search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA cercato: 'gléas' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index gléas:


whereas gléas:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 676

 

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ríomh-shainaitheantas” an próiseas arb é atá ann úsáid a bhaint as sonraí sainaitheantais duine i bhfoirm leictreonach, ar sonraí iad a léiríonn, go leithleach, duine nádúrtha nó dlítheanach nó duine nádúrtha a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige ar dhuine dlítheanach;

(2)

Ciallaíonn “modh ríomh-shainaitheantais” aonad ábhartha agus/nó neamhábhartha ina bhfuil sonraí sainaitheantais duine, a mbaintear úsáid as chun seirbhís ar líne a fhíordheimhniú;

(3)

ciallaíonn “sonraí sainaitheantais duine” tacar sonraí chun céannacht duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, nó duine nádúrtha a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige ar dhuine dlítheanach, a shuíomh;

(4)

ciallaíonn “scéim ríomh-shainaitheantais” córas chun ríomh-shainaitheantas a dhéanamh lena ndéantar modhanna ríomh-shainaitheantais a eisiúint do dhaoine nádúrtha nó dlítheanach nó do dhaoine nádúrtha a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu ar dhaoine dlítheanacha;

(5)

ciallaíonn “fíordheimhniú” ríomhphróiseas a fhágann go bhféadfar ríomh-shainaitheantas an duine nádúrtha nó dlítheanaigh a dheimhniú; nó foinse agus sláine ríomhshonraí a dheimhniú;

(6)

ciallaíonn “an páirtí is úsáideoir” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhíonn ag brath ar chéannacht leictreonach nó ar sheirbhís iontaoibhe;

(7)

ciallaíonn “comhlacht poiblí” an stát, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachas ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na húdaráis sin nó ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí, nó eintiteas príobháideach a bhfuil sainordú aige ó cheann amháin ar a laghad de na húdaráis sin, de na comhlachtaí sin nó de na comhlachais sin seirbhísí poiblí a sholáthar ag feidhmiú dó faoi shainordú den sórt sin;

(8)

ciallaíonn “comhlacht a rialaítear faoin dlí poiblí” mar a shainítear é i bpointe (4) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15);

(9)

ciallaíonn “sínitheoir” duine nádúrtha a chruthaíonn ríomhshíniú;

(10)

ciallaíonn “ríomhshíniú” sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte de shonraí i bhfoirm leictreonach eile, nó a bhfuil baint loighciúil acu leo, agus a úsáideann an sínitheoir le síniú a dhéanamh;

(11)

ciallaíonn “ríomhshíniú ardleibhéil” ríomhshíniú a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas a leagtar amach in Airteagal 26;

(12)

ciallaíonn “ríomhshíniú cáilithe” ríomhshíniú ardleibhéil a cruthaíodh le gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, agus atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe;

(13)

ciallaíonn “sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe” sonraí uathúla a úsáideann an sínitheoir chun ríomhshíniú a chruthú;

(14)

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh ríomhshínithe” ríomhdhearbhú a dhéanann sonraí bailíochtaithe ríomhshínithe a nascadh le duine nádúrtha agus lena ndearbhaítear ar a laghad ainm nó ainm bréige an duine sin;

(15)

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe” deimhniú le haghaidh ríomhshínithe, a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I;

(16)

ciallaíonn “seirbhís iontaoibhe” ríomhsheirbhís a thugtar de ghnáth ar luach saothair a bhfuil na nithe seo leanas iontu:

(a)

ríomhshínithe, ríomhshéalaí, nó ríomhstampaí ama, ríomhsheirbhísí seachadta atá cláraithe agus na deimhnithe a bhaineann leis na seirbhísí sin a chruthú, a fhíorú agus a bhailíochtú, nó

(b)

cruthú, fíorú agus bailíochtú na ndeimhnithe le haghaidh fíordheimhniú láithreán gréasáin, nó

(c)

caomhnú ríomhshínithe, ríomhshéalaí nó na deimhnithe a bhaineann leis na seirbhísí sin;

(17)

ciallaíonn “seirbhís iontaoibhe cháilithe” seirbhís iontaoibhe a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán seo;

(18)

ciallaíonn “comhlacht measúnaithe comhréireachta” comhlacht a shainítear i bpointe 13 d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, a bhfuil creidiúnú aige i gcomhréir leis an Rialachán sin á rá go bhfuil sé inniúil ar mheasúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus ar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann sé ar fáil;

(19)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí iontaoibhe” duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann seirbhís iontaoibhe amháin nó níos mó ar fáil cibé acu mar sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó mar sholáthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe;

(20)

ciallaíonn “soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe” soláthraí seirbhísí iontaoibhe a chuireann seirbhís iontaoibhe cáilithe amháin nó níos mó ar fáil agus a ndeonaíonn an comhlacht maoirseachta stádas mar sholáthraí cáilithe dó;

(21)

ciallaíonn “táirge” crua-earraí nó bogearraí, nó comhpháirteanna de chrua-earraí nó de bhogearraí, atá beartaithe lena n-úsáid chun seirbhísí iontaoibhe a sholáthar;

(22)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshínithe” bogearraí nó crua-earraí cumraithe a úsáidtear chun ríomhshíniú a chruthú;

(23)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe” gléas cruthaithe ríomhshínithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II;

(24)

ciallaíonn “cruthaitheoir séala” duine dlítheanach a chruthaíonn ríomhshéala;

(25)

ciallaíonn “ríomhshéala” sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte de shonraí eile i bhfoirm leictreonach, nó a bhfuil baint loighciúil acu leo, chun foinse agus sláine na sonraí eile a áirithiú;

(26)

ciallaíonn “ríomhshéala ardleibhéil” ríomhshéala a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 36:

(27)

ciallaíonn “ríomhshéala cáilithe” ríomhshéala ardleibhéil a cruthaíodh le gléas cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe, agus atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí;

(28)

ciallaíonn “sonraí maidir le cruthú ríomhshéala” sonraí uathúla a úsáideann cruthaitheoir an ríomhshéala chun ríomhshéala a chruthú;

(29)

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh ríomhshéala” ríomhdhearbhú a dhéanann sonraí bailíochtaithe ríomhshéala a nascadh le duine dlítheanach agus lena ndearbhaítear ainm an duine sin;

(30)

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala” deimhniú le haghaidh ríomhshéala a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III;

(31)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshéala” bogearraí nó crua-earraí cumraithe a úsáidtear chun ríomhshéala a chruthú;

(32)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshéala cáilithe” gléas um chruthú ríomhshéala a chomhlíonann mutatis mutandis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II;

(33)

ciallaíonn “ríomhstampa ama” sonraí i bhfoirm leictreonach a cheanglaíonn shonraí eile i bhfoirm leictreonach d’am ar leith, agus a shuíonn trína bhíthin sin fianaise go raibh na sonraí eile sin ann ag an am sin;

(34)

ciallaíonn “ríomhstampa ama cáilithe” ríomhstampa a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 42;

(35)

ciallaíonn “ríomhdhoiciméad” aon ábhar a stóráiltear i bhfoirm leictreonach nó mar thaifead fuaime, mar thaifead amhairc nó mar thaifead closamhairc;

(36)

ciallaíonn “ríomhsheirbhís seachadta atá cláraithe” seirbhís a fhágann go bhféadfar sonraí a tharchur idir tríú páirtithe le ríomh-mhodhanna agus a chuireann fianaise ar fáil maidir le láimhseáil na sonraí a tarchuireadh, lena n-áirítear cruthúnas gur seoladh agus/nó go bhfuarthas iad, agus a dhéanann na sonraí a tarchuireadh a chosaint ar an riosca go ndéanfar iad a chailliúint, a ghoid, nó go ndéanfar damáiste dóibh nó athrú neamhúdaraithe orthu;

(37)

ciallaíonn “ríomhsheirbhís seachadta cáilithe atá cláraithe” ríomhsheirbhís seachadta atá cláraithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 44;

(38)

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh fíordheimhniú gréasáin” dearbhú trína bhféadfar gréasán a fhíordheimhniú agus trína nasctar an gréasán leis an duine nádúrtha nó dlítheanach a n-eisítear an deimhniú dó;

(39)

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomh gréasáin” deimhniú le haghaidh fíordheimhniú suíomh gréasáin, a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV;

(40)

ciallaíonn “sonraí bailíochtaithe” na sonraí a úsáidtear chun ríomhshíniú nó ríomhshéala a bhailíochtú;

(41)

ciallaíonn “bailíochtú” an próiseas trína bhfíoraítear agus trína ndeimhnítear go bhfuil ríomhshíniú nó ríomhshéala bailí.

Airteagal 29

Ceanglais maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe

1.   Comhlíonfaidh gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán is infheidhme maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bhunú. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Iarscríbhinn II, i gcás ina gcomhlíonfar na ceanglais sin le gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 30

gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a dheimhniú

1.   Déanfaidh comhlachtaí iomchuí poiblí nó príobháideacha a ainmneofar chuige sin ag na Ballstáit comhréireacht gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II a dheimhniú.

2.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún ainmneacha agus seoltaí an chomhlachta phoiblí nó phríobháidigh dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.

3.   Bunófar an deimhniúchán dá dtagraítear i mír 1 ar cheann amháin díobh siúd a leanas:

(a)

próiseas meastóireachta slándála a dhéanfar i gcomhréir le ceann de na caighdeáin le haghaidh measúnú slándála a dhéanamh ar tháirgí theicneolaíocht na faisnéise a áireofar i liosta arna bhunú i gcomhréir leis an dara fomhír; nó

(b)

próiseas seachas an próiseas dá dtagraítear i bpointe (a), ar choinníoll go n-úsáidfear leibhéil inchomparáide slándála sa phróiseas sin agus go gcuirfidh an comhlacht poiblí nó príobháideach dá dtagraítear i mír 1 an Coimisiún ar an eolas faoin bpróiseas sin. Ní fhéadfar an próiseas sin a úsáid ach amháin in éagmais na gcaighdeán dá dtagraítear i bpointe (a) nó i gcás ina mbeidh próiseas meastóireachta slándála dá dtagraítear i bpointe (a) ar siúl.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, liosta caighdeán le haghaidh measúnú slándála a dhéanamh ar tháirgí theicneolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeacht dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

4.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 47, a mhéid a bhainfidh le critéir shonracha a bhunú a bheidh le comhlíonadh ag na comhlachtaí a ainmneofar agus dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 31

Liosta de ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bheidh deimhnithe a fhoilsiú

1.   Gan mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis chur i gcrích an deimhniúcháin, cuirfidh na Ballstáit faisnéis in iúl don Choimisiún faoi ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, ar gléasanna iad a dheimhneoidh na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 30(1). Gan moill míchuí agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis chur ar ceal an deimhniúcháin, cuirfidh siad faisnéis in iúl don Choimisiún freisin maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshínithe nach mbeidh deimhnithe a thuilleadh.

2.   Ar bhonn na faisnéise a fhaightear, bunóidh, cothabhálfaidh agus foilseoidh an Coimisiún liosta de ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bheidh deimhnithe.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta is infheidhme chun críche mhír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 32

Ceanglais maidir le ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú

1.   Leis an bpróiseas chun ríomhshíniú cáilithe a bhailíochtú, deimhneofar bailíocht an ríomhshínithe cháilithe ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tráth an tsínithe, deimhniú ríomhshínithe cháilithe lena gcomhlíontar Iarscríbhinn I a bhí sa deimhniú atá ag tacú leis an síniú;

(b)

soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a d’eisigh an deimhniú cáilithe agus bhí sé bailí tráth an tsínithe;

(c)

comhfhreagraíonn sonraí bailíochtaithe an tsínithe do na sonraí a soláthraíodh do na páirtithe is úsáideoirí;

(d)

soláthraítear don pháirtí is úsáideoir mar is ceart an fhoireann uathúil sonraí arb ionann í agus an sínitheoir sa deimhniú;

(e)

i gcás inar úsáideadh ainm bréige tráth an tsínithe, cuirtear sin in iúl go follasach don pháirtí is úsáideoir;

(f)

gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a chruthaigh an ríomhshíniú;

(g)

níor cuireadh sláine na sonraí sínithe i mbaol;

(h)

trath an tsínithe, comhlíonadh na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 26.

2.   Tabharfaidh an córas a úsáidtear chun an ríomhshíniú cáilithe a bhailíochtú toradh an phróisis bhailíochtaithe sin go cruinn don pháirtí is úsáideoir agus ligfidh sé don pháirtí sin aon shaincheist ábhartha slándála a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú. Toimhdeofar go bhfuil comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin trí na ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 39

gléasanna cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe

1.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 29 maidir le ceanglais maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe.

2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 30 maidir le deimhniú gléasanna cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 31 maidir le foilsiú liosta de ghléasanna cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe a bheidh deimhnithe.

Airteagal 51

Bearta idirthréimhseacha

1.   gléasanna cruthaithe sínithe slána ar cinneadh a gcomhréireacht i gcomhréir le hAirteagal 3(4) de Threoir 1999/93/CE, measfar gur gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe iad faoin Rialachán seo.

2.   Measfar gur deimhnithe cáilithe do ríomhshínithe faoin Rialachán seo iad deimhnithe cáilithe a eisítear do dhaoine nádúrtha faoi Threoir 1999/93/CE, go dtí go rachaidh siad in éag.

3.   Déanfaidh soláthraí seirbhísí deimhniúcháin a eiseoidh deimhnithe cáilithe faoi Threoir 1999/93/CE tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta a thíolacadh don chomhlacht maoirseachta a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2017. Go dtí go dtíolacfar an tuarascáil sin ar mheasúnú comhréireachta agus go dtabharfaidh an comhlacht maoirseachta a mheasúnú chun críche, measfar gur soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe é an soláthraí seirbhísí deimhniúcháin.

4.   Mura ndéanfaidh soláthraí seirbhísí deimhniúcháin, a eisíonn deimhnithe cáilithe faoi Threoir 1999/93/CE, tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta a thíolacadh don chomhlacht maoirseachta taobh istigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 3, ní mheasfar gur soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe é an soláthraí seirbhísí deimhniúcháin sin faoin Rialachán seo ón 2 Iúil 2017.

Airteagal 52

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Iúil 2016, seachas maidir leis an méid a leanas:

(a)

beidh feidhm ag Airteagail 8(3), 9(5), 12(2) go (9), 17(8), 19(4), 20(4), 21(4), 22(5), 23(3), 24(5), 27(4) agus (5), 28(6), 29(2), 30(3) agus (4), 31(3), 32(3), 33(2), 34(2), 37(4) agus (5), 38(6), 42(2), 44(2), 45(2), agus Airteagal 47 agus Airteagal 48 ón 17 Meán Fómhair 2014;

(b)

Beidh feidhm ag Airteagail 7, Airteagal 8(1) agus (2), Airteagal 9, Airteagal 10, Airteagal 11, Airteagal 12(1), ón dáta a dtiocfaidh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 12(8) i bhfeidhm;

(c)

Beidh feidhm ag Airteagal 6 ó trí bhliana ón dáta a dtiocfaidh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 12(8) i bhfeidhm.

3.   I gcás ina n-áireofar an scéim ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith sa liosta a d’fhoilsigh an Coimisiún de bhun Airteagal 9 roimh an dáta dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo, bainfear amach an t-aitheantas a thabharfar don mhodh ríomhaitheantais faoin scéim sin de bhun Airteagal 6 tráth nach déanaí ná 12 mhí ó fhoilseofar an scéim sin ach tráth nach luaithe ná an dáta dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo.

4.   D’ainneoin phointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh Ballstát a chinneadh go n-aithneofar modh ríomh-shainaitheantais faoi scéim ríomh-shainaitheantais ar thug Ballstát eile fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) sa chéad Bhallstát ón dáta a dtiocfaidh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus Airteagal 12(8) i bhfeidhm. Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2014.

Thar ceann na Parlaiminte

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. GOZI


(1)  IO C 351, 15.11.2012, lch. 73.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 23 Iúil 2014.

(3)  Treoir 1999/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le creat Comhphobail le haghaidh sínithe leictreonacha (IO L 13, 19.1.2000, lch. 12).

(4)  IO C 50 E, 21.2.2012, lch. 1.

(5)  Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).

(6)  Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta na n-othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

(7)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(8)  Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas i gcrích (IO L 23, 27.1.2010, lch. 35).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(10)  Cinneadh 2009/767/CE ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar amach bearta chun úsáid nósanna imeachta a éascú le ríomh-mhodhanna trí “ionaid ilfhreastail” i gcomhréir le Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 274, 20.10.2009, lch. 36).

(11)  Cinneadh 2011/130/AE ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena mbunaítear ceanglais íosta do phróiseáil trasteorann doiciméad atá ríomhshínithe ag údaráis inniúla faoi Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 53, 26.2.2011, lch. 66).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin. (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(14)  IO C 28, 30.1.2013, lch. 6.

(15)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).


IARSCRÍBHINN I

CEANGLAIS MAIDIR LE DEIMHNITHE CÁILITHE LE HAGHAIDH RÍOMHSHÍNITHE

Beidh na nithe seo a leanas sna deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe:

(a)

nod, ar a laghad i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe, gur eisíodh an deimhniú mar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe;

(b)

tacar sonraí a léiríonn gan débhrí an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá ag eisiúint an deimhnithe cháilithe, lena n-áirítear ar a laghad, an Ballstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe agus

i gcás duine dlítheanach: ainm agus, nuair is infheidhme, an chláruimhir mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla,

i gcás duine nádúrtha: ainm an duine;

(c)

ar a laghad ainm an tsínitheora, nó ainm bréige; má úsáidtear ainm bréige, léireofar sin go soiléir;

(d)

na sonraí bailíochtaithe le haghaidh ríomhshínithe a fhreagraíonn do na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe;

(e)

sonraí maidir le tús agus deireadh tréimhse bhailíochta an deimhnithe;

(f)

cód céannachta an deimhnithe a chaithfidh a bheith uathúil don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe;

(g)

ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil ón soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn;

(h)

an láthair ina bhfuil an deimhniú a thacaíonn le ríomhshíniú ardleibhéil nó leis an ríomhshéala ardleibhéil dá dtagraítear i bpointe (g) ar fáil saor in aisce;

(i)

an láthair ina bhfuil na seirbhísí maidir le stádas bailíochta deimhnithe is féidir a úsáid chun fiosruithe a dhéanamh faoi stádas bailíochta an deimhnithe cháilithe;

(j)

an láthair ar ghléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bhfuil na sonraí cruthaithe ríomh-shainaitheantais bainteach le sonraí um bailíochtaithe ríomh-shainaitheantais, i bhfoirm atá ar a laghad oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.


IARSCRÍBHINN II

CEANGLAIS MAIDIR LE GLÉASANNA CRUTHAITHE RÍOMHSHÍNITHE CÁILITHE

1.

Áiritheoidh gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, trí bhíthin modhanna iomchuí teicniúla agus nós imeachta, an méid seo a leanas:

(a)

go ndéantar caomhnú réasúnta ar rúndacht na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i gcruthú ríomhshínithe;

(b)

nach n-úsáidtear sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i gcruthú ríomhshínithe ach aon uair amháin go praiticiúil;

(c)

nach féidir na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i gcruthú ríomhshínithe, le cinnteacht réasúnta, a dhéanamh amach agus go bhfuil an síniú á chosaint go hiontaofa ar bhrionnú le teicneolaíocht atá ar fáil faoi láthair;

(d)

gur féidir leis an sínitheoir dlisteanach cosaint a dhéanamh le hiontaoibh ó úsáid pháirtithe eile ar na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i gcruthú ríomhshínithe.

2.

Ní athróidh gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe na sonraí a bheidh le síniú ná ní chuirfidh siad cosc leis na sonraí sin a chur i láthair an tsínitheora roimh an síniú.

3.

Is soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe, agus an soláthraí sin amháin, a ghinfidh nó a bhainisteoidh sonraí maidir le cruthú sonraí ríomhshínithe thar ceann an tsínitheora.

4.

Gan dochar do phointe (d) de mhír 1, féadfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a bheidh ag bainistiú sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe thar ceann an tsínitheora na sonraí sin a mhacasamhlú chun críocha cúltaca, agus chucu sin amháin ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

caithfidh na tacair shonraí macasamhlaithe bheith ar aon leibhéal slándála leis an tacar sonraí bunaidh;

(b)

ní rachaidh líon na dtacar sonraí macasamhlaithe thar an líon is lú a bheidh riachtanach chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú.


IARSCRÍBHINN III

CEANGLAIS MAIDIR LE DEIMHNITHE CÁILITHE LE HAGHAIDH RÍOMHSHÉALA

Beidh na nithe seo a leanas sna deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéala:

(a)

comharthú, i bhfoirm atá ar a laghad oiriúnach don phróiseáil uathoibrithe, gur eisíodh mar dheimhniú cáilithe an deimhniú a eisíodh do ríomhshéala;

(b)

foireann sonraí a léiríonn gan athbhrí an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe lena n-áirítear ar a laghad, an Stát ina bhfuil an soláthraí bunaithe agus

i gcás duine dhlítheanaigh: ainm agus, nuair is infheidhme, an chláruimhir mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla,

i gcás duine nádúrtha: ainm an duine;

(c)

ar a laghad ainm chruthaitheoir an tséala agus, nuair is infheidhme, an chláruimhir mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla;

(d)

sonraí bailíochtaithe ríomhshéalaí a chomhfhreagraíonn do na sonraí cruthaithe ríomhshéalaí;

(e)

sonraí maidir le tús agus deireadh tréimhse bhailíochta an deimhnithe;

(f)

cód céannachta an deimhnithe a chaithfidh a bheith uathúil don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe;

(g)

ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil ón soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn;

(h)

an láthair ina bhfuil an deimhniú a thacaíonn le ríomhshíniú ardleibhéil nó leis an ríomhshéala ardleibhéil dá dtagraítear i bpointe (g) ar fáil saor in aisce;

(i)

an láthair ina bhfuil na seirbhísí maidir le stádas bailíochta deimhnithe is féidir a úsáid chun fiosruithe a dhéanamh faoi stádas bailíochta an deimhnithe cháilithe;

(j)

an láthair ar ghléas cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe a bhfuil na sonraí cruthaithe ríomhshéalaí atá bainteach le sonraí bailíochtaithe ríomhshéalaí, le comharthú oiriúnach de seo i bhfoirm atá ar a laghad oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.


IARSCRÍBHINN IV

CEANGLAIS MAIDIR LE DEIMHNITHE CÁILITHE AR FHÍORDHEIMHNIÚ LÁITHREÁN GRÉASÁIN

Beidh na nithe seo a leanas i ndeimhnithe cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin:

(a)

nod, ar a laghad i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe, gur eisíodh an deimhniú mar dheimhniú cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin;

(b)

foireann sonraí a léiríonn gan athbhrí an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe lena n-áirítear ar a laghad, an Stát ina bhfuil an soláthraí bunaithe agus

i gcás duine dhlítheanaigh: ainm agus, nuair is infheidhme, an cláruimhir mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla,

i gcás duine nádúrtha: ainm an duine;

(c)

i gcás daoine nádúrtha: ar a laghad ainm an duine ar eisíodh an deimhniú dó, nó ainm bréige. Má úsáidtear ainm bréige, sonrófar an méid a leanas go soiléir;

i gcás daoine dlítheanacha: ar a laghad ainm an duine dhlítheanaigh ar eisíodh an deimhniú dó agus, nuair is infheidhme, an cláruimhir mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla;

(d)

eilimintí den seoladh, lena n-áirítear ar a laghad an chathair agus an Stát lena mbaineann an duine nádúrtha nó dlítheanach ar eisíodh an deimhniú dó agus, nuair is infheidhme, mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla;

(e)

ainm fearainn nó ainmneacha fearainn a oibríonn an duine nádúrtha nó dlítheanach ar eisíodh an deimhniú dó;

(f)

sonraí maidir le tús agus deireadh thréimhse bhailíochta an deimhnithe;

(g)

cód céannachta an deimhnithe a chaithfidh a bheith uathúil don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe;

(h)

ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil ón soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn;

(i)

an láthair ina bhfuil an deimhniú a thacaíonn le ríomhshíniú ardleibhéil nó leis an ríomhshéala ardleibhéil dá dtagraítear i bpointe (h) ar fáil saor in aisce;

(j)

an láthair ina bhfuil na seirbhísí stádais bhailíochta deimhnithe ar féidir a úsáid chun stádas bailíochta an deimhnithe cháilithe a fhiosrú.


whereas









keyboard_arrow_down