keyboard_tab REGIS - Reg. Intermediation Services 2019/1150 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf 2019/1150 GA cercato: 'bhaineann' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl- agus 90
- seirbhísí 86
- líne 72
- idirghabhála 67
- gnó 58
- lena 45
- soláthraí 24
- atá 23
- soláthraithe 22
- chun 22
- úsáideoirí 21
- trí 21
- maidir 21
- bhfuil 19
- mbaineann 18
- eile 17
- leis 16
- coinníollacha 15
- siad 15
- fógra 14
- fáil 13
- ciallaíonn 13
- rochtain 13
- úsáideoir 13
- tréimhse 12
- earraí 11
- sholáthar 11
- gréasáin 11
- d’úsáideoirí 11
- chur 11
- bhaineann 11
- sonraí 11
- thomhaltóirí 10
- nach 10
- rialachán 10
- airteagal 10
- thairgeann 9
- húsáideoirí 9
- cuardaigh 9
- shonraí 9
- chuardaigh 8
- gcás 8
- tomhaltóirí 8
- úsáid 8
- dtéarmaí 8
- láimhseála 7
- gearán 7
- dlí 7
- díreach 7
- chuireann 7
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Is é cuspóir an Rialacháin seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí rialacha a leagan síos lena áirithiú go gcuirtear trédhearcacht iomchuí, cothroime agus deiseanna éifeachtacha sásaimh ar fáil d’úsáideoirí gnó a bhaineann leas as seirbhísí idirghabhála ar líne agus d’úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha i dtaca le hinnill chuardaigh ar líne.
2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí idirghabhála ar líne agus innill chuardaigh ar líne a sholáthraítear, nó a thairgtear a sholáthar, d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, faoi seach, a bhfuil a n-áit bhunaíochta nó a n-áit chónaithe san Aontas agus a thairgeann, trí na seirbhísí idirghabhála ar líne sin nó trí na hinnill chuardaigh ar líne sin, earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas, beag beann ar áit bhunaíochta nó áit chónaithe sholáthraithe na seirbhísí sin agus gan beann ar an dlí ab infheidhme in aon chás eile.
3. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí íocaíochta ar líne ná maidir le huirlisí seirbhíse fógraíochta ar líne ná maidir le malartáin fógraíochta ar líne nach soláthraítear leis an aidhm é a dhéanamh níos éasca idirbhearta díreacha a thionscnamh agus nach mbaineann caidreamh conarthach le tomhaltóirí leo.
4. Ní dochar an Rialachán seo do rialacha náisiúnta a dhéanann, i gcomhréir le dlí an Aontais, toirmeasc nó beart sriantach a chur ar iompar aontaobhach nó ar chleachtais tráchtála éagóracha, a mhéid nach gcumhdaítear na gnéithe ábhartha leis an Rialachán seo. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear don dlí sibhialta náisiúnta, go háirithe do dhlí na gconarthaí, amhail na rialacha maidir le bailíocht, déanamh, éifeacht, nó foirceannadh conartha, a mhéid atá na rialacha náisiúnta maidir leis an dlí sibhialta i gcomhréir le dlí an Aontais, agus a mhéid nach gcumhdaítear na gnéithe ábhartha faoin Rialachán seo.
5. Ní dochar an Rialachán seo do dhlí an Aontais, go háirithe dlí an Aontais is infheidhme i réimse an chomhair bhreithiúnaigh ar ábhair shibhialta, na hiomaíochta, na cosanta sonraí, chosaint na rún trádála, na cosanta tomhaltóirí, na ríomhthráchtála agus na seirbhísí airgeadais.
Airteagal 2,
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) | ciallaíonn “úsáideoir gnó” aon duine aonair príobháideach atá ag gníomhú i gcáil tráchtála nó ghairmiúil, nó aon duine dlítheanach a thairgeann earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí trí sheirbhísí idirghabhála ar líne chun críocha a bhaineann lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm; |
(2) | ciallaíonn “seirbhísí idirghabhála ar líne” seirbhísí a chomhlíonann na riachtanais seo a leanas go léir:
|
(3) | ciallaíonn “soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí idirghabhála ar líne d’úsáideoirí gnó, nó a thairgeann iad a sholáthar dóibh; |
(4) | ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha a ghníomhaíonn chun críocha atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin; |
(5) | ciallaíonn “inneall cuardaigh ar líne” seirbhís dhigiteach a chuireann ar chumas úsáideoirí iarratais a ionchur chun cuardaigh a dhéanamh, i bprionsabal, ar gach suíomh gréasáin nó gach suíomh gréasáin i dteanga faoi leith, ar bhonn iarratas ar aon ábhar i bhfoirm eochairfhocail, glao-iarraidh, frása nó ionchuir eile, agus a sheolann torthaí ar ais in aon fhormáid ina bhfuil faisnéis le fáil a bhaineann leis an ábhar a iarradh; |
(6) | ciallaíonn “soláthraí innill cuardaigh ar líne” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn innill cuardaigh ar líne do thomhaltóirí, nó a thairgeann iad a sholáthar dóibh; |
(7) | ciallaíonn “úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a úsáideann comhéadan ar líne, rud a chiallaíonn aon bhogearra, lena n-áirítear suíomh gréasáin nó cuid de agus feidhmchláir, lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha, chun earraí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí chun críocha a bhaineann lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm; |
(8) | ciallaíonn “rangú” an tsuntasacht choibhéiseach a thugtar do na hearraí nó na seirbhísí a thairgtear trí sheirbhísí idirghabhála ar líne, nó an ábharthacht a thugann innill chuardaigh ar líne do thorthaí cuardaigh, arna gcur i láthair, arna n-eagrú agus arna gcur in iúl ag soláthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, faoi seach, beag beann ar na modhanna teicneolaíocha a úsáidtear don chur i láthair, don eagrú nó don chur in iúl sin; |
(9) | ciallaíonn “rialú” úinéireacht ghnóthais, nó an cumas tionchar cinntitheach a imirt ar ghnóthas, de réir bhrí Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (13); |
(10) | ciallaíonn “téarmaí agus coinníollacha” na téarmaí agus na coinníollacha nó na sonraíochtaí go léir, gan beann ar a n-ainm nó ar a bhfoirm, lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne agus a úsáideoirí gnó agus a chinneann soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne go haontaobhach, ar cinneadh aontaobhach é a ndéantar meastóireacht air ar bhonn measúnú foriomlán, ar ina leith nach bhfuil méid choibhneasta na gcomhpháirtithe lena mbaineann, an fíoras go ndearnadh caibidlíocht, ná go bhféadfadh forálacha áirithe díobh a bheith faoi réir caibidlíocht den sórt sin agus cinneadh a bheith déanta orthu le chéile ag an soláthraí ábhartha agus ag an úsáideoir gnó, ann féin, cinntitheach; |
(11) | ciallaíonn “earraí agus seirbhísí coimhdeacha” earraí agus seirbhísí a thairgtear don tomhaltóir sula ndéantar idirbheart a tionscnaíodh ar na seirbhísí idirghabhála ar líne a chur i gcrích sa bhreis ar an earra príomhúil nó an tseirbhís phríomhúil a thairgeann an t-úsáideoir gnó trí na seirbhísí idirghabhála ar líne agus comhlántach ar an earra nó an tseirbhís sin; |
(12) | ciallaíonn “idirghabháil” aon phróiseas struchtúrtha mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 de Threoir 2008/52/CE; |
(13) | ciallaíonn “meán marthanach” aon ionstraim trínar féidir le húsáideoirí gnó faisnéis a díríodh chucu go pearsanta a stóráil ionas gur féidir tagairt di ina dhiaidh sin go ceann tréimhse leordhóthanach chun críocha na faisnéise agus ionas gur féidir an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú. |
Airteagal 3
Téarmaí agus coinníollacha
1. Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne go bhfuil an méid seo a leanas i gceist lena gcuid téarmaí agus coinníollacha:
(a) | tá siad dréachtaithe i bhfriotal simplí agus intuigthe; |
(b) | tá siad ar fáil go héasca d’úsáideoirí gnó ar feadh chéimeanna iomlána an chaidrimh tráchtála le soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne, lena n-áirítear ag an gcéim réamhchonarthach; |
(c) | leagtar amach iontu na forais maidir le cinntí soláthar a seirbhísí idirghabhála ar líne d’úsáideoirí gnó a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, go hiomlán nó i bpáirt, nó aon chineál sriain eile a fhorchur orthu; |
(d) | cuirtear san áireamh leo faisnéis maidir le haon bhealaí dáilte breise agus maidir lena gcláir chleamhnaithe fhéideartha trína bhféadfadh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne seirbhísí a thairgeann úsáideoirí gnó a mhargú; |
(e) | cuirtear san áireamh leo faisnéis ghinearálta maidir le héifeachtaí na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar úinéireacht agus ar rialú chearta maoine intleachtúla na n-úsáideoirí gnó. |
2. Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne fógra, ar mheán marthanach, do na húsáideoirí gnó lena mbaineann i dtaca le haon athrú atá beartaithe ar a dtéarmaí agus a gcoinníollacha.
Ní chuirfear na hathruithe atá beartaithe chun feidhme sula rachaidh tréimhse fógra in éag atá réasúnta agus comhréireach le cineál agus réim na n-athruithe atá beartaithe agus lena n-iarmhairtí don úsáideoir gnó lena mbaineann. Mairfidh an tréimhse fógra sin 15 lá ar a laghad ón dáta a thugann an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne fógra do na húsáideoirí gnó lena mbaineann faoi na hathruithe atá beartaithe. Deonóidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne tréimhsí fógra níos faide nuair is gá sin chun lamháil d’úsáideoirí gnó oiriúnuithe teicniúla nó tráchtála a dhéanamh chun na hathruithe a chomhlíonadh.
Beidh sé de cheart ag an úsáideoir gnó lena mbaineann an conradh le soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne a fhoirceannadh sula rachaidh an tréimhse fógra in éag. Beidh éifeacht ag foirceannadh den sórt laistigh de 15 lá ón bhfógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre, mura mbeidh feidhm ag tréimhse níos giorra maidir leis an gconradh.
Féadfaidh an t-úsáideoir gnó lena mbaineann an tréimhse fógra dá dtagraítear sa dara fomhír a tharscaoileadh, cibé acu trí ráiteas i scríbhinn nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, tráth ar bith tar éis an fógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre.
Le linn na tréimhse fógra, measfar gur gníomhaíocht dhearfach shoiléir a bheidh in earraí nua nó seirbhísí nua a chur isteach ar na seirbhísí idirghabhála ar líne chun an tréimhse fógra a tharscaoileadh, ach amháin i gcásanna ina bhfuil an tréimhse fógra réasúnta agus comhréireach níos faide ná 15 lá toisc go n-éilítear leis na hathruithe ar na téarmaí agus na coinníollacha go ndéanfaidh an t-úsáideoir gnó coigeartuithe suntasacha teicniúla ar a earraí nó seirbhísí. I gcásanna den sórt sin, ní mheasfar an tréimhse fógra a bheith tarscaoilte go huathoibríoch i gcás ina gcuirfidh an t-úsáideoir gnó earraí agus seirbhísí nua isteach.
3. Maidir le téarmaí agus coinníollacha, nó forálacha sonracha díobh, nach gcomhlíonann ceanglais mhír 1, chomh maith le hathruithe ar théarmaí agus coinníollacha arna gcur chun feidhme ag soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne, contrártha d'fhorálacha mhír 2, beidh siad ar neamhní go hiomlán.
4. Ní bheidh feidhm ag an tréimhse fógra a leagtar amach sa dara fomhír de mhír 2, más rud é maidir le soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne:
(a) | go bhfuil sé faoi réir oibleagáid dhlíthiúil nó rialála a cheanglaíonn air a théarmaí agus a choinníollacha a athrú ar bhealach nach dtugann deis dó an tréimhse fógra dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 a urramú; |
(b) | go bhfuil air a dtéarmaí agus coinníollacha a athrú go heisceachtúil chun aghaidh a thabhairt ar gharchontúirt neamhthuartha a bhaineann le cosaint a thabhairt do sheirbhísí idirghabhála ar líne, do thomhaltóirí nó d'úsáideoirí eile gnó ó chalaois, bogearraí mailíseacha, turscar, sáruithe sonraí nó rioscaí eile cibearshlándála. |
5. Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne go mbeidh sainaitheantas an úsáideora gnó a sholáthraíonn na hearraí nó na seirbhísí ar na seirbhísí idirghabhála ar líne le feiceáil go soiléir.
Airteagal 7
Cóir dhifreáilte
1. Áireoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ina dtéarmaí agus coinníollacha tuairisc ar aon chóir dhifreáilte a thugann siad, nó a d’fhéadfadh siad a thabhairt, i dtaca le hearraí nó seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí trí na seirbhísí idirghabhála ar líne sin ag an soláthraí féin nó ag aon úsáideoir gnó atá á rialú ag an soláthraí sin, ar thaobh amháin, agus ag úsáideoirí eile gnó, ar an taobh eile. Tagrófar sa tuairisc sin do na príomhbhreithnithe eacnamaíocha, tráchtála nó dlí a bhí leis an gcóir dhifreáilte sin.
2. Leagfaidh soláthraithe inneall cuardaigh ar líne amach tuairisc ar aon chóir dhifreáilte a thugann siad, nó a d’fhéadfadh siad a thabhairt i dtaca le hearraí nó seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí trí na hinnill chuardaigh ar líne sin ag an soláthraí féin nó ag aon úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh atá á rialú ag an soláthraí sin, ar thaobh amháin, agus ag úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha eile, ar an taobh eile.
3. Cumhdófar go háirithe leis na tuairiscí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, i gcás inarb infheidhme, ar a laghad aon chóir dhifreáilte arna tabhairt trí bhearta sonracha a dhéanfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne nó an soláthraí inneall cuardaigh ar líne, nó trína n-iompar, a bhaineann le haon cheann díobh seo a leanas:
(a) | rochtain a fhéadfaidh a bheith ag an soláthraí, nó ag na húsáideoirí gnó nó ag úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha atá á rialú ag an soláthraí sin ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó orthu araon, a chuireann úsáideoirí gnó, úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha nó tomhaltóirí ar fáil chun úsáid a bhaint as na seirbhísí idirghabhála ar líne nó na hinnill chuardaigh ar líne lena mbaineann, nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin; |
(b) | rangú nó socruithe eile a chuireann an soláthraí i bhfeidhm agus a mbíonn tionchar acu ar rochtain ar earraí nó ar sheirbhísí a thairgeann úsáideoirí eile gnó trí na seirbhísí idirghabhála ar líne sin nó a thairgeann úsáideoirí suíomhanna corparáideacha eile trí innill chuardaigh ar líne. |
(c) | aon luach saothair díreach nó indíreach a ghearrfar as úsáid na seirbhísí idirghabhála ar líne nó inneall cuardaigh ar líne lena mbaineann; |
(d) | rochtain ar sheirbhísí nó feidhmiúlachtaí, nó comhéadain theicniúla, atá ábhartha don úsáideoir gnó nó don úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh agus atá nasctha go díreach nó coimhdeach le húsáid a bhaint as na seirbhísí idirghabhála ar líne nó na hinnill chuardaigh ar líne lena mbaineann, na coinníollacha maidir leis na seirbhísí, feidhmiúlachtaí nó coimhéadain sin a úsáid nó aon luach saothair díreach nó neamhdhíreach a ghearrtar ar an úsáid sin. |
Airteagal 9
Rochtain ar shonraí
1. Áireoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, ina dtéarmaí agus coinníollacha, tuairisc ar an rochtain theicniúil agus chonarthach, nó easpa na rochtana sin, a bheidh ag úsáideoirí gnó ar aon sonraí pearsanta nó sonraí eile, nó iad araon, a chuireann úsáideoirí gnó nó tomhaltóirí ar fáil chun úsáid a bhaint as na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin.
2. Tríd an tuairisc dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne an méid seo a leanas, go háirithe, in iúl go leormhaith d'úsáideoirí gnó:
(a) | cibé acu an bhfuil rochtain ag soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó iad araon, a chuireann úsáideoirí gnó nó tomhaltóirí ar fáil chun úsáid a bhaint as na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin, agus, i gcás ina bhfuil, catagóirí na sonraí sin agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain aige orthu; |
(b) | cibé acu an bhfuil rochtain ag úsáideoir gnó ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó iad araon, a chuireann an t-úsáideoir gnó sin ar fáil i dtaca leis an úsáid a bhaineann an t-úsáideoir gnó as na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin don úsáideoir gnó sin agus do thomhaltóirí earraí nó sheirbhísí an úsáideora gnó sin, agus, i gcás ina bhfuil, catagóirí na sonraí sin agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain aige orthu; |
(c) | sa bhreis ar phointe (b), cibé acu an bhfuil rochtain ag úsáideoir gnó ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó iad araon, lena n-áirítear i bhfoirm chomhiomlánaithe, arna soláthar ag na húsáideoirí gnó agus tomhaltóirí uile nó arna ngineadh trí sholáthar na seirbhísí idirghabhála ar líne do na húsáideoirí gnó agus tomhaltóirí uile agus, i gcás ina bhfuil, catagóirí na sonraí sin agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain aige orthu; agus |
(d) | cibé acu an soláthraítear aon sonraí faoi phointe (a) do thríú páirtithe, i dteannta na faisnéise lena sonraítear críoch chomhroinnt na sonraí sin, i gcás nach gá na sonraí sin a sholáthar do thríú páirtithe le haghaidh fheidhmiú cuí na seirbhísí idirghabhála ar líne, chomh maith le féidearthachtaí le haghaidh úsáideoirí gnó diúltú don chomhroinnt sonraí sin. |
3. Ní dochar an tAirteagal seo do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679, Threoir (AE) 2016/680 agus Threoir 2002/58/CE.
Airteagal 11
Córas inmheánach láimhseála gearán
1. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne foráil do chóras inmheánach láimhseála gearán ó úsáideoirí gnó.
Beidh an córas inmheánach láimhseála gearán inrochtana go héasca agus saor in aisce d’úsáideoirí gnó agus áiritheofar leis go láimhseálfar le gearáin laistigh de thréimhse réasúnta ama. Beidh sé bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne a chuirtear i bhfeidhm ar staideanna comhionanna, agus lena ndéileálfar le gearáin ar bhealach atá comhréireach lena dtábhacht agus lena gcastacht. Tabharfaidh sé deis d’úsáideoirí gnó a ngearáin a thaisceadh go díreach leis an soláthraí lena mbaineann i dtaca le haon cheann de na saincheisteanna seo a leanas:
(a) | neamhchomhlíonadh a líomhnaítear a bheith déanta ag an soláthraí sin maidir le haon oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo agus a dhéanann difear don úsáideoir gnó atá ag taisceadh an ghearáin (“an gearánaí”); |
(b) | saincheisteanna teicneolaíocha a bhaineann go díreach le soláthar seirbhísí idirghabhála ar líne, agus a dhéanann difear don ghearánaí; |
(c) | bearta atá déanta ag an soláthraí, nó iompar an tsoláthraí, a bhaineann go díreach le soláthar na seirbhísí idirghabhála ar líne agus a bhfuil tionchar acu ar an ngearánaí. |
2. Mar chuid dá gcóras inmheánach láimhseála gearán, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne an méid seo a leanas:
(a) | breithniú cuí a dhéanamh ar ghearáin atá taiscthe agus ar an d’fhéadfadh a bheith le tabhairt acu don ghearánaí acu chun aghaidh a thabhairt go leormhaith ar an tsaincheist a ardaíodh; |
(b) | gearáin a phróiseáil go pras agus go héifeachtach, agus tábhacht agus castacht na saincheiste a ardaíodh á gcur san áireamh; |
(c) | toradh an chórais inmheánaigh chun déileáil le gearáin a chur in iúl don ghearánaí ar bhonn aonair, i bhfriotal simplí agus intuigthe. |
3. An fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le rochtain ar a gcóras inmheánach láimhseála gearán, agus lena fheidhmiú, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fáil í ina dtéarmaí agus coinníollacha.
4. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne feidhmiú agus éifeachtúlacht a gcóras inmheánach láimhseála gearán a leagan amach agus faisnéis maidir leis sin a chur ar fáil ar bhealach ina mbeidh fáil go héasca ag an bpobal air. Déanfaidh siad an fhaisnéis a fhíorú go bliantúil ar a laghad agus i gcás ina mbeidh gá le hathruithe suntasacha, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta.
Áireofar leis an bhfaisnéis sin líon iomlán na ngearán a thaiscfear, príomhchineálacha na ngearán, an mheántréimhse ama a bheidh de dhíth chun na gearáin a phróiseáil agus faisnéis chomhiomlánaithe maidir le toradh na ngearán.
5. Ní bheidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fiontair bheaga iad de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE.
Airteagal 12
Idirghábháil
1. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne beirt idirghabhálaithe nó níos mó a shainaithint ina dtéarmaí agus coinníollacha a bhfuil siad sásta déileáil leo chun iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú le húsáideoirí gnó maidir le réiteach, lasmuigh de chúirt, ar aon díospóidí idir an soláthraí agus an úsáideoir gnó a eascróidh as soláthar na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann, lena n-áirítear gearáin nach bhféadfaí a réiteach tríd an gcóras inmheánach láimhseála gearán dá dtagraítear in Airteagal 11.
Ní fhéadfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne idirghabhálaithe a chuireann a seirbhísí idirghabhála ar fáil ó áit atá lasmuigh den Aontas a shainaithint ach amháin i gcás ina n-áirithítear nach ndéanfar na buntáistí a ghabhann le haon choimirce dhlíthiúil a leagtar síos i ndlí an Aontais nó i ndlí na mBallstát a cheilt ar na húsáideoirí gnó mar thoradh ar na seirbhísí sin a bheith á gcur ar fáil ag na hidirghabhálaithe lasmuigh den Aontas.
2. Comhlíonfaidh na hidirghabhálaithe dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais seo a leanas:
(a) | tá siad neamhchlaonta agus neamhspleách; |
(b) | tá a seirbhísí idirghabhála inacmhainne ag úsáideoirí gnó na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann; |
(c) | tá siad in ann a seirbhísí idirghabhála a sholáthar i dteanga na dtéarmaí agus coinníollacha lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne agus an t-úsáideoir gnó lena mbaineann; |
(d) | is féidir rochtain fhisiciúil a fháil orthu go héasca san áit ina bhfuil siad bunaithe nó in áit chónaithe an úsáideora gnó, nó go cianda trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí cumarsáide; |
(e) | tá siad in ann a seirbhísí idirghabhála a sholáthar gan aon mhoill mhíchuí; |
(f) | tá tuiscint leordhóthanach acu ar chaidreamh tráchtála ginearálta gnólacht le gnólacht, rud a thugann deis dóibh cuidiú go héifeachtach leis an iarracht díospóidí a réiteach. |
3. D’ainneoin chineál deonach na hidirghabhála, glacfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála agus úsáideoirí gnó páirt de mheon macánta le linn aon iarrachtaí idirghabhála a sheoltar de bhun an Airteagail seo.
4. Seasfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne cion réasúnach de chostais uile na hidirghabhála i ngach cás aonair. Cinnfear cion réasúnach de na costais iomlána sin, ar bhonn moladh ón idirghabhálaí, trí ghnéithe ábhartha uile an cháis atá idir lámha a chur san áireamh, go háirithe an fiúntas coibhéiseach atá le héilimh na bpáirtithe sa díospóid, iompar na bpáirtithe, chomh maith le méid agus neart airgeadais na bpáirtithe i gcoibhneas lena chéile.
5. Aon iarracht chun teacht ar chomhaontú trí bhíthin idirghabhála maidir le réiteach díospóide i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní dhéanfaidh sí difear do chearta sholáthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne agus na n-úsáideoirí gnó lena mbaineann i dtaca le himeachtaí breithiúnacha a thionscnamh aon tráth roimh an bpróiseas idirghabhála, lena linn nó ina dhiaidh.
6. Arna iarraidh sin d’úsáideoir gnó, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne faisnéis a chur ar fáil don úsáideoir gnó, sula rachaidh sé i mbun idirghabhála nó lena linn, maidir le feidhmiú agus éifeachtúlacht na hidirghabhála a bhaineann lena ghníomhaíochtaí.
7. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fiontair bheaga iad de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE.
whereas