search


keyboard_tab NIS2 2022/2555 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2555 GA Art. 6 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 515

 

Airteagal 6

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘córas gréasán agus faisnéise’:

(a)

líonra cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/1972;

(b)

aon ghaireas nó grúpa gaireas idirnasctha nó gaolmhar, a ndéanann ceann amháin nó níos mó díobh, de bhun cláir, próiseáil uathoibríoch ar shonraí digiteacha; nó

(c)

sonraí digiteacha arna stóráil, arna bpróiseáil, arna n-aisghabháil nó arna dtarchur le heilimintí a chumhdaítear faoi phointí (a) agus (b) chun críocha a n-oibríochta, a n-úsáide, a gcosanta agus a gcoinnithe ar bun;

(2)

ciallaíonn ‘slándáil córas gréasán agus faisnéise’ cumas córas gréasán agus faisnéise seasamh in aghaidh, ar leibhéal áirithe muiníne, aon imeacht lena bhféadfaí infhaighteacht, barántúlacht, sláinerúndacht sonraí stóráilte, tarchurtha nó próiseáilte a chur i mbaol, nó infhaighteacht, barántúlacht, sláinerúndacht na seirbhísí a thairgtear, nó is féidir a rochtain, trí na córais gréasán agus faisnéise sin a chur i mbaol;

(3)

ciallaíonn ‘cibearshlándáil’ cibearshlándáil mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2019/881;

(4)

ciallaíonn ‘straitéis náisiúnta chibearshlándála ’ creat comhleanúnach de chuid Ballstáit lena soláthraítear cuspóirí agus tosaíochtaí straitéiseacha i réimse na cibearshlándála agus an rialachais chun iad a bhaint amach sa Bhallstát sin;

(5)

ciallaíonn ‘neasteagmhas’ teagmhas lena bhféadfaí infhaighteacht, barántúlacht, sláinerúndacht sonraí stóráilte, tarchurtha nó próiseáilte a chur i mbaolinfhaighteacht, barántúlacht, sláinerúndacht na seirbhísí a thairgtear, nó is féidir a rochtain, trí chórais gréasán agus faisnéise a chur i mbaol, ach ar cuireadh cosc rathúil air teacht chun cinn nó nár tháinig chun cinn;

(6)

ciallaíonn ‘teagmhas’ aon imeacht lena ndéantar infhaighteacht, barántúlacht, sláinerúndacht sonraí stóráilte, tarchurtha nó próiseáilte a chur i mbaollena ndéantar infhaighteacht, barántúlacht, sláinerúndacht na seirbhísí a thairgtear, nó is féidir a rochtain, trí chórais gréasán agus faisnéise a chur i mbaol;

(7)

ciallaíonn ‘teagmhas mórscála cibearshlándála’ teagmhas is cúis le leibhéal suaite is mó ná cumas Ballstáit freagairt dó nó a bhfuil tionchar suntasach aige ar dhá Bhallstát ar a laghad;

(8)

ciallaíonn ‘láimhseáil teagmhas’ aon ghníomhaíochtaí agus nósanna imeachta arb é is aidhm dóibh teagmhas a chosc, a bhrath, a anailísiú, agus a choinneáil faoi smacht nó freagairt dó agus téarnamh uaidh;

(9)

ciallaíonn ‘riosca’ an poitéinseal atá ann go mbeadh teagmhas ina chúis le caillteanas nó le suaitheadh agus tá sé le sloinneadh mar theaglaim de mhéid an chaillteanais nó an tsuaite sin agus an dóchúlacht go dtarlódh an teagmhas;

(10)

ciallaíonn ‘cibearbhagairt’ cibearbhagairt mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) 2019/881;

(11)

ciallaíonn ‘cibearbhagairt shuntasach’ cibearbhagairt ar féidir glacadh leis, bunaithe ar a saintréithe teicniúla, go bhféadfadh sí tionchar tromchúiseach a bheith aici ar chórais gréasán agus faisnéise eintitis nó úsáideoirí sheirbhísí an eintitis trí dhamáiste suntasach ábhartha nó neamhábhartha a dhéanamh;

(12)

ciallaíonn ‘táirge TFC’ táirge TFC mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Rialachán (AE) 2019/881;

(13)

ciallaíonn ‘seirbhís TFC’ seirbhís TFC mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Rialachán (AE) 2019/881;

(14)

ciallaíonn ‘próiseas TFC’ próiseas TFC mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (14), de Rialachán (AE) 2019/881;

(15)

ciallaíonn ‘leochaileacht’ laige, soghabháltacht nó fabht tháirgí TFC nó sheirbhísí TFC ar ar féidir teacht i dtír le cibearbhagairt;

(16)

ciallaíonn ‘caighdeán’ caighdeán mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29);

(17)

ciallaíonn ‘sonraíocht theicniúil’ sonraíocht theicniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(18)

ciallaíonn ‘pointe malartaithe idirlín’ saoráid gréasáin lena gcumasaítear idirnascadh níos mó ná dhá ghréasán neamhspleácha (córais uathrialacha), go príomha chun malartú tráchta idirlín a éascú, a sholáthraíonn idirnascadh le haghaidh córais uathrialaitheacha amháin agus nach n-éilíonn trácht idirlín a théann idir aon dá chóras uathrialacha rannpháirteacha chun dul trí aon tríú córas uathrialaitheach ná nach ndéanann aon athrú ar thrácht den sórt sin ná nach gcuireann isteach ar dhóigh eile ar thrácht den sórt sin;

(19)

ciallaíonn ‘córas ainmneacha fearainn’ nó ‘DNS’ córas ainmniúcháin dáilte de réir ordlathais lena gcumasaítear seirbhísí agus acmhainní ar an idirlíon a shainaithint, agus ar an gcaoi sin a lamhálann d’úsáideoirí deiridh úsáid a bhaint as seirbhísí ródúcháin agus nascachta ar an idirlíon chun na seirbhísí agus na hacmhainní sin a shroicheadh;

(20)

ciallaíonn ‘soláthróir seirbhísí DNS’ eintiteas a sholáthraíonn:

(a)

seirbhísí athchúrsacha taifigh ainmneacha fearainn atá ar fáil go poiblí d’úsáideoirí deiridh; nó

(b)

seirbhísí taifigh ainmneacha fearainn le haghaidh úsáid tríú páirtí, cé is moite de fhreastalaithe fréamhainmneacha;

(21)

ciallaíonn ‘clárlann ainmneacha fearainn barrleibhéil’ nó ‘clárlann ainmneacha TLD’ eintiteas ar tarmligeadh TLD sonrach chuige agus atá freagrach as an TLD sin a riar lena n-áirítear clárú ainmneacha fearainn faoi TLD agus oibriú teicniúil TLD, lena n-áirítear a fhreastalaithe ainmneacha a oibriú, a bhunachair sonraí a choinneáil ar bun agus comhaid chreasa TLD a dháileadh ar fhreastalaithe ainmneacha, gan beann ar cibé an ndéanann an t-eintiteas aon cheann de na hoibríochtaí sin é féin nó an ndéantar iad a sheachfhoinsiú, ach gan cásanna a áireamh nach n-úsáideann clárlann ainmneacha TLD ach chun a úsáide féin amháin;

(22)

ciallaíonn ‘eintiteas a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainmneacha fearainn’ cláraitheoir nó gníomhaire atá ag gníomhú thar ceann cláraitheoirí, amhail soláthraí nó athdhíoltóir seirbhíse um chlárú príobháideachta nó seach-chláraithe;

(23)

ciallaíonn ‘seirbhís dhigiteach’ seirbhís mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30);

(24)

ciallaíonn ‘seirbhís iontaoibheseirbhís iontaoibhe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (16), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(25)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí iontaoibhesoláthraí seirbhísí iontaoibhe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (19), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(26)

ciallaíonn ‘seirbhís iontaoibhe cháilithe’ seirbhís iontaoibhe cháilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (17), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(27)

ciallaíonn ‘soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhesoláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (20), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(28)

ciallaíonn ‘margadh ar líne’ margadh ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (n), de Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31);

(29)

ciallaíonn ‘inneall cuardaigh ar líne’ inneall cuardaigh ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32);

(30)

ciallaíonn ‘seirbhís néalríomhaireachta’ seirbhís dhigiteach lena gcumasaítear riarachán ar éileamh agus cianrochtain leathan ar linn inscálaithe agus leaisteach acmhainní ríomhaireachta inroinnte, lena n-áirítear i gcás ina ndáiltear acmhainní den sórt sin thar roinnt suíomhanna;

(31)

ciallaíonn ‘seirbhís lárionaid sonraíseirbhís lena gcuimsítear struchtúir, nó grúpaí struchtúr, atá tiomnaithe do chóiriú láraithe, idirnascadh láraithe agus oibriú láraithe threalamh TF agus trealaimh gréasáin lena soláthraítear seirbhísí stórála, próiseála agus iompair sonraí i dteannta na saoráidí agus na mbonneagar uile le haghaidh dáileadh cumhachta agus rialú comhshaoil;

(32)

ciallaíonn ‘gréasán soláthair ábhair’ gréasán de fhreastalaithe dáilte go geografach chun infhaighteacht ard, inrochtaineacht nó soláthar mear ábhair dhigitigh agus seirbhísí digiteacha a áirithiú d’úsáideoirí idirlín thar ceann soláthraithe ábhair agus seirbhíse;

(33)

ciallaíonn ‘ardán seirbhísí líonraithe shóisialta’ ardán lena gcumasaítear d’úsáideoirí deiridh nascadh le chéile agus nithe a chomhroinnt agus a aimsiú le chéile agus a chur in iúl dá chéile thar ghairis iomadúla, go háirithe trí bhíthin comhráite, postálacha, físeán agus moltaí;

(34)

ciallaíonn ‘ionadaí’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus atá ainmnithe go sainráite chun gníomhú thar ceann sholáthraí seirbhísí DNS, chlárlann ainmneacha TLD, eintiteas a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainmneacha fearainn, soláthraí seirbhísí néalríomhaireachta, soláthraí seirbhísí lárionaid sonraí, soláthraí gréasán soláthair ábhair, soláthraí seirbhísí bainistithe, soláthraí seirbhísí slándála bainistithe, soláthraí margaidh ar líne, soláthraí innill cuardaigh ar línesoláthraí ardáin seirbhísí líonraithe shóisialta nach bhfuil bunaithe san Aontas, a bhféadfaidh údarás inniúil nó CSIRT dul i dteagmháil leis nó léi seachas an t-eintiteas féin maidir le hoibleagáidí an eintitis sin faoin Treoir seo;

(35)

ciallaíonn ‘eintiteas riaracháin phoiblí’ eintiteas a aithnítear mar sin i mBallstát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, gan breithiúna, parlaimintí ná bainc cheannais a áireamh, a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a)

bunaítear é chun riachtanais leasa ghinearálta a chomhlíonadh agus níl carachtar tionscail ná tráchtála aige;

(b)

tá pearsantacht dhlítheanach aige nó tá sé i dteideal gníomhú de réir dlí thar ceann eintiteas eile ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach;

(c)

tá sé maoinithe, den chuid is mó, ag an Stát, ag údaráis réigiúnacha nó ag comhlachtaí eile a rialaítear leis an dlí poiblí, tá sé faoi réir maoirseacht bainistíochta ag na húdaráis nó na comhlachtaí sin, nó tá bord riaracháin, bainistíochta nó faireacháin aige, a bhfuil níos mó ná leath dá chomhaltaí ceaptha ag an Stát, ag údaráis réigiúnacha nó ag comhlachtaí eile a rialaítear leis an dlí poiblí;

(d)

tá an chumhacht aige cinntí riaracháin nó rialála a dhíriú chuig daoine nádúrtha nó dlítheanacha lena ndéantar difear dá gcearta i ngluaisteacht trasteorann daoine, earraí, seirbhísí nó caipitil;

(36)

ciallaíonn ‘líonra cumarsáide leictreonaí poiblí’ líonra cumarsáide leictreonaí poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Threoir (AE) 2018/1972;

(37)

ciallaíonn ‘seirbhís cumarsáide leictreonaí’ seirbhís cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2018/1972;

(38)

ciallaíonn ‘eintiteas’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá cruthaithe agus aitheanta amhlaidh faoi dhlí náisiúnta a áite bunaíochta, a fhéadfaidh, ag gníomhúfaoina ainm féin nó ag gníomhú di faoina hainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí;

(39)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí bainistithe’ eintiteas a sholáthraíonn seirbhísí a bhaineann le suiteáil, bainistiú, oibriú nó cothabháil tháirgí, ghréasáin, bhonneagair nó fheidhmchláir TFC nó aon chórais gréasán agus faisnéise eile, trí chúnamh nó trí riarachán gníomhach a dhéantar ar áitreabh na gcustaiméirí nó go cianda;

(40)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí slándála bainistithe’ soláthraí seirbhísí bainistithe a dhéanann nó a chuireann cúnamh ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú riosca cibearshlándála;

(41)

ciallaíonn ‘eagraíocht taighde’ eintiteas arb é a phríomhsprioc taighde feidhmeach nó forbairt thurgnamhach a dhéanamh d’fhonn leas a bhaint as torthaí an taighde sin chun críoch tráchtála, ach nach n-áirítear institiúidí oideachais leis.

CAIBIDIL II

CREATAÍ COMHORDAITHE MAIDIR LEIS AN GCIBEARSHLÁNDÁIL


whereas









keyboard_arrow_down