search


keyboard_tab REGIS - Reg. Intermediation Services 2019/1150 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/1150 GA Art. 14 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 212

 

Airteagal 14

Imeachtaí breithiúnacha ag eagraíochtaí ionadaíocha nó comhlachais ionadaíocha agus ag comhlachtaí poiblí

1.   Beidh sé de cheart ag eagraíochtaí agus ag comhlachais a bhfuil leas dlisteanach acu in ionadaíocht a dhéanamh ar úsáideoirí gnó nó in ionadaíocht a dhéanamh ar úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, chomh maith le comhlachtaí poiblí arna gcur ar bun sna Ballstáit, caingean a thabhairt os comhair cúirteanna inniúla náisiúnta san Aontas, i gcomhréir le rialacha dhlí an Bhallstáit ina dtabharfar an chaingean, chun aon neamhchomhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, maidir leis na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a stopadh nó a chosc.

2.   Spreagfaidh an Coimisiún na Ballstáit chun dea-chleachtais agus faisnéis a mhalartú le Ballstáit eile, bunaithe ar chlárlanna de ghníomhartha neamhdhleathacha a bhí faoi réir orduithe urghaire os comhair cúirteanna naisiúnta, i gcás ina gcuireann comhlachtaí nó údaráis phoiblí ábhartha clárlanna den sórt sin ar bun.

3.   Ní bheidh an ceartdtagraítear i mír 1 ag eagraíochtaícomhlachais ach amháin i gcás ina bhfuil na ceanglais uile seo a leanas á gcomhlíonadh acu:

(a)

siad bunaithe mar is ceart i gcomhréir le dlí Ballstáit;

(b)

saothraíonn siad cuspóirí atá ar mhaithe le leas comhchoiteann an ghrúpa soláthraithe gnóúsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha ar a ndéanann siad ionadaíocht ar bhonn leanúnach;

(c)

is de chineál neamhbhrabúsach iad;

(d)

níl tionchar míchuí ag aon soláthraithe tríú páirtí maoinithe ar a gcinnteoireacht, go háirithe ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó innill chuardaigh ar líne.

Chun na críche sin, déanfaidh eagraíochtaícomhlachais faisnéis maidir lena mballraíocht agus lena foinse maoinithe a nochtadh go hiomlán agus go poiblí.

4.   Sna Ballstáit ina bhfuil comhlachtaí poiblí curtha ar bun, beidh an ceartdtagraítear i mír 1 ag na comhlachtaí poiblí sin, i gcás ina gceanglófar orthu leasanna comhchoiteanna úsáideoirí gnóúsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a chosaint nó comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.

5.   Féadfaidh na Ballstáit:

(a)

eagraíochtaí nó comhlachais arna mbunú ina mBallstát agus a chomhlíonann ar a laghad ceanglais mhír 3 arna iarraidh sin do na heagraíochtaí sin nó do na comhlachais sin;

(b)

comhlachtaí poiblí arna gcur ar bun ina mBallstát agus a chomhlíonann ceanglais mhír 4.

a ainmniú dá ndéantar an ceartdtagraítear i mír 1 a dheonú. Déanfaidh na Ballstáit ainm agus cuspóir aon eagraíochta, comhlachais nó comhlachta phoiblí ainmnithe den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún.

6.   Tarraingeoidh an Coimisiún suas liosta de na heagraíochtaí, na comhlachais agus na comhlachtaí poiblí a ainmnítear i gcomhréir le mír 5. Sonrófar sa liosta sin cuspóir na n-eagraíochtaí sin, na gcomhlachas sin agus na gcomhlachtaí poiblí sin. Foilseofar an liosta sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Foilseofar athruithe ar an liosta sin gan mhoill agus, in aon chás, déanfar liosta nuashonraithe a tharraingt suas agus a fhoilsiú gach sé mhí.

7.   Glacfaidh an chúirt leis an liostadtagraítear i mír 6 mar chruthúnas ar inniúlacht dhlíthiúil na heagraíochta sin, an chomhlachais sin nó an chomhlachta phoiblí sin, gan dochar do cheart na cúirte scrúdú a dhéanamh i gcás sonrach ar cé acu a bhfuilnach bhfuil inniúlacht dhlíthiúil ag an éilitheoir éileamh a dhéanamh.

8.   Má chuireann Ballstát nó an Coimisiún ábhar imní in iúl maidir le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos i mír 3 ag eagraíocht nó comhlachas nó maidir le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos i mír 4 ag comhlacht poiblí, déanfaidh an Ballstát a d’ainmnigh an eagraíocht, an comhlachas nó an comhlacht poiblí sin i gcomhréir le mír 5 imscrúdú ar an ábhar imní agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé an t-ainmniú a chúlghairm i gcás nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir.

9.   Ní dochar an ceartdtagraítear i mír 1 do chearta úsáideoirí gnó agus úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha aon chaingean a thionscnamh os comhair cúirteanna inniúla náisiúnta, i gcomhréir le rialacha dhlí an Bhallstáit ina dtugtar an chaingean sin, atá bunaithe ar chearta aonair agus a bhfuil sé d’aidhm aige aon neamhchomhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne a stopadh maidir leis na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a stopadh.


whereas









keyboard_arrow_down