search


keyboard_tab REGIS - Reg. Intermediation Services 2019/1150 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/1150 GA Art. 18 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 168

 

Airteagal 18

Athbhreithniú

1.   Faoin 13 Eanáir 2022, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina leith.

2.   Déanfar an chéad mheastóireacht ar an Rialachán seo, go háirithe, ag féachaint do na nithe seo a leanas:

(a)

measúnú a dhéanamh an gcomhlíontar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 3 go 10, chomh maith le tionchar na n-oibleagáidí sin ar gheilleagar na n_ardán ar líne;

(b)

measúnú a dhéanamh ar thionchar agus éifeachtacht aon chód iompair atá bunaithe chun cothroime agus trédhearcacht a fheabhsú;

(c)

imscrúdú a dhéanamh tuilleadh ar na fadhbanna arb é spleáchas na n-úsáideoirí gnó ar sheirbhísí idirghabhála ar líne is cúis leo, agus ar fhadhbanna a eascraíonn as soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a bheith i mbun cleachtais tráchtála éagóracha, agus chun a mhéid a leanann na cleachtais sin de bheith forleathan a chinneadh tuilleadh;

(d)

imscrúdú a dhéanamh i dtaobh an iomaíocht chóir í an iomaíocht idir earraíseirbhísí a thairgeann úsáideoir gnó agus earraíseirbhísí a thairgeann nó a rialaíonn soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne agus i dtaobh an mbaineann soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne mí-úsáid as sonraí faoi phribhléid ina leith sin;

(e)

measúnú a dhéanamh ar éifeacht an Rialacháin seo maidir le haon mhíchothromaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann sa chaidreamh idir soláthraithe na gcóras oibríochta agus a n-úsáideoirí gnó;

(f)

measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil raon feidhme an Rialacháin, go háirithe maidir leis an sainmhíniú ar “úsáideoir gnó”, oiriúnach sa mhéid nach spreagtar féinfhostaíocht bhréagach leis.

Suífear leis an gcéad mheastóireacht agus leis na cinn ina diaidh sin an bhféadfadh gá a bheith le rialacha breise, lena n-airítear maidir le forfheidhmiú, chun timpeallacht ghnó ar líne atá cóir, intuartha, inbhuanaithe agus iontaofa a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach. Tar éis na meastóireachtaí, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí, a bhféadfadh tograí reachtacha a bheith san áireamh leo.

3.   Soláthróidh na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha atá acu a éileoidh an Coimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas.

4.   Agus an mheastóireacht ar an Rialachán seo á déanamh ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh, inter alia, na tuairimí agus na tuarascálacha a bheidh curtha faoina bhráid ag grúpa na saineolaithe don Fhaireachlann maidir le Geilleagar na nArdán ar Líne. Cuirfidh sé comhthéacs agus feidhmiú aon chóid iompairdtagraítear in Airteagal 17 san áireamh freisin, i gcás inarb iomchuí.


whereas









keyboard_arrow_down