search


keyboard_tab REGIS - Reg. Intermediation Services 2019/1150 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/1150 GA cercato: 'ballstát' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index ballstát:


whereas ballstát:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 509

 

Airteagal 10

Srianta maidir le coinníollacha éagsúla a thairiscint ar bhealaí eile

1.   I gcás ina gcuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, agus a gcuid seirbhísí á soláthar acu, srian ar chumas úsáideoirí gnó na hearraí nó seirbhísí céanna a thairiscint do thomhaltóirí ar choinníollacha éagsúla ar bhealaí seachas trí na seirbhísí idirghabhála ar líne sin, áireoidh siad forais an tsriain sin ina gcuid téarmaí agus coinníollacha agus cuirfidh siad ar fáil don phobal go héasca iad. Áireofar leis na forais sin príomhbhreithnithe eacnamaíocha, tráchtála nó dlí na srianta sin.

2.   Ní dhéanfaidh an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 difear d’aon toirmeasc ná teorainn i leith fhorchur na srianta sin a thiocfaidh chun cinn mar thoradh ar ghníomhartha eile de dhlí an Aontais nó de dhlí na mballstát a chur i bhfeidhm atá i gcomhréir le dlí an Aontais agus a bhfuil soláthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne faoina réir.

Airteagal 12

Idirghábháil

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne beirt idirghabhálaithe nó níos mó a shainaithint ina dtéarmaí agus coinníollacha a bhfuil siad sásta déileáil leo chun iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú le húsáideoirí gnó maidir le réiteach, lasmuigh de chúirt, ar aon díospóidí idir an soláthraí agus an úsáideoir gnó a eascróidh as soláthar na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann, lena n-áirítear gearáin nach bhféadfaí a réiteach tríd an gcóras inmheánach láimhseála gearán dá dtagraítear in Airteagal 11.

Ní fhéadfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne idirghabhálaithe a chuireann a seirbhísí idirghabhála ar fáil ó áit atá lasmuigh den Aontas a shainaithint ach amháin i gcás ina n-áirithítear nach ndéanfar na buntáistí a ghabhann le haon choimirce dhlíthiúil a leagtar síos i ndlí an Aontais nó i ndlí na mballstát a cheilt ar na húsáideoirí gnó mar thoradh ar na seirbhísí sin a bheith á gcur ar fáil ag na hidirghabhálaithe lasmuigh den Aontas.

2.   Comhlíonfaidh na hidirghabhálaithe dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá siad neamhchlaonta agus neamhspleách;

(b)

tá a seirbhísí idirghabhála inacmhainne ag úsáideoirí gnó na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann;

(c)

tá siad in ann a seirbhísí idirghabhála a sholáthar i dteanga na dtéarmaí agus coinníollacha lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne agus an t-úsáideoir gnó lena mbaineann;

(d)

is féidir rochtain fhisiciúil a fháil orthu go héasca san áit ina bhfuil siad bunaithe nó in áit chónaithe an úsáideora gnó, nó go cianda trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí cumarsáide;

(e)

tá siad in ann a seirbhísí idirghabhála a sholáthar gan aon mhoill mhíchuí;

(f)

tá tuiscint leordhóthanach acu ar chaidreamh tráchtála ginearálta gnólacht le gnólacht, rud a thugann deis dóibh cuidiú go héifeachtach leis an iarracht díospóidí a réiteach.

3.   D’ainneoin chineál deonach na hidirghabhála, glacfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála agus úsáideoirí gnó páirt de mheon macánta le linn aon iarrachtaí idirghabhála a sheoltar de bhun an Airteagail seo.

4.   Seasfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne cion réasúnach de chostais uile na hidirghabhála i ngach cás aonair. Cinnfear cion réasúnach de na costais iomlána sin, ar bhonn moladh ón idirghabhálaí, trí ghnéithe ábhartha uile an cháis atá idir lámha a chur san áireamh, go háirithe an fiúntas coibhéiseach atá le héilimh na bpáirtithe sa díospóid, iompar na bpáirtithe, chomh maith le méid agus neart airgeadais na bpáirtithe i gcoibhneas lena chéile.

5.   Aon iarracht chun teacht ar chomhaontú trí bhíthin idirghabhála maidir le réiteach díospóide i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní dhéanfaidh sí difear do chearta sholáthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne agus na n-úsáideoirí gnó lena mbaineann i dtaca le himeachtaí breithiúnacha a thionscnamh aon tráth roimh an bpróiseas idirghabhála, lena linn nó ina dhiaidh.

6.   Arna iarraidh sin d’úsáideoir gnó, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne faisnéis a chur ar fáil don úsáideoir gnó, sula rachaidh sé i mbun idirghabhála nó lena linn, maidir le feidhmiú agus éifeachtúlacht na hidirghabhála a bhaineann lena ghníomhaíochtaí.

7.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fiontair bheaga iad de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE.

Airteagal 14

Imeachtaí breithiúnacha ag eagraíochtaí ionadaíocha nó comhlachais ionadaíocha agus ag comhlachtaí poiblí

1.   Beidh sé de cheart ag eagraíochtaí agus ag comhlachais a bhfuil leas dlisteanach acu in ionadaíocht a dhéanamh ar úsáideoirí gnó nó in ionadaíocht a dhéanamh ar úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, chomh maith le comhlachtaí poiblí arna gcur ar bun sna Ballstáit, caingean a thabhairt os comhair cúirteanna inniúla náisiúnta san Aontas, i gcomhréir le rialacha dhlí an Bhallstáit ina dtabharfar an chaingean, chun aon neamhchomhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, maidir leis na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a stopadh nó a chosc.

2.   Spreagfaidh an Coimisiún na Ballstáit chun dea-chleachtais agus faisnéis a mhalartú le Ballstáit eile, bunaithe ar chlárlanna de ghníomhartha neamhdhleathacha a bhí faoi réir orduithe urghaire os comhair cúirteanna naisiúnta, i gcás ina gcuireann comhlachtaí nó údaráis phoiblí ábhartha clárlanna den sórt sin ar bun.

3.   Ní bheidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 ag eagraíochtaí ná comhlachais ach amháin i gcás ina bhfuil na ceanglais uile seo a leanas á gcomhlíonadh acu:

(a)

tá siad bunaithe mar is ceart i gcomhréir le dlí Ballstáit;

(b)

saothraíonn siad cuspóirí atá ar mhaithe le leas comhchoiteann an ghrúpa soláthraithe gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha ar a ndéanann siad ionadaíocht ar bhonn leanúnach;

(c)

is de chineál neamhbhrabúsach iad;

(d)

níl tionchar míchuí ag aon soláthraithe tríú páirtí maoinithe ar a gcinnteoireacht, go háirithe ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó innill chuardaigh ar líne.

Chun na críche sin, déanfaidh eagraíochtaí nó comhlachais faisnéis maidir lena mballraíocht agus lena foinse maoinithe a nochtadh go hiomlán agus go poiblí.

4.   Sna Ballstáit ina bhfuil comhlachtaí poiblí curtha ar bun, beidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 ag na comhlachtaí poiblí sin, i gcás ina gceanglófar orthu leasanna comhchoiteanna úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a chosaint nó comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.

5.   Féadfaidh na Ballstáit:

(a)

eagraíochtaí nó comhlachais arna mbunú ina mballstát agus a chomhlíonann ar a laghad ceanglais mhír 3 arna iarraidh sin do na heagraíochtaí sin nó do na comhlachais sin;

(b)

comhlachtaí poiblí arna gcur ar bun ina mballstát agus a chomhlíonann ceanglais mhír 4.

a ainmniú dá ndéantar an ceart dá dtagraítear i mír 1 a dheonú. Déanfaidh na Ballstáit ainm agus cuspóir aon eagraíochta, comhlachais nó comhlachta phoiblí ainmnithe den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún.

6.   Tarraingeoidh an Coimisiún suas liosta de na heagraíochtaí, na comhlachais agus na comhlachtaí poiblí a ainmnítear i gcomhréir le mír 5. Sonrófar sa liosta sin cuspóir na n-eagraíochtaí sin, na gcomhlachas sin agus na gcomhlachtaí poiblí sin. Foilseofar an liosta sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Foilseofar athruithe ar an liosta sin gan mhoill agus, in aon chás, déanfar liosta nuashonraithe a tharraingt suas agus a fhoilsiú gach sé mhí.

7.   Glacfaidh an chúirt leis an liosta dá dtagraítear i mír 6 mar chruthúnas ar inniúlacht dhlíthiúil na heagraíochta sin, an chomhlachais sin nó an chomhlachta phoiblí sin, gan dochar do cheart na cúirte scrúdú a dhéanamh i gcás sonrach ar cé acu a bhfuil nó nach bhfuil inniúlacht dhlíthiúil ag an éilitheoir éileamh a dhéanamh.

8.   Má chuireann ballstát nó an Coimisiún ábhar imní in iúl maidir le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos i mír 3 ag eagraíocht nó comhlachas nó maidir le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos i mír 4 ag comhlacht poiblí, déanfaidh an ballstát a d’ainmnigh an eagraíocht, an comhlachas nó an comhlacht poiblí sin i gcomhréir le mír 5 imscrúdú ar an ábhar imní agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé an t-ainmniú a chúlghairm i gcás nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir.

9.   Ní dochar an ceart dá dtagraítear i mír 1 do chearta úsáideoirí gnó agus úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha aon chaingean a thionscnamh os comhair cúirteanna inniúla náisiúnta, i gcomhréir le rialacha dhlí an Bhallstáit ina dtugtar an chaingean sin, atá bunaithe ar chearta aonair agus a bhfuil sé d’aidhm aige aon neamhchomhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne a stopadh maidir leis na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a stopadh.

Airteagal 15

Forfheidhmiú

1.   Áiritheoidh gach ballstát go ndéanfar an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go leormhaith agus go héifeachtach.

2.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha ina leagfar amach na bearta is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus áiritheoidh siad go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na bearta dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 12 Iúil 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 177.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Meitheamh 2019.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).

(5)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar fháil, ar úsáid agus ar nochtadh neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(7)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(8)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(9)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(10)  Treoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le gnéithe áirithe den idirghabháil in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 136, 24.5.2008, lch. 3).

(11)  Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (IO L 23, 27.1.2010, lch. 37).

(12)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).


whereas









keyboard_arrow_down