keyboard_tab REGIS - Reg. Intermediation Services 2019/1150 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf 2019/1150 GA Art. 12 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl- Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
- Airteagal 2, Sainmhínithe
- Airteagal 3 Téarmaí agus coinníollacha
- Airteagal 4 Srianadh, fionraí agus foirceannadh
- Airteagal 5 Rangú
- Airteagal 6 Earraí agus seirbhísí coimhdeacha
- Airteagal 7 Cóir dhifreáilte
- Airteagal 8 Téarmaí conarthacha sonracha
- Airteagal 9 Rochtain ar shonraí
- Airteagal 10 Srianta maidir le coinníollacha éagsúla a thairiscint ar bhealaí eile
- Airteagal 11 Córas inmheánach láimhseála gearán
- Airteagal 12 Idirghábháil
- Airteagal 13 Idirghabhálaithe speisialaithe
- Airteagal 14 Imeachtaí breithiúnacha ag eagraíochtaí ionadaíocha nó comhlachais ionadaíocha agus ag comhlachtaí poiblí
- Airteagal 15 Forfheidhmiú
- Airteagal 16 Faireachán
- Airteagal 17 Cóid iompair
- Airteagal 18 Athbhreithniú
- Airteagal 19 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
- whereas (1)
- whereas (2)
- whereas (3)
- whereas (4)
- whereas (5)
- whereas (6)
- whereas (7)
- whereas (8)
- whereas (9)
- whereas (10)
- whereas (11)
- whereas (12)
- whereas (13)
- whereas (14)
- whereas (15)
- whereas (16)
- whereas (17)
- whereas (18)
- whereas (19)
- whereas (20)
- whereas (21)
- whereas (22)
- whereas (23)
- whereas (24)
- whereas (25)
- whereas (26)
- whereas (27)
- whereas (28)
- whereas (29)
- whereas (30)
- whereas (31)
- whereas (32)
- whereas (33)
- whereas (34)
- whereas (35)
- whereas (36)
- whereas (37)
- whereas (38)
- whereas (39)
- whereas (40)
- whereas (41)
- whereas (42)
- whereas (43)
- whereas (44)
- whereas (45)
- whereas (46)
- whereas (47)
- whereas (48)
- whereas (49)
- whereas (50)
- whereas (51)
- whereas (52)
- idirghabhála 18
- seirbhísí 15
- gnó 10
- lena 10
- líne 9
- agus 9
- soláthraithe 6
- siad 5
- mbaineann 4
- réiteach 4
- maidir 4
- fáil 3
- lasmuigh 3
- áit 3
- atá 3
- idir 3
- iarracht 3
- airteagal 3
- bpáirtithe 3
- linn 3
- hidirghabhála 3
- trí 3
- gnólacht 2
- uile 2
- nach 2
- sholáthar 2
- mír 2
- aontas 2
- dtagraítear 2
- hidirghabhálaithe 2
- ndlí 2
- moladh 2
- leagtar 2
- chur 2
- ghabhann 2
- úsáideoirí 2
- teacht 2
- leis 2
- chun 2
- cion 2
- shainaithint 2
- chomhaontú 2
- húsáideoirí 2
- réasúnach 2
- bhfuil 2
- coinníollacha 2
- díospóidí 2
- soláthraí 2
- úsáideoir 2
- dtéarmaí 2
Airteagal 12
Idirghábháil
1. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne beirt idirghabhálaithe nó níos mó a shainaithint ina dtéarmaí agus coinníollacha a bhfuil siad sásta déileáil leo chun iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú le húsáideoirí gnó maidir le réiteach, lasmuigh de chúirt, ar aon díospóidí idir an soláthraí agus an úsáideoir gnó a eascróidh as soláthar na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann, lena n-áirítear gearáin nach bhféadfaí a réiteach tríd an gcóras inmheánach láimhseála gearán dá dtagraítear in Airteagal 11.
Ní fhéadfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne idirghabhálaithe a chuireann a seirbhísí idirghabhála ar fáil ó áit atá lasmuigh den Aontas a shainaithint ach amháin i gcás ina n-áirithítear nach ndéanfar na buntáistí a ghabhann le haon choimirce dhlíthiúil a leagtar síos i ndlí an Aontais nó i ndlí na mBallstát a cheilt ar na húsáideoirí gnó mar thoradh ar na seirbhísí sin a bheith á gcur ar fáil ag na hidirghabhálaithe lasmuigh den Aontas.
2. Comhlíonfaidh na hidirghabhálaithe dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais seo a leanas:
(a) | tá siad neamhchlaonta agus neamhspleách; |
(b) | tá a seirbhísí idirghabhála inacmhainne ag úsáideoirí gnó na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann; |
(c) | tá siad in ann a seirbhísí idirghabhála a sholáthar i dteanga na dtéarmaí agus coinníollacha lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne agus an t-úsáideoir gnó lena mbaineann; |
(d) | is féidir rochtain fhisiciúil a fháil orthu go héasca san áit ina bhfuil siad bunaithe nó in áit chónaithe an úsáideora gnó, nó go cianda trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí cumarsáide; |
(e) | tá siad in ann a seirbhísí idirghabhála a sholáthar gan aon mhoill mhíchuí; |
(f) | tá tuiscint leordhóthanach acu ar chaidreamh tráchtála ginearálta gnólacht le gnólacht, rud a thugann deis dóibh cuidiú go héifeachtach leis an iarracht díospóidí a réiteach. |
3. D’ainneoin chineál deonach na hidirghabhála, glacfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála agus úsáideoirí gnó páirt de mheon macánta le linn aon iarrachtaí idirghabhála a sheoltar de bhun an Airteagail seo.
4. Seasfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne cion réasúnach de chostais uile na hidirghabhála i ngach cás aonair. Cinnfear cion réasúnach de na costais iomlána sin, ar bhonn moladh ón idirghabhálaí, trí ghnéithe ábhartha uile an cháis atá idir lámha a chur san áireamh, go háirithe an fiúntas coibhéiseach atá le héilimh na bpáirtithe sa díospóid, iompar na bpáirtithe, chomh maith le méid agus neart airgeadais na bpáirtithe i gcoibhneas lena chéile.
5. Aon iarracht chun teacht ar chomhaontú trí bhíthin idirghabhála maidir le réiteach díospóide i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní dhéanfaidh sí difear do chearta sholáthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne agus na n-úsáideoirí gnó lena mbaineann i dtaca le himeachtaí breithiúnacha a thionscnamh aon tráth roimh an bpróiseas idirghabhála, lena linn nó ina dhiaidh.
6. Arna iarraidh sin d’úsáideoir gnó, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne faisnéis a chur ar fáil don úsáideoir gnó, sula rachaidh sé i mbun idirghabhála nó lena linn, maidir le feidhmiú agus éifeachtúlacht na hidirghabhála a bhaineann lena ghníomhaíochtaí.
7. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fiontair bheaga iad de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE.
whereas