search


keyboard_tab REGIS - Reg. Intermediation Services 2019/1150 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/1150 GA Art. 9 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 96

 

Airteagal 9

Rochtain ar shonraí

1.   Áireoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, ina dtéarmaí agus coinníollacha, tuairisc ar an rochtain theicniúil agus chonarthach, nó easpa na rochtana sin, a bheidh ag úsáideoirí gnó ar aon sonraí pearsantasonraí eile, nó iad araon, a chuireann úsáideoirí gnótomhaltóirí ar fáil chun úsáid a bhaint as na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin.

2.   Tríd an tuairisc dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne an méid seo a leanas, go háirithe, in iúl go leormhaith d'úsáideoirí gnó:

(a)

cibé acu an bhfuil rochtain ag soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó iad araon, a chuireann úsáideoirí gnótomhaltóirí ar fáil chun úsáid a bhaint as na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin, agus, i gcás ina bhfuil, catagóirí na sonraí sin agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain aige orthu;

(b)

cibé acu an bhfuil rochtain ag úsáideoir gnó ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó iad araon, a chuireann an t-úsáideoir gnó sin ar fáil i dtaca leis an úsáid a bhaineann an t-úsáideoir gnó as na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin don úsáideoir gnó sin agus do thomhaltóirí earraí nó sheirbhísí an úsáideora gnó sin, agus, i gcás ina bhfuil, catagóirí na sonraí sin agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain aige orthu;

(c)

sa bhreis ar phointe (b), cibé acu an bhfuil rochtain ag úsáideoir gnó ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó iad araon, lena n-áirítear i bhfoirm chomhiomlánaithe, arna soláthar ag na húsáideoirí gnó agus tomhaltóirí uilearna ngineadh trí sholáthar na seirbhísí idirghabhála ar líne do na húsáideoirí gnó agus tomhaltóirí uile agus, i gcás ina bhfuil, catagóirí na sonraí sin agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain aige orthu; agus

(d)

cibé acu an soláthraítear aon sonraí faoi phointe (a) do thríú páirtithe, i dteannta na faisnéise lena sonraítear críoch chomhroinnt na sonraí sin, i gcás nach gá na sonraí sin a sholáthar do thríú páirtithe le haghaidh fheidhmiú cuí na seirbhísí idirghabhála ar líne, chomh maith le féidearthachtaí le haghaidh úsáideoirí gnó diúltú don chomhroinnt sonraí sin.

3.   Ní dochar an tAirteagal seo do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679, Threoir (AE) 2016/680 agus Threoir 2002/58/CE.


whereas









keyboard_arrow_down