad araon, agus is é uasmhéid na bhfíneálacha sin 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an díoltóra nó an tsoláthróra sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann. 5. I gcásanna ina bhfuil fíneáil le forchur i gcomhréir le mír 4, ach nach bhfuil faisnéis maidir le láimhdeachas bliantúil an díoltóra nó an tsoláthróra ar fáil, tabharfaidh na Ballstáit isteach an fhéidearthacht fíneálacha a ghearradh, a mbeidh uasmhéid de EUR 2 milliún ar a laghad acu. 6. Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 28 Samhain 2021, fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. “Airteagal 8 1. Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:
3. Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 28 Samhain 2021, fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. (*2) Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).”." |
“Airteagal 11a
Sásamh
1. Beidh rochtain ag tomhaltóirí a ndearna cleachtais tráchtála éagóracha díobháil dóibh ar leigheasanna comhréireacha agus éifeachtacha, lena n‐áirítear cúiteamh i leith damáiste a bhain don tomhaltóir agus, i gcás inarb ábhartha, laghdú ar an bpraghas nó foirceannadh an chonartha. Féadfaidh na Ballstáit na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm agus éifeachtaí na leigheasanna a chinneadh. Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, tromchúis agus nádúr an chleachtais tráchtála éagóraigh, an damáiste a bhain don tomhaltóir agus imthosca ábhartha eile a chur san áireamh.
2. Ní dochar na leigheasanna sin do chur i bhfeidhm leigheasanna eile atá ar fáil do thomhaltóirí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.”;
(6) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13: “Airteagal 13 Pionóis 1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:
3. I gcás ina mbeidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2934, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar áireamh iontu an fhéidearthacht atá ann fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh maidir le fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud, a mbeidh uasmhéid na bhfíneálacha sin cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann. Gan dochar don Rialachán sin, ceadaítear do féadfaidh na Ballstáit, ar chúiseanna bunreachtúla náisiúnta, gan fíneálacha a fhorchur ach sna cásanna seo a leanas:
4. I gcásanna ina mbeidh fíneáil le forchur i gcomhréir le mír 3, ach nach bhfuil faisnéis faoi láimhdeachas bliantúil an trádálaí ar fáil, tabharfaidh na Ballstáit isteach an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur, a mbeidh an fhíneáil uasta díobh cothrom le EUR 2 mhilliún ar a laghad. 5. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 29 Samhain 2021 maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh. (*4) Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12. 2017, lch. 1).”;" |
(7) | leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
“Airteagal 24
Pionóis
1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:
(a) | cineál, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe; |
(b) | aon ghníomhaíocht a rinne an trádálaí chun an damáiste a bhain do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas; |
(c) | aon sáruithe roimhe sin ag an trádálaí; |
(d) | na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, más rud é go bhfuil na sonraí ábhartha ar fáil; |
(e) | pionóis arna bhforchur ar an trádálaí i leith an tsáraithe chéanna sna Ballstáit eile i gcásanna trasteorann ina gcuirtear an fhaisnéis faoi phionóis den sórt sin ar fáil tríd an sásra a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8); |
(f) | aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis. |
3. I gcás ina mbeidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2934, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar áireamh iontu an fhéidearthacht atá ann fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh maidir le fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud, ina mbeidh uasmhéid na bhfíneálacha sin cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann.
4. I gcásanna ina mbeidh fíneáil le forchur i gcomhréir le mír 3, ach nach bhfuil an fhaisnéis faoi láimhdeachas bliantúil an trádálaí ar fáil, tabharfaidh na Ballstáit isteach an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur, a mbeidh an fhíneáil uasta díobh cothrom le EUR 2 mhilliún ar a laghad.
5. Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 28 Samhain 2021, fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh.
(*8) Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12. 2017, lch. 1).”;"
(14) | in Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. I gcás ina mbainfidh Ballstát leas as aon cheann de na roghanna rialála dá dtagraítear in Airteagal 3(4), Airteagal 6(7), Airteagal 6(8), Airteagal 7(4), Airteagal 8(6), Airteagal 9(1a), Airteagal 9(3) agus sa dara agus sa tríú mír d’Airteagal 16, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin faoin 28 Samhain 2021, agus faoi aon athruithe ina dhiaidh sin.”; |
(15) | leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
whereas