keyboard_tab Contratti di vendita di beni conformi 2019/0771 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- airteagal 102
- agus 57
- treoir 39
- maidir 28
- leis 19
- conarthaí 19
- lena 18
- earraí 17
- chun 15
- díolacháin 15
- ciallaíonn 15
- gcomhairle 14
- pharlaimint 13
- heorpa 13
- hearraí 12
- feidhm 12
- pointe 12
- duine 11
- tomhaltóir 11
- atá 10
- díoltóir 10
- nach 10
- digiteach 10
- //ce 9
- ní 9
- dhigiteach 8
- bhfuil 8
- áirithe 7
- eile 7
- ballstáit 7
- trí 7
- seirbhísí 7
- treorach 7
- beidh 6
- idir 6
- nithe 6
- uimh 6
- bhaineann 6
- bheith 6
- fomhír 6
- rialacha 6
- ábhair 6
- siad 6
- tomhaltóirí 6
- bheidh 6
- gnéithe 6
- dhéanfaidh 6
- difear 6
- arna 6
- ndáil 5
Airteagal 3
Raon feidhme
1. Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí díolacháin idir an tomhaltóir agus an díoltóir.
2. Measfar freisin gur conarthaí díolacháin iad conarthaí idir an tomhaltóir agus an díoltóir chun earraí atá le monarú nó le táirgeadh chun críche na Treorach seo.
3. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar. Beidh feidhm ag an Treoir seo, áfach, maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a ionchorprófar in earraí nó a dhéanfar a idirnascadh le hearraí de réir bhrí phointe (5)(b) d’Airteagal 2 agus a ndéanfar na hearraí sin a sholáthar dóibh faoi chonradh díolacháin, gan beann ar an soláthróidh an díoltóir nó tríú páirtí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach sin. I gcás ina mbeifear in amhras an ionann soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha agus an chuid den chonradh díolacháin, measfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith clúdaithe faoin gconradh díolacháin.
4. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) | aon mheán inláimhsithe a fheidhmeoidh go heisiach mar iompróir ábhair dhigitigh; nó |
(b) | nithe a dhíolfar trí fhorghníomhú nó ar dhóigh eile le húdarás an dlí. |
5. Féadfaidh na Ballstáit conarthaí maidir leis na nithe seo a leanas a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo:
(a) | díolachán earraí athláimhe a díoladh ag ceant poiblí; agus |
(b) | ainmhithe beo. |
Sa chás dá dtagraítear i bpointe (a), beidh faisnéis shoiléir agus chuimsitheach ar fáil go héasca do thomhaltóirí nach mbeidh feidhm ag na cearta a eascraíonn ón Treoir seo ina leith.
6. Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát go rialóidh gnéithe ginearálta de dhlí na gconarthaí, amhail rialacha maidir le foirmiú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí, lena n-áirítear na hiarmhairtí a bhaineann le foirceannadh conartha sa mhéid is nach rialaítear iad leis an Treoir seo, ná don cheart chun damáistí.
7. Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát ligean don tomhaltóir leigheas sonrach a roghnú más léir laistigh de thréimhse ghearr tar éis iad a sheachadadh, ar tréimhse í nach rachaidh thar 30 lá, go bhfuil easpa comhréireachta ann maidir leis na hearraí. Ina theanta sin, ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta nach bhfuil sonrach do chonarthaí tomhaltóirí lena ndéantar foráil do leigheasanna sonracha le haghaidh cineálacha fabhtanna dlíthiúla áirithe nár léir go raibh siad ann tráth ar cuireadh an conradh díolacháin i gcrích.
Airteagal 1
Ábhar agus cuspóir
Is é is cuspóir don Treoir seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh ach, ag an am céanna, foráil a dhéanamh maidir le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí trí rialacha comhchoiteanna a leagan síos i ndáil le ceanglais áirithe a bhaineann le conarthaí díolacháin arna dtabhairt i gcrích idir díoltóirí agus tomhaltóirí, go háirithe rialacha maidir le comhréireacht na n-earraí leis an gconradh, leigheasanna i gcás easpa comhréireachta den chineál sin, na modúlachtaí le haghaidh fheidhmiú na leigheasanna sin, agus ráthaíochtaí tráchtála.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) | ciallaíonn “conradh díolacháin” aon chonradh ar faoina bhun a aistríonn an díoltóir úinéireacht earraí nó a gheallann sé úinéireacht earraí a aistriú do thomhaltóir, agus a íocann an tomhaltóir an praghas, nó a gheallann sé an praghas a íoc, i leith an aistrithe úinéireachta sin; |
(2) | ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i ndáil le conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo, chun críocha nach bhfuil aon bhaint acu le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin; |
(3) | ciallaíonn “díoltóir” aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, gan beann ar é a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine eile atá ag gníomhú faoi ainm an duine nadúrtha nó an duine dlíthiúil sin, nó thar cheann an duine sin, chun críocha a bhfuil baint acu le trádáil an duine sin, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm, i ndáil le conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo; |
(4) | ciallaíonn “táirgeoir” monaróir earraí, allmhaireoir earraí chuig an Aontas nó aon duine a airbheartaíonn gur táirgeoir é nó í trí a ainm nó a hainm, trádmharc, nó aon sainchomhartha eile a chur ar na hearraí; |
(5) | ciallaíonn “earraí”:
|
(6) | ciallaíonn “ábhar digiteach” sonraí a tháirgtear agus a sholáthraítear i bhfoirm dhigiteach; |
(7) | ciallaíonn “seirbhís dhigiteach”:
|
(8) | ciallaíonn “comhoiriúnacht” cumas na n-earraí feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí lena ndéantar earraí den chineál céanna a úsáid de ghnáth, gan an gá a bheith leis na hearraí, na crua-earraí nó na bogearraí a thiontú; |
(9) | ciallaíonn “feidhmiúlacht” cumas na n-earraí a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh ag féachaint dá n-aidhm; |
(10) | ciallaíonn “idir-inoibritheacht” cumas na n-earraí feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí atá difriúil ó na cinn a úsáidtear de ghnáth le hearraí den chineál céanna; |
(11) | ciallaíonn “meán marthanach” aon ionstraim lenar féidir leis an tomhaltóir nó leis an díoltóir faisnéis a díríodh chuig an duine sin é féin nó í a stóráil ar bhealach inrochtana lena húsáid amach anseo go ceann tréimhse a bheidh leordhóthanach chun críocha na faisnéise sin agus ionas gur féidir an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú; |
(12) | ciallaíonn “ráthaíocht tráchtála” aon ghealltanas a thugann an díoltóir nó táirgeoir (an ráthóir) don tomhaltóir, i dteannta oibleagáid dhlíthiúil an díoltóra i leith na ráthaíochta maidir le comhréireacht, go ndéanfaidh sé an praghas a íocadh a aisíoc nó go malartóidh, go ndeiseoidh nó go seirbhíseoidh sé earraí ar bhealach ar bith mura gcomhlíonann siad na sonraíochtaí nó aon cheanglais eile nach mbaineann le comhréireacht arna leagan amach i ráiteas na ráthaíochta nó san fhógraíocht ábhartha a bhí ar fáil tráth ar tugadh an conradh i gcrích nó roimhe sin; |
(13) | ciallaíonn “marthanacht” cumas na n-earraí a bhfeidhmeanna riachtanacha agus a bhfeidhmíocht a chothabháil trí ghnáthúsáid; |
(14) | ciallaíonn “saor in aisce” saor ó na costais riachtanacha a thabhaítear chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, go háirithe an costas postais, iompair, saothair nó ábhar; |
(15) | ciallaíonn “ceant poiblí” modh díola ina dtairgeann an díoltóir earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí, atá i láthair nó a bhfuil an deis acu a bheith i láthair iad féin ag an gceant, trí nós imeachta trédhearcach iomaíoch tairisceana atá á reáchtáil ag ceantálaí agus ina gceanglaítear ar an tairgeoir a n-éiríonn leis na hearraí nó seirbhísí a cheannach. |
Airteagal 3
Raon feidhme
1. Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí díolacháin idir an tomhaltóir agus an díoltóir.
2. Measfar freisin gur conarthaí díolacháin iad conarthaí idir an tomhaltóir agus an díoltóir chun earraí atá le monarú nó le táirgeadh chun críche na Treorach seo.
3. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar. Beidh feidhm ag an Treoir seo, áfach, maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a ionchorprófar in earraí nó a dhéanfar a idirnascadh le hearraí de réir bhrí phointe (5)(b) d’Airteagal 2 agus a ndéanfar na hearraí sin a sholáthar dóibh faoi chonradh díolacháin, gan beann ar an soláthróidh an díoltóir nó tríú páirtí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach sin. I gcás ina mbeifear in amhras an ionann soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha agus an chuid den chonradh díolacháin, measfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith clúdaithe faoin gconradh díolacháin.
4. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) | aon mheán inláimhsithe a fheidhmeoidh go heisiach mar iompróir ábhair dhigitigh; nó |
(b) | nithe a dhíolfar trí fhorghníomhú nó ar dhóigh eile le húdarás an dlí. |
5. Féadfaidh na Ballstáit conarthaí maidir leis na nithe seo a leanas a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo:
(a) | díolachán earraí athláimhe a díoladh ag ceant poiblí; agus |
(b) | ainmhithe beo. |
Sa chás dá dtagraítear i bpointe (a), beidh faisnéis shoiléir agus chuimsitheach ar fáil go héasca do thomhaltóirí nach mbeidh feidhm ag na cearta a eascraíonn ón Treoir seo ina leith.
6. Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát go rialóidh gnéithe ginearálta de dhlí na gconarthaí, amhail rialacha maidir le foirmiú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí, lena n-áirítear na hiarmhairtí a bhaineann le foirceannadh conartha sa mhéid is nach rialaítear iad leis an Treoir seo, ná don cheart chun damáistí.
7. Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát ligean don tomhaltóir leigheas sonrach a roghnú más léir laistigh de thréimhse ghearr tar éis iad a sheachadadh, ar tréimhse í nach rachaidh thar 30 lá, go bhfuil easpa comhréireachta ann maidir leis na hearraí. Ina theanta sin, ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta nach bhfuil sonrach do chonarthaí tomhaltóirí lena ndéantar foráil do leigheasanna sonracha le haghaidh cineálacha fabhtanna dlíthiúla áirithe nár léir go raibh siad ann tráth ar cuireadh an conradh díolacháin i gcrích.
Airteagal 22
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE
1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe 3 san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2017/2394, pointe 3:
“3. | Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, Ich 28).”; |
2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe 7 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/22/CE:
“7. | Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, Ich. 28).”. |
Airteagal 24
Trasuí
1. Faoin 1 Iúil 2021 déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas láithreach faoin méid sin.
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm maidir ón 1 Eanáir 2022.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna le tagairt den chineál sin a dhéanamh.
Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
2. Ní bheidh feidhm ag forálacha na Treorach seo maidir le conarthaí arna gcur i gcrích roimh 1 Eanáir 2022.
Airteagal 27
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna déanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. CIAMBA
(1) IO C 264, 20.7.2016, lch. 57.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Aibreán 2019.
(3) Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).
(4) Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltóra agus na ráthaíochtaí gaolmhara (IO L 171, 7.7.1999, lch. 12).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).
(6) Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar, (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).
(9) Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, Lch. 30).
IARSCRÍBHINN
TÁBLA COMHGHAOIL
Treoir 1999/44/EC | An Treoir seo |
Airteagal 1(1) | Airteagal 1 |
Airteagal 1(2)(a) | Airteagal 2, pointe (2) |
Airteagal 1(2)(b), an chéad fhleasc | Airteagal 3(4)(b) |
Airteagal 1(2)(b), an dara fleasc agus an tríú fleasc | Airteagal 2, pointe (5)(a) |
Airteagal 1(2)(c) | Airteagal 2, pointe (3) |
Airteagal 1(2)(d) | Airteagal 2, pointe (4) |
Airteagal 1(2)(e) | Airteagal 2, pointe (12) |
Airteagal 1(3) | Airteagal 2, pointe (15) agus Airteagal 3(5)(a) |
Airteagal 1(4) | Airteagal 3(2) |
Airteagal 2(1) | Airteagal 5 |
Airteagal 2(2)(a) | Airteagal 6, pointe (a) agus Airteagal 7(1) (b) |
Airteagal 2(2)(b) | Airteagal 6, pointe (b) |
Airteagal 2(2)(c) | Airteagal 7(1)(a) |
Airteagal 2(2)(d) | Airteagal 7(1)(d) |
Airteagal 2(3) | Airteagal 7(5) |
Airteagal 2(4) | Airteagal 7(2) |
Airteagal 2(5) | Airteagal 8 |
Airteagal 3(1) | Airteagal 10(1) |
Airteagal 3(2) | Airteagal 13(1) |
Airteagal 3(3), an chéad fhomhír | Airteagal 13(2) agus Airteagal 14(1)(a) |
Airteagal 3(3), an dara fomhír | Airteagal 13(2) |
Airteagal 3(3), an triú fomhír | Airteagal 14(1)(b) agus (c) |
Airteagal 3(4) | Airteagal 2, pointe (14) |
Airteagal 3(5) | Airteagal 13(4) |
Airteagal 3(6) | Airteagal 13(5) |
Airteagal 4 | Airteagal 18 |
Airteagal 5(1) | Airteagal 10(1), (2), (3), (4) agus (5) |
Airteagal 5(2) | Airteagal 12 |
Airteagal 5(3) | Airteagal 11 |
Airteagal 6(1) | Airteagal 17(1) |
Airteagal 6(2) | Airteagal 17(2) |
Airteagal 6(3) | Airteagal 17(2) |
Airteagal 6(4) | Airteagal 17(4) |
Airteagal 6(5) | Airteagal 17(3) |
Airteagal 7(1), an chéad fhomhír | Airteagal 21(1) |
Airteagal 7(1), an dara fomhír | Airteagal 10(6) |
Airteagal 7(2) | — |
Airteagal 8(1) | Airteagal 3(6) agus (7) |
Airteagal 8(2) | Airteagal 4 |
Airteagal 9 | Airteagail 19 agus 20 |
Airteagal 10 | Airteagal 22 |
Airteagal 11(1), an chéad fhomhír | Airteagal 24(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 11(1), an dara fomhír | Airteagal 24(1), an triú fomhír |
Airteagal 11(2) | Airteagal 24(1), an ceathrú fomhír |
Airteagal 12 | Airteagal 25 |
Airteagal 13 | Airteagal 26 |
Airteagal 14 | Airteagal 27 |
whereas