keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 10 Sárú slándála
- 1 Airteagal 18 Cúnamh frithpháirteach
- 1 Airteagal 22 Liostaí iontaofa
- 1 Airteagal 23 Trustmharc AE do sheirbhísí iontaoibhe cáilithe
- 2 Airteagal 24 Ceanglais do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe
- 1 Airteagal 26 Riachtanas do ríomhshínithe ardleibhéil
- 1 Airteagal 33 Seirbhís bailíochtaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe
- 1 Airteagal 36 Ceanglais do ríomhshéalaí ardleibhéil
- 1 Airteagal 42 Ceanglais maidir le ríomhstampaí ama cáilithe
- 1 Airteagal 44 Ceanglais maidir le ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
RÍOMH-SHAINAITHEANTAS
CAIBIDIL III
SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE
ROINN 1
Forálacha ginearálta
ROINN 2
Maoirseacht
ROINN 3
Seirbhísí iontaoibhe cáilithe
ROINN 4
Ríomhshínithe
ROINN 5
Ríomhshéalaí
ROINN 6
Ríomhstampaí ama
ROINN 7
Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe
ROINN 8
Fíordheimhniú láithreán gréasáin
CAIBIDIL IV
RÍOMHDHOICIMÉID
CAIBIDIL V
TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME
CAIBIDL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 74
- sonraí 36
- cáilithe 34
- leis 30
- iontaoibhe 28
- airteagal 26
- chun 25
- seirbhísí 19
- dtagraítear 19
- gcomhréir 17
- ceanglais 16
- maidir 16
- lena 15
- iontaofa 14
- maoirseachta 13
- feidhme 12
- mír 12
- déanfaidh 12
- bhealach 12
- gníomhartha 11
- faoi 11
- trí 11
- deimhnithe 11
- úsáid 11
- ardleibhéil 11
- bheidh 10
- coimisiún 10
- siad 10
- soláthraí 10
- gcás 10
- cháilithe 9
- atá 9
- ríomhshínithe 9
- dáta 9
- liostaí 8
- bhfuil 8
- imeachta 8
- ríomhshéala 8
- aige 8
- fáil 7
- seirbhíse 7
- bhunú 7
- chur 7
- eile 7
- caighdeáin 7
- dhéanamh 7
- duine 7
- leanas: 7
- cuirfidh 6
- ballstát 6
Airteagal 36
Ceanglais do ríomhshéalaí ardleibhéil
Comhlíonfaidh ríomhshéala ardleibhéil na ceanglais seo a leanas:
(a) | tá nasc uathúil aige le cruthaitheoir an tséala; |
(b) | tá sé in ann cruthaitheoir an tséala a aithint; |
(c) | cruthaíodh é agus úsáid á baint as sonraí cruthaithe ríomhshéala is féidir le cruthaitheoir an tséala a úsáid, le leibhéal ard muiníne agus é faoina urlámhas féin, chun ríomhshéalaí a chruthú; agus |
(d) | tá sé nasctha leis na sonraí lena mbaineann sé ar bhealach a fhágann go bhféadfar aon athrú iardain a dhéanfaí ar na sonraí a bhrath. |
Airteagal 10
Sárú slándála
1. I gcás ina ndéantar an scéim ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) nó fíordheimhniú dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 7 a shárú nó go gcuirtear a slándáil i scothbhaol ar bhealach ina mbeidh éifeacht aige ar iontaofacht fíordheimhniú trasteorann na scéime sin, déanfaidh Ballstát na scéime ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith, an fíordheimhniú trasteorann nó na codanna díobh ar cuireadh a slándáil i scothbhaol a chur ar fionraí nó déanfar iad a chúlghairm gan mhoill agus cuirfidh siad na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi.
2. Nuair a réiteofar an sárú nó an scothbhaol dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra an fíordheimhniú trasteorann a athbhunú agus cuirfidh sé na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi gan mhoill mhíchuí.
3. I gcás nach ndéanfaí an sárú nó an scothbhaol dá dtagraítear i mír 1 a réiteach laistigh de thrí mhí ón dáta fionraithe nó cúlghairme, cuirfidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra fógra maidir le tarraingt siar na scéime ríomh-shainaitheantais chuig na Ballstáit eile agus chuig an gCoimisiún maidir leis sin.
Foilseoidh an Coimisiún na leasuithe comhfhreagracha a dhéanfar ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh gan aon mhoill mhíchuí.
Airteagal 18
Cúnamh frithpháirteach
1. Comhoibreoidh na comhlachtaí maoirseachta d’fhonn dea-chleachtais a mhalartú.
Déanfaidh comhlacht maoirseachta, ar iarraidh a bhfuil bonn cirt léi ó chomhlacht maoirseachta eile, tacaíocht a chur ar fáil don chomhlacht maoirseachta sin chun go bhféadfar gníomhaíochtaí chomhlachtaí maoirseachta a dhéanamh ar bhealach comhleanúnach. Féadfar go gcumhdófaí sa chúnamh frithpháirteach, go háirithe, iarratais ar fhaisnéis agus bearta maoirseachta, amhail iarratais ar chigireachtaí a dhéanamh a bhaineann leis na tuarascálacha ar mheasúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 20 agus in Airteagal 21.
2. Comhlacht maoirseachta lena ndéanfar iarratas ar chúnamh, féadfaidh sé é sin a dhiúltú ar cheann amháin de na forais seo a leanas:
(a) | níl an comhlacht maoirseachta inniúil an tacaíocht a iarradh a sholáthar; |
(b) | níl an tacaíocht a iarradh comhréireach le gníomhaíochtaí maoirseachta an chomhlachta maoirseachta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 17; |
(c) | nach mbeadh an tacaíocht a iarradh i gcomhréir leis an Rialachán seo an tacaíocht a iarradh a sholáthar. |
3. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt dá gcomhlachtaí maoirseachta faoi seach comh-imscrúduithe a dhéanamh a mbeadh baill foirne de chuid comhlachtaí maoirseachta na Ballstát eile rannpháirteach iontu. Comhaontóidh agus bunóidh na Ballstáit lena mbaineann na socruithe agus na nósanna imeachta doighníomhaíochtaí comhpháirteacha den chineál sin i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta.
Airteagal 22
Liostaí iontaofa
1. Déanfaidh gach Ballstát liostaí iontaofa a bhunú, a chothabháil agus a fhoilsiú ina mbeidh i measc nithe eile faisnéis faoi sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a bhfuil sé freagrach ina leith chomh maith le faisnéis faoi na seirbhísí cáilithe iontaoibhe a sholáthraíonn siad.
2. Déanfaidh gach Ballstát liostaí iontaofa a bheidh ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bhunú, a chothabháil agus fhoilsiú ar bhealach slán, ar liostaí iad a bheidh i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe agus dá dtagraítear i mír 1.
3. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, gan moill mhíchuí, faisnéis faoin gcomhlacht atá freagrach as liostaí iontaofa náisiúnta a bhunú, a choinneáil agus a fhoilsiú, agus mionsonraí maidir leis an áit ina bhfuil na liostaí sin foilsithe, faoi na deimhnithe a úsáideadh chun na liostaí iontaofa a shíniú nó a shéalú agus faoi aon athruithe a rinneadh orthu.
4. Déanfaidh an Coimisiún, trí chainéal slán, an fhaisnéis dá dtagraítear in mír 3 a chur ar fáil don phobal i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bheidh oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.
5. Faoin 18 Meán Fómhair 2015 sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus saineoidh sé na sonraíochtaí teicniúla agus na formáidí teicniúla do na liostaí iontaofa is infheidhme chun críocha mhír 1 go mír 4. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
Airteagal 23
Trustmharc AE do sheirbhísí iontaoibhe cáilithe
1. Nuair a bheidh an stádas cáilíochta dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 21(2) curtha in iúl sa liosta iontaofa dá dtagraítear in Airteagal 22(1), féadfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe leas a bhaint as trustmharc AE chun na seirbhísí cáilithe iontaoibhe a sholáthraíonn siad a chur in iúl ar bhealach simplí, so-aitheanta agus soiléir.
2. Nuair a bhainfidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe leas as na seirbhísí cáilithe iontaoibhe dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh siad go gcuirfear nasc leis an liosta iontaofa ábhartha a bheidh ar fáil ar a láithreáin ghréasáin.
3. Faoin 1 Iúil 2015, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, foráil a dhéanamh maidir le sonraíocht i dtaca le foirm agus go háirithe le cur i láthair, comhdhéanamh, méid agus dearadh thrustmharc AE do sheirbhísí iontaoibhe cáilithe a shonrú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
Airteagal 24
Ceanglais do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe
1. Agus deimhniú cáilithe á eisiúint aige do sheirbhís iontaoibhe, fíoróidh soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe, ar dhóigheanna iomchuí agus i gcomhréir leis an dlí naisiúnta, céannacht agus, más ábhartha, aon saintréithe sonracha atá ag an duine nádúrtha nó dlítheanach a n-eiseofar an deimhniú incháilithe dó.
Déanfaidh an soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhíorú go díreach nó trí bhrath ar thríú páirtí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:
(a) | trí láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh, nó |
(b) | go cianda, tríd an modh ríomh-shainaitheantais a úsáid, a raibh láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh áirithithe ina leith roimh eisiúint an deimhnithe cháilithe agus lena gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 i dtaca leis na leibhéil dearbhaithe slándála “suntasach” nó “ard”, nó |
(c) | trí dhearbhú ríomhshínithe cháilithe nó dearbhú ríomhshéala cháilithe a eiseofar i gcomhréir le pointe (a) nó le pointe (b), nó |
(d) | trí mhodhanna eile sainaitheantais a úsáid a aithnítear ar an leibhéal náisiúnta agus lena dtugtar dearbhú ó thaobh iontaofachta de atá coibhéiseach le láithreacht fhisiciúil. Beidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta an dearbhú coibhéiseach a dheimhniú. |
2. Déanfaidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe cáilithe an méid seo a leanas:
(a) | cuirfidh sé an comhlacht maoirseachta ar an eolas maidir le haon athrú a dhéanfar i soláthar a sheirbhísí iontaoibhe cáilithe, agus rún a bheidh aige deireadh a chur lena gcuid gníomhaíochtaí; |
(b) | fostóidh sé foireann agus, más infheidhme, fochonraitheoirí a mbeidh an saineolas, an iontaofacht, an taithí agus na cáilíochtaí a mbeidh gá leo acu araon agus a mbeidh oiliúint iomchuí curtha orthu maidir leis na rialacha slándála agus cosanta sonraí pearsanta agus cuirfidh siad nósanna imeachta riaracháin agus bainistithe i bhfeidhm a bheidh ar chomhchéim le caighdeáin Eorpacha nó caighdeáin idirnáisiúnta; |
(c) | i dtaca leis an riosca dliteanais i leith damáistí i gcomhréir le hAirteagal 13, coinneoidh sé dóthain acmhainní airgeadais agus/nó gheobhaidh sé árachas iomchuí i gcoinne dliteanais i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; |
(d) | roimh dhul isteach i gcaidreamh conarthach, déanfaidh sé aon duine ar mian leis seirbhís iontaoibhe incháilithe a úsáid a chur ar an eolas, ar bhealach soiléir agus cuimsitheach, faoi na téarmaí beachta agus na coinníollacha beachta a bhaineann le húsáid na seirbhíse sin, lena n-áirítear aon teorannú maidir lena húsáid; |
(e) | déanfaidh sé córais agus táirgí iontaofa a úsáid a bheidh cosanta ar mhionathruithe agus lena n-áiritheofar slándáil theicniúil agus iontaofacht na bpróiseas a láimhseálann siad; |
(f) | déanfaidh sé córais iontaofa a úsáid chun sonraí a thabharfar dó a stóráil i bhfoirm infhíoraithe, sa dóigh gur fíor an méid seo a leanas maidir leo:
|
(g) | déanfaidh sé bearta iomchuí in aghaidh bhrionnú agus ghadaíocht na sonraí; |
(h) | déanfaidh sé taifead ar an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann le sonraí a eisíonn an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a fhaigheann sé agus coinneoidh sé ar fáil é le haghaidh tréimhse iomchuí ama, lena n-áirítear tar éis dheireadh ghníomhaíochtaí uile an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe, go háirithe chun fianaise a sholáthar in imeachtaí dlíthiúla agus chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú. Féadfar an taifeadadh sin a dhéanamh go leictreonach; |
(i) | plean foirceanta a bheith aige atá cothrom le dáta chun leanúnachas seirbhíse a áirithiú i gcomhréir le forálacha a fhíoróidh an comhlacht meastóireachta faoi phointe (i) d’Airteagal 17(4); |
(j) | próiseáil dhleathach sonraí pearsanta a áirithiú i gcomhréir le Treoir 95/46/CE; |
(k) | maidir le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe, bunóidh sé bunachar sonraí deimhnithe suas chun dáta. |
3. I gcás ina gcinneann soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe deimhniú a chúlghairm, déanfaidh siad an chúlghairm sin a chlárú ina mbunachar sonraí deimhnithe agus déanfaidh siad stádas cúlghairme an deimhnithe a fhoilsiú go tráthúil, ach i gcás ar bith laistigh de 24 uair an chloig tar éis an iarraidh a fháil. Beidh éifeacht ag an gcúlghairm a luaithe a fhoilseofar é.
4. Maidir le mír 3, soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eiseoidh deimhnithe cáilithe, cuirfidh siad ar fáil d’aon pháirtí is úsáideoir faisnéis maidir le stádas bailíochta nó stádas cúlghairme deimhnithe cáilithe a d’eisigh siad. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar a laghad ar bhonn deimhnithe tráth ar bith agus i ndiaidh thréimhse bailíochta an deimhnithe, ar bhealach uathoibríoch a bheidh iontaofa, saor in aisce agus éifeachtúil.
5. Féadfaidh an Coimisiún, de bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha a bhunú do chaighdeáin le haghaidh córas agus táirgí iontaofa, ar caighdeáin iad lena gcomhlíonfar na ceanglais faoi phointe (e) agus faoi phointe (f) de mhír 2 den Airteagal seo. Measfar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh córais agus táirgí iontaofa na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
ROINN 4
Ríomhshínithe
Airteagal 26
Riachtanas do ríomhshínithe ardleibhéil
Comhlíonfaidh ríomhsíniú arleibheil na riachtanais seo a leanas:
(a) | tá nasc uathúil aige leis an sínitheoir; |
(b) | is féidir an sínitheoir a aithint leis; |
(c) | cruthaíodh é agus úsáid á baint as sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe ar féidir leis an sínitheoir é a úsáid agus leibhéal ard muiníne aige agus é faoina urlámhas eisiach féin; agus |
(d) | tá sé nasctha leis na sonraí atá sínithe leis an ríomhshíniú sin ar bhealach a fhágann go bhféadfar aon athrú iardain a dhéanfaí ar na sonraí a bhrath. |
Airteagal 33
Seirbhís bailíochtaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe
1. Féadfaidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraí den chineál sin amháin seirbhís bailíochtaithe cháilithe a sholáthar le haghaidh ríomhshínithe cáilithe, ar soláthraí é:
(a) | a sholáthróidh bailíochtú i gcomhréir le Airteagal 32(1), agus |
(b) | a chuirfidh ar chumas na bpáirtithe is úsáideoirí torthaí an phróisis bhailíochtaithe a fháil ar bhealach uathoibríoch a bheidh iontaofa agus éifeachtúil agus a mbeidh ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil sholáthraí na seirbhíse bailíochtaithe cáilithe ag gabháil dó. |
2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir leis an tseirbhís bailíochtaithe cháilithe dá dtagraítear i mír 1. Toimhdeofar go bhfuil comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin leis an tseirbhís bailíochtaithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
Airteagal 36
Ceanglais do ríomhshéalaí ardleibhéil
Comhlíonfaidh ríomhshéala ardleibhéil na ceanglais seo a leanas:
(a) | tá nasc uathúil aige le cruthaitheoir an tséala; |
(b) | tá sé in ann cruthaitheoir an tséala a aithint; |
(c) | cruthaíodh é agus úsáid á baint as sonraí cruthaithe ríomhshéala is féidir le cruthaitheoir an tséala a úsáid, le leibhéal ard muiníne agus é faoina urlámhas féin, chun ríomhshéalaí a chruthú; agus |
(d) | tá sé nasctha leis na sonraí lena mbaineann sé ar bhealach a fhágann go bhféadfar aon athrú iardain a dhéanfaí ar na sonraí a bhrath. |
Airteagal 42
Ceanglais maidir le ríomhstampaí ama cáilithe
1. Comhlíonfaidh ríomhstampa ama cáilithe na ceanglais seo a leanas:
(a) | nascann sé an dáta agus an t-am le sonraí ar bhealach lena gcuirfear bac réasúnta ar aon fhéidearthacht go n-athrófaí na sonraí go dobhraite; |
(b) | tá sé bunaithe ar fhoinse chruinn ama atá nasctha le hAm Uilíoch Lárnach; agus |
(c) | sínítear é le ríomhshíniú ardleibhéil nó séalaítear é le ríomhshéala ardleibhéil an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe, nó lena chothrom. |
2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú chun an dáta agus an t-am a nascadh le sonraí agus le haghaidh foinsí cruinne ama. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin trí an dáta agus an t-am a nascadh le sonraí agus tríd an bhfoinse chruinn ama. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
ROINN 7
Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe
Airteagal 44
Ceanglais maidir le ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe
1. Comhlíonfaidh ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe na ceanglais seo a leanas:
(a) | go ndéanann soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe amháin nó níos mó iad a sholáthar; |
(b) | ní mór go n-áirítear leo sainaithint an tseoltóra le hardleibhéal iontaoibhe; |
(c) | ní mór dóibh aitheantas an tseolaí a áirithiú sula seachadfar na sonraí; |
(d) | caithfear seoladh agus glacadh sonraí a shlánú le ríomhshíniú ardleibhéil nó ag ríomhshéala ardleibhéil de chuid soláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe ar bhealach a chuirfidh bac ar aon fhéidearthacht na sonraí a athrú go dobhraite; |
(e) | aon athrú sonraí is gá a dhéanamh ar mhaithe le seoladh agus glacadh na sonraí, ní foláir é a chur in iúl go follasach do sheoltóir agus do sheolaí na sonraí; |
(f) | is gá dáta agus am seolta na sonraí, dáta glactha na sonraí agus dáta aon athruithe ar na sonraí a léiriú le ríomhstampa ama cáilithe; |
I gcás go bhfuil na sonraí á n-aistriú idir dhá sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó níos mó, beidh feidhm ag na ceanglais i bpointe (a) go pointe (f) maidir leis na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe go léir.
2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le próisis seolta agus ghlactha sonraí. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin leis an bpróiseas seolta agus ghlactha sonraí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
ROINN 8
Fíordheimhniú láithreán gréasáin
whereas