search


keyboard_tab REGIS - Reg. Intermediation Services 2019/1150 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/1150 GA Art. 7 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 116

 

Airteagal 7

Cóir dhifreáilte

1.   Áireoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ina dtéarmaí agus coinníollacha tuairisc ar aon chóir dhifreáilte a thugann siad, nó a d’fhéadfadh siad a thabhairt, i dtaca le hearraíseirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí trí na seirbhísí idirghabhála ar líne sin ag an soláthraí féin nó ag aon úsáideoir gnó atá á rialú ag an soláthraí sin, ar thaobh amháin, agus ag úsáideoirí eile gnó, ar an taobh eile. Tagrófar sa tuairisc sin do na príomhbhreithnithe eacnamaíocha, tráchtála nó dlí a bhí leis an gcóir dhifreáilte sin.

2.   Leagfaidh soláthraithe inneall cuardaigh ar líne amach tuairisc ar aon chóir dhifreáilte a thugann siad, nó a d’fhéadfadh siad a thabhairt i dtaca le hearraíseirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí trí na hinnill chuardaigh ar líne sin ag an soláthraí féin nó ag aon úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh atá á rialú ag an soláthraí sin, ar thaobh amháin, agus ag úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha eile, ar an taobh eile.

3.   Cumhdófar go háirithe leis na tuairiscí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, i gcás inarb infheidhme, ar a laghad aon chóir dhifreáilte arna tabhairt trí bhearta sonracha a dhéanfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne nó an soláthraí inneall cuardaigh ar líne, nó trína n-iompar, a bhaineann le haon cheann díobh seo a leanas:

(a)

rochtain a fhéadfaidh a bheith ag an soláthraí, nó ag na húsáideoirí gnó nó ag úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha atá á rialú ag an soláthraí sin ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó orthu araon, a chuireann úsáideoirí gnó, úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha nó tomhaltóirí ar fáil chun úsáid a bhaint as na seirbhísí idirghabhála ar líne nó na hinnill chuardaigh ar líne lena mbaineann, nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin;

(b)

rangú nó socruithe eile a chuireann an soláthraí i bhfeidhm agus a mbíonn tionchar acu ar rochtain ar earraí nó ar sheirbhísí a thairgeann úsáideoirí eile gnó trí na seirbhísí idirghabhála ar líne sin nó a thairgeann úsáideoirí suíomhanna corparáideacha eile trí innill chuardaigh ar líne.

(c)

aon luach saothair díreach nó indíreach a ghearrfar as úsáid na seirbhísí idirghabhála ar líneinneall cuardaigh ar líne lena mbaineann;

(d)

rochtain ar sheirbhísífeidhmiúlachtaí, nó comhéadain theicniúla, atá ábhartha don úsáideoir gnó nó don úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh agus atá nasctha go díreach nó coimhdeach le húsáid a bhaint as na seirbhísí idirghabhála ar líne nó na hinnill chuardaigh ar líne lena mbaineann, na coinníollacha maidir leis na seirbhísí, feidhmiúlachtaí nó coimhéadain sin a úsáid nó aon luach saothair díreach nó neamhdhíreach a ghearrtar ar an úsáid sin.


whereas









keyboard_arrow_down