search


keyboard_tab REGIS - Reg. Intermediation Services 2019/1150 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/1150 GA Art. 2 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 238

 

Airteagal 2,

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “úsáideoir gnó” aon duine aonair príobháideach atá ag gníomhú i gcáil tráchtála nó ghairmiúil, nó aon duine dlítheanach a thairgeann earraíseirbhísí do thomhaltóirí trí sheirbhísí idirghabhála ar líne chun críocha a bhaineann lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm;

(2)

ciallaíonn “seirbhísí idirghabhála ar líneseirbhísí a chomhlíonann na riachtanais seo a leanas go léir:

(a)

is é atá iontu seirbhísí sochaí faisnéise de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12);

(b)

tugann siad deis d’úsáideoirí gnó earraíseirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí, d’fhonn tionscnamh idirbheart díreach idir na húsáideoirí gnó sin agus na tomhaltóirí sin a éascú, beag beann ar an áit ina dtugtar na hidirbhearta sin chun críche go hiomlán;

(c)

soláthraítear d'úsáideoirí gnó iad ar bhonn caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí sin agus úsáideoirí gnó a thairgeann earraíseirbhísí do thomhaltóirí;

(3)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne” aon duine nádúrthadlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí idirghabhála ar líne d’úsáideoirí gnó, nó a thairgeann iad a sholáthar dóibh;

(4)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha a ghníomhaíonn chun críocha atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin;

(5)

ciallaíonn “inneall cuardaigh ar líne” seirbhís dhigiteach a chuireann ar chumas úsáideoirí iarratais a ionchur chun cuardaigh a dhéanamh, i bprionsabal, ar gach suíomh gréasáingach suíomh gréasáin i dteanga faoi leith, ar bhonn iarratas ar aon ábhar i bhfoirm eochairfhocail, glao-iarraidh, frása nó ionchuir eile, agus a sheolann torthaí ar ais in aon fhormáid ina bhfuil faisnéis le fáil a bhaineann leis an ábhar a iarradh;

(6)

ciallaíonn “soláthraí innill cuardaigh ar líne” aon duine nádúrthadlítheanach a sholáthraíonn innill cuardaigh ar líne do thomhaltóirí, nó a thairgeann iad a sholáthar dóibh;

(7)

ciallaíonn “úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh” aon duine nádúrthadlítheanach a úsáideann comhéadan ar líne, rud a chiallaíonn aon bhogearra, lena n-áirítear suíomh gréasáin nó cuid de agus feidhmchláir, lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha, chun earraíseirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí chun críocha a bhaineann lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm;

(8)

ciallaíonn “rangú” an tsuntasacht choibhéiseach a thugtar do na hearraí nó na seirbhísí a thairgtear trí sheirbhísí idirghabhála ar líne, nó an ábharthacht a thugann innill chuardaigh ar líne do thorthaí cuardaigh, arna gcur i láthair, arna n-eagrú agus arna gcur in iúl ag soláthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, faoi seach, beag beann ar na modhanna teicneolaíocha a úsáidtear don chur i láthair, don eagrú nó don chur in iúl sin;

(9)

ciallaíonn “rialú” úinéireacht ghnóthais, nó an cumas tionchar cinntitheach a imirt ar ghnóthas, de réir bhrí Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (13);

(10)

ciallaíonn “téarmaí agus coinníollacha” na téarmaí agus na coinníollacha nó na sonraíochtaí go léir, gan beann ar a n-ainm nó ar a bhfoirm, lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne agus a úsáideoirí gnó agus a chinneann soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne go haontaobhach, ar cinneadh aontaobhach é a ndéantar meastóireacht air ar bhonn measúnú foriomlán, ar ina leith nach bhfuil méid choibhneasta na gcomhpháirtithe lena mbaineann, an fíoras go ndearnadh caibidlíocht, ná go bhféadfadh forálacha áirithe díobh a bheith faoi réir caibidlíocht den sórt sin agus cinneadh a bheith déanta orthu le chéile ag an soláthraí ábhartha agus ag an úsáideoir gnó, ann féin, cinntitheach;

(11)

ciallaíonn “earraí agus seirbhísí coimhdeacha” earraí agus seirbhísí a thairgtear don tomhaltóir sula ndéantar idirbheart a tionscnaíodh ar na seirbhísí idirghabhála ar líne a chur i gcrích sa bhreis ar an earra príomhúil nó an tseirbhís phríomhúil a thairgeann an t-úsáideoir gnó trí na seirbhísí idirghabhála ar líne agus comhlántach ar an earra nó an tseirbhís sin;

(12)

ciallaíonn “idirghabháil” aon phróiseas struchtúrtha mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 de Threoir 2008/52/CE;

(13)

ciallaíonn “meán marthanach” aon ionstraim trínar féidir le húsáideoirí gnó faisnéis a díríodh chucu go pearsanta a stóráil ionas gur féidir tagairt di ina dhiaidh sin go ceann tréimhse leordhóthanach chun críocha na faisnéise agus ionas gur féidir an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú.


whereas









keyboard_arrow_down