keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 12 Comhar agus idir-inoibritheacht
- 1 Airteagal 14 Gnéithe idirnáisiúnta
- 1 Airteagal 24 Ceanglais do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
RÍOMH-SHAINAITHEANTAS
CAIBIDIL III
SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE
ROINN 1
Forálacha ginearálta
ROINN 2
Maoirseacht
ROINN 3
Seirbhísí iontaoibhe cáilithe
ROINN 4
Ríomhshínithe
ROINN 5
Ríomhshéalaí
ROINN 6
Ríomhstampaí ama
ROINN 7
Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe
ROINN 8
Fíordheimhniú láithreán gréasáin
CAIBIDIL IV
RÍOMHDHOICIMÉID
CAIBIDIL V
TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME
CAIBIDL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 45
- iontaoibhe 27
- leis 22
- seirbhísí 21
- cáilithe 21
- chun 16
- airteagal 14
- maidir 14
- sonraí 13
- gcomhréir 12
- ríomh-shainaitheantais 11
- fáil 11
- lena 11
- deimhnithe 10
- faoi 10
- duine 9
- siad 9
- scéimeanna 9
- atá 8
- mír 8
- soláthraithe 8
- déanfaidh 8
- ceanglais 7
- feidhme 7
- trí 7
- idirnáisiúnta 7
- caighdeáin 6
- leith 6
- leibhéil 6
- dearbhaithe 6
- dtagraítear 6
- bhfuil 5
- náisiúnta 5
- iomchuí 5
- seirbhíse 5
- soláthraí 5
- imeachta 5
- úsáid 5
- idir 5
- bheidh 5
- iontaofa 5
- gníomhartha 5
- bhaineann 4
- leagtar 4
- slándála 4
- mbeidh 4
- chuireann 4
- leanas: 4
- nithe 4
- idir-inoibritheachta 4
Airteagal 12
Comhar agus idir-inoibritheacht
1. Beidh na scéimeanna ríomh-shainaitheantais náisiúnta ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) idir-inoibritheach.
2. Chun críocha mhír 1, bunófar creat idir-inoibritheachta.
3. Comhlíonfaidh an creat idir-inoibritheachta na critéir seo a leanas:
(a) | díreofar leis ar a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus ní dhéanann sé idirdhealú idir aon réiteach teicniúil sonrach náisiúnta le haghaidh ríomh-shainaitheantais laistigh de Bhallstát; |
(b) | beidh sé i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus caighdeáin idirnáisiúnta, nuair is féidir; |
(c) | éascófar leis cur chun feidhme phrionsabal na príobháideachta trí dhearadh; agus |
(d) | áiritheofar leis go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Treoir 95/46/CE. |
4. Beidh na nithe a leanas sa chreat idir-inoibritheachta:
(a) | tagairt do na híoscheanglais theicniúla a bhaineann leis na leibhéil dearbhaithe faoi Airteagal 8; |
(b) | mapáil ar leibhéil dearbhaithe náisiúnta scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith isteach sna leibhéil dearbhaithe faoi Airteagal 8; |
(c) | tagairt do na híoscheanglais theicniúla le haghaidh idir-inoibritheachta; |
(d) | tagairt do thacar íosta sonraí aitheantais duine lena léirítear go huathúil duine dlítheanach nó nádúrtha, atá ar fáil ó scéimeanna ríomh-shainaitheantais; |
(e) | rialacha nós imeachta; |
(f) | socruithe chun díospóid a réiteach; agus |
(g) | comhchaighdeáin oibríochtúla slándála. |
5. Comhoibreoidh na Ballstáit lena chéile i dtaca leis na nithe a leanas:
(a) | idir-inoibritheacht na scéimeanna ríomh-shainaitheantais oifigiúla ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) agus idir-inoibritheacht na scéimeanna ríomh-shainaitheantais a bhfuil sé i gceist ag na Ballstáit fógra a thabhairt ina leith; agus |
(b) | slándáil na scéimeanna ríomh-shainaitheantais. |
6. Beidh na nithe a leanas sa chomhar idir na Ballstáit:
(a) | malartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtais maidir leis na scéimeanna ríomh-shainaitheantais, go háirithe maidir le ceanglais theicniúla a bhaineann le hidir-inoibritheacht agus le leibhéil dearbhaithe; |
(b) | malartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtais maidir le bheith ag obair le leibhéil dearbhaithe na scéimeanna ríomh-shainaitheantais faoi Airteagal 8; |
(c) | athbhreithniú piaraí na scéimeanna ríomh-shainaitheantais a thagann faoin Rialachán seo; agus |
(d) | scrúdú ar na forbairtí is déanaí in earnáil an ríomh-shaitheantais. |
7. Faoin 18 Márta 2015, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe nós imeachta riachtanacha chun an comhar idir na Ballstáit dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 a éascú, d’fhonn leibhéal ard iontaoibhe agus slándála a chothú a bheidh comhoiriúnach leis an leibhéal riosca.
8. Faoin 18 Meán Fómhair 2015, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a shocrú d’fhonn an ceanglas faoi mhír 1 a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún, faoi réir na gcritéar a leagtar amach i mír 3 agus lena gcuirfear san áireamh torthaí an chomhair idir na Ballstáit, gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an gcreat idir-inoibritheachta mar a leagtar amach i mír 4 é.
9. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7 agus i mír 8 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
CAIBIDIL III
SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE
ROINN 1
Forálacha ginearálta
Airteagal 14
Gnéithe idirnáisiúnta
1. Aithneofar maidir le seirbhísí iontaoibhe á gcur ar fáil ag soláthraithe atá bunaithe i dtríú tír go bhfuil siad comhionann go dlíthiúil le seirbhísí iontaoibhe cáilithe á gcur ar fáil ag soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe san Aontas más rud é go mbeidh na seirbhísí iontaoibhe de thionscnamh an tríú tír aitheanta faoi chomhaontú idirnáisiúnta a cuireadh i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír atá i gceist nó eagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE.
2. Maidir leis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar, go háirithe, na nithe a leanas:
(a) | maidir leis na ceanglais is infheidhme maidir le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe san Aontas agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil, gurb iad na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe i dtríú tír nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta lenar cuireadh an comhaontú i gcrích, agus trí na seirbhísí iontaoibhe a chuireann siad ar fáil, a chomhlíonfaidh na ceanglais sin |
(b) | go bhfuil sé aitheanta maidir leis na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe san Aontas ar fáil go bhfuil na seirbhísí sin comhionann go dlíthiúil leis na seirbhísí iontaoibhe a chuireann soláthraithe seirbhísí iontaoibhe ar fáil i dtríú tíortha nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta lenar cuireadh an comhaontú i gcrích. |
Airteagal 24
Ceanglais do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe
1. Agus deimhniú cáilithe á eisiúint aige do sheirbhís iontaoibhe, fíoróidh soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe, ar dhóigheanna iomchuí agus i gcomhréir leis an dlí naisiúnta, céannacht agus, más ábhartha, aon saintréithe sonracha atá ag an duine nádúrtha nó dlítheanach a n-eiseofar an deimhniú incháilithe dó.
Déanfaidh an soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhíorú go díreach nó trí bhrath ar thríú páirtí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:
(a) | trí láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh, nó |
(b) | go cianda, tríd an modh ríomh-shainaitheantais a úsáid, a raibh láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh áirithithe ina leith roimh eisiúint an deimhnithe cháilithe agus lena gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 i dtaca leis na leibhéil dearbhaithe slándála “suntasach” nó “ard”, nó |
(c) | trí dhearbhú ríomhshínithe cháilithe nó dearbhú ríomhshéala cháilithe a eiseofar i gcomhréir le pointe (a) nó le pointe (b), nó |
(d) | trí mhodhanna eile sainaitheantais a úsáid a aithnítear ar an leibhéal náisiúnta agus lena dtugtar dearbhú ó thaobh iontaofachta de atá coibhéiseach le láithreacht fhisiciúil. Beidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta an dearbhú coibhéiseach a dheimhniú. |
2. Déanfaidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe cáilithe an méid seo a leanas:
(a) | cuirfidh sé an comhlacht maoirseachta ar an eolas maidir le haon athrú a dhéanfar i soláthar a sheirbhísí iontaoibhe cáilithe, agus rún a bheidh aige deireadh a chur lena gcuid gníomhaíochtaí; |
(b) | fostóidh sé foireann agus, más infheidhme, fochonraitheoirí a mbeidh an saineolas, an iontaofacht, an taithí agus na cáilíochtaí a mbeidh gá leo acu araon agus a mbeidh oiliúint iomchuí curtha orthu maidir leis na rialacha slándála agus cosanta sonraí pearsanta agus cuirfidh siad nósanna imeachta riaracháin agus bainistithe i bhfeidhm a bheidh ar chomhchéim le caighdeáin Eorpacha nó caighdeáin idirnáisiúnta; |
(c) | i dtaca leis an riosca dliteanais i leith damáistí i gcomhréir le hAirteagal 13, coinneoidh sé dóthain acmhainní airgeadais agus/nó gheobhaidh sé árachas iomchuí i gcoinne dliteanais i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; |
(d) | roimh dhul isteach i gcaidreamh conarthach, déanfaidh sé aon duine ar mian leis seirbhís iontaoibhe incháilithe a úsáid a chur ar an eolas, ar bhealach soiléir agus cuimsitheach, faoi na téarmaí beachta agus na coinníollacha beachta a bhaineann le húsáid na seirbhíse sin, lena n-áirítear aon teorannú maidir lena húsáid; |
(e) | déanfaidh sé córais agus táirgí iontaofa a úsáid a bheidh cosanta ar mhionathruithe agus lena n-áiritheofar slándáil theicniúil agus iontaofacht na bpróiseas a láimhseálann siad; |
(f) | déanfaidh sé córais iontaofa a úsáid chun sonraí a thabharfar dó a stóráil i bhfoirm infhíoraithe, sa dóigh gur fíor an méid seo a leanas maidir leo:
|
(g) | déanfaidh sé bearta iomchuí in aghaidh bhrionnú agus ghadaíocht na sonraí; |
(h) | déanfaidh sé taifead ar an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann le sonraí a eisíonn an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a fhaigheann sé agus coinneoidh sé ar fáil é le haghaidh tréimhse iomchuí ama, lena n-áirítear tar éis dheireadh ghníomhaíochtaí uile an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe, go háirithe chun fianaise a sholáthar in imeachtaí dlíthiúla agus chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú. Féadfar an taifeadadh sin a dhéanamh go leictreonach; |
(i) | plean foirceanta a bheith aige atá cothrom le dáta chun leanúnachas seirbhíse a áirithiú i gcomhréir le forálacha a fhíoróidh an comhlacht meastóireachta faoi phointe (i) d’Airteagal 17(4); |
(j) | próiseáil dhleathach sonraí pearsanta a áirithiú i gcomhréir le Treoir 95/46/CE; |
(k) | maidir le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe, bunóidh sé bunachar sonraí deimhnithe suas chun dáta. |
3. I gcás ina gcinneann soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe deimhniú a chúlghairm, déanfaidh siad an chúlghairm sin a chlárú ina mbunachar sonraí deimhnithe agus déanfaidh siad stádas cúlghairme an deimhnithe a fhoilsiú go tráthúil, ach i gcás ar bith laistigh de 24 uair an chloig tar éis an iarraidh a fháil. Beidh éifeacht ag an gcúlghairm a luaithe a fhoilseofar é.
4. Maidir le mír 3, soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eiseoidh deimhnithe cáilithe, cuirfidh siad ar fáil d’aon pháirtí is úsáideoir faisnéis maidir le stádas bailíochta nó stádas cúlghairme deimhnithe cáilithe a d’eisigh siad. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar a laghad ar bhonn deimhnithe tráth ar bith agus i ndiaidh thréimhse bailíochta an deimhnithe, ar bhealach uathoibríoch a bheidh iontaofa, saor in aisce agus éifeachtúil.
5. Féadfaidh an Coimisiún, de bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha a bhunú do chaighdeáin le haghaidh córas agus táirgí iontaofa, ar caighdeáin iad lena gcomhlíonfar na ceanglais faoi phointe (e) agus faoi phointe (f) de mhír 2 den Airteagal seo. Measfar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh córais agus táirgí iontaofa na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
ROINN 4
Ríomhshínithe
whereas