search


keyboard_tab REGIS - Reg. Intermediation Services 2019/1150 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/1150 GA Art. 4 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 145

 

Airteagal 4

Srianadh, fionraí agus foirceannadh

1.   I gcás ina ndéanann soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne cinneadh soláthar a sheirbhísí idirghabhála ar líne d’úsáideoir gnó áirithe i ndáil le hearraí nó seirbhísí aonair a thairgeann an t-úsáideoir gnó sin a shrianadh nó a chur ar fionraí, déanfaidhráiteas faoi na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh sin a sholáthar don úsáideoir gnó lena mbaineann ar mheán marthanach sula ngabhfaidh éifeacht leis an srianadhleis an bhfionraí nó tráth a ngabhfaidh éifeacht leo.

2.   I gcás ina ndéanfaidh soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne cinneadh soláthar a sheirbhísí idirghabhála uile ar líne d’úsáideoir gnó áirithe a fhoirceannadh, déanfaidhráiteas faoi na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh sin a sholáthar don úsáideoir gnó lena mbaineann ar mheán marthanach 30 lá ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh.

3.   I gcás srianadh, fionraífoirceannadh, tabharfaidh soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne an deis don úsáideoir gnó na fíricí agus na himthosca a shoiléiriú faoi chuimsiú an phróisis inmheánaigh láimhseála gearán dá dtagraítear in Airteagal 11. I gcás ina ndéanfaidh an soláthraí seirbhíse idirghabhála an srianadh, an fionraí nó an foirceannadh a chúlghairm, déanfaidh sé an t-úsáideoir gnó a athbhunú gan moill mhíchuí, lena n-áirítear rochtain a thabhairt don úsáideoir gnó ar shonraí pearsanta nó sonraí eile, nó iad araon, a d’eascair as an úsáid a bhain sé as na seirbhísí idirghabhála ábhartha ar líne sular ghabh éifeacht leis an srianadh, leis an bhfionraí nó leis an bhfoirceannadh.

4.   Ní bheidh feidhm ag an tréimhse fógra i mír 2 más rud é, maidir le soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne:

(a)

go bhfuilfaoi réir oibleagáid dhlíthiúilrialála a cheanglaíonn air soláthar a chuid seirbhísí idirghabhála ar líne uile d'úsáideoir gnó ar leith a fhoirceannadh ar bhealach nach dtugann deis dó an tréimhse fógra sin a urramú, nó

(b)

go bhfeidhmíonn sé ceart chun foirceannadh faoi chúis sháraitheach de bhun dlí náisiúnta atá i gcomhréir le dlí an Aontais;

(c)

gur féidir leis a léiriú gur sháraigh an t-úsáideoir gnó lena mbaineann na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme arís agus arís eile, rud a d’fhág go ndearna siad soláthar na seirbhísí idirghabhála ar líne uile i dtrácht a fhoirceannadh.

I gcásanna nach bhfuil feidhm ag an tréimhse fógra i mír 2, déanfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne, gan moill mhíchuí, ráiteas faoi na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh sin a sholáthar don úsáideoir gnó ar mheán marthanach.

5.   Beidh tagairt sa ráiteas faoi na cúiseannadtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus sa dara fomhír de mhír 4 do na fíricí sonracha nó do na himthosca sonracha, lena n-áiritear ábhar fógraí tríú páirtí, ba chúis leis an gcinneadh ó sholáthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne, chomh maith le tagairt do na forais infheidhme a bhí leis an gcinneadh sin dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 3(1).

Ní gá do sholáthraí seirbhísí idirghabhála ar line ráiteas faoi na cúiseanna a thabhairt i gcás ina bhfuilfaoi réir oibleagáid dhlíthiúilrialála gan na fíricí sonracha ná na himthosca sonracha ná an tagairt don fhoras is infheidhme nó do na forais is infheidhme a thabhairt, nó i gcás inar féidir le soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne a léiriú go ndearna an t-úsáideoir gnó lena mbaineann na téarmaí agus coinníollacha is infheidhme a shárú arís agus arís eile, rud a d’fhág go ndearnadh soláthar na seirbhísí idirghabhála ar líne i dtrácht a fhoirceannadh.


whereas









keyboard_arrow_down