(18) Féadann trédhearcacht na dtéarmaí agus na gcoinníollach ginearálta bheith ríthábhachtach maidir le caidrimh ghnó inbhuanaithe a chur chun cinn agus iompar éagóir díobhálach d’úsáideoirí gnó a chosc.
Dá brí sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a áirithiú go mbeadh na téarmaí agus na coinníollacha ar fáil go héasca ar feadh chéimeanna iomlána an chaidrimh tráchtála, lena n-áirítear d’úsáideoirí gnó ionchasacha ag an gcéim réamhchonarthach, agus go gcuirfí aon athruithe ar na téarmaí sin in iúl ar mheán marthanach d’úsáideoirí gnó lena mbaineann faoi cheann tréimhse fógra shocraithe atá réasúnach agus comhréireach i bhfianaise na n-imthosca sonracha agus ar tréimhse 15 dhéag ar a laghad í.
Ba cheart tréimhsi comhréireacha fógra níos mó ná 15 lá a thabhairt i gcás ina gceanglófar leis na hathruithe atá beartaithe ar na téarmaí agus na coinníollacha ar úsáideoirí gnó oiriúnuithe teicniúla nó tráchtála a dhéanamh chun an t-athrú a chomhlíonadh, mar shampla trína cheangal orthu coigeartuithe teicniúla suntasacha a dhéanamh ar a gcuid earraí nó seirbhísí.
Ní bheidh feidhm ag an tréimhse fógra sin i gcás ina ndéanfaidh an t-úsáideoir gnó lena mbaineann é a tharscaoileadh ar bhealach nach bhfuil débhríoch nó i gcás ina dtiocfaidh ann don ghá an t-athrú a chur chun feidhme gan an tréimhse fógra a urramú de thoradh oibleagáid dhlíthiúil nó rialála atá ar an soláthraí seirbhísí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, agus a mhéid is ann don ghá dá thoradh sin.
Mar sin féin, níor cheart athruithe eagarthóireachta atá beartaithe a chumhdach leis an téarma “athrú” a mhéid agus nach gcuirfidís aon athrú ar inneachar ná ar bhrí na dtéarmaí agus na gcoinníollacha.
Leis an gceanglas a bhaineann le hathruithe atá beartaithe a chur in iúl ar mheán marthanach, ba cheart a chur ar chumas úsáideoirí gnó athbhreithniú éifeachtach a dhéanamh ar na hathruithe sin tráth níos déanaí.
Ba cheart úsáideoirí gnó a bheith i dteideal a gconradh a fhoirceannadh laistigh de 15 lá ón bhfógra a fháil maidir le haon athrú, ach amháin má tá feidhm ag tréimhse níos giorra leis an gconradh, mar shampla mar thoradh ar an dlí sibhialta náisiúnta.
- = -
(32) Ba cheart díriú ar théarmaí conarthacha sonracha sa Rialachán seo, go háirithe i gcásanna éagothromaíochtaí cumhachta mhargála, chun a áirithiú go ndéanfar caidreamh conarthach de mheon macánta agus ar bhonn cóirdhéileála. Éilítear le hintuarthacht agus trédhearcacht go dtugtar fíordheis d’úsáideoirí gnó eolas a chur ar athruithe ar théarmaí agus coinníollacha nár cheart, dá bhrí sin, a fhorchur le héifeacht chúlghabhálach mura rud é go bhfuil siad bunaithe ar oibleagáid dhlíthiúil nó rialála nó go bhfuil siad tairbheach do na húsáideoirí gnó sin.
Ina theannta sin, ba cheart soiléireacht a thairiscint d’úsáideoirí gnó maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfar a gcaidreamh conarthach le soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a fhoirceannadh.
Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a áirithiú go bhfuil na coinníollacha foirceanta i gcónaí comhréireach agus gur féidir iad a fheidhmiú gan deacracht mhíchuí.
Ar deireadh, ba cheart úsáideoirí gnó a chur ar an eolas go hiomlán maidir le haon rochtain a choimeádann soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, tar éis dhul in éag an chonartha, ar an bhfaisnéis a dhéanann úsáideoirí gnó a sholáthar nó a ghiniúint i gcomhthéacs na húsáide a bhaineann siad as seirbhísí idirghabhála ar líne.
- = -