Airteagal 26
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 22, áfach, ón 1 Eanáir 2022.
whereas
(2) Foráiltear le hAirteagal 26(1) agus (2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais eorpaigh (CFAE) go nglacfaidh an tAontas bearta a mbeidh sé mar aidhm leo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhunú nó a áirithiú, ar ann dó limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina ndéanfar saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí a áirithiú.
Foráiltear le hAirteagal 169(1) agus le pointe (a) d’Airteagal 169(2) CFAE go rannchuideoidh an tAontas le hardleibhéal cosanta a bhaint amach do thomhaltóirí trí bhíthin bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 114 CFAE i gcomhthéacs chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh.
Is é is aidhm leis an Treoir seo an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach agus iomaíocht fiontar a chur chun cinn, agus urraim do phrionsabal na coimhdeachta á háirithiú.
- = -
(72) Leis an Treoir seo, urramaítear cearta agus saoirsí bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais eorpaigh, lena n-áirítear iad sin a chumhdaítear in Airteagail 16, 38 agus 47 di,
- = -